[EN]

Uimhir 2 de 1941.


[EN]

ACHT ARM-PHINSEAN, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1937, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [19adh Feabhra, 1941.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) agus, i gcás an có-théacs dá cheadú san, léireofar an abairt sin mar abairt a chialluíonn an tAcht san ar n-a leasú le hAcht 1927 agus fós le Cuid III d'Acht 1932 agus le Cuid III d'Acht 1937;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) agus, i gcás an có-théacs dá cheadú san, léireofar an abairt sin mar abairt a chialluíonn an tAcht san ar n-a leasú le Cuid III d'Acht 1932 agus fós le Cuid III d'Acht 1937;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) agus, i gcás an có-théacs dá cheadú san, léireofar an abairt sin mar abairt a chialluíonn an tAcht san ar n-a leasú le Cuid IV d'Acht 1937;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937);

[EN]

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1937.

[EN]

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so, agus dá dtugtar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna, tá leis san Acht so an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

[EN]

Teora ama chun pinsin mhí-ábaltachta fé Acht 1927 d'iarraidh

2.—(1) Gach iarratas, á iarraidh go ndeonfaí pinsean mí-ábaltachta, déanfar é fé cheann dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith.

[EN]

(2) I gcás duine ar bith do dhéanamh iarratais go cuibhe roimh dháta an Achta so do rith ar phinsean mhí-ábaltachta, agus 'nar diúltuíodh don iarratas san ar an scór nár bhain Acht 1927 leis an duine sin, ní thabharfaidh an fo-alt san roimhe seo den alt so teideal don duine sin chun an t-iarratas san d'athnuachaint.

[EN]

(3) I gcás pinsean mí-ábaltachta do dheonadh do dhuine ar bith a iarrfaidh é ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, tosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha ar an dáta san agus ón dáta san (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

[EN]

(4) San alt so cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé alt 9, no alt 10, no alt 13, d'Acht 1927

[EN]

(5) Athghairmtear leis seo mír (b) d'alt 26 d'Acht 1932.

[EN]

Alt 19 d'Acht 1937 do leasú.

3.—Deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 d'Acht 1937 do leasú tré sna focail “do bheith á fháil am a bháis ag an duine sin” do chur in ionad na bhfocal “do dheonadh don duine sin” i mír (d) den fho-alt san.

[EN]

Teora ama chun pinsin, etc., fé Chuid II d'Acht 1932 d'iarraidh.

4.—(1) Gach iarratas o dhuine ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, á iarraidh go ndeonfaí pinsean no aisce fén gCuid sin II dhó, déanfar é fé cheann dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith.

[EN]

(2) Gach iarratas á iarraidh go ndeonfaí liúntas no aisce fé Chuid II d'Acht 1932 do bhaintrigh no do chloinn no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no roimh an dáta san, déanfar é fé cheann dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith.

[EN]

(3) Gach iarratas á iarraidh go ndeonfaí liúntas no aisce fé Chuid II d'Acht 1932 do bhaintrigh no do chloinn no do chleithiúnaithe dhuine do gheobhaidh bás tar éis lae an Achta so do rith, déanfar é fé cheann dhá mhí dhéag o dháta bháis an duine sin.

[EN]

(4) I gcás duine ar bith do dhéanamh iarratais go cuibhe roimh dháta an Achta so do rith ar phinsean no liúntas no aisce fé Chuid II d'Acht 1932, agus 'nar diúltuíodh don iarratas san ar an scór nár bhain an Chuid sin II leis an duine sin, ní thabharfaidh ceann ar bith de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so teideal don duine sin chun an t-iarratas san d'athnuachaint.

[EN]

(5) I gcás pinsean no aisce fé Chuid II d'Acht 1932 do dheonadh do dhuine ar bith a iarrfaidh é ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, tosnóidh an pinsean san no an liúntas san ar bheith iníoctha ar an dáta san agus ón dáta san (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Athghairmtear leis seo alt 22 d'Acht 1937.

[EN]

Teora ama chun baintreacha agus clann agus cleithiúnaithe daoine áirithe d'iarraidh liúntaisí agus aiscí fé Chuid II d'Acht 1932.

5.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine d'fháil bháis tar éis bheith caithte do dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith, agus

[EN]

(b) an duine sin d'fháil bháis de dheascaibh créachta no galair, agus

[EN]

(c) gan an duine sin d'iarraidh pinsin, alos na créachta no an ghalair sin, fé Chuid II d'Acht 1932, fé cheann dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith,

[EN]

ní tabharfar áird ar aon éileamh, o bhaintreach ná o aon duine de chloinn no de chleithiúnaithe an duine sin ar liúntas no aisce fén gCuid sin II, alos báis an duine sin.

