Uimhir 21 de 1979
AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA (LEASÚ), 1979
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar an Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972.
1.—Leasaítear leis seo an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 1:
“(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe chuige sin go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.”
An Chomhairle Chomhairleach.
2.—(1) Beidh comhairle ann (dá ngairfear an Chomhairle Chomhairleach san alt seo) ar a mbeidh cathaoirleach agus cibé líon gnáthchomhaltaí is iomchuí leis an Aire chun aon nithe a éireoidh maidir le, nó i ndáil le, feidhmiú an Achta um Shubstaintí Contúirteacha, 1972, agus a tharchuirfidh an tAire chun na Comhairle Comhairlí, a bhreithniú agus comhairle a thabhairt don Aire ina dtaobh.
(2) Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach agus na gnáthchomhaltaí agus beidh siad i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire.
(3) Ar an gComhairle Chomhairleach á iarraidh sin agus faoi réir an tAire do thoiliú leis féadfaidh cigire bheith i láthair ag cruinniú den Chomhairle Chomhairleach chun aon fhaisnéis a thabhairt a iarrfaidh an Chomhairle Chomhairleach lena feidhmeanna a chomhlíonadh.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
3.—(1) Féadfar an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 agus 1979, a ghairm den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon ní amháin.
An tAcht dá dTagraítear | |