Uimhir 20 de 1959.
AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála a bhunaítear leis an Acht seo ;
ciallaíonn “an Chuideachta” Córas Tráchtála Teoranta ;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2 den Acht seo ;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.
An lá bunaithe.
2.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Bunú an Bhoird.
3.—(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, Bord ar a dtabharfar mar ainm, agus dá ngairfear, Córas Tráchtála a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige, agus féadfar agra a dhéanamh air, faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a thógáil, a theachtadh agus a dhiúscairt.
Cumhachtaí agus feidhmeanna an Bhoird.
4.—(1) Is é dualgas an Bhoird onnmhairí a spreagadh, a chur chun cinn agus a fhorbairt in aon slí a mheasfaidh an Bord is gá nó is inmhianaithe.
(2) Is é dualgas an Bhoird an tAire a chomhairliú i dtaobh nithe a bhfuil baint acu, i slí ar bith, le forbairt onnmhairí.
(3) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin uile is gá chun na gcríocha a shonraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt roimhe seo agus i dteannta na gcumhachtaí a thugtar don Bhord le haon fhoráil eile den Acht seo, beidh cumhacht ag an mBord—
(a) aon tailte nó foirgnimh sa Stát nó in aon áit eile agus aon eastát nó leas in aon tailte nó foirgnimh den sórt sin agus aon chearta a bhaineann leis an gcéanna a cheannach, a thógáil ar léas nó mar mhalairt, nó a thógáil ar shlí eile,
(b) aon trádmharcanna, ceadúnais, cosaint nó lamháltais a iarraidh agus a ghlacadh, sa Stát nó in aon áit eile, agus, maidir leis an gcéanna, na rudaí sin uile a dhéanamh a mheasfaidh an Bord is gá nó is inmhianaithe chun onnmhairí a fhorbairt,
(c) aon tailte nó foirgnimh a dhiúscairt a bheidh á dteachtadh ag an mBord agus a mheasfaidh an Bord nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh ón mBord chun a chumhachtaí a fheidhmiú nó a fheidhmeanna agus a dhualgais a chomhlíonadh.
(5) Maidir le honnmhairiú aon táirge a spreagadh, a chur chun cinn nó a fhorbairt ag an mBord ar táirge é a bhfeidhmíonn Aire aon fheidhm ina leith, gníomhóidh an Bord i gcomhairle leis an Aire sin.
Comhdhéanamh an Bhoird.
5.—(1) Beidh ar an mBord triúr comhaltaí ar a laghad agus seachtar comhaltaí ar a mhéid, agus beidh duine acu ina chathaoirleach ar an mBord.
(2) Is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a cheapfaidh chéad-chomhaltaí an Bhoird agus na comhaltaí uile ina dhiaidh sin.
(3) Déanfaidh an tAire ó am go ham comhalta den Bhord a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord.
(4) Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas íoc luach saothair agus liúntas i leith caiteachais) a shocróidh an tAire tráth a cheaptha.
(5) (a) Scoirfidh an tríú cuid de chomhaltaí an Bhoird nach comhaltaí lán-aimsire, más triúr nó uimhir níos airde líon na gcomhaltaí sin, de bheith i seilbh oifige gach lá cothrom bliana an lae bhunaithe nó, aon bhliain a socróidh an tAire malairt dáta ina leith chuige sin, ar an dáta sin.
(b) D'fhonn an méid comhaltaí den Bhord a ríomh a scoirfidh faoi mhír (a) den fho-alt seo, más uimhir nach inroinnte go cothrom ar thrí uimhir na gcomhaltaí nach comhaltaí lán-aimsire, is é an uimhir comhaltaí a scoirfidh faoin mír sin an tríú cuid den chéad uimhir eile is inroinnte go cothrom ar thrí faoi bhun uimhir na gcomhaltaí sin.
