Uimhir 23 de 1938.
ACHT ALCÓIL CHEÁRDAIS, 1938
[28adh Iúl, 1938.]
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht Alcóil Cheárdais, 1938, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “alcól ceárdais” etil-alcól, pe'ca dí-nádúrtha dhó no nach eadh, do driogadh no do ceartuíodh go dtí neart nach lugha ná dachad grád thar promhadh le próiseas seachas próiseas na pota-stille.
cialluíonn an abairt “an gnó” an gnó déanta agus díolta alcóil cheárdais a húdaruítear don Aire, leis an Acht Alcóil Cheárdais, 1934 (Uimh. 40 de 1934), a bheith ar siúl aige.
“An lá ceaptha.”
3.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.
(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire le hordú fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.
Ciontaí fé Choda III, V agus VI do chúiseamh.
4.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé aon alt atá i gCuid III, i gCuid V no i gCuid VI den Acht so do chúiseamh.
Costaisí an Aire.
5.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so agus ná deintear socrú eile ina dtaobh go speisialta.
An tAcht Alcóil Cheárdais, 1934, d'athghairm.
6.—Athghairmtear leis seo an tAcht Alcóil Cheárdais, 1934 (Uimh. 40 de 1934), agus beidh éifeacht ag an athghairm sin an lá ceaptha agus ón lá san amach.
CUID II.
Monarchana Alcóil na hÉireann, Teoranta.
Monarchana Alcóil na hÉireann, Teoranta, do bhunú agus do chlárú.
7.—Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, gach ní chífear dó do bheith riachtanach no ionmholta chun a thabhairt go ndéanfar cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta san Acht so), a bheidh do réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do bhunú agus do chlárú fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.
Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a mbunuithe d'íoc.
8.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim, nach mó ná míle agus cúig céad punt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis is ceart maidir le ham agus slí aisíoctha, ráta úis, urrús agus nithe eile ar bith.
(2) Aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so cuirfidh an Chuideachta é chun no mar chabhair chun costaisí tionnscanta agus bunuithe agus cláruithe na Cuideachtan agus réamh-chostaisí eile na Cuideachtan d'íoc agus ní chun aon chrícheanna eile.
(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais, na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire sin chun no mar chabhair chun aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'aisíoc no chun an úis ar an airgead san d'íoc.
Scair-chaipital leis an gCuideachtain do thabhairt amach.
9.—Ní tabharfar amach aon scair-chaipital leis an gCuideachtain (seachas scair-chaipital do bhéarfar amach do dhaoine do shighnigh Memorandum Comhlachais na Cuideachtan no scaireanna ceangailtear ar an gCuideachtain, leis an gCuid seo den Acht so, do thabhairt amach don Aire Airgeadais) tráth ar bith gan an tAire Airgeadais dá údarú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, an scair-chaipital san do thabhairt amach.
Comhacht don Aire Airgeadais chun scaireanna d'fháil tré shuibscríobhadh agus chun scaireanna bheidh le tabhairt amach d'fhoscríobhadh.
10.—(1) Fé réir forálacha fo-ailt (3) den alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais o am go ham aon aicme no aicmí áirithe de scaireanna leis an gCuideachtain do thógaint tré shuibscríobhadh.
(2) Fé réir forálacha fo-ailt (3) den alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais, fé réir na gcoinníollacha san is oiriúnach leis, a chó-aontú leis an gCuideachtain go ndéanfaidh, mara dtógaidh an phuibhlíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna leis an gCuideachtain a beifear ar tí a thairisgint tráth ar bith chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta.
(3) An méid iomlán fhéadfaidh an tAire Airgeadais a chaitheamh chun scaireanna leis an gCuideachtain d'fháil (fén dá fho-alt deiridh sin roimhe seo no fé cheachtar acu) ní bheidh sé níos mó ná an tsuim seo leanas, sé sin le rá, chúig céad míle punt lugha-de ainm-luach na scaireanna bheidh le tabhairt amach dó fén gcéad alt ina dhiaidh seo.
Scaireanna do thabhairt amach don Aire Airgeadais i gcomaoine an ghnótha d'aistriú.
11.—Chun méid do cheapadh a bheidh le n-íoc ag an gCuideachtain i gcomaoine an ghnótha d'aistriú chun na Cuideachtan (aistriú thiocfaidh in éifeacht an lá ceaptha tré oibriú Coda IV den Acht so) agus chun a chur in áirithe go n-íocfar an méid sin leis an Stát, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha bhéarfaidh an tAire Airgeadais deimhniú amach i scríbhinn á dheimhniú cadé an tsuim (ná raghaidh thar an méid do caitheadh roimh an lá ceaptha, chun crícheanna an ghnótha agus as airgead do sholáthruigh an tOireachtas, ar aon talamh, éasáid, profit a prendre, no ceart eile do thógaint agus ar dhrioglanna, gléasraí ceartúcháin, agus oibreacha riachtanacha eile do dhéanamh agus ar mheaisínteacht, gléasra agus fearas do cheannach i gcóir na ndrioglanna, na ngléasraí ceartúcháin, agus na n-oibreacha eile sin) is dóieh leis ba cheart don Chuideachtain d'íoc i gcomaoine an aistrithe sin;
(b) ar n-a iarraidh sin don Aire Airgeadais aon uair tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach bhéarfaidh an Chuideachta amach don Aire sin, gan íoc uaidh, gnáthscaireanna lán-íoctha leis an gCuideachtain de mhéid is có-ionann (in ainm-luach) leis an suim a bheidh deimhnithe amhlaidh.
