[EN]

Uimhir 21 de 1957.


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA ÁIRITHE BÉILÍ AGUS BREOSLA A SHOLÁTHAR, DO LEASÚ NA nACHT OIDEACHAIS (BÉILÍ A SHOLÁTHAR), 1914 GO 1930, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CUMHACHTA ÁIRITHE A BHEITH LE FEIDHMIÚ AG CIGIRÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20 Samhain, 1957.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An tAire.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

[EN]

Béilí (seachas béilí i scoileanna náisiúnta).

2.—(1) Féadfaidh bardas contae-bhuirge béilí (seachas béilí i scoileanna náisiúnta) a sholáthar le haghaidh pé daoine is oiriúnach leo agus chuige sin féadfaid—

[EN]

(a) bia a sholáthar le haghaidh na mbéilí,

[EN]

(b) pé iostaí, cóiríocht, goireas, trealamh agus seirbhís a chur ar fáil is gá chun an bia d'ullmhú, a chócaireacht agus a roinnt, agus

[EN]

(c) pé nithe eile a dhéanamh a mheasfaid is gá chun na béilí a sholáthar nó a bhainfeas lena soláthar.

[EN]

(2) Féadfaidh bardas contae-bhuirge na cumhachta a bheirtear dóibh leis an alt seo d'fheidhmiú go díreach nó i gcomhpháirt nó trí chomhshocraíocht le haon duine nó comhlucht eile.

[EN]

(3) Féadfaidh bardas contae-bhuirge pé suimeanna is cuí leo a ghearradh i leith béilí a sholáthróid faoin alt seo.

[EN]

(4) Ní sholáthróidh bardas contae-bhuirge béilí faoin alt seo ach amháin i rith pé tréimhse nó tréimhsí a ordós an tAire maidir leis an mbardas.

[EN]

(5) Ní déanfar na cumhachta a bheirtear leis an alt seo do bhardas contae-bhuirge d'fheidhmiú ach amháin do réir scéime nó scéimeanna a dhéanfas an bardas agus a cheadós an tAire.

[EN]

(6) Beidh in aon scéim den tsórt sin, go sonrach, forála a shonrós na daoine dá bhféadfar béilí a sholáthar agus na himthosca ina bhféadfar béilí a sholáthar.

[EN]

Béilí i scoileanna náisiúnta.

3.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Education (Provision of Meals) (Ireland) Act, 1914, trí “authorise them to spend out of the rates such sum as will meet the cost of the provision of such food” a scrios agus “, notwithstanding anything contained in section 1 or section 2 of this Act, authorise them to provide free of charge, or to meet the whole or part of the cost of the provision free of charge of, meals for those children attending that school” a chur ina ionad.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 1 den Education (Provision of Meals) (Ireland) Act, 1917, trí—

[EN]

(a)  “the expenses incurred pursuant to an authorisation” a chur in ionad “the cost of the provision of food” mar a bhfuil na focail deiridh sin i bhfo-alt (1),

[EN]

(b)  “expenses incurred pursuant to an authorisation” a chur in ionad “the provision of food” sa chéad áit ina bhfuil na focail deiridh sin i bhfo-alt (2), agus

[EN]

(c)  “meals” a chur in ionad “food” sa dara háit ina bhfuil an focal deiridh sin i bhfo-alt (2).

[EN]

(3) I gcás ina ndeachaigh údarás áitiúil faoi aon chaiteachas roimh thosach feidhme an Achta seo do réir bhrí na nAcht Oideachais (Béilí a Sholáthar), 1914 go 1930, ag soláthar béilí in aisce, nó ag íoc go hiomlán nó go páirteach as béilí a sholáthar in aisce, do leanaí a bhí ag freastal ar scoil náisiúnta, measfar an caiteachas sin agus aon ranníoc ina leith as an Stát-Chiste a bheith bailí cuí agus a bheith amhlaidh ariamh.

[EN]

Breosla

4.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “scéim breosla shaoir” scéim arna ceadú ag an Aire chun breosla a sholáthar d'aicmí sonraithe daoine;

[EN]

ciallaíonn “adhmad” adhmad (lena n-áirítear adhmad atá ag fás) atá oiriúnach lena úsáid mar chonnadh nó le haghaidh connaidh;

[EN]

ciallaíonn “údarás uirbeach” aon chomhlucht—

[EN]

(a) is bardas contae-bhuirge,

[EN]

(b) is bardas buirge seachas contae-bhuirg,

[EN]

(c) comhairle cheantair uirbigh, nó

[EN]

(d) coimisinéirí baile.

