Uimhir 23 de 1930.
ACHT NA mBÉILÍ SCOILE (GAELTACHT), 1930.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn agus foluíonn an abairt “bord sláinte” bord sláinte puiblí agus bord sláinte agus conganta phuiblí;
nuair a húsáidtear an abairt “líomatáiste sceidealta” maidir le bord sláinte cialluíonn sí pé coda den Ghaeltacht atá i gceanntar sláinte chontae an bhuird sláinte sin;
cialluíonn an abairt “scoil náisiúnta” bun-scoil lae phuiblí le n-a bhfuil glactha ag an Aire Oideachais de thurus na huaire mar scoil náisiúnta:
cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse bhliana dar críoch aon 31adh lá de Mhárta;
sí an bhrí atá leis an bhfocal “bia” ná an bhrí tugtar don bhfocal “food” sna Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907.
Fairsinge na Gaeltachta.
2.—Chun crícheanna an Achta so, ach ní níos sia ná san ná chun aon chríche eile, tuigfear ná fuil sa Ghaeltacht ach na togharanna ceanntair uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
Na buird sláinte le n-a mbaineann an tAcht so.
3.—Baineann an tAcht so le gach bord sláinte gur sa Ghaeltacht atá iomlán no cuid dá cheanntar sláinte contae suidhte.
Béilí, etc., do sholáthar.
4.—Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh gach bord sláinte le n-a mbaineann an tAcht so béilí do sholáthar do leanbhaí bheidh ag freastal scoileanna náisiúnta i líomatáiste sceidealta an bhuird sláinte sin agus féadfaid chun na críche sin na nithe seo leanas do dhéanamh:—
(a) bia do sholáthar i gcóir na mbéilí sin;
(b) pé cóiríocht, gléasra, fearaistí agus seirbhís do sholáthar a bheidh riachtanach chun an bia sin d'ullamhú agus do roinnt;
(c) pé nithe eile do dhéanamh is dó leis an mbord sláinte sin is gá chun na mbéilí sin do sholáthar no a bhaineann le n-a soláthar.
Coistí.
5.—(1) Féadfaidh bord sláinte le n-a mbaineann an tAcht so pé coistí agus pé méid coistí is dó leo is ceart do cheapa o am go ham chun feidhmiú agus cólíona do dhéanamh ar pé cinn de sna comhachta agus de sna dualgaisí bronntar agus a forchuirtear ortha leis an Acht so gur dó leis an mbord sláinte sin gur fearr no gur saoráidighe d'fhéadfadh coiste iad d'fheidhmiú agus do chólíona.
(2) Féadfaidh coiste ceapfar fén alt so ag bord sláinte le n-a mbaineann an tAcht so, más rogha leis an mbord sláinte sin é, bheith có-dhéanta de dhaoine gur baill den bhord sláinte sin iad go léir no de dhaoine gur baill den bhord sláinte sin cuid acu agus nách baill de an chuid eile acu.
(3) Beidh gníomhartha gach coiste, do bhord sláinte le n-a mbaineann an tAcht so, a ceapfar fén alt so, beid fé réir a ndaingnithe ag an mbord sláinte sin ach amháin sa chás go ndéanfaidh an bórd sláinte sin in éamais an daingnithe sin le cead an Aire.
Cosaint do thúismitheoirí na leanbh.
6.—Ní chaillfidh túismitheoir ná caomhnóir leinbh aon reachtshaoirse, ceart, ná príbhléid ná ní cuirfear fé aon mhí-ábaltacht é mar gheall ar aon bhéile do bheith á sholáthar fén Acht so don leanbh san.
Neafhreagarthacht an mhúinteora.
7.—Ní ceanglófar ar mhúinteoir a bheidh ar fostú i scoil náisiúnta sa Ghaeltacht, mar chuid dá dhualgaisí mar mhúinteoir den tsórt san, maoirseacht do dhéanamh ar aon bhéilí do sholáthar fén Acht so ná cabhair do thabhairt uaidh sa tsoláthar san ná staona ón maoirseacht san do dhéanamh no ón gcabhair sin do thabhairt uaidh.
Costaisí bord sláinte.
8.—Gach costas fé n-a raghaidh bord sláinte le n-a mbaineann an tAcht so agus iad ag cur an Achta so in éifeacht tuigfear, sa mhéid ná híocfar na costaisí sin as deontaisí ón Aire fén Acht so, gur costaisí generálta iad fé n-a ndeaghadar fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919.
Iocaíochta i gcabhair do bhuird sláinte.
