Uimhir 2 de 1958.
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LÉASANNA FRITHDHÍLSE), 1958.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar Acht 1931 agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, a ghairm díobh le chéile.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931);
ciallaíonn “léasaí foirgníochta” an léasaí faoi léas foirgníochta;
ciallaíonn “neas-léasóir” maidir le léasaí an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uas-leasa is neasa sa talamh a theachtas an léasaí;
ciallaíonn “feabhsú” maidir le foirgnimh aon bhreisiú nó athrú ar na foirgnimh agus folaíonn sé aon déanmhas a fho-ghabhas nó a chomhghabhas leis na foirgnimh sin ach ní fholaíonn sé aon athrú nó athfhoirgniú ar na foirgnimh a bheir dóibh a gcló bunaidh a chailliúint;
ciallaíonn “léas” ionstraim i scríbhinn, pé acu faoi shéala dhi nó nach ea, ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le haon talamh i gcomaoin cíosa nó sochair agus folóidh sé deontas feofheirme;
forléireofar “léasaí”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar ní a fholaíos seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an léasaí;
forléireofar “léasóir”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar ní a fholaíos oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an léasóra;
ciallaíonn “léasaí dílseánaigh” an léasaí faoi léas dílseánaigh; ciallaíonn “límistéar uirbeach” límistéar is contae-bhuirg nó buirg eile, ceantar uirbeach, baile mór nó baile.
Athghairm.
3.—Athghairmtear leis seo Cuid V d'Acht 1931 agus an tAcht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe (Leasú), 1943 (Uimh. 10 de 1943).
CUID II.
Léasanna Frithdhílse.
Léasanna foirgníochta.
4.—(1) San Acht seo ciallaíonn “léas foirgníochta” léas a bhfuil na coinníollacha a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo comhlíonta ina leith agus folaíonn sé aon léas a meastar le halt 5, alt 6, alt 10, alt 19 nó alt 20 den Acht seo gur léas foirgníochta é.
(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha a bheas le comhlíonadh:
(a) gur i límistéar uirbeach atá an talamh go léir a forléasadh leis an léas nó, muran i límistéar uirbeach atá an talamh sin go léir, gur forléasadh é leis an léas in aghaidh téarma nach giorra ná fiche bliain;
(b) go bhfuil buan-fhoirgnimh ar an talamh agus go bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na foirgnimh sin ag fo-ghabháil agus ag comhghabháil leo;
(c) nach feabhsú do réir bhrí an Achta seo na buanfhoirgnimh;
(d) gur tógadh na buan-fhoirgnimh—
(i) ag an duine ag a raibh teideal, tráth a dtógtha chun leasa an léasaí faoin léas, nó
(ii) de bhun comhaontuithe i leith an léas sin a dheonadh ar na buan-fhoirgnimh sin a thógáil;
(e) nár tógadh na buan-fhoirgnimh contrártha d'aon chúnant coinníoll nó comhaontú sa léas.
(3) (a) Más léas é go ceann téarma nach giorra ná caoga blian, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é a thóg na foirgnimh ar an talamh a forléasadh leis an léas an duine a bhí, tráth a dtógtha, i dteideal leasa an léasaí faoin léas más rud é—
(i) i gcás léasa a deonadh roimh an lú lá d'Eanáir, 1914, gur lú an cíos a forcoimeádadh leis an léas ná trí ceathrúna cuid de luacháil inrátaithe na talún a forléasadh leis sin i dteannta na bhfoirgneamh air mar céad-shocraíodh í nó mar athshocraíodh í i ndiaidh dáta an léasa de bhun an Valuation (Ireland) Act, 1852, arna leasú agus arna oiriúnú, nó
(ii) i gcás léasa a deonadh an lú lá d'Eanáir, 1914, nó dá éis, gur lú an cíos a forcoimeádadh leis an léas ná an luacháil inrátaithe sin.
(b) Má bhíonn sa deimhniú a bheas sínithe ag an gCoimisinéir Luachála nó thar a cheann ar shliocht as an Liosta Luachála a heisíodh de bhun ailt 9 den Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860, ráiteas á rá gurb í an luacháil a luaitear sa tsliocht an chéad luacháil inrátaithe chun críocha míre (a) den fho-alt seo beidh sin ina fhianaise prima facie ar an bhfíoras sin.
(c) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, is é a bheas sa chíos a forcoimeádadh leis an léas an cíos a forcoimeádadh sa cháil sin sa léas (seachas pianchíos is iníoctha i leith aon tsáruithe chúnaint) maraon leis an bhfichiú cuid d'aon fhíneáil is iníoctha ag an léasaí faoi théarmaí an léasa.
(d) Mura raibh, bliain áirithe, luacháil inrátaithe ar leithligh ar an talamh a forléasadh le léas, beidh cumhacht ag an gCoimisinéir Luachála chun críocha an fho-ailt seo luacháil nó luachála inrátaithe na maoine ina raibh an talamh sin ar áireamh an bhliain sin a chionroinnt agus táille a ghearradh i leith na cionroinnte sin. Déanfar gach táille den tsórt sin a chinneadh, bhéarfar cuntas ina taobh agus úsáidfear í sa tslí chéanna a ndéantar i gcás na dtáillí a ghearras an Coimisinéir de bhun ailt 9 den Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860.
(4) Má líomhantar in aon Chúirt gur léas foirgníochta léas mar gheall ar na buan-fhoirgnimh air a bheith arna dtógáil de bhun comhaontuithe chun an léas sin a dheonadh ar na foirgnimh sin a thógáil ach nach mbeidh fianaise shainráite i dtaobh an chomhaontuithe sin ar fáil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) má cruthaítear don Chúirt gurb é a thóg na foirgnimh sin an duine chun a ndearnadh an léas sin ina dhiaidh sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an comhaontú sin iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh sin dá bhun;
(b) in aon chás nach mbeidh feidhm maidir leis ag mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ar cibé fianaise a bheas ar fáil agus a bhéarfar ar aird a éisteacht, a thoimhdiú go ndearnadh an comhaontú sin iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh sin dá bhun.
