harp.jpg


Uimhir 21 de 1993


AN tACHT STAIDRIMH, 1993

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Tosach feidhme.

3.

Léiriú.

4.

Orduithe.

5.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6.

Caiteachais.

7.

Aisghairm agus forálacha iarmhartacha.

CUID II

Struchtúr Institiúideach — An Phríomh-Oifig Staidrimh, An tArd-Stiúrthóir agus An Bord Náisiúnta Staidrimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh.

8.

Struchtúr institiúideach.

9.

Foireann na Príomh-Oifige Staidrimh.

10.

Feidhmeanna na hOifige.

11.

Comhoibriú agus idirchaidreamh le húdaráis phoiblí agus daoine eile.

An tArd-Stiúrthóir.

12.

Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh.

13.

Neamhspleáchas maidir le nithe a bhaineann le staidreamh.

14.

Rochtain ar an Taoiseach.

15.

Feidhmeanna an Ard-Stiúrthóra a tharmligean.

16.

Fíre doiciméad.

17.

Foireann shealadach a cheapadh.

An Bord Náisiúnta Staidrimh.

18.

Comhdhéanamh agus ceapadh.

19.

Feidhm an Bhoird Náisiúnta Staidrimh.

Oifigigh Staidrimh.

20.

Oifigigh staidrimh.

21.

Dearbhú rúndachta.

22.

Fianaise ar cheapachán.

CUID III

Faisnéis a Bhailiú.

23.

Foirmeacha.

24.

Cuireadh faisnéis a sholáthar ar bhonn saorálach.

25.

Ordú ón Taoiseach ag ceangal faisnéis a sholáthar.

26.

Ordachán chun faisnéis a sholáthar.

27.

Daoine a gceanglaítear orthu faisnéis a sholáthar.

28.

Eisiúint agus seachadadh fógraí agus doiciméad eile.

29.

Ceart rochtana chun críocha staidrimh.

CUID IV

Taifid Údarás Poiblí a Úsáid chun Críocha Staidrimh

30.

Rochtain ar thaifid údarás poiblí.

31.

Comhoibriú údarás poiblí leis an Oifig.

CUID V

Faisnéis a Chosaint.

32.

Srianta ar úsáid faisnéise.

33.

Toirmeasc ar nochtadh faisnéise.

34.

Faisnéis nach inaitheanta a úsáid chun staidreamh a anailísiú.

35.

Rochtain ar thaifid Daonáirimh tar éis 100 bliain.

CUID VI

Cionta, Pionóis agus Fianaise

36.

Neamhsholáthar faisnéise a éilítear.

37.

Rochtain a chosc.

38.

Mí-úsáid faisnéise.

39.

Drochúsáid oifige ag oifigeach staidrimh.

40.

Bac a chur ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigigh staidrimh.

41.

Oifigeach staidrimh a phearsanú.

42.

Doiciméid a chosaint.

43.

Faisnéis bhréagach a thabhairt.

44.

Pionóis.

45.

Fianaise staidrimh in imeachtaí dlí.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú), 1958

1958, Uimh. 34

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988

1988, Uimh. 25

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht Staitistíochta, 1926

1926, Uimh. 12

An tAcht Staidrimh (Leasú), 1946

1946, Uimh. 34

harp.jpg


Uimhir 21 de 1993


AN tACHT STAIDRIMH, 1993

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN STAIDREAMH OIFIGIÚIL A BHAILIÚ, A THIOMSÚ, A BHAINT AMACH AGUS A SCAIPEADH AGUS I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [14 Iúil, 1993]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht Staidrimh, 1993, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Taoiseach le hordú.

[EN]

Léiriú.

3.—San Acht seo, mura léir a mhalairt a bheith ar intinn—

[EN]

ciallaíonn “státseirbhíseach” duine a shealbhaíonn post sa Státseirbhís;

[EN]

folaíonn “sárú” mainneachtain nó diúltú comhlíonadh;

[EN]

ciallaíonn “cóip” atáirgeadh taifid nó aon chuid de thaifead ar mhodh cléireachais, fótagrafach, leictreonach nó ar aon mhodh eile;

[EN]

ciallaíonn “scaipeadh” foilsiú, díol nó soláthar staidrimh oifigiúil in aon slí eile nó in aon fhoirm eile go díreach nó go neamhdhíreach trí dhaoine nó gnóthais eile;

[EN]

ciallaíonn “an tArd-Stiúrthóir” Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

[EN]

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941;

[EN]

ciallaíonn “an Oifig” an Phríomh-Oifig Staidrimh;

[EN]

ciallaíonn “oifigeach staidrimh” duine a mhínítear amhlaidh in alt 20 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “staidreamh oifigiúil” staidreamh arna thiomsú ag an Oifig nó ag aon údarás poiblí eile cibé acu faoin Acht seo nó ar shlí eile;

[EN]

ciallaíonn “an duine atá i bhfeighil” an duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil aon áitribh nó gnóthais lena n-áirítear úinéirí agus tionóntaí;