Comhachta an Aire Airgeadais mar scaireánach.
12.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, faid a bheidh aon chuid de scaireanna na Cuideachtan ar seilbh aige, gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheidh infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.
Comhachta an Aire Airgeadais maidir le scaireanna bheidh are seilbh aige.
13.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna leis an gCuideachtain do gheobhaidh fén gCuid seo den Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.
(2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgeadais scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin.
An Stát d'urrú bintiúirí leis an gCuideachtain.
14.—Pé uair a bheartóidh an Chuideachta aon bhintiúirí do thabhairt amach féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, a urrú, sa tslí sin agus sa bhfuirm sin is dóich leis is ceart, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuibhe do réir téarmaí na mbintiúirí sin an t-airgead colna agus an t-ús a hurrófar leis na bintiúirí sin.
Airgead do roimh-íoc as an bPrímh-Chiste.
15.—(1) An t-airgead uile theastóidh ón Aire Airgeadais o am go ham—
(a) chun íocaíochtaí d'íoc is gá dhó d'íoc leis an gCuideachtain alos aon scaireanna gur shuibscríobh sé le n-a n-aghaidh no do thóg sé fén gCuid seo den Acht so, no
(a) chun íocaíochtaí d'íoc is gá dhó d'íoc leis an gCuideachtain fé aon urraíocht a bheidh tugtha aige fén gCuid seo den Acht so alos airgid a bheidh urruithe le bintiúirí thug an Chuideachta amach,
roimh-íocfar é amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis.
(2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimhíocfar as an bPrímh-Chiste fén alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no eile is oiriúnach leis.
(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostas fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.
(4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.
(5) Aon tsuimeanna roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis chun na gcrícheanna luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so aisíocfaidh an Chuideachta leis an bPrímh-Chiste iad (maraon le hús ortha do réir na rátaí sin a cheapfaidh an tAire Airgeadais) sna méideanna san agus na tráthanna san a cheapfaidh an tAire sin agus, mara ndeinidh agus sa mhéid ná déanfaidh an Chuideachta aon tsuimeanna den tsórt san d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste, aisíocfar na suimeanna san leis an bPrímh-Chiste amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.
16.—Déanfar gach díbhinn, bonus, agus airgead eile, do gheobhaidh an tAire Airgeadais alos scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin.
Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan d'atharú.
17.—D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon atharú déanfar ar Mhemorandum Chomhlachais no ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan dleathach ná éifeachtúil mara ndeinidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, aontú roimh ré leis an atharú san do dhéanamh.
E bheith d'oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire Airgeadais.
18.—(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire Airgeadais, fé cheann nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus é iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus é iniúchta amhlaidh.
(2) Is sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais a déanfar amach an cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt don Aire sin mar adubhradh, agus beidh sa chuntas cothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir an orduithe sin) cuimre ar chaipital, ar shócmhainní agus ar fhiachaisí na Cuideachtan maraon leis na mion-innste sin a thaisbeánfaidh cadé an saghas iad na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus cadé an tslí ina ndearnadh amach luach na sócmhainní.
(3) Ar n-a éileamh san ortha bhéarfaidh an Chuideachta don Aire Airgeadais na mínithe sin is dóich leis an Aire sin is ceart d'éileamh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta no cuntais sochair agus dochair do bhéarfar dó do bhun an ailt seo.
(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó do bhun an ailt seo do leagadh fé bhráid Dháil Éireann fé cheann mí tar éis an chuntais chothromaíochta san agus an chuntais sochair agus dochair sin do thabhairt dó amhlaidh.
(5) Má fhaillíonn an Chuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chólíonadh, beidh an Chuideachta, agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile de chuid na Cuideachtan d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.
(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.
Na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, do bheith neamhinfheidhme.
19.—Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, maidir le haon ghníomh no ní dhéanfaidh an Chuideachta.
Conganta airgid.
20.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais o am go ham a údarú go n-íocfar conganta airgid leis an gCuideachtain ar na téarmaí agus na coinníollacha san is oiriúnach leis.
(2) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon airgead is gá chun conganta airgid fén alt so d'íoc.
CUID III.