(c) Is iad na comhaltaí (más aon chomhaltaí iad) a scoirfidh faoin bhfo-alt seo gach bliain iad sin is sia a bhí in oifig ó ceapadh iad go deiridh, agus má bhíonn comhaltaí ann arb é an lá céanna a ceapadh iad agus go mbeidh sé d'oibleagáid ar dhuine acu scor faoin bhfo-alt seo, is trí chrannchur a chinnfear an comhalta a scoirfidh, mura gcomhaontóidh na comhaltaí sin ar a mhalairt de shlí.
(d) Mura mbeidh ar an mBord ach triúr comhaltaí leanfaidh an comhalta (más aon chomhalta é) ar a mbeidh sé d'oibleagáid scor faoin bhfo-alt seo de bheith i seilbh oifige go dtí go gceapfar a chomharba nó go dtí go n-athcheapfar é ina chomhalta den Bhord.
(6) Féadfar comhalta den Bhord a scoirfidh a athcheapadh.
Luach saothair agus caiteachas chomhaltaí an Bhoird.
6.—Íocfar le gach comhalta den Bhord, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
Comhaltaí den Bhord a chur as oifig.
7.—Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, comhalta den Bhord a chur as oifig.
Comhaltaí den Bhord d'éirí as agus a dhícháiliú.
8.—(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a dhíreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an dáta agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.
(2) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.
Comhaltaí den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartófar a dhéanamh.
9.—Aon chomhalta den Bhord ag a mbeidh—
(a) leas ar bith in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó
(b) leas ar bith in aon chonradh a bheartóidh an Bord a dhéanamh,
nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige, cad é an cineál leasa é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird go ndearnadh an nochtadh sin.
Séala an Bhoird.
10.—(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.
(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a bhfuil údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a bhfuil údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.
(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird (á airbheartú gur fíordheimhníodh de réir an ailt seo é), agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suítear a mhalairt.
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.
11.—(1) Beidh ag an mBord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad-chruinnithe an Bhoird a shocrú.
(3) Is é is córam do chruinn den Bhord cibé córam a shocróidh na comhaltaí agus, mura socroidh siad sin, beirt an córam sin.
(4) Ag cruinniú den Bhord—
(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(b) má bhíonn agus an fhad a bheidh cathaoirleach an Bhoird as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(5) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.
(7) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le buan-orduithe nó ar shlí eile.
Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.
12.—(1) Má dhíscaoiltear an Chuideachta faoi alt 21 den Acht seo, ansin, ar an díscaoileadh sin, tiocfaidh gach duine a bhí, díreach roimh an díscaoileadh sin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar cibé téarmaí agus coinníollacha, maidir le seilbh oifige, luach saothair, liúntais agus eile, a chinnfidh an Bord ó am go ham.
(2) Féadfaidh an Bord cibé daoine eile agus cibé méid daoine eile is cuí leis an mBord a cheapadh ó am go ham ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.
(3) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach arna cheapadh ag an mBord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.
(4) Íocfaidh an Bord, as cistí faoina réir, an luach saothair agus na liúntais is iníoctha le daoine a thiocfaidh chun bheith ina n-oifigigh nó ina seirbhéisigh don Bhord faoi fho-alt (1) den alt seo.
(5) Déanfaidh an Bord cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham a íoc, as cistí faoina réir, leis na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfaidh an Bord.
(6) Féadfaidh an Bord ó am go ham aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur as oifig nó fostaíocht mar oifigeach nó seirbhíseach dó.
Feidhmeanna an bhoird a fheidhmiú.
13.—Féadfaidh an Bord aon cheann dá chumhachtaí a fheidhmiú agus aon cheann de na feidhmeanna agus na dualgais a fhorchuirtear air leis an Acht seo a chomhlíonadh trí aon chomhalta den Bhord, nó trí aon fho-choiste dá chomhaltaí nó trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord.
Comhaltaí, oifigigh nó seirbhísigh an Bhoird a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.
14.—(1) Má ainmnítear comhalta den Bhord mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.