[EN]

folaíonn “áitreabh” aon teaghais, foirgneamh eile, both, carbhán, puball, áit, soitheach in uiscí teorann na hÉireann, aerárthach agus traein;

[EN]

ciallaíonn “údarás poiblí” aon Roinn Stáit, údarás áitiúil, bord sláinte nó comhlacht eile arna bhunú le haon achtachán;

[EN]

ciallaíonn “seirbhíseach poiblí” duine a shealbhaíonn post in aon údarás poiblí, lena n-áirítear an Garda Síochána;

[EN]

folaíonn “taifead” aon pháipéar, modh fótagrafach, leictreonach nó eile lena ndéantar faisnéis a thaifeadadh nó a stóráil agus aon fhoirm, sceideal, ceistiúchán, treoir nó doiciméad eile den sórt sin;

[EN]

ciallaíonn “na hachtacháin aisghairthe” na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, a aisghairtear leis an Acht seo;

[EN]

folaíonn “staidreamh”, i dteannta sonraí uimhriúla, faisnéis nach féidir a shloinneadh go huimhriúil agus is gá chun sonraí a bhailiú, a thiomsú, a anailísiú nó a léiriú;

[EN]

ciallaíonn “gnóthas” iomlán fiontair gnó, gabháltais talmhaíochta, forais, comhlachais nó údaráis phoiblí, nó aon chuid den chéanna.

[EN]

Orduithe.

4.—Féadfaidh an Taoiseach le hordú ordú a bheidh déanta aige faoin Acht seo a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5.—Déanfar ordú arna dhéanamh faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir.

[EN]

Caiteachais.

6.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Aisghairm agus forálacha iarmhartacha.

7.—(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946.

[EN]

(2) Maidir leis an Ordú Staidrimh (Staidreamh Trádála (Aerfort Neamhchustam na Sionainne)), 1970 (I.R. Uimh. 68 de 1970), agus gach ordú arna dhéanamh an 1ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis, faoi aon fhoráil d'achtachán a aisghairtear le fo-alt (1) den alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an aisghairm sin, leanfaidh sé i bhfeidhm amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh é.

[EN]

(3) Maidir leis an bhfaisnéis, na ceistiúcháin, na foirmeacha agus na taifid eile go léir a bhaileofar i gcomhlíonadh orduithe arna ndéanamh faoi na hachtacháin aisghairthe, tá sí nó siad faoi réir na srianta ar úsáid faisnéise agus na dtoirmeasc ar nochtadh faisnéise a shonraítear in ailt 32, 33, 34 agus 35 den Acht seo.

[EN]

(4) An fhaisné is go léir a sholáthrófar go saorálach don Phríomh-Oifig Staidrimh roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh sí faoi réir na cosanta agus na bhforálacha céanna amhail is dá mba faoin Acht seo a bailíodh an fhaisnéis sin.

[EN]

(5) Aon duine atá ag gníomhú mar oifigeach staidrimh faoi na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, díreach roimh a n-aisghairm faoi fho-alt (1) den alt seo, leanfaidh sé de bheith ina oifigeach staidrimh faoi na forálacha comhréire den Acht seo.

CUID II

Struchtúr Institiúideach — An Phríomh-Oifig Staidrimh, An tArd-Stiúrthóir agus An Bord Náisiúnta Staidrimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh

[EN]

Struchtúr institiúideach.

8.—(1) Bunaítear leis seo Oifig ar a dtabharfar an Phríomh-Oifig Staidrimh chun na feidhmeanna a thugtar di leis an Acht seo a fheidhmiú.

[EN]

(2) Beidh an tArd-Stiúrthóir a cheapfar faoi alt 12 den Acht seo freagrach as bainistiú agus rialú na hOifige.

[EN]

(3) Beidh Bord Náisiúnta Staidrimh ann agus is í an fheidhm ghinearálta a bheidh aige, le comhaontú an Taoisigh, stiúradh straitéiseach na hOifige a threorú.

[EN]

Foireann na Príomh-Oifige Staidrimh.

9.—(1) Fostófar sa Phríomh-Oifig Staidrimh cibé líon comhaltaí foirne a chinnfidh an Taoiseach ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Beidh comhaltaí fhoireann na hOifige ina státseirbhísigh de chuid an Stáit.

[EN]

(3) Is é an Taoiseach an t-údarás iomchuí chun críche Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, i ndáil le comhaltaí d'fhoireann na hOifige.

[EN]

(4) Na cumhachtaí is infheidhmithe ag an Taoiseach mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann na hOifige, féadfaidh sé iad a tharmligean chuig an Ard-Stiúrthóir agus, má dhéanann sé é sin, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

[EN]

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Taoiseach, infheidhmithe ag an Ard-Stiúrthóir; agus

[EN]

(b) is é an tArd-Stiúrthóir, in ionad an Taoisigh, a bheidh ina údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann na hOifige.

