Uimhir 22 de 1949.
AN tACHT UM THIONSCAIL AILGÍNEACHA (ÉIRE) TEORANTA (SCAIREANNA D'FHÁIL), 1949.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Chuideachta” Tionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte.
Cumhacht don Aire chun scaireanna d'fháil.
2.—Féadfaidh an tAire suim nó suimeanna nach mó ná cúig mhíle agus céad punt a chaitheamh chun scaireanna punt an ceann d'fháil sa Chuideachta ar phraghas nach mó ná punt an scair.
(2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha maidir leis na scaireanna d'fháil.
Cumhachta an Aire i leith a scaireanna.
3.—(1) Na scaireanna de chuid na Cuideachtan a gheobhas an tAire, déanfar iad a leithroinnt nó d'aistriú, mar ordós an tAire, chun an Aire féin nó chun duine a ainmneos an tAire, agus feadfar daoine difriúla d'ainmniú i leith scaireanna difriúla.
(2) Féadfaidh an tAire aon scaireanna dá chuid d'aistriú chun duine a ainmneos sé.
(3) Féadfaidh an tAire a scaireanna uile nó aon scaireanna dá chuid a dhíol.
(4) Féadfaidh an tAire, i leith a chuid scaireanna, cearta agus cumhachta uile sealbhóra scaireanna sa Chuideachta d'fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, an ceart nó an chumhacht sin d'fheidhmiú trína aturnae.
(5) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach díbhinn agus airgead eile a gheobhas an tAire i leith a scaireanna agus fós na glanfháltais as scaireanna a dhíol.
Scair-shealbhóirí ainmnithe.
4.—(1) Sealbhóidh ainmní don Aire, ar iontaobhas don Aire, na scaireanna sa Chuideachta a bheas ina ainm mar ainmní, agus déanfaidh sé iad a dhiúscairt mar ordós an tAire ó am go ham i scríbhinn.
(2) Beidh ordachán an Aire ina údarás agus ina urscaoileadh maith don ainmní dá dtabharfar é i leith gach ní a dhéanfas sé dá réir, agus ní bheidh an t-ainmní i dteideal a fhiafraí ná ní dá chúram fiafraí an go dleathach a tugadh an t-ordachán.
(3) I bhfeidhmiú a cheart agus a chumhacht i leith na scaireanna a bheas ina ainm mar ainmní, gníomhóidh ainmní do réir ordachán an Aire.
(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach díbhinn agus airgead eile a gheobhas ainmní i leith na scaireanna a bheas ina ainm mar ainmní, agus fós na glan-fháltais as na scaireanna sin a dhíol.
(5) San alt seo, folaíonn “ainmní” ionadaí pearsanta ainmní mhairbh.
Cáilíocht an Aire faoin Acht chun Déantúisí a Rialú, 1934.
5.—Chun críocha an Achta seo, beidh an tAire ina dhuine cáilithe faoin Acht chun Déantúisí a Rialú, 1934 (Uimh. 36 de 1934).
Cuntais na Cuideachtan a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.
6.—(1) Faid a bheas sé ina únaer ar aon scaireanna sa Chuideachta, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta ag an gCuideachta, clár comhardaíochta don bhliain chuntasaíochta sin arna iniúchadh go cuí ag iniúchóir na Cuideachtan agus fós cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin arna iniúchadh ar an gcuma chéanna.
(2) Faid a bheas an tAire ina únaer ar aon scaireanna sa Chuideachta, déanfaidh an Chuideachta, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaiochta ag an gCuideachta, tuarascáil ar a gcuid oibre ar feadh na bliana cuntasaíochta sin a thabhairt don Aire, agus leagfaidh an tAire an tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Airleacain as an bPríomh-Chiste.
7.—(1) An t-airgead a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire chun íoc as scaireanna a gheobhas sé sa Chuideachta, airleacfar é as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.
(2) Chun airgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a hairleacfar faoin alt seo féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhaidh ar iasacht amhlaidh.
(3) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseos an tAire Airgeadais faoin alt seo agus na costais faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beid iníoctha as an gcéanna.
Gearrtheideal.
8.—Féadfar an tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949, a ghairm den Acht seo.