[EN]

Uimhir 2 de 1946.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGID AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1944. [19ú Feabhra, 1946.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932);

[EN]

tá leis an abairt “an tAire” agus leis an bhfocal “teach” na bríonna atá leo faoi seach i gCuid II den Phríomh-Acht.

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.

2.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht a leasú sna slite seo leanas:—

[EN]

(a) an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1935, atá i ngach ceann de na míreanna (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den fho-alt sin (1), léireofar í mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1947;

[EN]

(b) an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1942, atá i bhfo-mhír (i) de mhír (i) den fho-alt sin (1) (eadhon, an fhomhír a cuireadh isteach le mír (b) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939)), léireofar í mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1947;

[EN]

(c) gach ceann de na tagairtí don lú lá d'Aibreán, 1940, atá i mír (j) den fho-alt sin (1) (eadhon, an mhír a cuireadh isteach le mír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939)), léireofar í mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1947.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1944 (Uimh. 1 de 1944).

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1945, agus ón lá sin amach

[EN]

Deontas i leith seomra bhreise do dhuine ar a bhfuil eitinn scamhógach.

3.—(1) Má dheimhníonn dochtúir oifigiúil sláinte contae nó príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte go bhfuil eitinn scamhógach ar dhuine den teaghlach i dtigh sa líomatáiste dá ngníomhaíonn an t-oifigeach sin agus go bhfuil an duine sin faoi chóireáil don eitinn sin agus nach leor an chóiríocht atá sa tigh chun é a chóireáil i gceart nó chun é a leithlisiú ón gcuid eile den teaghlach, beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil a riaras na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, sa líomatáiste ina bhfuil an teach, agus déanfaid, i gcás an tAire dá cheangal sin orthu, deontas a thabhairt d'únaer nó lonnaitheoir an tighe chun seomra breise a chur ar fáil sa tigh nó i gceangal leis nó chun seomra atá ann a athrú nó a mhodhnú,

[EN]

(b) ní raghaidh an deontas thar an gcostas, arna cheadú ag an Aire, a ghabhfas leis an seomra breise a chur ar fáil nó le seomra atá ann a athrú nó a mhodhnú,

[EN]

(c) más faoi cheanglas ón Aire faoi mhír (a) den fho-alt seo a bhéarfar an deontas, is é méid a bheas ann, faoi réir míre (b) den fho-alt so, ná pé méid a ordós an tAire,

[EN]

(d) ní thabharfaidh an t-údarás áitiúil sin an deontas mura mbíonn ná go dtí go mbeidh deimhnithe go bhfuil an teach oiriúnach chun seomra breise a chur ar fáil ann nó chun seomra atá ann a athrú nó a mhodhnú,

[EN]

(e) faoi réir míre (f) den fho-alt seo, ní íocfaidh an t-údarás áitiúil sin an deontas mura mbíonn ná go dtí go mbeidh deimhnithe go bhfuil an obair a bhaineas leis an seomra breise a chur ar fáil nó le seomra atá ann a athrú nó a mhodhnú lándéanta ar chuma cheart cheárdúil,

[EN]

(f) féadfaidh an t-údarás áitiúil sin a chinneadh an deontas a íoc ina thráthchoda is iníoctha ar chéimeanna sonnraithe a bheith lándéanta den obair a bhainfeas leis an seomra breise a chur ar fáil nó le seomra atá ann a athrú nó a mhodhnú agus, má chinnid amhlaidh, ní íocfaid aon tráthchuid den tsórt sin mura mbíonn ná go dtí go mbeidh deimhnithe go bhfuil an chéim lena mbaineann an tráthchuid lándéanta ar chuma cheart cheárdúil,

[EN]

(g) féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus do réir na rialachán a déanfar faoin alt seo, suim nach mó ná céad punt nó dhá dtrian den deontas, pé acu is lú, a íoc mar chúiteamh leis an údarás áitiúil.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn an focal “deimhnithe”, maidir le ní ar bith, deimhnithe ag oifigeach arna cheapadh ag an Aire chun an ní sin a dheimhniú nó, i gcás achomhairc chun an Aire toisc an t-oifigeach dá dhiúltú deimhniú a thabhairt amhlaidh, deimhnithe ag an Aire.