[EN]

Feidhmeanna na hOifige.

10.—(1) Is iad feidhmeanna na hOifige faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus ginearálta sa Stát a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach agus a scaipeadh chun críocha staidrimh.

[EN]

(2) Beidh údarás ag an Oifig staidreamh oifigiúil arna thiomsú ag údaráis phoiblí a chomhordú chun a chinntiú, go háirithe, go gcloítear le caighdeáin staitistiúla agus le húsáid aicmiúchán cuí.

[EN]

(3) Beidh údarás ag an Oifig measúnú a dhéanamh ar an ngealladh staitistiúil atá sna taifid a choimeádann údaráis phoiblí agus, i gcomhar leo, a chinntiú go ndéanfar an gealladh sin a thabhairt i gcrích a mhéid atá na hacmhainní ann chuige sin.

[EN]

Comhoibriú agus idirchaidreamh le húdaráis phoiblí agus daoine eile.

11.—(1) Féadfaidh an Oifig socruithe a dhéanamh le húdaráis phoiblí agus daoine eile chun faisnéis a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach nó a scaipeadh chun críocha staidrimh.

[EN]

(2) Coinneoidh an Oifig teagmháil dhlúth rialta leis na príomhúsáidirí agus na príomhsholáthróirí staidrimh.

[EN]

An tArd-Stiúrthóir

[EN]

Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh.

12.—(1) Ceapfaidh an tUachtarán Ard-Stiúrthóir na hOifige ar ainmniú an Taoisigh.

[EN]

(2) Beidh an tArd-Stiúrthóir ina chorparáid aonair faoin ainm Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus beidh comharbas suthain agus séala aige agus féadfaidh sé agairt nó féadfar é a agairt faoin ainm sin.

[EN]

(3) Beidh an duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Stiúrthóra ina státseirbhíseach de chuid an Stáit.

[EN]

(4) Beidh an tArd-Stiúrthóir i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Taoiseach tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(5) Is é an Taoiseach an t-údarás iomchuí chun críche Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, i ndáil leis an Ard-Stiúrthóir.

[EN]

Neamhspleáchas maidir le nithe a bhaineann le staidreamh.

13.—Is ar an Ard-Stiúrthóir amháin a bheidh an fhreagracht as na nithe seo a leanas agus beidh sé neamhspleách le linn na feidhmeanna a ghabhann le cinneadh a dhéanamh ina leith a fheidhmiú—

[EN]

(a) an mhodheolaíocht staidrimh agus na caighdeáin ghairmiúla staidrimh a úsáideann an Oifig;

[EN]

(b) an t-ábhar atá i raitís staidrimh agus i bhfoilseacháin arna n-eisiúint ag an Oifig; agus

[EN]

(c) tráth agus modhanna scaipthe staidrimh arna thiomsú ag an Oifig.

[EN]

Rochtain ar an Taoiseach.

14.—Beidh de cheart ag an Ard-Stiúrthóir dul i gcomhairle leis an Taoiseach maidir le haon ní a fhearann ar an Oifig nó a bhaineann le staidreamh oifigiúil nó le riaradh an Achta seo.

[EN]

Feidhmeanna an Ard-Stiúrthóra a tharmligean.

15.—(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir a údarú d'aon chomhalta d'fhoireann na hOifige aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo a fheidhmiú agus measfar aon fheidhm den sórt sin, nuair a fheidhmeofar í chun críocha an Achta seo, a bheith feidhmithe ag an Ard-Stiúrthóir.

[EN]

(2) Maidir le haon údarú faoi fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tArd-Stiúrthóir;

[EN]

(b) ní choiscfidh sé, le linn dó a bheith i bhfeidhm, ar an Ard-Stiúrthóir na feidhmeanna a bheidh tarmligthe leis sin a chomhall; agus

[EN]

(c) féadfaidh an tArd-Stiúrthóir é a chúlghairm aon tráth.

[EN]

Fíre doiciméad.

16.—Maidir le haon doiciméad a airbheartaíonn a bheith eisithe ag an Ard-Stiúrthóir nó ag aon duine a fheidhmíonn aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur doiciméad den sórt sin é má bhíonn ainm an duine lena mbaineann clóbhuailte nó stampáilte air nó má airbheartaíonn sé gur shínigh an duine sin é, gan cruthúnas ar fhíre an tsínithe.

[EN]

Foireann shealadach a cheapadh.

17.—Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, le toiliú an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a chinnfidh sé, ceapacháin shealadacha a dhéanamh chuig poist neamhbhunaithe ar fhoireann na hOifige a dhearbhaítear a bheith ina bpoist eisiata chun críocha Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956.

[EN]

An Bord Náisiúnta Staidrimh

[EN]

Comhdhéanamh agus ceapadh.