Comhachta Speisialta don Chuideachtain maidir le Pip-linte do Chur Sios agus do Chothabhail, agus le Talamh do Thogaint go hEigeanta, agus le hOibreacha Iompair do Dheanamh, do Chothabhail agus d'Oibriu.
Ceart chun dul isteach ar thalamh.
21.—(1) Duine ar bith (dá ngairmtear oifigeach údaruithe san alt so) go mbeidh údarás i scríbhinn aige chuige sin ón Aire, féadfaidh, ar an údarás san do thaisbeáint, dul isteach ar aon talamh chun aon fhiosrú, lorgaireacht, no scrúdú do dhéanamh ann roimh éinní do dhéanamh no bhainfidh le héinní do dhéanamh a húdaruítear don Chuideachtain leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh.
(2) Má choisceann no má bhacann duine ar bith oifigeach údaruithe agus eisean ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an oifigeach údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Píp-línte.
Comhacht don Chuideachtain chun píp-línte do do chur síos agus do chothabháil.
22.—(1) Féadfaidh an Chuideachta, fé réir forálacha an ailt seo, píp-línte do chur síos agus do chothabháil chun abhair no fliucháin d'iompar no do sheoladh chun áitreabhacha leis an gCuideachtain no uatha.
(2) Ní dhéanfaidh an Chuideachta, gan an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do thoiliú chuige roimh ré, aon phíp-líne do chur síos fé aon bhóthar puiblí.
Talamh do Thógaint go hÉigeanta.
An Chuideachta do thógaint tailimh, etc.
23.—(1) Féadfaidh an Chuideachta, chun crícheanna gnó na Cuideachtan, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, le toiliú an Aire, sé sin le rá:—
(a) aon talamh do thógaint go héigeanta;
(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaireachta no ceart eile ar bith ar aon talamh no uisce no maidir leis do thógaint go héigeanta.
(2) Féadfaidh an Chuideachta, chun píp-línte do chur síos agus do chothabháil, ceachtar ní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh, le toiliú an Aire, sé sin le rá:—
(a) aon talamh do thógaint go héigeanta;
(b) aon cheart ar aon talamh no uisce no maidir leis do thógaint go héigeanta.
(3) Ní thógfaidh an Chuideachta fén alt so aon talamh ná aon cheart ar aon talamh no maidir le haon talamh a bheidh ar seilbh ag údarás áitiúil no ag aon chólucht corpruithe chun crícheanna aon ghnótha bhóthair iarainn, thram-bhealaigh, dhuga, chanáile, uisce, gheasa no leictreachais no aon ghnótha phuiblí eile.
(4) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no cúiteamh do dhéanamh amach, féadfaidh an Chuideachta, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh, no aon cheart d'fheidhmiú a húdaruítear don Chuideachtain leis an alt so do thógaint go héigeanta.
(5) Roimh aon chomhacht dá mbronntar ortha leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'fheidhmiú déanfaidh an Chuideachta—
(a) i gcás aon talamh do thógaint, fógra do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire an tailimh mí ar a laighead no, más tigh comhnaithe gabhtha an talamh, trí mhí ar a laighead roimh ré;
(b) in aon chás eile, fógra mí ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer an chirt no na maoine eile bheidh i gceist.
(6) Beidh i dteanta gach fógra fén alt so plean ina dtaisbeánfar go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart le n-a mbaineann an fógra.
(7) Má dheineann an Chuideachta fén alt so dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh no aon cheart d'fheidhmiú (do réir mar a bheidh) roimh an gcúiteamh d'íoc, íocfaidh an Chuideachta le sealbhaire an tailimh no le húnaer na héasáide no an chirt eile bheidh i gceist (do réir mar a bheidh) ús ar mhéid an chúitimh sin, ar bheith ceaptha dhó, do réir cheithre púint per cent. per annum ón dáta do chuathas isteach agus do glacadh seilbh amhlaidh no do feidhmíodh an ceart san (do réir mar a bheidh) go dtí dáta an leithlithe do dhéanamh chun na Cuideachtan.
(8) Má thógann an Chuideachta aon talamh fén alt so a bheidh, ina aonar no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh no íocaíocht in ionad cíosa no suim bhliantúil eile (nach cíos fé chonnradh thionóntachta agus san amháin) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, tiocfaidh an Chuideachta chun bheith agus beid, ón dáta raghaidh an Chuideachta isteach agus a ghlacfaid seilbh ar an talamh a thógfaid amhlaidh, freagarthach sa tsuim bhliantúil sin, no sa chuid sin di a leagfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an talamh san, d'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé is dá ndéanfadh únaer an tailimh sin an talamh san d'aistriú chun na Cuideachtan ar an dáta san.
(9) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra san do chur tríd an bpost cláruithe agus é dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-sheoladh no ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige no, i gcás fógra do shealbhaire aon failimh, ag an talamh san.