(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht an Bhoird do theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—
(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch dáta a scortha de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,
(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón mBord, aon tuarastal ná pá, de réir mar bheidh, in aghaidh tréimhse na hiasachta,
(c) má bhionn scéim de bhun ailt 15 den Acht seo i bhfeidhm agus go mbunóidh an scéim ciste lena n-íocfaidh an Bord agus an duine ranníoca—
(i) measfar, chun críocha na scéime sin, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochar aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta más rud é agus amháin más rud é—
(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht an Bhoird agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta,
(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Bhord laistigh de thrí mhí tar éis dáta tosaigh tréimhse na hiasachta, ranníoca a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir forálacha an ailt seo, agus
(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an coiste a cheapfar go cuí faoin scéim chun an scéim a riaradh, ranníoca faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar comhionann a méid agus comhshuim na ranníoc a bheadh íoctha aige féin agus na ranníoc a bheadh íoctha ag an mBord in aghaidh tréimhse na hiasachta, dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,
(ii) ní íocfaidh an Bord aon ranníoca faoin scéim in aghaidh treimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníoca a bheith íoctha ag an mBord is iníoctha ag an duine sin mar adúradh agus is comhionann le méid na ranníoc a bheadh íoctha ag an mBord faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,
(iii) má fhoirceanntar tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar, chun críocha na scéime, gur éag sé, nó gur scoir sé de bheith, i seirbhís an Bhoird, de réir mar bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón mBord díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar bheidh,
(iv) mura ndéanfaidh sé nó más rud é, tar éis dó ranníoca a íoc faoin scéim de réir forálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníoca a íoc mar adúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin—
(I) i gcás é do scor de ranníoca a íoc mar adúradh, ar dháta na híocaíochta deiridh, agus
(II) in aon chás eile, díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta.
(3) I gcás duine atá nó bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord do theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952—
(a) ní bheidh teideal aige tréimhse iomlán a sheirbhíse inphinsin ná aon chuid di, de réir bhrí na nAchtanna sin, a ríomh i leith aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun ailt 15 den Acht seo,
(b) má bhíonn aon ranníoca íoctha aige de réir forálacha fo-ailt (2) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread díobh agus is comhionann le méid na ranníoc a bheadh íoctha aige faoin scéim in aghaidh na tréimhse sin dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoi fho-alt (2) den alt seo, i seirbhís an Bhoird i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníoca eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.
(4) Aon tagairt i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (3) den alt seo do luach saothair a bheith á fháil ag duine ar bith ón mBord measfar gur tagairt í do luach saothair a bheith á fháil ag an duine sin ón mBord de réir an ráta a raibh luach saothair á fháil aige ón mBord lá deiridh a fhostaíochta lán-aimsire faoin mBord roimh dhul ar iasacht faoi fho-alt (2) den alt seo.
(5) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fhad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.
Aoisliúntais oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.
15.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bhunaithe, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh sé faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin nó aiscí nó pinsin agus aiscí a dheonú do cibé oifigigh agus seirbhísigh, nó i leith cibé oifigeach agus seirbhíseach, de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord.
(2) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(3) (a) Féadfaidh an Bord tráth ar bith scéim (dá ngairtear scéim leasaitheach san alt seo) a chur faoi bhráid an Aire ag leasú scéime a bheidh ceadaithe faoi fho-alt (2) den alt seo nó faoi scéim leasaitheach roimhe sin.
(b) Féadfar a rá i scéim leasaitheach go n-oibreoidh sí go cúlghabhálach.
(4) Déanfaidh an Bord scéim leasaitheach a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (3) den alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(5) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, scéim a bheidh ceadaithe faoin alt seo a chúlghairm.
(6) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éilimh aon duine ar aon phinsean nó aisce nó i dtaobh méid aon phinsin nó aisce is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean í chun an Aire Airgeadais lena cinneadh.
(7) Gach scéim a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Deontais.
16.—(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna, nach mó san iomlán ná milliún punt, a iarrfaidh an Bord, a íoc ó am go ham leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Ní bheidh na suimeanna a íocfar faoin alt seo ináisíoctha.