18.—(1) Is é a bheidh ar an mBord Náisiúnta Staidrimh ochtar comhalta ar a mbeidh an seachtar seo a leanas a gceapfaidh an Taoiseach iad—

[EN]

(a) cúigear a bhfuil cumas agus taithí cruthaithe acu i réimsí iomchuí, agus is é an Taoiseach a ainmneoidh beirt acu sin agus is cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an Taoiseach a bheith ionadaitheach d'úsáidirí staidrimh oifigiúil agus do sholáthróirí faisnéise faoin Acht seo a ainmneoidh triúr acu sin,

[EN]

(b) Rúnaí Cúnta nó grád coibhéiseach nó níos airde i Roinn an Taoisigh, agus

[EN]

(c) Rúnaí Cúnta nó grád coibhéiseach nó níos airde sa Roinn Airgeadais,

[EN]

mar aon leis an Ard-Stiúrthóir, ex officio.

[EN]

(2) Ceapfaidh an Taoiseach Cathaoirleach an Bhoird Náisiúnta Staidrimh as measc chomhaltaí an Bhoird a cheapfar faoi fho-alt (1)(a) den alt seo.

[EN]

(3) Gach comhalta den Bhord a gceapfaidh an Taoiseach é ceapfar é chun oifig a shealbhú ar feadh cibé tréimhse, nach lú ná dhá bhliain agus nach mó ná sé bliana, a shonróidh an Taoiseach agus é á cheapadh aige.

[EN]

(4) Féadfar comhalta den Bhord Náisiúnta Staidrimh a athcheapadh.

[EN]

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord a bheidh ceaptha ag an Taoiseach éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Taoiseach agus féadfaidh an Taoiseach é a chur as a oifig.

[EN]

(6) Aon chomhalta a cheapfar faoi fho-alt (1)(b) nó (c) den alt seo, scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má scoireann sé den phost iomchuí státseirbhíse a shealbhú.

[EN]

(7) Féadfaidh an Bord a fheidhmeanna a fheidhmiú d'ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

[EN]

(8) Féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialáil.

[EN]

(9) Féadfar, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad agus a chinnfidh an Taoiseach, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí ainmnithe an Bhoird.

[EN]

Feidhm an Bhoird Náisiúnta Staidrimh.

19.—(1) Maidir le feidhm an Bhoird Náisiúnta Staidrimh i leith stiúradh straitéiseach na hOifige a threorú, le comhaontú an Taoisigh, folóidh sí na nithe seo a leanas go háirithe—

[EN]

(a) tosaíochtaí a bhunú chun staidreamh oifigiúil a thiomsú agus a fhorbairt;

[EN]

(b) measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní foirne, trealaimh agus airgeadais ba chóir a chur ar fáil chun staidreamh oifigiúil a thiomsú;

[EN]

(c) eadráin a dhéanamh, faoi réir chinneadh deireanach an Taoisigh, in aon choinbhleachtaí a éireoidh idir an Oifig agus údaráis phoiblí eile i ndáil le staidreamh a bhaint amach as taifid nó le gníomhaíochtaí staidrimh a chomhordú.

[EN]

(2) Soláthróidh an tArd-Stiúrthóir cibé faisnéis a theastóidh ón mBord le haghaidh feidhmiú cuí fheidhmeanna an Bhoird.

[EN]

(3) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (1)(2) den alt seo a fhorléiriú mar ní—

[EN]

(a) lena gcumasaítear don Bhord aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le comhlíonadh, i gcás áirithe nó in imthosca áirithe, feidhme a bheidh sannta don Ard-Stiúrthóir leis an Acht seo nó faoi;

[EN]

(b) lena n-údaraítear do chomhaltaí ceaptha den Bhord rochtain a bheith acu ar fhaisnéis a bheidh bailithe faoin Acht seo is faisnéis is féidir a chur i mbaint go díreach nó go neamhdhíreach le duine nó gnóthas inaitheanta.

[EN]

Oifigigh Staidrimh

[EN]

Oifigigh staidrimh.

20.—Maidir le gach duine de na daoine seo a leanas—

[EN]

(a) gach comhalta d'fhoireann na hOifige agus aon duine eile atá ar fostú go díreach ag an Oifig i mbailiú nó baint amach faisnéise faoin Acht seo,

[EN]

(b) gach duine eile atá de thuras na huaire, de dhroim socruithe arna ndéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, ar fostú i mbailiú, baint amach, tiomsú nó scaipeadh faisnéise agus i dtaca leis an gcéanna faoin Acht seo, agus

[EN]

(c) aon duine eile a n-údaraíonn an tArd-Stiúrthóir dó i scríbhinn anailís áirithe staidrimh a dhéanamh, ar feadh tréimhse sonraithe, a bhféadfadh gur gá, lena haghaidh, rochtain ar shonraí arna mbailiú faoin Acht seo,

[EN]

beidh sé, chun críocha an Achta seo, ina oifigeach staidrimh agus gairtear oifigeach staidrimh de san Acht seo.

[EN]

Dearbhú rúndachta.