(10) Féadfar fógra fén alt so do shealbhaire aon tailimh do dhíriú chun an tsealbhaire sin fén tuairisc “an sealbhaire” gan a ainm do luadh.
Cúiteamh d'íoc agus do dhéanamh amach.
24.—(1) Íocfaidh an Chuideachta cúiteamh, i dtalamh a thógfaidh an Chuideachta go héigeanta fé fho-alt (1) no fo-alt (2) den alt deiridh sin roimhe seo, leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chuige no estáit no leasanna acu ann agus, in éasáidí, ceadanna slí, cearta uisce, cearta iascaireachta, agus cearta eile tógfar go héigeanta fé fho-alt (1) den alt san no maidir leo san, le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh no an uisce, no estáit no leasanna acu sa talamh no san uisce, gur air no maidir leis a tógfar na cearta san amhlaidh agus, i gcearta no maidir le cearta, ar aon talamh no uisce no maidir le haon talamh no uisce, a tógfar go héigeanta fé fho-alt (2) den alt san, le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh no an uisce sin no estáit no leasanna acu ann agus, cheal có-aontuithe, is fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a ceapfar an cúiteamh san.
(2) Gach éileamh ar chúiteamh maidir le haon talamh no ceart a tógfar go héigeanta fén alt deiridh sin roimhe seo, déanfar é fé cheann bliana tar éis don Chuideachtain dul isteach ar an talamh san den chéad uair no an ceart san d'fheidhmiú den chéad uair.
(3) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le cúiteamh ar bith is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so agus maidir le maoin, corpardha no neachorpardha, a thógfaidh an Chuideachta go héigeanta fén alt deiridh sin roimhe seo do leithliú chúcha, agus chun críche na feidhme sin tuigfear gurb iad an Chuideachta tionnscantóir an ghnótha.
Oibreacha Iompair do Dhéanamh, do Chothabháil agus d'Oibriú.
Oibreacha iompair.
25.—Is oibreacha iompair chun crícheanna na Coda so den Acht so gach obair acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) bóthar iarainn;
(b) trambhealach;
(c) cábla-bhealach san aer;
(d) aon oibreacha eile chun earraí d'iompar;
(e) aon línte chun leictreachas a gheinfidh an Chuideachta do tharchur.
Iarrataisí ar orduithe ag údarú oibreacha iompair.
26.—(1) Féadfaidh an Chuideachta ordú (dá ngairmtear ordú um oibreacha iompair sa Chuid seo den Acht so) d'iarraidh ar an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú dhóibh oibreacha iompair de shaghas áirithe do dhéanamh, do chothabháil, agus d'oibriú chun crícheanna gnó na Cuideachtan
(2) Beidh i dteanta gach iarratais ar ordú um oibreacha iompair dréacht den ordú bheartuithe, plean de sna hoibreacha iompair beartuithe agus leabhar eolais don phlean san, agus is sa bhfuirm sin ordóidh an tAire bheidh an dréacht, an plean, agus an leabhar eolais sin.
An dréachtordú do lóisteáil agus fógra i dtaobh an iarratais.
27.—(1) Pé uair a hiarrfar ordú um oibreacha iompair déanfaidh an Chuideachta láithreach na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) cóip den dréacht-ordú, den phlean, agus den leabhar eolais don phlean san, do bhí i dteanta an iarratais, do lóisteáil agus do choimeád lóisteálta san áit no i ngach ceann de sna háiteanna cheapfaidh an tAire;
(b) fógra d'fhoillsiú, sa pháipéar nuachta san no sna páipéirí nuachta san ordóidh an tAire, i dtaobh an iarratais sin do dhéanamh agus i dtaobh cóip den dréacht-ordú, den phlean, agus den leabhar eolais sin do lóisteáil agus i dtaobh áite na lóisteála san;
(c) cóip den dréacht-ordú, den phlean, agus den leabhar eolais sin do chur chun na ndaoine sin (más aon daoine iad) ordóidh an tAire.
(2) Féadfaidh duine ar bith an chóip d'aon dréacht-ordú, plean, no leabhar eolais a lóisteálfar fén alt so d'iniúchadh gach tráth réasúnta.
Táilli ar iarrataisí.
28.—(1) Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ar ordú um oibreacha iompair an táille sin a cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha fén alt so, sé sin le rá:—
(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus is sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a tógfar iad agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgeadais; agus
(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.
Fiosrúcháin áitiúla i dtaobh iarrataisí ar ordú um oibreacha iompair.