Cumhacht an Bhoird chun airgead a thógáil ar iasacht go sealadach.
17.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón mBord faoi chomhair caiteachais reatha a thógáil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.
Cuntais agus iniúchadh.
18.—(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an Bord, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.
(2) Déanfaidh an Bord na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tabharfaidh an Bord don Aire cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh maraon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Tuarascáil bhliantúil.
19.—(1) Tabharfaidh an Bord gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Aon uair a ordóidh an tAire é, cuirfear freisin sa tuarascáil bhliantúil sin eolas maidir le cibé gnéithe áirithe de ghníomhaíochtaí an Bhoird faoin Acht seo a shonróidh an tAire.
Eolas a thabhairt don Aire.
20.—Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.
An Chuideachta a fhoirceannadh.
21.—(1) Féadfaidh an Chuideachta rún urghnách a rith chun an Chuideachta a fhoirceannadh.
(2) Má ritheann an Chuideachta rún faoi fho-alt (1) den alt seo agus, go ndéanfaidh sí, de bhun fo-ailt (1) d'alt 70 den Companies Consolidation Act, 1908, cóip den rún a chlóbhualadh agus a chur go dtí cláraitheoir na gcuideachtaí, cláróidh an cláraitheoir an chóip den rún, deimhneoidh sé an clárú faoina láimh agus déanfaidh sé cóip den deimhniú a chur láithreach chun an Aire.
(3) Ar an gcóip den deimhniú a chuirfidh cláraitheoir na gcuideachtaí ar aghaidh faoi fho-alt (2) den alt seo a fháil dó, ceapfaidh an tAire le hordú lá (nach luaithe ná an lá bunaithe) mar an lá a bheidh an Chuideachta díscaoilte agus, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, beidh an Chuideachta díscaoilte an lá a cheapfar leis an ordú.
(4) Ní bheidh éifeacht maidir le foirceannadh na Cuideachta ag ailt 183, 184 agus 186 den Companies Consolidation Act, 1908.
(5) Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo ar an gCuideachta a dhíscaoileadh.
Cumhachtaí láithreacha Airí maidir le honnmhairí.
22.—Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a bhaineann ná a chuireann teorainn, i slí ar bith, le cumhachtaí agus feidhmeanna láithreacha aon Aire maidir le honnmhairí.
Caiteachas.
23.—Déanfar an caiteachas faoin rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
24.—Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL.
Maoin agus dliteanais na Cuideachta a aistriú chun an Bhoird, etc.
1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “dáta an aistrithe” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi fho-alt (3) d'alt 21 den Acht seo mar an lá a bheidh an Chuideachta díscaoilte.
2. (1) Faoi réir forálacha na míre seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Chuideachta nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tíocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar dháta an aistrithe, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachta nó údaráis, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (de réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Chuideachta nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di.
(2) An mhaoin uile a aistrítear leis an mír seo agus a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachta nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an mBord dá iarraidh sin ar dháta an aistrithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhoird.
(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an mír seo chun an Bhoird, féadfaidh an Bord, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.
3. Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ón gCuideachta agus gan íoc aici, nó tabhaithe agus gan fuascailt aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.
4. Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó a bheidh tugtha ag an gCuideachta do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don Chuideachta, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a bheidh déanta idir an gCuideachta agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe, leanfaidh sé, d'ainneoin an Chuideachta a dhíscaoileadh, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirfí ainm an Bhoird ann in ionad ainme na Cuideachta, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina choinne.
5. Gach caingean, agra nó imeacht a bheidh ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus a mbeidh an Chuideachta ina páirtí iontu, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina pháirtí iontu in ionad na Cuideachta agus leanfar de na himeachtaí sin idir an mBord agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachtaí den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní dhéanfar dochar dóibh de dhroim an Chuideachta a dhíscaoileadh.
Díolúine ó dhleacht stampa.
1895, c. 16.
6. Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin na Cuideachta a dhílsiú sa Bhord.