21.—Déanfaidh gach duine, sula rachaidh sé i mbun dualgas mar oifigeach staidrimh, dearbhú a shíniú san fhoirm seo a leanas—

[EN]

“Dearbhaímse, .................................................. go sollúnta go ndéanfaidh mé mo dhualgais mar oifigeach staidrimh a chomhall go hiomlán agus go hionraic i gcomhréir le ceanglais an Achta Staidrimh, 1993, agus na n-orduithe go léir faoi sin, agus nach nochtfaidh mé ná nach gcuirfidh mé i bhfios le linn mo sheirbhíse mar oifigeach staidrimh ná aon tráth dá héis, ach amháin i gcomhlíonadh mo dhualgas faoin Acht sin agus faoi na horduithe sin, aon ní a thiocfaidh ar m'iúl agus a bhaineann le haon duine, teaghlach, líon tí nó gnóthas mar gheall ar mo sheirbhís mar oifigeach staidrimh.”.

[EN]

Fianaise ar cheapachán.

22.—(1) Gach oifigeach staidrimh atá i dteideal faoin Acht seo—

[EN]

(a) a cheangal go pearsanta ar aon duine nó gnóthas, nó cuireadh a thabhairt go pearsanta dó, aon doiciméad a chomhlánú agus a chur ar ais nó aon fhaisnéis a sholáthar ó bhéal nó i scríbhinn,

[EN]

(b) aon doiciméad a bhaineann le haon duine nó gnóthas a iniúchadh, a chóipeáil, a bhailiú nó a fháil nó sleachta a thógáil as, nó

[EN]

(c) dul isteach in aon áitreabh,

[EN]

soláthrófar deimhniú ceapacháin dó a bheidh sínithe ag an Ard-Stiúrthóir nó stampáilte nó clóbhuailte le hainm an Ard-Stiúrthóra.

[EN]

(2) Aon oifigeach staidrimh a bheidh ag gníomhú faoin alt seo, déanfaidh sé, ar éileamh, a dheimhniú ceapacháin a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

[EN]

(3) Aon doiciméad a thabharfaidh duine ar aird de bhun an ailt seo agus a airbheartóidh gurb é deimhniú ceapacháin an duine sin é, measfar gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthófar a mhalairt, gurb é deimhniú ceapacháin an duine sin é.

CUID III

Faisnéis a Bhailiú

[EN]

Foirmeacha.

23.—Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir foirmeacha, ceistiúcháin agus taifid eile chun faisnéis a bhailiú faoin Acht seo agus na treoracha is gá lena gcomhlánú go cuí a ullmhú, agus an dáta nó an tréimhse a shonrú ar laistigh di ba cheart na foirmeacha, na ceistiúcháin agus na taifid eile sin, arna gcomhlánú, nó an fhaisnéis a éilítear a chur ar ais chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh.

[EN]

Cuireadh faisnéis a sholáthar ar bhonn saorálach.

24.—(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh cuireadh a thabhairt d'aon duine nó gnóthas—

[EN]

(a) foirm, ceistiúchán nó taifead eile a chomhlánú,

[EN]

(b) aon cheisteanna a fhreagairt,

[EN]

(c) aon fhaisnéis nó taifid a sholáthar,

[EN]

ar bhonn saorálach agus aon fhaisnéis a gheofar amhlaidh, beidh sí faoi réir na srianta ar úsáid agus an toirmisc ar nochtadh faisnéise a shonraítear in ailt 32, 33, 34 agus 35 den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh daoine agus gnóthais faisnéis agus taifid, nó cóipeanna den chéanna, a bheidh ina seilbh a sholáthar don Ard-Stiúrthóir nó d'oifigigh staidrimh ar cuireadh faoi fhorálacha an Achta seo, d'ainneoin aon ní atá san Acht um Chosaint Sonraí, 1988.

[EN]

Ordú ón Taoiseach ag ceangal faisnéis a sholáthar.

25.—(1) Féadfaidh an Taoiseach ceanglas a fhorordú, le hordú, ar dhaoine agus ar ghnóthais faisnéis a sholáthar faoin Acht seo, ina sonrófar, go háirithe—

[EN]

(a) cineál ginearálta na faisnéise a éilítear;

[EN]

(b) a mhinice a sholáthrófar í;

[EN]

(c) na daoine nó na gnóthais, nó na haicmí daoine nó gnóthas, a gceanglaítear orthu í a sholáthar.

[EN]

(2) Déanfar ordú ar leithligh faoi fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) i leith gach tosú ar leithligh ar shuirbhéireacht a ghabhfar de láimh i gceann tréimhsí is faide ná dhá mhí dhéag;

[EN]

(b) gach cúig bliana ar a laghad i leith gach suirbhéireachta leanúnaí a ghabhfar de láimh i gceann tréimhsí dhá mhí dhéag nó tréimhsí is giorra ná sin.

[EN]

Ordachán chun faisnéis a sholáthar.