29.—(1) Pé uair a hiarrfar ordú um oibreacha iompair ar an Aire ceapfaidh an tAire oifigeach don Aire chun fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an iarratais sin i gcomharsanacht na háite ina mbeidh sé beartuithe na hoibreacha iompair is abhar don iarratas do dhéanamh, agus beidh an Chuideachta agus gach duine is únaer no is léasaí no is sealbhaire ar an talamh gur air no os a chionn a bheidh sé beartuithe na hoibreacha iompair sin do dhéanamh, agus fós gach údarás áitiúil go mbeifear ar intinn na hoibreacha san do dhul tré n-a líomatáiste agus gach duine eile gur dóich leis an oifigeach san leas substainteach do bheith aige in abhar an fhiosrúcháin sin, beid i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag an bhfiosrúcháin san.
(2) Fianaise do bhéarfar i láthair oifigigh don Aire bheidh ceaptha chun fiosrúchán do dhéanamh fén alt so is fé mhionn do bhéarfar í má éilíonn an t-oifigeach san é (agus bheirtear comhacht leis seo don oifigeach san daoine do chur fén mionn san) agus duine ar bith do bhéarfaidh fianaise bhréagach uaidh i láthair aon oifigigh den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.
Orduithe um oibreacha iompair.
30.—(1) Ar bheith críochnuithe d'fhiosrúchán phuiblí fén alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh iarratais ar ordú um oibreacha iompair breithneoidh an tAire an t-iarratas san agus tuarasgabháil an oifigigh do rinne an fiosrúchán san, agus más dóich leis an Aire, tar éis an bhreithnithe sin agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, gur cheart géilleadh don iarratas, déanfaidh an tAire ordú um oibreacha iompair á údarú don Chuideachtain na hoibreacha iompair a luadhfar ann do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú sa tslí sin agus fé réir na srianta agus na bhforálacha san agus ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um oibreacha iompair, sé sin le rá:—
(a) beidh na forálacha san san ordú san is dóich leis an Aire is gá no is oiriúnach chun crícheanna an orduithe sin;
(b) gan dochar do gheneráltacht mhíre (a) den fho-alt so—
(i) féadfaidh forálacha bheith san ordú san á údarú don Chuideachtain aon talamh do thógaint go héigeanta is dóich leis an Aire is gá do thógaint chun éifeacht do thabhairt don ordú san;
(ii) féadfar, leis an ordú san, aon chearta, i dtalamh no in uisce no ar cheachtar acu no in aon bhóthar puiblí no air, do dheonadh don Chuideachtain is dóich leis an Aire is gá do dheonadh chun éifeacht do thabhairt don ordú san;
(iii) forálfar leis an ordú san, maidir le haon talamh a tógfar amhlaidh no le haon cheart ar thalamh no ar uisce deonfar amhlaidh, go n-íocfaidh an Chuideachta cúiteamh leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh estáit no leasanna acu sa talamh no san uisce sin, agus forálfar leis, freisin, gur fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, do bhéarfar breith ar aon cheist i dtaobh cúitimh dhiospóidithe;
(iv) féadfar gach ceann no aon cheann d'fhorálacha Achtanna na gClásanna Talmhan, agus na hatharuithe agus na hoiriúnuithe sin ortha is dóich leis an Aire is ceart, d'ionchorprú san ordú san;
(v) luadhfar san ordú san an tslí ina ndéanfar na hoibreacha iompair le n-a mbainfidh an t-ordú san;
(vi) féadfaidh forálacha bheith san ordú san i dtaobh na slí ina n-oibreofar agus ina gcothabhálfar na hoibreacha iompair sin;
(vii) beidh forálacha san ordú san á ordú gan na hoibreacha iompair sin d'úsáid ach chun crícheanna bhaineann le gnó na Cuideachtan agus chun na gcrícheanna eile sin (más ann dóibh) a luadhfar san ordú san;
(viii) beidh gach foráil san ordú san is dóich leis an Aire is ceart chun na puiblíochta i gcoitinne agus aon daoine dá ndéanfaidh an t-ordú san deifir do chaomhnadh;
(ix) féadfar a fhoráil leis an ordú san go mbeidh an Chuideachta ciontach i gcionta fén ordú san má dheineann an Chuideachta éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha d'aon fhoráil áirithe den ordú san agus, ar a gciontú ann ar an slí achmair, go ndlighfear pé fíneáil (ná raghaidh thar céad punt) a luadhfar san ordú san maidir leis an gcionta san do chur ortha agus, más cionta leanúnach é, pé fíneáil bhreise (ná raghaidh thar fiche punt) a luadhfar san ordú san maidir leis an gcionta san in aghaidh gach lae leanfaid den chionta san tar éis a gciontuithe ann;
(x) féadfar aon fhorálacha (ar a n-áirmhítear forálacha peannaideacha) a bheidh in aon achtachán a bhaineann le bóithre iarainn, agus na hoiriúnuithe agus na hatharuithe sin ortha is dóich leis an Aire is ceart, d'ionchorprú san ordú san;
(xi) féadfar a fhoráil leis an ordú san gur tré eadrascán do bhéarfar breith ar aon cheisteanna áirithe eireoidh fé;
(xii) féadfaidh na forálacha san a bheith san ordú san a bhaineas no ghabhas le haon cheann de sna cúrsaí roimhráite agus is dóich leis an Aire is gá agus is ceart.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú um oibreacha iompair do leasú.
