Uimhir 21 de 1963.
AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1963.
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” An Bord Iascaigh Mhara;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh Mhara, 1952.
Aisíoc airleacan ag an mBord a tharscaoileadh.
2.—I gcás aon suim a airleacan faoi alt 18 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, d'ainneoin aon ní atá san Acht sin:
(a) féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, aisíoc iomlán nó cuid d'iomlán—
(i) na suime sin, nó
(ii) na hiarmhéide den tsuim sin a bheidh gan aisíoc,
ag an mBord a tharscaoileadh tráth ar bith;
(b) air sin—
(i) scoirfidh an méid a ndearnadh a aisíoc a tharscaoileadh de bheith inaisíoctha ag an mBord,
(ii) ní bheidh an t-ús inaisíoctha a bheadh, ar leith ón bhfomhír seo, tagtha, tar éis lá an tarscaoilte, chun bheith iníoctha ag an mBord ar an méid sin.
Aisíoc méideanna a ndéantar tarscaoileadh ar a n-aisíoc ag an mBord.
3.—(1) Aisíocfar leis an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon mhéid a ndéantar a aisíoc ag an mBord a tharscaoileadh faoin Acht seo.
(2) I gcás ina ndéanfar aon aisíoc leis an Aire Airgeadais faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste é.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1959, agus den Acht seo le chéile.