(5) Aon bhuan-fhoirgnimh a thógfas léasaí de bhun cúnaint ina léas go ndéanfaí na foirgnimh sa léas a aisiriú i gcás a millte ag tine nó eile, measfar gurb é an duine a thóg na foirgnimh bhunaidh a thóg iad.
(6) Féadfaidh an Chúirt a dhearbhú go bhfuil teideal ag duine chun léasa frithdhílse d'ainneoin gan mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo a bheith comhlíonta más é tuairim na Cúirte go mbeadh sé míréasúnach a mhalairt d'ordú.
Léasanna a measfar gur léasanna foirgníochta iad.
5.—Measfar gur léasanna foirgníochta na léasanna seo a leanas, má chomhlíonaid na coinníollacha a sonraítear i bhfo-alt (2) (seachas mír (d) ) d'alt 4 den Acht seo:
(a) léas a dheoin léasóir d'ainmní duine (dá ngairmtear an foirginteoir sa mhír seo) dar forléasadh talamh chun foirgnimh a thógáil air de bhun comhaontuithe idir an léasóir agus an foirginteoir, go ndéanfadh an foirginteoir, ar chonradh a bheith déanta aige na foirgnimh a dhíol, a léas a thabhairt suas i gcomaoin an léasóir do dheonadh léasanna nua d'ainmnithe an fhoirginteora, agus
(b) léas a dheoin léasóir d'ainmní duine (dá ngairmtear an foirginteoir sa mhír seo) de bhun comhaontuithe idir an léasóir agus an foirginteoir go ndéanfadh an léasóir, ar na foirgnimh a bheith tógtha ag an bhfoirginteoir, léasanna a dheonadh d'ainmnithe an fhoirginteora.
Léasanna páirtfhoirgnithe.
6.—I gcás léasa (dá ngairmtear léas páirt-fhoirgnithe san Acht seo) a éagfas nó a forceannfar ar chúis ar bith, agus ar léas foirgníochta é tráth an éagtha nó an fhorceannta sin mura mbeadh ceachtar fíoras nó an dá fhíoras acu seo a leanas, is é sin le rá, go dtarlaíonn, cé go bhfuil (i gceachtar cás), tráth an éagtha nó a fhorceannta sin, buan-fhoirgnimh ar an talamh a forléasadh leis an léas sin—
(a) nach bhfuil an chuid den talamh sin nach bhfuil faoi na foirgnimh sin ag fo-ghabháil nó ag comhghabháil go huile leis na foirgnimh sin, nó
(b) maidir le cuid de na foirgnimh sin (gan iad go léir d'áireamh), nár tógadh iad ag an duine ag a raibh, tráth a dtógtha, teideal chun leasa an léasaí faoin léas páirt-fhoirgnithe ná nach de bhun comhaontuithe chun an léas sin a dheonadh ar iad a bheith tógtha a tógadh iad,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(i) measfar, chun críocha an Achta seo, gur dhá léas ar leithligh an léas páirt-fhoirgnithe agus gurb é atá i léas amháin acu sin (dá ngairmtear an léas foirgnithe san Acht seo) an chuid sin den talamh a forléasadh leis an léas páirt-fhoirgnithe agus atá faoi bhuan-fhoirgnimh a thóg an duine ag a raibh teideal, tráth a dtógtha, chun leasa an léasaí faoin léas páirt-fhoirgnithe nó a tógadh de bhun comhaontuithe chun an léas sin a dheonadh ar iad a bheith tógtha, maraon le hoiread den talamh sin agus a fho-ghabhas agus a chomhghabhas leis na foirgnimh sin agus gurb é atá sa léas eile (dá ngairmtear an léas folamh san Acht seo) an chuid eile den talamh sin, pé acu atá nó nach bhfuil buan-fhoirgnimh ar an gcuid eile sin;
(ii) chun críocha na roinnte sin ar an léas páirtfhoirgnithe, measfar an chuid sin den chíos a foircoimeádadh leis an léas sin agus is inchurtha ó cheart i leith na talún sa léas foirgnithe a bheith leithroinnte chun an léasa fhoirgnithe agus measfar an chuid eile den chíos sin a bheith leithroinnte chun an léasa fholaimh, agus measfar na cúnaint ar thaobh an léasaí agus na coinníollacha sa léas páirt-fhoirgnithe a bheith leithroinnte mar an gcéanna ionas go mbainid ar leithligh leis an talamh sa léas foirgnithe agus leis an talamh sa léas folamh;
(iii) measfar gur léas foirgníochta an léas foirgnithe.
Léasanna dílseánaigh.
7.—(1) San Acht seo ciallaíonn “léas dílseánaigh” léas a bhfuil na coinníollacha a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo arna gcomhlíonadh maidir leis agus a fholaíos léas a meastar gur léas dílseánaigh é le fo-alt (4) den alt seo.