[EN]

(2) Chun críocha scéime breosla shaoir arna déanamh ag údarás uirbeach, féadfaidh an t-údarás sin—

[EN]

(a) aon adhmad nó móin d'fháil trí chomhaontú,

[EN]

(b) aon adhmad a gheobhfar amhlaidh a leagadh, trí shaothar díreach nó trí chonradh,

[EN]

(c) connadh a dhéanamh den adhmad go léir nó de chuid den adhmad a gheobhfar amhlaidh, trí shaothar díreach nó trí chonradh, agus

[EN]

(d) aon adhmad nó móin a gheobhfar amhlaidh d'iompar, a stóráil, a dhíol nó a dhiúscairt.

[EN]

(3) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a shrianas oibriú an Achta Foraoiseachta, 1946 (Uimh. 13 de 1946).

[EN]

Cumhachta a bheas le feidhmiú ag cigirí.

5.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an tOrdú coisbhirt” an tOrdú um Chúnamh Phoiblí (Rialacháin Choisbhirt), 1944 (R. & O.R., Uimh. 339 de 1944); ciallaíonn “deimhniú coisbhirt” deimhniú arna eisiúint ag údarás cúnaimh phoiblí do réir an Orduithe choisbhirt dá chur i dteideal an duine chun a n-eiseofar é coisbheart oifigiúil d'fháil don leanbh a bheas sonraithe sa deimhniú;

[EN]

cialaíonn “cigire” duine arna cheapadh i scríbhinn ag údarás cúnaimh phoiblí chun críocha an ailt seo nó, má bhíonn ranníoca á ndéanamh de thuras na huaire as an Stát-Chiste i leith caiteachais údarás cúnaimh phoiblí ag tabhairt éifeachta don Ordú coisbhirt. ag an Aire;

[EN]

ciallaíonn “coisbheart oifigiúil” bróga nó bróga ísle a déanfar lena n-imdháil do réir an Orduithe choisbhirt.

[EN]

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag cigire lena chreidiúint go bhfuil deimhniú coisbhirt nó coisbheart oifigiúil ina sheilbh nó faoina urláimh ag duine ar bith, féadfaidh an cigire a iarraidh ar an duine sin a insint cé acu atá nó nach bhfuil aon deimhniú nó coisbheart den tsórt sin ina sheilbh nó faoina urláimh aige.

[EN]

(3) Féadfaidh cigire a iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil deimhniú coisbhirt nó coisbheart oifigiúil ina sheilbh nó faoina urláimh aige—

[EN]

(a) a insint cad iad na himthosca inar tharla an deimhniú nó an coisbheart a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh.

[EN]

(b) an deimhniú nó an coisbheart a thabhairt ar aird,

[EN]

(c) a cheadú don chigire an deimhniú nó an coisbheart a scrúdú.

[EN]

(4) Féadfaidh cigire a iarraidh ar dhuine ar bith chun ar heisíodh deimhniú coisbhirt—

[EN]

(a) a insint cé acu a rinne nó nach ndearna sé an deimhniú a mhalairtiú ar choisbheart oifigiúil.

[EN]

(b) murar mhalairtigh sé an deimhniú ar choisbheart oifigiúil, an deimhniú a thabhairt ar aird don chigire agus a cheadú don chigire é a scrúdú.

[EN]

(c) má mhalairtigh sé an deimhniú ar choisbheart oifigiúil, an coisbheart a thabhairt ar aird don chigire agus a cheadú don chigire é a scrúdú.

[EN]

(5) I gcás ina ndéanfar iarratas chun duine faoin alt seo agus nach ndéanfaidh sé do réir an iarratais, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air, mura dtaispeána sé go raibh cúis réasúnach aige gan déanamh do réir an iarratais.

[EN]

(6) Nuair a bheas cigire ag feidhmiú aon cheann de na cumhachta a bheirtear leis an alt seo, déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, a cheapachán faoin alt seo a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbaineann.

[EN]

Caiteachais.

6.—Déanfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo d'íoc, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forála Ilghnéitheacha), 1957, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.