26.—(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh, de bhun ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo, a ordú d'aon duine, trí fhógra a sheachadadh—

[EN]

(a) foirm, ceistiúchán nó taifead eile a chomhlánú agus a chur ar ais, de réir aon treoracha a bheidh inti nó ann nó a chuirfear in iúl dóar shlí eile,

[EN]

(b) freagra a thabhairt ar cheisteanna a chuirfidh oifigigh staidrimh air,

[EN]

(c) aon taifead, cóip d'aon taifead nó sliocht as aon taifead a sholáthar,

[EN]

faoi dháta sonraithe nó laistigh de thréimhse shonraithe.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo agus alt 27 den Acht seo is leor ordachán chun faisnéis a sholáthar i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo—

[EN]

(a) i gcás duine aonair — más rud é go ndéantar fógra a bheidh dírithe chuig an duine sin a sheachadadh ar an áit chónaithe, fostaíochta nó ghnó is déanaí is eol a bheith aige;

[EN]

(b) i gcás duine aonair atá i bhfeighil áitribh — más rud é go ndéantar fógra a sheachadadh ar an áitreabh nó ar a oifig nó ar a áit chónaithe gan é a bheith riachtanach an duine a ainmniú;

[EN]

(c) i gcás gnóthais gnó — más rud é go ndéantar fógra a sheachadadh ar an ngnó nó ar an ngnólacht ag aon áitreabh óna n-oibríonn sé nó óna seolann sé a ghnóthaí trína thrádainm a úsáid, nó ar aon duine aonair a bhaineann lena bhainistiú (lena n-áirítear glacadóir nó leachtaitheoir nó riarthóir) ag a áit ghnó nó ag a áit chónaithe;

[EN]

(d) i gcás duine aonair atá i bhfeighil aon ghnóthais eile — más rud é go ndéantar fógra a sheachadadh ar a oifig nó ar a áit ghnó gan é a bheith riachtanach an duine a ainmniú.

[EN]

Daoine a gceanglaítear orthu faisnéis a sholáthar.

27.—(1) Maidir le faisnéis a iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir trí fhógra a sheachadadh faoi alt 26 den Acht seo nó faoin alt seo, déanfar í a sholáthar—

[EN]

(a) i gcás duine áirithe — ag an duine atá i gceist má tá cónaí air sa Stát i láthair na huaire agus, más rud é gur ar an gcoigríoch dó, ag a chéile nó ag gaol leis ar a bhfuil cónaí in áitreabh an duine, nó más rud é go bhfuil sé éagtha, ag ionadaí pearsanta nó neasghaol eastát an duine éagtha atá i seilbh na faisnéise nó a bhfuil rochtain aige uirthi;

[EN]

(b) i gcás duine atá i bhfeighil áitribh — ag an duine sin agus, má éilítear an fhaisnéis i leith daoine a bhfuil cónaí orthu, atá ar lóistín, atá ar iostas nó atá ag obair san áitreabh, beidh sé de dhualgas ar gach duine den sórt sin an fhaisnéis a éilítear a sholáthar don duine atá i bhfeighil;

[EN]

(c) i gcás gnóthais — ag aon duine nó ag gach duine de na daoine seo a leanas atá i seilbh na faisnéise a éilítear nó a bhfuil rochtain acu uirthi:

[EN]

(i) dílseánaigh, comhpháirtithe, stiúrthóirí, bainisteoirí, leachtaitheoirí, glacadóirí agus riarthóirí gnóthas corpraithe agus neamhchorpraithe gnó;

[EN]

(ii) an duine atá i bhfeighil aon ghnóthais eile.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le faisnéis a n-éilíonn duine nó gnóthas gur sholáthair sé í i gcomhlíonadh ordacháin arna dhéanamh faoi alt 26 den Acht seo, nach bhfuil sí i seilbh na hOifige, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, trí fhógra eile a sheachadadh faoin alt sin, a ordú don duine nó don ghnóthas an fhaisnéis a sholáthar faoi dháta sonraithe.

[EN]

Eisiúint agus seachadadh fógraí agus doiciméad eile.

28.—(1) Maidir le haon fhógra nó taifead a sheachadfaidh oifigeach staidrimh beidh sé, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise leordhóthanach gur eisigh agus gur sheachaid an tArd-Stiúrthóir go cuí é nó gur eisíodh agus gur seachadadh thar ceann an Ard-Stiúrthóra go cuí é.

[EN]

(2) Féadfar aon fhógra nó taifead a sheachadadh trína sheachadadh go pearsanta ag oifigeach staidrimh nó leis an bpost nó trí mhodhanna eile cumarsáide agus má sheachadtar leis an bpost é measfar go bhfuarthas é an tráth a dhéanfaí é a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist.

[EN]

Ceart rochtana chun críocha staidrimh.