(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha a bheas le comhlíonadh:
(a) gur fo-léas (idirmheánach nó neasach) faoi léas foirgníochta an léas; agus
(b) gurb é talamh a forléasadh leis an léas an talamh go léir nó cuid den talamh a háirítear sa léas foirgníochta sin; agus
(c) maidir leis an léas—
(i) gur léas é in aghaidh téarma nach giorra ná naoi mbliana is nócha, nó
(ii) más léas in aghaidh téarma is giorra ná naoi mbliana is nócha an léas, gur léas é in aghaidh téarma is comhionann le nó is mó ná cibé tréimhse acu seo a leanas is giorra, is é sin le rá, fiche bliain nó dhá dtrian de théarma an léasa fhoirgníochta sin, agus in aon chás go n-éagfaidh sé an tráth céanna nó tráth nach luaithe ná cúig bliana déag roimh an tráth a éagfas an léas foirgníochta sin; agus
(d) go ndearnadh an léas—
(i) go páirteach i gcomaoin an léasaí d'íoc suime airgid (seachas cíos) leis an léasóir tráth deonta an léasa nó díreach roimhe sin, agus, chuige sin, go measfar gur cuid den chomaoin sin aon airgead a híocadh d'fhuascailt aon choda den chíos bliantúil a forcoimeádadh leis an léas (cibé acu de bhun cúnaint sa léas a híocadh an t-airgead sin nó de bhun comhaontuithe arna dhéanamh idir an léasaí agus an léasóir le linn tréimhse reatha an léasa), nó
(ii) go páirteach i gcomaoin an léasaí do chaitheamh suime airgid (ar shlí seachas ar mhaisiú) ar an áitreabh a forléasadh leis an léas, nó
(iii) go páirteach i gcomaoin na híocaíochta sin agus an chaiteachais sin; agus
(e) nár lú an tsuim airgid sin a híocadh nó a caitheadh amhlaidh nó iomlán na suimeanna airgid sin a híocadh agus a caitheadh faoi seach amhlaidh (do réir mar bhí) ná cúig oiread déag méid bhliantúil an chíosa nó an chíosa is airde a forcoimeádadh leis an léas.
(3) Nuair a beifear ag cinneadh an chíosa is airde a forcoimeádadh le léas beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) má tharlaíonn le linn tréimhse reatha léasa go bhfuasclófar le híocaíocht chaipitiúil cuid den chíos bliantúil a forcoimeádadh leis an léas sin, measfar gurb é an cíos laghdaithe an cíos is airde a forcoimeádadh leis an léas;
(b) ní tabharfar aird ar phianchíos is iníoctha mar gheall ar aon tsárú cúnaint ná ar chíos neamhghnáthach a forcoimeádadh in aghaidh tréimhse sonraithe nach sia ná cúig bliana.
(4) Measfar gur léas dílseánaigh fo-léas ar an talamh go léir nó ar chuid den talamh a háirítear i léas foirgnithe ba léas dílseánaigh dá mba léas foirgníochta an léas páirt-fhoirgnithe.
Forála i dtaobh morgáistí trí fho-fhorléasadh.
8.—(1) Más rud é—
(a) go bhforghníomhóidh léasaí morgáiste tríd an talamh go léir nó cuid den talamh a háirítear ina léas d'fhofhorléasadh, ach frithdhílse ainmniúil ann a choinneáil, agus
(b) go ndéanfar an talamh a háirítear sa bhfo-fhorléas a dhíol chun an morgáiste a chur i bhfeidhm,
measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuair an ceannaitheoir leas an léasaí sa talamh forléasaithe in aghaidh iomlán na coda gan chaitheamh de théarma an léasa, lena n-áirítear tréimhse na frithdhílse ainmniúla.
(2) Bainfidh an t-alt seo le morgáistí agus díolacháin cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a rinneadh iad.
Cosaint i gcás idirbhearta áirithe.
9.—I gcás inar dheoin léasaí foirgníochta nó léasaí dílseánaigh, idir an 22ú lá de Nollaig, 1931, agus dáta an Achta seo a rith, fo-léas in aghaidh téarma ba ghiorra ná naoi mbliana nóchad, agus go n-éagfaidh an fo-léas breis agus cúig bliana roimh an léas foirgníochta, ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun léas dílseánaigh a dhéanamh den fho-léas sin.
Léasanna foirgníochta athnuaite.
10.—I gcás—
(a) inar éag léas nó gur tugadh suas é roimh an 31ú lá de Mhárta, 1931, agus
(b) gur léas foirgníochta nó léas dílseánaigh an léas sin dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an t-am sin, agus
(c) gur deonadh athnuachan ar an léas sin nó léas nua don duine ag a raibh teideal chun leasa an léasaí faoi,
measfar gur léas foirgníochta an léas athnuaite nó an léas nua sin (dá ngairmtear léas foirgníochta athnuaite san Acht seo).
Ceart léasaí fhoirgníochta chun léasa fhrithdhílse.
11.—(1) Faoi réir ailt 15 den Acht seo agus ar é d'fháil toiliú gach léasaí dhílseánaigh a theachtas an talamh nó aon chuid den talamh a forléasadh leis an léas foirgníochta, beidh teideal ag léasaí foirgníochta, léas frithdhílse d'fháil, ar é dá iarraidh sin, óna neas-léasóir ar an talamh a theachtas sé faoin léas foirgníochta sin—
(a) ar dháta nach luaithe ná cúig bliana déag roimh dháta a léasa fhoirgníochta do dhul in éag, agus
(b) ar dháta nach déanaí ná dáta éaga an léasa fhoirgníochta nó nach déanaí ná trí mhí ón dáta a sheirbheálfas a neas-léasóir nó aon uasléasóir fógra air i dtaobh an léasa fhoirgníochta do dhul in éag, pé acu is déanaí.
(2) Ní bheidh an fógra dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ina fhógra bailí ach amháin i gcás ina seirbheálfar é ar dháta nach luaithe ná cúig bliana déag roimh an léas foirgníochta do dhul in éag.
(3) Má fhágann an léasaí foirgníochta gan áireamh ina iarratas ar léas frithdhílse aon chuid den talamh a fo-léasadh chun léasaí dhílseánaigh, ní gá dhó toiliú an léasaí dhílseánaigh sin d'fháil.
Ceart léasaí dhílseánaigh chun léasa fhrithdhílse.
12.—(1) Faoi réir ailt 15 den Acht seo agus ar é d'fháil toiliú gach fo-léasaí faoi a theachtas an talamh nó aon chuid den talamh a forléasadh leis an léas dílseánaigh faoi fho-léas ar léas dílseánaigh é, beidh teideal ag léasaí dílseánaigh léas frithdhílse d'fháil, ar é dá iarraidh sin, óna neas-léasóir ar an talamh go léir a forléasadh lena léas dílseánaigh—
(a) ar dháta nach luaithe ná cúig bliana déag roimh éag dá léas dílseánaigh, agus
(b) ar dháta nach déanaí ná dáta a léasa dhílseánaigh do dhul in éag nó nach déanaí ná trí mhí ón lá a sheirbheálfas a neas-léasóir nó aon uasléasóir fógra air i dtaobh a léasa dhílseánaigh do dhul in éag, pé acu is déanaí.