[EN]

(2) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú fo-ailt (3) den alt deiridh sin roimhe seo.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo alt 23 d'Acht 1937.

[EN]

Pinsin mhí-ábaltachta alos galair is ionchurtha i leith seirbhíse i gcás an mhí-ábaltacht do bheith níos lugha ná 80 per cent. gan bheith níos lugha ná 50 per cent.

6.—(1) I gcás duine do dhéanamh iarratais ar phinsean mhí-ábaltachta ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, agus an t-iarratas san do chur fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean fé alt 9 d'Acht 1932, agus galar is ionchurtha i leith seirbhíse míleata do réir bhrí Coda II d'Acht 1932 do bheith ar an duine sin lá a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má faightear amach, lá an scrúduithe sin, gur lugha ná ochtó per cent. ach nach lugha ná caoga per cent. grád díthe an duine sin, féadfar cúig scillinge déag sa tseachtain do dheonadh dhó mar phinsean is pinsean de bharr breithe deiridh agus a thosnóidh ar an dáta san (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;

[EN]

(b) má faightear amach, lá an scrúduithe sin, nach lugha ná ochtó per cent. grád díthe an duine sin ach go bhfuighfear amach ar aon athscrúdú tréimhsiúil gur lugha an grád díthe sin ná ochtó per cent. ach nach lugha é ná caoga per cent., féadfar, má iarrann an duine sin é ar an Aire dhá mhí dhéag ar a dhéanaí tar éis dáta an athscrúduithe sin, punt sa tseachtain do dheonadh dhó mar phinsean is pinsean de bharr breithe deiridh agus a thosnóidh ar an dáta san (nach luatha ná dáta scurtha a shean-phinsin mhí-ábaltachta) a chinnfidh an tAire;

[EN]

(c) i gcás pinsean do dheonadh don duine sin fén bhfo-alt so, ní bheidh aon phinsean mí-ábaltachta indeonta dhó ná iníoctha leis.

[EN]

(2) Beidh gach iarratas ar phinsean fén alt so sa bhfuirm sin, agus beidh na mion-innste sin ann, ordóidh an tAire.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag ailt 9 go 14 d'Acht 1923 maidir le pinsin a deonfar fén alt so, agus bainfidh na hailt sin le daoine le n-a mbeidh na pinsin sin iníoctha, fé is dá mb'iad na pinsin sin na pinsin a luaidhtear sna hailt sin fé seach.

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 26 d'Acht 1937 maidir le cás ar bith inar hiarradh no ina n-iarrfar pinsean mí-ábaltachta ar dháta is déanaí ná an 2adh lá de Mheitheamh, 1938.

[EN]

(5) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “pinsean mí-ábaltachta” pinsean fé fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932;

[EN]

tá leis an abairt “grád díthe” an bhrí chéanna atá léi in Acht 1927;

[EN]

cialluíonn an abairt “athscrúdú tréimhsiúil” athscrúdú tréimhsiúil fé alt 6 d'Acht 1923.

[EN]

Teora ama chun pinsin fé Chuid VI d'Acht 1937 d'iarraidh.

7.—(1) Gach iarratas ar phinsean fé Chuid VI d'Acht 1937, déanfar é chun an Aire fé cheann dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith.

[EN]

(2) I gcás duine do dhéanamh iarratais go cuibhe roimh dháta an Achta so do rith ar phinsean fé Chuid VI d'Acht 1937, agus 'nar diúltuíodh don iarratas san ar an scór nár bhain an Chuid sin VI leis an duine sin, ní thabharfaidh fo-alt (1) den alt so teideal don duine sin chun a iarratas d'athnuachaint.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo mír (a) d'alt 30 d'Acht 1937.

[EN]

Dáta tosnuithe pinsean fé Chuid VI d'Acht 1937.

8.—I gcás—

[EN]

(a) pinsean fé Chuid VI d'Acht 1937 do dheonadh tar éis dáta an Achta so do rith, agus

[EN]

(b) gan an t-iarratas ar an bpinsean san do dhéanamh roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,

[EN]

ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 32 d'Acht 1937, tosnóidh an pinsean san an dáta san (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

[EN]

Dáta tosnuithe liúntaisí cleithiúnaithe fé Chuid VII d'Acht 1937.