29.—Féadfaidh oifigeach staidrimh gach tráth réasúnach, ar a dheimhniú ceapacháin a thabhairt ar aird má éilítear sin, dul isteach in aon áitreabh—

[EN]

(a) chun fógra a sheachadadh faoi alt 26 den Acht seo, nó

[EN]

(b) chun foirmeacha, ceistiúcháin, taifid nó faisnéis a sheachadadh nó a bhailiú, nó

[EN]

(c) chun cibé fiosrúcháin a dhéanamh a údaraítear dó a dhéanamh faoin Acht seo.

CUID IV

Taifid Údarás Poiblí a Úsáid chun Críocha Staidrimh

[EN]

Rochtain ar thaifid údarás poiblí.

30.—(1) D'fhonn cabhrú leis an Oifig i bhfeidhmiú a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, trí fhógra a sheachadadh, a iarraidh ar aon údarás poiblí—

[EN]

(a) a cheadú d'oifigigh staidrimh, gach tráth réasúnach, rochtain a bheith acu ar aon taifid atá faoina chúram, iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, agus

[EN]

(b) cóipeanna nó sleachta as aon taifead den sórt sin a sholáthar don Oifig, má éilíonn aon oifigeach den sórt sin amhlaidh,

[EN]

agus déanfaidh an t-údarás poiblí, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh saor in aisce.

[EN]

(2) Maidir le fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm aige maidir le taifid a bhaineann le Cúirt, leis an nGarda Síochána, le riarachán na bpríosún nó leis an Ombudsman nó le haon duine dá chuid oifigeach;

[EN]

(b) ní bheidh feidhm aige maidir le taifid liachta nach bhfuil ar fáil go poiblí ach amháin le comhaontú an Aire Sláinte;

[EN]

(c) beidh éifeacht leis i ngach cás eile d'ainneoin aon ní atá in aon achtachán seachas forálacha chun ord poiblí nó slándáil an Stáit a chosaint.

[EN]

Comhoibriú údarás poiblí leis an Oifig.

31.—(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir a iarraidh ar aon údarás poiblí dul i gcomhairle leis agus comhoibriú leis chun gealladh thaifid an údaráis mar fhoinse faisnéise staidrimh a mheasúnú, agus, más cuí agus más indéanta sin, a mhodhanna agus a chórais taifeadta a fhorbairt chun críocha staidrimh, agus déanfaidh an t-údarás poiblí aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh, a mhéid atá na hacmhainní ann chuige sin.

[EN]

(2) Má bheartaíonn aon údarás poiblí aon chóras a thabhairt isteach, a athbhreithniú nó a leathnú, ar córas é chun faisnéis a stóráil agus a aisghabháil, nó suirbhéireacht staidrimh a dhéanamh rachaidh sé i gcomhairle leis an Ard-Stiúrthóir agus glacfaidh an t-údarás poiblí le haon mholtaí a dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir le réasún i ndáil leis an togra.

[EN]

(3) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó aon údarás poiblí a iarraidh ar an mBord Náisiúnta Staidrimh eadráin a dhéanamh maidir le tograí arna ndéanamh ag an Ard-Stiúrthóir faoi fho-alt (1)(2) den alt seo agus, nuair nach féidir teacht ar chomhaontú, moltaí a chur faoi bhráid an Taoisigh chun a chinneadh a fháil maidir leis an gcéanna.

[EN]

(4) Maidir le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm acu maidir le taifid a bhaineann le Cúirt, leis an nGarda Síochána nó le riarachán na bpríosún;

[EN]

(b) beidh éifeacht leo i ngach cás eile d'ainneoin aon ní atá in aon achtachán seachas forálacha chun ord poiblí nó slándáil an Stáit a chosaint.

CUID V

Faisnéis a Chosaint

[EN]

Srianta ar úsáid faisnéise.

32.—Maidir leis an bhfaisnéis go léir a thabharfaidh duine, gnóthas nó údarás poiblí faoin Acht seo, ní úsáidfear í ach amháin chun staidreamh a thiomsú agus a anailísiú.

[EN]

Toirmeasc ar nochtadh faisnéise.

33.—(1) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a gheofar in aon slí faoin Acht seo ná faoi na hachtacháin aisghairthe, ar faisnéis í is féidir a chur i mbaint le duine nó le gnóthas inaitheanta, a scaipeadh, a thaispeáint ná a chur in iúl d'aon duine ná d'aon chomhlacht, seachas le toiliú i scríbhinn ón duine sin nó ón ngnóthas sin nó ó ionadaí pearsanta nó neasghaol duine éagtha, ach amháin mar a leanas—

[EN]

(a) chun críocha ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo;

[EN]

(b) d'oifigigh staidrimh i gcúrsa a ndualgas faoin Acht seo;

[EN]

(c) d'fhonn aon fhaisnéis den sórt sin a thaifeadadh chun úsáid na hOifige, agus chuige sin amháin, i cibé foirm agus modh dá bhforálfar le conradh i scríbhinn arna dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir, ar conradh é a chosnaíonn rúndacht na faisnéise chun a shástachta.

