Uimhir 2 de 1990
AN tACHT UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1990
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | An tAire do sholáthar agus d'eisiúint monaí in ainmluach aonad airgeadaíochta Eorpach. |
3. | |
4. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1989 |
Uimhir 2 de 1990
AN tACHT UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE GO nEISEOIDH AN tAIRE AIRGEADAIS MONAÍ D'AINMLUACH PUINT AMHÁIN AGUS MONAÍ IN AINMLUACH AONAD AIR-GEADAÍOCHTA EORPACH, DO LEASÚ NA nACHT-ANNA UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1969 GO 1989, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [20 Márta, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
“An Príomh-Acht”.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969.
An tAire do sholáthar agus d'eisiúint monaí in ainmluach aonad airgeadaíochta Eorpach.
2.—(1) Féadfaidh an tAire monaí a sholáthar de cibé ainmluachanna in ionaid airgeadaíochta Eorpacha, de cibé dearaí, toisí, meáchain agus miotal, nó de cibé miotail agus comhshuíomh, a chinnfidh sé.
(2) Féadfaidh an tAire tríd an mBanc Ceannais monaí a sholáthrófar faoin alt seo a eisiúint agus a chur ar díol don phobal.
(3) Is é an tAire a chinnfidh praghsanna na monaí a chuirfear ar díol faoi fho-alt (2).
(4) Ní bheidh tairiscint mona a eiseofar faoin alt seo ina dhlíthairiscint chun aon suim a íoc agus ní bheidh sealbhóir mona den sórt sin i dteideal aon luach a thaispeántar air nó cóimhéid an luacha sin in airgead reatha aon stáit a éileamh.
(5) Beidh feidhm ag ailt 6 agus 13 den Phríomh-Acht maidir le monaí a sholáthrófar faoin alt seo.
(6) Beidh feidhm ag ailt 7, 11 agus 20 den Phríomh-Acht maidir le monaí a eiseofar faoin alt seo.
(7) Beidh feidhm ag alt 57 den Acht Cóipchirt, 1963, maidir le monaí a eiseofar faoin alt seo.
Leasú ar an bPríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:
“Monaí copair ina bhfuil miotail eile a sholáthar. | 4A.—(1) Féadfaidh an tAire, i dteannta nó in ionad monaí cré-umha a sholáthar de na hainmluachanna faoi seach a údaraítear le halt 3 den Acht seo, monaí de na hainmluachanna sin a sholáthar arb é a bheidh iontu, i ngach cás, croí miotail nó miotal (seachas copar) a bheith clúdaithe i gcopar. |
(2) Gach mona a sholáthrófar faoin alt seo beidh an meáchan caighdeánach agus an comhshuíomh caighdeánach ann a fhorordóidh an tAire le rialacháin. | |
(3) Lamhálfar i leith monaí a sholáthrófar faoin alt seo an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a fhorordóidh an tAire le rialacháin. | |
(4) Mona d'aon ainmluach a sholáthrófar faoin alt seo beidh na toisí agus an dearadh céanna ann a bheidh sna toisí agus sa dearadh a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi alt 3(6) den Acht seo maidir le mona den ainmluach sin. | |
(5) Bainfidh ailt 5 agus 6 den Acht seo le monaí a sholáthrófar faoin alt seo agus bainfidh alt 7 den Acht seo le gach eisiúint monaí a sholáthrófar amhlaidh.”, |
(b) in alt 14, trí “nó faoin Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1990,” a chur isteach i ndiaidh “faoin Acht seo,” i bhfo-alt (1), agus
(c) sa Chéad Sceideal, tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa chuid faoi “Monaí Cupra-nicile”:
“
Punt amháin | 10,00000 | 75 faoin gcéad de chopar, 25 faoin gcéad de nicil | 0.0450 | 2 faoin gcéad. |
”.
Gearrtheideal agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1990, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990, a ghairm de na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1989, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.