Uimhir 21 de 1941.
ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (GEALLBHRUIDEADH), 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 (Uimh. 27 de 1940).
An Príomh-Acht do leasú.
2.—Déanfar gach tagairt don 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, dá bhfuil i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, do léiriú mar thagairt don 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1942.
Gearr-theideal agus có-luadh.
3.—(1) Féadfar an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1941, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 agus 1941, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.