9.—(1) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íoc do dhéanamh, in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla agus do réir rialachán a déanfar fén Acht so, le bord sláinte le n-a mbaineann an tAcht so agus a sholáthróidh béilí i rith na bliana san fén Acht so agus dá réir agus fé rialacháin agus do réir rialachán a déanfar fén Acht so, i suim nách mó ná pé suim acu so leanas is lú mar chabhair chun íoctha na gcostaisí fé n-a raghaidh an bord sláinte sin an bhliain sin ag soláthar bídh fén Acht so, sé sin le rá:—
(a) leath na gcostas san, agus
(b) suim go mbeidh idir í agus suim £10,000 (deich míle púnt) an cothrom céanna bheidh idir an méid leanbh a dheimhneoidh an tAire Oideachais fén alt so do bhí ag freastal scoileanna náisiúnta i líomatáiste sceidealta an bhuird sláinte sin i rith na tréimhse orduithe don bhliain sin agus an méid leanbh a dheimhneoidh an tAire sin do bhí ag freastal scoileanna náisiúnta sa Ghaeltacht i rith na tréimhse sin.
(2) Chun crícheanna deimhnithe an Aire Oideachais dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ordóidh an tAire sin maidir le gach bliain airgeadais áitiúil tréimhse bhliana bheidh ina tréimhse orduithe don bhliain sin, agus
(b) déanfar amach agus áireofar, i pé slí is dó leis an Aire sin is ceart, an méid leanbh a bheidh ag freastal aon scoile no scoileanna áirithe.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur bliain airgeadais áitiúil an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1930, agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1931, ach nuair a beifear ag cur an ailt seo i mbaint leis an tréimhse sin cuirfear suim £5,000 (cúig mhíle púnt) i bhfo-alt (1) in ionad suim £10,000 (deich míle púnt).
Costaisí Airí.
10.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire, is ceann ar Roinn Stáit, agus é ag cur an Achta so i ngníomh.
Rialacháin.
11.—(1) Féadfaidh an tAire, le toil an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) á chur in áirithe go mbeidh na socruithe dhéanfaidh buird sláinte chun béilí do sholáthar fén Acht so dóthanach agus éifeachtúil;
(b) ag ordú na slí ina ndéanfaidh buird sláinte cuntasaíocht maidir le costaisí fé n-a raghaid chun bia do sholáthar fén Acht so;
(c) ag ordú na dtráth agus na slí ina n-íocfar suimeanna is iníoctha ag an Aire le buird sláinte fén Acht so.
(2) Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
12.—(1) Féadfar Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1930, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1930.
SCEIDEAL.
Na Togha-Ranna Ceanntair a hAiritear sa Ghaeltacht chun Cricheanna an Achta so.
I gContae Chorcaighe.
Eadarghóbhail | Cill Cascán |
I gContae dhun na nGall.
Ath na gCoire Arainn Ard na Rátha Binn Boghaine Bun an Ghleanna Na Croisbhealaigh Cró-bheithe Cró Caorach Cró na Ráid Damhros Dubhcharraigh Dún Ghleo | Dún Lughaidh Baile na Finne Gleann Colm Cille Gleann Gheis Gleann Léithín Na Gleanntaí Gort an Choirce An Grafaidh Inis Chaol Cill Carthaigh Cill Ghabhalaigh Na Cealla Beaga | An Learga Mhór Leitir Mhic an Bháird Más Machaire Chlochair Machaire Málainn Bheag Mín an Chladaigh Mulmusóg Inis Mic an Duirn Taobh Scaoilte |
I gContae na Gaillimhe.
Baile na Cille (Tuathcheanntar an Chlocháin) Binn Corr Bun Abhann Camas An Cloigean An Clochán An Fhairche Conga An Crampán Corr Cois Caolsháile Doire Connlaigh | Doire Liath Dún Lochán Iorras Fhlannán Garmna Uillinn Inis Bó Finne Inis Mhór Cill Cuimín (Tuathcheanntar na Gaillimhe) Cill Cuimín (Tuathcheanntar Uachtair Aird) Cill Aithninn | Cnoc Buidhe Leitir Breacá Leitir Feoir Leitir Mór Muigh-Iorras Abhainn Gabhla Rinn Mhaol Ros Cloch na Rón Sailchearnach Sailchearnach Scainimh An Spidéal Turlach |
I gContae Chiarraighe.
Na Beitheacha Baile an Sceilg An Baile Breac Cnoc Bréandan Cathair Uíbh Ráthach Cathair Domhnall Ceanbhaidh Taobh Daodh Clochán | Doire Fhionán Doire Fhianna Dún Chaoin Dún Urlaing Imleach Gleann Beithe Cill Fhionán Cill Maelcéadar Cill Cúán | Licín Loch an Churtháin Márthain Máistir Gaoithe An Caladh An Gleann Iarthach Tír Aniarthach Oileán Dairbhre Fionntráigh |
I gContae Mhuigheo.
Acaill Baile Fhíodh Cruaiche, Thuaidh Baile Fhíodh Cruaiche, Theas Beannchar Iorrais Barr Rúscaighe Béal Deirg Mór Béal an Mhuirthidh | Sáilín, Thuaidh Sáilín, Theas Cliara Corrán Acaille Dumhaigh Eige Gleann na Muaidhe Gleann Caisleáin Gleann Cumha Guala Mhór | Cnoc an Daimh Cnoc na Lobhar Muing na Bó Na Muingí Cnoc na Rátha Seiscinn Sliabh Mór — |