[EN]

(2) Féadfaidh an Oifig, chun críocha staidrimh agus chuige sin amháin, cóid a shannadh a gheofar ó fhaisnéis arna bailiú faoin Acht seo chun gnóthais atá liostaithe i gcórais riaracháin údarás poiblí eile a aicmiú de réir earnálacha gníomhaíochta eacnamaíochta agus méide (daoine atá gafa).

[EN]

(3) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, cibé toirmisc bhreise a fhorordú ar nochtadh taifead nó faisnéise inaitheanta a gheofar faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe go ceann cibé tréimhsí a fhorordófar.

[EN]

(4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine ná gnóthas faisnéis a sholáthar i ndáil le ní ar lorgaíodh faisnéis maidir leis in imthosca a thabharfadh teideal don duine nó don ghnóthas diúltú an fhaisnéis a thabhairt uaidh in imeacht sibhialta in aon chúirt nó ar fhorais phribhléide.

[EN]

Faisnéis nach inaitheanta a úsáid chun staidreamh a anailísiú.

34.—Féadfaidh an Oifig, chun críocha staidrimh agus chuige sin amháin, faisnéis a gheofar in aon slí faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe a sholáthar, i cibé foirm a fhágfaidh nach féidir í a chur i mbaint go díreach nó go neamhdhíreach le duine nó le gnóthas inaitheanta, do cibé daoine agus faoi réir cibé muirear, coinníollacha agus srianta a chinnfidh an tArd-Stiúrthóir.

[EN]

Rochtain ar thaifid Daonáirimh tar éis 100 bliain.

35.—I gcás Daonáirimh a ghabhfar de láimh faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe, scoirfidh srianta ailt 32 agus 33 den Acht seo d'fheidhm a bheith acu 100 bliain tar éis dáta an Daonáirimh iomchuí.

CUID VI

Cionta, Pionóis agus Fianaise

[EN]

Neamhsholáthar faisnéise a éilítear.

36.—Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon fhaisnéis a iarrtar a sholáthar mar fhreagra ar ordachán ón Ard-Stiúrthóir faoi alt 2627 den Acht seo de bhun ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Rochtain a chosc.

37.—Aon duine a choiscfidh ar oifigeach staidrimh a dhualgais a chomhall mar a cheadaítear faoi alt 29 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Mí-úsáid faisnéise.

38.—Aon duine a úsáidfidh faisnéis a tugadh faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe de shárú ar alt 32 den Acht seo, nó a nochtfaidh go toiliúil faisnéis a bhaineann le haon duine nó gnóthas inaitheanta de shárú ar alt 33 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Drochúsáid oifige ag oifigeach staidrimh.

39.—Aon oifigeach staidrimh a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, ar scáth a fheidhmeanna mar oifigeach den sórt sin a chomhlíonadh, aon fhaisnéis a fháil ar aon mhodh ó aon duine ar aon ócáid nach bhfuil sé i dteideal go dleathach a fháil ar an modh sin ón duine sin ar an ócáid sin, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Bac a chur ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigigh staidrimh.

40.—Aon duine a chuirfidh bac go toiliúil ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigeach staidrimh i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Oifigeach staidrimh a phearsanú.

41.—Aon duine nach oifigeach staidrimh a thabharfaidh le fios gur oifigeach staidrimh é, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Doiciméid a chosaint.

42.—(1) Aon duine a scriosfaidh nó a fhalsóidh go toiliúil aon doiciméad nó taifead a eisíodh chun staidreamh a bhailiú i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo nó a dhéanfaidh damáiste go toiliúil don chéanna, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) Aon oifigeach staidrimh a mhainneoidh aon doiciméad nó taifead atá ina choimeád, ar doiciméad nó taifead é ina bhfuil faisnéis a bailíodh faoin Acht seo, a choimeád i cibé modh a chinnteoidh nach mbeidh rochtain ag daoine neamhúdaraithe air, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Aon oifigeach staidrimh a mhainneoidh go toiliúil doiciméad nó taifead arna bhailiú ó aon duine nó gnóthas faoin Acht seo a thabhairt ar ais chuig an Oifig, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Faisnéis bhréagach a thabhairt.

43.—Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheanglais nó aon ordacháin faoin Acht seo, a sholáthróidh faisnéis, a dhéanfaidh ráiteas, scríofa nó ó bhéal, nó a thabharfaidh ar aird nó a sheachadfaidh doiciméad atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Pionóis.

44.—(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air.

[EN]

(2) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 36 den Acht seo beidh sé, má leantar den sárú tar éis a chiontaithe, ciontach i gcion gach lá a leanfar den sárú, agus maidir le gach cion den sórt sin dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

[EN]

(4) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona.

[EN]

Fianaise staidrimh in imeachtaí dlí.

45.—Féadfar fianaise prima facie ar aon staidreamh oifigiúil a thabhairt i ngach imeacht dlí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh an staidreamh sin a bheith ann agus a bheith eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nó a bheith sínithe ag an Ard-Stiúrthóir.