(4) Beidh feidhm dlí ag gach ordú déanfar fén alt so.
(5) Sa mhéid a chinnfidh an tAire Airgeadais íocfaidh an Chuideachta leis an Aire na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun a chomhachta agus a fheidhmeanna fé ordú um oibreacha iompair d'fheidhmiú.
Rialacháin i dtaobh oibreacha iompair do chothabháil agus d'oibriú.
31.—Má dheineann an tAire ordú um oibreacha iompair á údarú don Chuideachtain oibreacha iompair de shaghas áirithe do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire rialacháin (ná beidh buiniscionn leis an ordú san) do dhéanamh i dtaobh na slí ina mbeidh na hoibreacha iompair sin le cothabháil agus le hoibriú ag an gCuideachtain agus ag aon duine eile bheidh ag oibriú na n-oibreacha san thar ceann na Cuideachtan;
(b) má dheineann an Chuideachta no an duine eile sin sárú (tré ghníomh no tré fhaillí) ar na rialacháin sin, beidh an Chuideachta ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a gciontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta tar éis an chiontuithe ann.
Rialacháin i dtaobh comhacht leictreachais d'úsáid.
32.—Má dheineann an tAire ordú um oibreacha iompair á údarú don Chuideachtain oibreacha iompair de shaghas áirithe do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú agus go n-údaróidh leis an ordú san na hoibreacha iompair sin d'oibriú le comhacht leictreachais, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, na rialacháin sin do dhéanamh is oiriúnach leis chun a chur in áirithe gur maille le gach réamhchúram ceart réasúnta in aghaidh dainséir don phuiblíocht no damáiste do mhaoin duine ar bith a dhéanfaidh an Chuideachta, agus aon duine eile bheidh ag oibriú na n-oibreacha san thar ceann na Cuideachtan, an chomhacht leictreachais d'úsáid;
(b) ag déanamh na rialachán san dó féachfaidh an tAire don chostas a chuirfid ar an gCuideachtain agus dá dtiocfaidh díobh i gcúrsaí airgeadais na Cuideachtan;
(c) má dheineann an Chuideachta, no aon duine eile bheidh ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann na Cuideachtan, an chomhacht leictreachais sin d'úsáid contrárdha do sna rialacháin sin, beidh an Chuideachta ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a gciontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise de chúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta tar éis an chiontuithe ann;
(d) más dóich leis an Aire go ndearna an Chuideachta, no aon duine bheidh ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann na Cuideachtan, an chomhacht leictreachais sin d'úsáid contrárdha do sna rialacháin sin (pe'ca ciontuíodh an Chuideachta i gcionta no nár ciontuíodh) no más deimhin leis an Aire gur dainséar don phuiblíocht an chomhacht san d'úsáid, féadfaidh, le hordú, a cheangal ar an gCuideachtain scur de sna comhachta san d'fheidhmiú a bronntar leis an ordú san um oibreacha iompair maidir le comhacht leictreachais d'úsáid, agus leis sin scuirfidh an Chuideachta de sna comhachta san d'fheidhmiú ach amháin le toiliú an Aire agus fé réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha san is oiriúnach leis.
Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.
33.—Gach ordú agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an deich lá shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe no an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san (do réir mar a bheidh) curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san.
Bóithre agus droichid phuiblí do chosaint ar an gCuideachtain.
34.—(1) Más gá agus pé uair is gá, chun aon oibreacha iompair do dhéanamh, aon bhóthar no droichead puiblí do chlaonadh no d'aistriú no do chur fé uisce no aon chur-isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so), sé sin le rá:—
(a) i gcás gur gá an bóthar no an droichead san do dhúnadh ar thrácht chun na n-oibreacha iompair do dhéanamh déanfaidh an Chuideachta sa tsuidheamh chéanna no suidheamh éigin eile caothúil, agus cothabhálfaid, faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta ar thrácht amhlaidh, bóthar no droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san de ghnáth;
(b) ar na hoibreacha iompair do bheith críochnuithe no roimhe sin cuirfidh an Chuideachta an bóthar no an droichead san sa riocht ina raibh sé no, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, déanfaid, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, buan-bhóthar no buan-droichead nua is leor chun an tráchta chéanna (chó fada le méid agus saghas) d'iompar d'fhéadfadh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead d'iompar agus gan é puinn níos nea-chaothúla fána agus cuar ná an seana-bhóthar no an seana-dhroichead san;
(c) má dheineann an Chuideachta buan-droichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh no tré éinní eile, deimhneoidh an Chuideachta costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe cadé an chuid den chostas san is dóich leis ba chóir do réir réasúin do bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin suim is có-ionann leis an gcuid a bheidh deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí cothabhála an bhóthair dar cuid an droichead nua san agus íocfaidh an chomhairle sin leis an gCuideachtain í;
(d) má eiríonn aon amhrus no aighneas no ceist i dtaobh ce'ca chólíon no nár chólíon an Chuideachta forálacha an fho-ailt seo agus aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, á dhéanamh no á chothabháil no á chur ina sheanariocht acu do réir an fho-ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó no nach mó de chuid mhaith na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o bhuandroichead nua do rinne an Chuideachta ná ón seanadhroichead, isé an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
(2) Más gá, chun aon oibreacha iompair do dhéanamh, bóthar no droichead puiblí do dhúnadh, no d'aistriú, no do chur fé uisce, go buan agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, gur deimhin leis an Aire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, ná fuil gá le bóthar no droichead nua (do réir mar a bheidh) in ionad an bhóthair no an droichid do dúnadh, no do haistríodh, no do cuireadh fé uisce, amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so maidir leis an mbóthar no an droichead san (do réir mar a bheidh) agus ar an ordú san do bheith déanta beidh an Chuideachta saor o aon oblagáid do bheith ortha de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, do dhéanamh in ionad an bhóthair no an droichid (do réir mar a bheidh) le n-a mbainfidh an t-ordú san.