(2) Ní bheidh an fógra dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ina fhógra bailí ach amháin i gcás ina seirbheálfar é ar dháta nach luaithe ná cúig bliana déag roimh an léas dílseánaigh do dhul in éag.
(3) Má fhágann an léasaí dílseánaigh gan áireamh ina iarratas ar léas frithdhílse aon chuid den áitreabh forléasaithe atá á teachtadh ar fho-léas ar léas dílseánaigh é, ní gá dhó toiliú an fho-léasaí sin d'fháil.
Forála ginearálta maidir le léasanna frithdhílse.
13.—(1) I gcás an frithdhílse a bheas ar feitheamh díreach ar léas foirgníochta nó léas dílseánaigh d'fhorceannadh a bheith níos giorra ná an téarma ar ina aghaidh a bheas léas frithdhílse le deonadh, rachaidh an neas-léasóir agus cibé uasléasóirí (más ann) is gá, ar iad d'fháil fógra i dtaobh an iarratais ar léas frithdhílse, in uamacht ag deonadh an léasa fhrithdhílse.
(2) D'fhonn a áirithiú go n-uamfaidh na páirtithe uile is gá chun léas frithdhílse a dheonadh, féadfaidh an t-iarratasóir fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar a neas-léasóir d'iarraidh eolais maidir le cineál agus ré a fhrithdhílse agus ainm agus seoladh an duine ag a mbeidh teideal de thuras na huaire chun an uas-leasa is gaire agus beidh teideal aige freisin fógra dá shamhail a sheirbheáil ar gach duine eile ag a mbeidh uas-leas.
(3) Beidh de dhualgas ar gach duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (2) den alt seo a mbeidh ina sheilbh nó ar fáil aige den eolas a hiarrfar a thabhairt laistigh de mhí ó dháta na seirbheála sin agus, má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn aon duine den tsórt sin déanamh amhlaidh, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a chur chun na Cúirte agus ar an iarratas sin d'éisteacht féadfaidh an Chúirt pé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais d'fhonn a chur faoi deara don duine sin an t-eolas sin a thabhairt.
(4) Má mhainníonn léasaí léas frithdhílse d'iarraidh laistigh den tréimhse a sonraítear in alt 11 nó in alt 12 den Acht seo, féadfaidh an Chúirt, ar pé téarmaí is cuí leis an gCúirt, an tréimhse sin d'fhadú más deimhin léi gur de dheasca míchumais, dearmaid, asláithreacht ón Stát, neamhábaltacht chun an t-eolas ba ghá d'fháil nó aon chúise réasúnaí eile nár hiarradh é.
(5) I gcás ina n-iarrfar léas frithdhílse roimh éag don léas faoina dteachtann an t-iarratasóir (dá ngairmtear an sean-léas san alt seo) tosnóidh an léas frithdhílse ar éag don tsean-léas nó ar cibé dáta eile ar a gcomhaontófar idir na páirtithe.
(6) I gcás ina n-iarrfar léas frithdhílse tar éis éag don tsean-léas tosnóidh an léas frithdhílse cibé dáta ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, mura gcomhaontófar, ar an dáta a hiarrfar léas frithdhílse.
Cearta léasaithe faoi léasanna éagtha áirithe.
14.—Má rud é—
(a) go ndeachaigh léas in éag laistigh de chúig bliana roimh dháta an Achta seo a rith, agus
(b) go mbeidh an léasaí, ar dháta an Achta seo a rith, i seilbh na talún a háiríodh sa léas éagtha faoi thionóntacht bhliantúil is intuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe nó mar thionónta ar thoil nó gan tionóntacht nua d'fháil, agus
(c) nach mbeidh teideal ag aon duine, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, chun léasa fhrithdhílse i leith na talún faoi Acht 1931,
ansin beidh ag an léasaí, go ceann dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, na cearta céanna maidir le léas frithdhílse d'fháil a bheadh aige go ceann cúig bliana déag roimh éag don léas éagtha dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an t-am sin.
Srianta leis an gceart chun léasa fhrithdhílse.
15.—(1) Ní bheidh teideal ag duine ar bith léas frithdhílse d'fháil faoin Acht seo ar an talamh nó ar aon chuid den talamh a háirítear i léas má dhéanann an neas-léasóir nó aon uas-léasóir ar páirtí riachtanach é i ndeonadh an léasa fhrithdhílse a chruthú don Chúirt—
(a) gur eastát ruílse nó leas in aghaidh téarma nach giorra ná cúig bliana déag a leas i bhfrithdhílse sa talamh sin; agus
(b) (i) go mbeartaíonn sé bona fide, nó gur chomhaontaigh sé, na foirgnimh go léir, nó mórchuid de na foirgnimh, ar an talamh a háirítear sa léas sin a leagadh agus iad d'athfhoirgniú nó d'atógáil, nó
(ii) go dteastaíonn seilbh ghlan uaidh ar an talamh sin chun go gcuirfidh sé i gcrích scéim forbairte maoine ar a n-áirítear an talamh sin, nó
(iii) nach mbeadh sé do réir dea-bhainistí eastáit, mar gheall ar chúis ar bith, an léas frithdhílse sin a dheonadh.
(2) Aon léasaí ar dearbhaíodh nach raibh teideal aige chun léasa fhrithdhílse faoi fho-alt (1) den alt seo beidh teideal aige fanúint i seilbh an áitribh a háirítear ina léas tar éis éag don léas, ar pé téarmaí a mheasfas an Chúirt a bheith cóir, go dtí go mbeidh an duine ar éirigh lena agóid i gcoinne an léas frithdhílse a dheonadh nó a chomharba i dteideal tar éis teacht chun teideal a bheith aige chun seilbhe an chéanna ar éag don léas nó do na léasanna ar a mbraitheann a fhrithdhílse.