9.—Gach liúntas cleithiúnaí deonfar fé Chuid VII d'Acht 1937 do dhuine iarrfaidh é ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, tosnóidh sé ar an dáta san (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

[EN]

Teora ama chun liúntaisí cleithiúnaithe fé Chuid VII d'Acht 1937 d'iarraidh.

10.—(1) Léireofar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 38 d'Acht 1937 agus beidh éifeacht aici fé is dá gcuirtí i bhfo-mhír (i) den mhír sin, in ionad na tagairte do dhá bhliain tar éis dáta Achta 1937 do rith atá inti, tagairt do dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 38 d'Acht 1937, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná déanfar, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt le Cuid VII d'Acht 1937, aon iarratas ar liúntas chleithiúnaí fén gCuid sin VII go mbeifear tar éis diúltú dhó d'athscrúdú tar éis bheith caithte do dhá bhliain o dháta an Achta so do rith.

[EN]

Teora ama chun aiscí speisialta fé Chuid VII d'Acht 1937 d'iarraidh.

11.—(1) Gach iarratas ar aisce speisialta fé Chuid VII d'Acht 1937, déanfar é fé cheann dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith.

[EN]

(2) I gcás duine do dhéanamh iarratais go cuibhe roimh dháta an Achta so do rith ar aisce speisialta fé Chuid VII d'Acht 1937, agus 'nar diúltuíodh don iarratas san ar an scór nár bhain an Chuid sin VII leis an duine sin, ní thabharfaidh fo-alt (1) den alt so teideal don duine sin chun a iarratas d'athnuachaint.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 42 d'Acht 1937.

[EN]

Diúltú d'iarrataisí ar phinsin, etc., i gcás gan iarratasóirí do theacht i láthair Bhord na nArm-Phinsean.

12.—(1) I gcás an Bord do ghairm iarratasóra ar phinsean no ar liúntas no ar aisce chun teacht i láthair chun a scrúduithe ag dochtúir agus an t-iarratasóir sin do thabhairt faillí i dteacht no do dhiúltú do theacht i láthair amhlaidh, cuirfidh an Bord an méid sin in úil don Aire agus, leis sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire diúltú don iarratas san;

[EN]

(b) má chinneann an tAire gan diúltú don iarratas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) cuirfidh an tAire a bhreith in úil don Bhord,

[EN]

(ii) déanfaidh an Bord, ar dháta nach déanaí ná trí mhí tar éis an bhreith sin do chur in úil dóibh, an t-iarratasóir do ghairm arís chun teacht i láthair chun a scrúduithe ag dochtúir,

[EN]

(iii) má thugann an t-iarratasóir faillí i dteacht no má dhiúltuíonn do theacht i láthair de bhun na gairme sin, cuirfidh an Bord an méid sin in úil don Aire agus, leis sin, diúltóidh an tAire don iarratas;

[EN]

(c) má dhiúltuíonn an tAire don iarratas, ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas d'athnuachaint ná ní déanfar aon phinsean ná liúntas ná aisce do mholadh don iarratasóir.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so leis na hiarratais uile, ar n-a ndéanamh fé sna hAchtanna, atá ar feitheamh ar dháta an Achta so do rith agus fós leis na hiarratais uile ar n-a ndéanamh fé sna hAchtanna an dáta san no dá éis sin.

[EN]

(3) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord na nArm-Phinsean;

[EN]

cialluíonn an abairt “pinsean no liúntas no aisce” pinsean no liúntas no aisce fé sna hAchtanna.

[EN]

Liúntaisí cleithiúnaithe do laigheadú i gcásanna áirithe.

13.—(1) I gcás—

[EN]

(a) liúntas fé sna hAchtanna do dheonadh do bhaintrigh dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, agus

[EN]

(b) an bhaintreach san do bheith, ina theanta san, i dteideal pinsin fé sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1937,

[EN]

féadfar, maidir le haon tréimhse go mbeidh an pinsean san iníoctha ar a feadh, an liúntas san do laigheadú an méid sin a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) liúntas fé sna hAchtanna do dheonadh do leanbh dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, agus

[EN]

(b) an leanbh san do bheith, ina theanta san, i dteideal pinsin fé sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1937,

[EN]

féadfar, maidir le haon tréimhse go mbeidh an pinsean san iníoctha ar a feadh, an liúntas san do laigheadú an méid sin a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

14.—(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1941, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna agus den Acht so le chéile.