[EN]

Uimhir 21 de 1943.


[EN]

ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939, I BHFEIDHM. [20adh Iúl, 1943.] ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939).

[EN]

An Príomh-Acht dá bhuanú.

2.—(1) Mara gcuirtear deireadh lena ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1944, agus raghaidh in éag ansan mara gcinne an tOireachtas a mhalairt.

[EN]

(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1944, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

[EN]

Alt 4 den Acht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942, dá chúlghairm.

3.—Cúlghairmtear leis seo alt 4 den Acht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 (Uimh. 19 de 1942).

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1943, do ghairm den Acht so.