Uimhir 22 de 1978
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1978
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934.
1.—Déantar leis seo alt 6 (arna leasú le hAcht na mBannaí Talún, 1975) d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934, a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Ní rachaidh méid iomlán na mbannaí talún a bhunófar agus a eiseofar faoin Acht seo thar ochtó milliún punt.”
Gearrtheideal, forléiriú agus lua.
2.—(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1978, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
1975, Uimh, 5 |