(3) Mura gcuire duine ar éirigh lena agóid i gcoinne léas frithdhílse a dheonadh, faoi cheann ama réasúnaigh, aon intinn, comhaontú nó beartú i gcrích a ndearnadh an t-iarratas ar léas frithdhílse a dhiúltú mar gheall air, beidh an duine sin ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air.
Cúiteamh i ndíshocraíocht.
16.—(1) Más deimhin leis an gCúirt go mbeadh teideal ag léasaí, mura mbeadh forála ailt 15 den Acht seo, chun léasa fhrithdhílse, íocfar cúiteamh do réir forál an ailt seo in ionad an léasa fhrithdhílse sin.
(2) (a) Beidh an cúiteamh iníoctha ag an duine ar éirigh lena agóid nó má bhíonn níos mó ann ná duine ar éirigh lena agóid beidh sé iníoctha acu sin i pé cionúireacht a chinnfeas an Chúirt.
(b) Is leis an léasaí a híocfar an cúiteamh mura dtarlaí lasmuigh d'fhorála ailt 15 den Acht seo, go raibh a theideal chun léasa fhrithdhílse faoi réir é d'fháil na dtoilithe ba ghá do réir ailt 11 nó ailt 12 den Acht seo, agus sa chás sin íocfar é leis an léasaí agus leis an léasaí dílseánaigh nó na léasaithe dílseánaigh ar ghá a thoiliú nó a dtoiliú amhlaidh i pé cionúireacht a chinnfeas an Chúirt.
(3) Is é miosúr an chúitimh faoin alt seo an caillteanas a mheasfas an Chúirt a bhainfeas don léasaí agus don léasaí dílseánaigh nó do na léasaithe dílseánaigh sin, más ann, mar iarmairt dhíreach ar é bheith dearbhaithe an léasaí a bheith gan teideal chun léasa fhrithdhílse.
(4) An cúiteamh is iníoctha le duine, arb é an léasaí é nó ar léasaí dílseánaigh é, faoin alt seo tiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha ar pé ní is déanaí acu seo a leanas do tharlachtaint, is é sin le rá, mí a bheith caite tar éis méid an chúitimh a shocrú nó an dáta a chríochnós léas an duine sin pé acu trí imeacht aimsire é nó trí chomhaontú idir na páirtithe ann.
(5) I gcás inar iníoctha cúiteamh le duine, arb é an léasaí é nó ar léasaí dílseánaigh é, faoin alt seo agus go bhfuil leas an duine sin sa talamh a háirítear ina léas faoi réir morgáiste nó muirir d'urrú airgid, rachaidh an morgáiste nó an muirear in astú sa chúiteamh agus duine ar bith a dhlífeas cúiteamh d'íoc agus a fuair fógra i dtaobh an mhorgáiste nó an mhuirir íocfaidh sé an cúiteamh do réir orduithe an léasaí nó an léasaí dhílseánaigh agus an mhorgáistí nó an mhuirearóra i gcomhar nó, mura dtugtar aon ordú den tsórt sin, íocfaidh sé isteach sa Chúirt é.
(6) Mura ndéantar cúiteamh a bheas an Chúirt tar éis a dhámhachtain faoin alt seo d'íoc laistigh den tréimhse a sonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo nó laistigh de pé tréimhse fadaithe a cheadós an Chúirt, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) beidh teideal ag aon léasaí foirgníochta, faoi réir na dtoilithe d'fháil is gá do réir ailt 11 den Acht seo agus d'ainneoin forál míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt sin, agus beidh teideal ag aon léasaí dílseánaigh, faoi réir na dtoilithe d'fháil is gá do réir ailt 12 den Acht seo agus d'ainneoin forál míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt sin, léas frithdhílse ar an talamh uile a forléasadh lena léas d'fháil óna neas-léasóir;
(b) ní bheidh feidhm ag forála ailt 15 den Acht seo;
(c) oibreoidh deonadh an léasa mar fhuascailt ar an dámhachtain chúitimh sin; agus
(d) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh go ndéanfaidh an duine ar éirigh lena agóid cibé damáiste a mheasfas an Chúirt is cóir d'íoc sa chaillteanas a bhain don léasaí foirgníochta nó don léasaí dílseánaigh mar iarmairt dhíreach ar é bheith dearbhaithe go bhfuil sé dítheidealaithe chun léasa fhrithdhílse.
(7) San alt seo forléireofar “duine ar éirigh lena agóid,” mar a gceadaíonn an comhthéacs amhlaidh, mar abairt a fholaíos a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a shannaithe.
Feidhm a bheith ag na Settled Land Acts.
17.—(1) Féadfar airgead caipitil faoi na Settled Land Acts, 1882 to 1890, d'úsáid—
(a) chun aon tsuim d'íoc is iníoctha le duine i leith cúitimh nó damáiste arna dhámhadh faoi alt 16 den Acht seo agus i leith aon chostas, muirear agus caiteachas is iníoctha maidir leis sin; nó
(b) chun íoctha aon chostas, muirear agus caiteachas faoina rachfar i gcás nó i leith iarratais chun na Cúirte faoin Acht seo a dhéanamh nó a chodarsnú.
(2) Déanfar íoc cúitimh nó damáiste a dámhfar faoi alt 16 den Acht seo d'áireamh ar na críocha a bhféadfaidh tionónta saoil airgead a chruinniú faoina gcomhair faoi alt 18 den Settled Land Act, 1882.
(3) (a) I gcás duine a dhlífeas cúiteamh d'íoc faoi alt 16 den Acht seo a bheith ina thionónta saoil nó é a bheith in ionad muiníneach féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an tsuim is iníoctha i leith an chúitimh sin agus aon damáiste, costas, muirear agus caiteachas is iníoctha ina leith sin d'íoc as aon airgead caipitil a bheas ar teachtadh ar na hiontaobhais chéanna leis an talamh socraithe.