CUID IV.
Socmhainni agus Fiachaisi an Stait, maidir leis an nGno, d'Aistriu chun na Cuideachtan.
Maoin a bheidh ar seilbh chun crícheanna an ghnótha d'aistriú.
35.—(1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe san Aire no dá chuid féin aige chun crícheanna an ghnótha, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an lá ceaptha, agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a haistrithe i leabhair aon bhaine, corpráide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Chuideachtain no dá gcuid féin acu chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a raibh sí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe san Aire no dá chuid féin aige.
(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan in ainm an Aire aistreoidh an banc no an chorpráid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm na Cuideachtan ar n-a iarraidh sin don Chuideachtain an lá ceaptha no aon uair ina dhiaidh sin.
(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so ón Aire chun na Cuideachtan féadfaidh an Chuideachta, an lá ceaptha agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin, agus ní gá don Chuideachtain fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.
Fiachaisí d'aistriú.
36.—Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an Aire agus gan íoc aige no curtha suas agus gan glanadh aige agus gur chun crícheanna an ghnótha bheidh dlite no curtha suas amhlaidh, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachas ar an gCuideachtain agus íocfaidh no glanfaidh an Chuideachta iad agus féadfar iad do bhaint den Chuideachtain no iad d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh.
Connartha leanúnacha do choimeád i bhfeidhm.
37.—Gach banna, urraíocht, no urrús eile de shaghas leanúnach do thug an tAire do dhuine ar bith no do thug duine ar bith don Aire chun crícheanna an ghnótha agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn a bheidh déanta chun crícheanna an ghnótha idir an tAire agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm na Cuideachtan ann in ionad ainm an Aire agus beidh an t-urrús, an connradh no an có-aontú san ion-fhoirfheidhmithe ag an gCuideachtain no ina gcoinnibh dá réir sin.
An tAire dá urrú go nglanfar fiachaisí áirithe bheidh ar an gCuideachtain.
38.—(1) Más rud é—
(a) go ndearna an tAire có-aontú le haon duine eile roimh an lá ceaptha i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Alcóil Cheárdais, 1934 (Uimh. 40 de 1934), agus
(b) ná beidh an có-aontú san feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, agus
(c) go léireofar an có-aontú san agus go mbeidh éifeacht aige, de bhuadh an ailt deiridh sin roimhe seo, fé is dá gcuirtí ainm na Cuideachtan ann in ionad ainm an Aire agus go mbeidh sé infheidhmithe ag an gCuideachtain no ina gcoinnibh,
féadfaidh an tAire a urrú, sa bhfuirm agus sa tslí sin is oiriúnach leis agus fé réir an Aire Airgeadais dá cheadú san, go n-íocfaidh an Chuideachta leis an duine sin aon airgead a bheidh no a thiocfaidh chun bheith iníoctha, an lá ceaptha no dá éis sin, ag an gCuideachtain leis an duine sin fé aon téarmaí áirithe den cho-aontú san.
(2) Na suimeanna san a theastóidh ón Aire o am go ham chun íoctha aon tsuimeanna thiocfaidh chun bheith iníoctha aige fé aon urraíocht do bhéarfaidh uaidh fén alt so, roimh-íocfar iad amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis.
(3) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste fén alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no eile is oiriúnach leis.
(4) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostas fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.
(5) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt seo cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.