[EN]

(3) Duine ar cúis mhí-shásaimh leis oifigeach arna cheapadh faoin alt seo ag an Aire dá dhiúltú éinní áirithe a dheimhniú, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an diúltaithe, agus ar an achomharc a dhéanamh féadfaidh an tAire, mar mheasfaidh is ceart, an diúltú a dhaingniú nó an deimhniú sin a thabhairt a diúltaíodh, agus beidh breith an Aire ar an achomharc ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

[EN]

(4) I gcás ina dtabharfar deontas faoin alt seo chun seomra breise a chur ar fáil i dtigh nó i gceangal leis, ní déanfar luacháil na hionoidhreachta nó an tionóntáin, arb é a iomlán an teach nó ar cuid de an teach, a mhéadú, ar aon luacháil nó athluacháil ar an gcéanna a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an obair a bheith lándéanta a bhain leis an seomra breise sin a chur ar fáil amhlaidh, mar gheall ar aon mhéadú ar luach na hionoidhreachta nó an tionóntáin a thiocfas as san a chur ar fáil amhlaidh.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

(6) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (5) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin ina dhiaidh sin, rún a rith ag cur an rialacháin sin ar neamhbhrí, beidh an rialachán sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

(7) Féadfaidh údarás áitiúil aon tsuim a theastós uathu chun críocha an ailt seo a chruinniú nó a fháil ar iasacht fé is dá mba chun críocha na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, a theastaigh an tsuim sin uathu, agus ní déanfar aon tsuim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh a áireamh chun críocha aon teorann a bhaineas leis an údarás áitiúil sin maidir le hairgead a fháil ar iasacht.

[EN]

(7) Ní raghaidh comhshuim na n-íocaíocht cúitimh a bheas le déanamh ag an Aire faoin alt seo thar céad míle punt.

[EN]

Alt 3 den Acht seo a leathnú.

4.—Más dóigh leis an Aire gur ceart feidhm a bheith ag alt 3 den Acht seo maidir le creascán nó cailéad a chur ar fáil laistigh de mhaighean tighe sa tslí chéanna agus sna tosca céanna ina bhfuil feidhm aige maidir le seomra breise a chur ar fáil i dtigh nó i gceangal leis, féadfaidh sé a dhearbhú, le hordú, go mbeidh feidhm ag an alt sin amhlaidh agus beidh feidhm aige dá réir sin.

[EN]

Srianta le méadú luachála i gcásanna áirithe.

5.—(1) I gcás—

[EN]

(a) ina mbeidh teach tógtha nó atógtha le cabhair dheontais faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1944,

[EN]

(b) ina ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil sláinte contae nó an príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte a ghníomhaíos don líomatáiste ina bhfuil an teach go bhfuil eitinn scamhógach ar dhuine de theaghlach an tighe agus go bhfuil an duine sin faoi chóireáil don eitinn sin agus nár leor an chóiríocht a bhí sa tigh, sar ar cuireadh an seomra breise a luaitear i mír (c) den fho-alt seo ar fáil, chun é a chóireáil i gceart nó chun é a leithlisiú ón gcuid eile den teaghlach, agus

[EN]

(c) ina mbeidh deimhnithe—

[EN]

(i) go bhfuil seomra breise curtha ar fáil sa tigh nó i gceangal leis,

[EN]

(ii) go bhfuil an obair a bhain leis an seomra breise a chur ar fáil lándéanta ar chuma cheart cheárdúil, agus

[EN]

(iii) ná fuarthas deontas faoi alt 3 den Acht seo i leith an tseomra bhreise,

[EN]

ní déanfar luacháil na hionoidhreachta nó an tionóntáin, arb é a iomlán an teach nó ar cuid de an teach, a mhéadú, ar aon luacháil nó athluacháil ar an gcéanna a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an obair a bheith lándéanta a bhain leis an seomra breise sin a chur ar fáil amhlaidh, mar gheall ar aon mhéadú ar luach na hionoidhreachta nó an tionóntáin a thiocfas as an seomra breise a chur ar fáil.

[EN]

(2) I mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, ciallaíonn an focal “deimhnithe”, maidir leis na nithe a luaitear sa mhír sin, deimhnithe ag oifigeach arna cheapadh ag an Aire chun na nithe sin a dheimhniú nó, i gcás achomhairc chun an Aire toisc an t-oifigeach dá dhiúltú deimhniú a thabhairt amhlaidh, deimhnithe ag an Aire.

[EN]

(3) Duine ar cúis mhí-shásaimh leis oifigeach arna cheapadh faoin alt seo ag an Aire dá dhiúltú na nithe a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo a dheimhniú, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an diúltaithe, agus ar an achomharc a dhéanamh féadfaidh an tAire, mar mheasfaidh is ceart, an diúltú a dhaingniú nó an deimhniú sin a thabhairt a diúltaíodh, agus beidh breith an Aire ar an achomharc ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

[EN]

Costais.

6.—Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearr-theideal agus comhluadh.

7.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1946, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, a ghairm d'Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1944, agus den Acht seo le chéile.