(b) Sa bhfo-alt seo folaíonn “airgead caipitil” aon eastát pearsanta a bheas ar teachtadh ar na hiontaobhais chéanna leis an talamh, agus folaíonn “talamh socraithe” talamh a bheas ar teachtadh i gcóir díola.
Téarmaí léasa fhrithdhílse arna socrú ag an gCúirt.
18.—(1) I gcás na téarmaí ar a mbeidh léas frithdhílse le deonadh a bheith socraithe ag an gCúirt beidh éifeacht ag na forála ina dhiaidh seo den alt seo.
(2) Léas in aghaidh téarma a éagfas naoi mbliana is nócha tar éis éag don léas dar léas frithdhílse é a bheas sa léas.
(3) (a) Faoi réir míre (c) den fho-alt seo, ní bheidh an cíos a bheas ar forcoimeád leis an léas níos lú ná an cíos a bheas ar forcoimeád leis an léas dar léas frithdhílse é ná níos lú ná an cíos a bheas ar forcomeád le haon uas-léas a bhfuil ceangal ar an léasóir faoi dul in uamacht ag deonadh an léasa fhrithdhílse.
(b) Mura mbeidh sa talamh a bheas le háireamh sa léas frithdhílse ach cuid den talamh a háirítear sa léas dar léas frithdhílse é nó den talamh a háirítear in aon uas-léas a bhfuil ceangal ar an léasóir faoi dul in uamacht ag deonadh an léasa fhrithdhílse, measfar, chun críche míre (a) den fho-alt seo, gurb é an cíos a bheas ar forcoimeád leis an léas sin i leith na talún a bheas le háireamh sa léas frithdhílse ná pé cionúireacht den chíos a bheas ar forcoimeád le haon léas den tsórt sin is in-leithroinnte, ó cheart, ar an talamh a bheas le háireamh sa léas frithdhílse.
(c) Má bhíonn ar áireamh sa léas frithdhílse aon chúnant nó coinníoll nua a shrianas cearta an léasaí, beidh cumhacht ag an gCúirt cíos níos ísle a shocrú in aon chás ina measfaidh sí gur cuí sin.
(4) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, is é cíos a bheas le forcoimeád leis an léas frithdhílse an seú cuid den chíos comhlán mar mínítear sin i bhfo-alt (5) den alt seo.
(5) (a) Is é an cíos comhlán an cíos is dóigh leis an gCúirt a thabharfadh léasaí toilteanach nach bhfuil ar áitiú cheana féin agus lena nglacfadh léasóir toilteanach ar an talamh a háirítear sa léas frithdhílse in imthosca a mbeadh an oiread tailte dá shamhail ann agus ba leor le haghaidh an éilimh orthu agus gan ach gnáth-iomaíocht ar siúl dá lorg—
(i) ar an bhforas go dtabharfaí seilbh ghlan agus go n-íocfadh an léasaí rátaí agus cánacha i leith na talún (seachas cionúireacht an léasóra de cháin ioncaim) agus go ndlífí de árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choinneáil i ndea-dheis;
(ii) ag féachaint do théarmaí eile an léasa fhrithdhílse agus do na luacha ligin talún den ghné chéanna i ngar don talamh a háirítear sa léas frithdhílse ach gan aird a thabhairt ar aon cháilmheas d'fhéadfadh bheith ann i gcás na talún a háirítear sa léas frithdhílse.
(b) Má cheanglaíonn an Chúirt nó má bhíonn na páirtithe tar éis a chomhaontú go ndéanfadh an t-iarratasóir ar léas frithdhílse suim shonraithe airgid a chaitheamh ar dheisiúcháin ar an áitreabh mar choinníoll nach mór a chomhlíonadh sara bhforghníomhófar an léas, déanfar an cíos comhlán a mheasúnú—
(i) má bhíonn ag an léasaí sa léas a mbeidh an t-iarratasóir ag lorg léasa fhrithdhílse ina leith cúnant an t-áitreabh a choinneáil nó a thabhairt suas i ndea-dheis, ag féachaint don staid ina mbeidh an t-áitreabh tar éis na deisiúcháin a bheith déanta, nó
(ii) mura mbeidh aon chúnant ann den tsórt sin, ag féachaint do staid iarbhír an áitribh an dáta a déanfar iarratas ar an léas frithdhílse.
(c) Más áitreabh rialaithe an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh do réir bhrí an Achta Srianta Cíosa, 1946, arna leasú, agus go mbeidh sé ligthe, go páirteach nó go hiomlán, ina theaghais, bhéarfaidh an Chúirt aird, nuair a bheas an cíos comhlán á chinneadh aici, ar na srianta a forchuirtear leis na hAchta sin ar na cíosa a dhlífeadh tionóntaí an áitribh sin d'íoc.
(6) (a) Beidh sa léas frithdhílse pé cúnaint agus coinníollacha ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, mura gcomhaontófar amhlaidh, a chinnfeas an Chúirt.
(b) In aon chás ina socróidh an Chúirt cúnaint agus coinníollacha an léasa, cuirfear de dhliteanas ar an léasaí na rátaí agus na cánacha uile i leith na talún d'íoc (seachas cionúireacht an léasóra de cháin ioncaim) agus árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choinneáil i ndea-dheis.
(7) (a) Féadfaidh an Chúirt a cheangal ar iarratasóir ar léas frithdhílse suim shonraithe airgid a chaitheamh, laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt, ar dheisiúcháin nó chun deisiúcháin shonraithe a dhéanamh ar na foirgnimh a bheas ar áireamh sa léas agus féadfaidh sí a údarú forghníomhú an léasa a chur siar nó go mbeidh an ceanglas comhlíonta, agus beidh cumhacht ag an gCúirt freisin an tréimhse d'fhadú ar é bheith cruthaithe dhi go bhfuil cúis reasúnach ann chun í d'fhadú amhlaidh.
