Uimhir 22 de 1967
ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL) (LEASÚ), 1967
[An tiontú oifigiúil.]
Féadfar lá i 1968 a cheapadh ina lá toghcháin maidir le Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath.
1.—Forléireofar alt 11 (2) d'Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936, agus beidh éifeacht aige mar ní:
(a) a chumasaíonn don Aire ordú a dhéanamh, i rith na bliana 1968, ag ceapadh lae i rith na bliana sin ina lá toghcháin maidir le Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath, agus
(b) nach gceanglaíonn ar an Aire ordú a dhéanamh ag ceapadh lae i rith na bliana 1967 ina lá toghcháin den sórt sin.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
2.—(1) Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1967, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1967 a ghairm d'Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.
Cosaint.
1967, I.R. Uimh. 275.
3.—Measfar gur bailí agus gur bhailí i gcónaí don Ordú fán Ordú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Lá Toghcháin, 1967), 1967 (Cúlghairm), 1967.