Uimhir 2 de 1929.
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1929.
Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Foralácha Sealadacha), 1923 go 1927.
1.—Leanfidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1927, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1930, agus raghaid in éag ansan.
Gearr-theideal agus léiriú.
2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1929, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1927, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.