(b) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an t-iarratasóir ceanglas na Cúirte a chomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe nó fhadaithe, beidh cumhacht ag an gCúirt a dhearbhú go bhfuil sé tar éis a cheart chun léasa fhrithdhílse d'fhorghéilleadh agus aon ordú á dheonadh sin dó d'urscaoileadh.
Measfar léas frithdhílse a bheith ina léas foirgníochta agus ina ghreamacht agus ina fhadú ar léas foirgníochta nó ar léas dílseánaigh.
19.—Aon léas frithdhílse a deonadh an 31ú lá de Mhárta, 1931, nó dá éis, do léasaí foirgníochta nó do léasaí dílseánaigh cibé acu ar théarmaí a shocraigh an Chúirt nó ar théarmaí a réitíodh idir na páirtithe a deonadh é, measfar gur léas foirgníochta é agus gur greamacht chun gach críche é agus fadú ar an léas foirgníochta nó ar an léas dílseánaigh (cibé acu é) faoina raibh an talamh a háirítear sa léas frithdhílse á theachtadh roimhe sin ag an duine dar deonadh an léas frithdhílse, agus beidh leas an léasaí faoin léas frithdhílse faoi réir aon cheart nó cothromas a thiocfas den léas sin a bheith ina ghreamacht den tsórt sin.
Cearta fo-léasaithe i gcás ina bhforceannfar an léas trí eisiachtaint nó athiontráil.
20.—I gcás ina bhforceannfar léas (roimh éag dó le himeacht aimsire) trí eisiachtaint mar gheall ar neamhíoc cíosa, sárú cúnaint nó eile nó tríd an léasóir do bhaint feidhme as cumhacht athiontrála mar gheall ar shárú cúnaint nó coinníll a bheas as léas sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) ní forceannfar leis an bhforceannadh sin aon fho-léas ar an talamh nó ar aon chuid den talamh a háiríodh sa léas forceannta is léas foirgníochta nó léas dílseánaigh;
(b) aon duine a thiocfadh, mura mbeadh an t-alt seo, chun teideal a bheith aige de bhua forceannadh an léasa fhorceannta, chun seilbhe na talún a háirítear sa bhfo-léas sin, tiocfaidh sé chun bheith i dteideal na frithdhílse ar an bhfo-léas sin agus, faoi réir ailt 21 den Acht seo, sochair an chíosa a forcoimeádtar leis an bhfo-léas sin agus na gcúnant agus na gcoinníoll ann;
(c) muran léas foirgníochta cheana féin an fo-léas sin, measfar gur léas foirgníochta é.
An cíos is iníoctha faoi fho-léasanna áirithe.
21.—Déanfaidh an léasaí faoi fho-léas lena mbaineann mír (a) de mhír 20 den Acht seo an talamh a forléasadh chuige a theachtadh, ó dháta forceannta an léasa fhorceannta, ar cibé cíos acu seo a leanas is mó—
(a) an cíos a bheas ar forcoimeád leis an bhfo-léas, nó
(b) cibé cuid den chíos a forcoimeádadh leis an léas forceannta agus is inchurtha ó cheart i leith na talún a háirítear sa bhfo-léas.
An Coimisinéir Luachála do chabhrú leis an gCúirt.
22.—(1) I gcás ina socróidh an Chúirt téarmaí léasa fhrithdhílse, féadfaidh an Chúirt agus, má iarrann aon pháirtí lena mbaineann uirthi é, cuirfidh sí faoi deara go n-iarrfar ar an gCoímisinéir Luachála luacháil, meastachán nó ráiteas maidir le haon ábhar a bhainfeas le socrú na dtéarmaí sin agus, chuige sin, féadfaidh socrú na dtéarmaí sin a chur ar atráth.
(2) Ar iarratas faoin alt seo d'fháil, cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara cibé luacháil, meastachán nó ráiteas a luafar san iarratas d'ullmhú agus a chur chun na Cúirte maraon le ráiteas ag lua na táille, arna ríomh do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, is iníoctha ina leith.
(3) Beidh teideal ag aon pháirtí lena mbainfidh cóip d'fháil ón gcláraitheoir contae de luacháil, meastachán nó ráiteas a bheas tugtha ag an gCoimisinéir Luachála don Chúirt de bhun an ailt seo, ach íoc as do réir an ráta is inghearrtha faoi dhlí de thuras na huaire i leith cóipeanna de dhoiciméid a gheibhtear ó Oifig na Cúirte Cuarda.
(4) Is ar an bpáirtí sin, nó ar na páirtithe sin, i pé cionúireacht a ordós an Chúirt, a bheas íoc na táille is iníoctha faoin alt seo ar luacháil, meastachán nó ráiteas a chuirfeas an Coimisinéir Luachála chun na Cúirte de bhun an ailt seo agus íocfar an táille sin leis an gcláraitheoir contae agus íocfaidh seisean isteach sa Stát-Chiste í, nó cuirfidh sé chun tairbhe don Stát-Chiste í, cibé slí a ordós an tAire Airgeadais.
(5) Nuair a cuirfear iarratas faoin alt seo chun an Choimisinéara Luachála ar pháirtí dá iarraidh, bhéarfaidh an Chúirt aird, nuair a bheas téarmaí léasa fhrithdhílse á socrú aici, ar an luacháil, an meastachán nó an ráiteas a bheas tugtha ag an gCoimisinéir sin.
Ceart léasaí chun leanúint ar áitiú.
23.—(1) Duine a mbeidh teideal aige de thuras na huaire chun léas frithdhílse d'fháil faoin Acht seo, beidh, tar éis éag dá léas, teideal aige, mar thionónta dá neas-léasóir, an t-áitreabh a forléasadh leis an léas a theachtadh go dtí go ndearbhófar, faoi alt 15 den Acht seo, nach bhfuil teideal aige chun léas frithdhílse d'fháil nó go dtí go mbeidh léas frithdhílse forghníomhaithe ag a neas-léasóir, agus ag cibé uas-léasóir nó uas-léasóirí (más ann) is gá, i dtéarmaí ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó a shocrós an Chúirt agus, i rith na tréimhse sin, teachtfaidh an léasaí an t-áitreabh ar théarmaí an léasa éagtha (a mhéid is infheidhme iad), faoi réir aon chúitimh a bhéarfar nó coigeartuithe a déanfar faoin léas frithdhílse má deontar dó é.
(2) I gcás iarratas a dhéanamh chun na Cúirte maidir le léas frithdhílse a dheonadh do dhuine agus an léas faoina mbeidh an duine sin ag teachtadh d'éag sara mbeifear tar éis an t-iarratas d'éisteacht agus a chinneadh go críochnaitheach, beidh teideal ag an duine sin fanúint i seilbh go dtí go mbeifear tar éis an t-iarratas d'éisteacht agus a chinneadh go críochnaitheach ar théarmaí an léasa éagtha (a mhéid is infheidhme iad), faoi réir pé cúitimh nó coigeartuithe is cuí leis an gCúirt.
Daoine ar a bhfuil ceangal léasanna frithdhílse a dheonadh.
24.—(1) I gcás teideal a bheith ag léasaí faoin Acht seo chun léas frithdhílse d'fháil, beidh sé de cheangal ar a neas-léasóir léas frithdhílse a dheonadh don léasaí sin.
(2) I gcás léasóir do theachtadh na talún a mbeidh sé de cheangal air faoin Acht seo léas frithdhílse uirthi a dheonadh faoi léas in aghaidh téarma is giorra ná an téarma a mbeidh an léas frithdhílse sin le deonadh ar a fheadh, beidh sé de cheangal ar a neas-léasóir agus ar cibé uas-léasóirí (más ann) is gá dul in uamacht ag deonadh an léasa fhrithdhílse.
(3) Más rud é, i gcás duine a mbeidh sé de cheangal air faoin alt seo léas frithdhílse a dheonadh nó dul in uamacht á dheonadh, nach féidir leis an duine sin do réir dlí an léas frithdhílse sin a dheonadh nó dul in uamacht á dheonadh (do réir mar bheas) toisc gur iontaobhaí é nó ionadaí pearsanta nó duine eile i gcáil mhuiníneach nó toisc gur naíon é nó toisc nach bhfuil ach eastát ar feadh a shaoil nó eastát sainoidhreach nó eastát teoranta eile aige nó toisc go bhfuil cúnaint shriantacha sa léas faoina bhfuil sé ag teachtadh, féadfaidh an Chúirt, le hordú, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann a chumhachtú don duine ar a bhfuil ceangal amhlaidh an léas frithdhílse sin a dheonadh nó dul in uamacht á dheonadh (do réir mar bheas).
(4) Más naíon nó duine mí-mheabhrach duine a bhfuil de cheangal air faoin alt seo léas frithdhílse a dheonadh nó dul in uamacht á dheonadh, nó muran féidir é d'fháil nó má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé an léas sin d'fhorghníomhú, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbainfidh, oifigeach don Chúirt a cheapadh chun an léas sin d'fhorghníomhú ar son agus in ainm an duine ar a bhfuil ceangal amhlaidh agus air sin beidh forghníomhú an léasa fhrithdhílse sin ag an oifigeach sin ar son agus in ainm an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche agus dá mba é an duine sin féin d'fhorghníomhaigh é.
(5) I gcás gan eolas nó fionnadh a bheith ar aon duine áirithe ar a bhfuil sé de cheangal faoin alt seo léas frithdhílse a dheonadh nó dul in uamacht á dheonadh, féadfaidh an Chúirt, le hordú ar iarratas ó léasaí ag á mbeidh teideal faoin Acht seo léas frithdhílse d'fháil, aon duine a cheapadh atá ag fáil an chíosa i leith leasa an iarratasóra san áitreabh, nó cibé duine eile is oiriúnach leis an gCúirt, chun an duine sin nach bhfuil eolas nó fionnadh air d'ionadú i ngach imeacht maidir le léas frithdhílse a dheonadh, agus féadfaidh, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, oifigeach don Chúirt a cheapadh chun an léas sin d'fhorghníomhú ar son agus thar ceann an duine ar a bhfuil ceangal amhlaidh agus nach bhfuil eolas nó fionnadh air, agus air sin beidh forghníomhú an léasa fhrithdhílse sin ag an oifigeach sin ar son agus thar ceann an duine sin chomh héifeachtúil chun gach críche agus dá mba é an duine sin nach bhfuil eolas nó fionnadh air d'fhorghníomhaigh é.
(6) Má dhéanann an Chúirt, faoi fho-alt (4) nó fo-alt (5) den alt seo, oifigeach don Chúirt a cheapadh chun léas frithdhílse d'fhorghníomhú ar son agus in ainm, nó ar son agus thar ceann, aon duine áirithe, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an cíos is iníoctha faoin léas frithdhílse d'íoc isteach sa Chúirt chun cibé cuntais a shocrós sí, nó féadfaidh cibé ordú a dhéanamh agus cibé treoracha a thabhairt is oiriúnach léi i dtaobh íoc an chíosa sin.
Iarratais chun na Cúirte.
25.—I gcás aon díospóid, ceist nó deacracht do tharlachtaint i dtaobh cirt aon duine chun léasa fhrithdhílse faoin Acht seo, nó i dtaobh é d'fhaillí dul ar aghaidh le hiarratas ar an léas sin, nó i dtaobh na dtéarmaí ar a mbeidh an léas sin le deonadh, nó i dtaobh aon ní eile a bhainfeas leis an léas sin a dheonadh, féadfaidh aon duine lena mbainfidh iarratas a chur chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá do réir ceartais agus, go háirithe, féadfaidh na téarmaí a shocrú ar a mbeidh an léas sin le deonadh.