(6) Aon tsuimeanna roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis chun crícheanna an ailt seo aisíocfaidh an Chuideachta leis an bPrímh-Chiste iad (maraon le hús ortha do réir na rátaí sin a cheapfaidh an tAire Airgeadais) sna méideanna san agus na tráthanna san a cheapfaidh an tAire sin agus, mara ndeinidh agus sa mhéid ná déanfaidh an Chuideachta aon tsuimeanna den tsórt san d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste, aisíocfar na suimeanna san leis an bPrímh-Chiste amach as airgead a sholáth róidh an tOireachtas.
Imeachta dlí bheidh ar feitheamh do choimeád ar siúl.
39.—I ngach aicsean, agra, no imeacht, de dhruim no i dtaobh an ghnótha, a bheidh ar feitheamh an lá ceaptha in aon chúirt no bínse agus ina mbeidh an tAire no an tAire Airgeadais ina pháirtí tiocfaidh an Chuideachta chun bheith agus beid, an lá ceaptha, ina bpáirtí in ionad an Aire no an Aire Airgeadais agus coimeádfar na himeachta san ar siúl dá réir sin idir an Chuideachta agus na páirtithe eile sna himeachta san.
Connartha seirbhíse do choimeád i bhfeidhm.
40.—Gach connradh seirbhíse, ráite no tuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir an tAire agus duine ar bith agus do rinneadh chun crícheanna an ghnótha, leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm na Cuideachtan ann in ionad ainm an Aire, agus beidh gach connradh den tsórt san ion-fhoirfheidhmithe ag an gCuideachtain no ina gcoinnibh dá réir sin.
CUID V.
E Bheith Eigeanta ar Dhailitheoiri Alcol Ceardais do Cheannach on gCuideachtain agus an Usaid a Dheanfaidh Dailitheoiri d'Alcol Ceardais a Ceannofar Amhlaidh.
Cuid V do léiriú.
41.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so cialluíonn an abairt “íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil” íleacha hídrocarbóin go ndriogann caoga per cent. ar a laighead, do réir toirte, dhíobh ar teodhacht nach mó ná 185 ghrád centigrád no go ndriogann cúig nóchad per cent. ar a laighead, do réir toirte, dhíobh ar teodhacht nach mó ná 240 grád centigrád no bheireann gal solasta uatha ar teodhacht is lugha ná 22.8 grád centigrád ar n-a dtástáil sa tslí atá orduithe leis na hAchtanna bhaineann le petroleum.
Is ar an modh ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a tástálfar íleacha chun a fháil amach an bhfuilid do réir na bhforálacha den fho-alt so bhaineann le toirt áirithe dhíobh do dhriogadh ar teodhacht áirithe.
(2) Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an focal “diúité” aon diúité is diúité custum no is diúité máil;
cialluíonn an focal “dáilitheoir” duine fhuasclann íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil, ar dhiúité d'íoc, as luing, traen, cóir iompair, banna-ionad no áit cheartuithe íle chun iad d'úsáid sa Stát;
cialluíonn an abairt “tein-abhar mótair” tein-abhar is féidir d'úsáid chun gluaisteáin do thiomáint.
(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear gurb é caindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'fhuascail dáilitheoir i rith aon tréimhse ná an chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'fhuascail sé, chun a n-úsáidthe sa Stát, i rith na tréimhse sin ar dhiúité d'íoc.
Tuairisceáin o dháilitheoirí.
42.—(1) Déanfaidh gach dáilitheoir, fé cheann na huimhreach orduithe de laethanta tar éis an lae cheaptha, tuairisceán do chur chun na Cuideachtan, sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin ann ordóidh an tAire, á thaisbeáint cadé an chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'fhuascail sé i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Iúl, 1936, agus dar chríoch an lá díreach roimh thosach an mhí cheaptha.
(2) Déanfaidh gach dáilitheoir, fé cheann na huimhreach orduithe de laethanta tar éis an mhí cheaptha agus tar éis gach mí ina dhiaidh sin, tuairisceán do chur chun na Cuideachtan, sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin ann ordóidh an tAire, á thaisbeáint cadé an chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'fhuascail sé i rith an mhí sin.
(3) Má theipeann ar aon dáilitheoir no má fhaillíonn no má dhiúltann tuairisceán do thabhairt don Chuideachtain do réir an ailt seo no má chuireann in aon tuairisceán den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an dáilitheoir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
(4) San alt so cialluíonn an abairt “an mí ceaptha” an mí ina mbeidh an lá ceaptha.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar in aon fho-alt den alt so mar ní atá orduithe, agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san orduithe leis na rialacháin sin chun crícheanna an fho-ailt sin.
(6) Féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin don Chuideachtain, aon tuairisceáin a bhéarfar don Chuideachtain fén alt so do chur fé bhráid na gCoimisinéirí Ioncuim chun a bhfíoruithe agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim na tuairisceáin sin do scrúdú agus toradh an scrúduithe sin do thuairisciú don Aire.
Gan éinní i dtuairisceáin do nochtadh.
43.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní dleathach don Chuideachtain ná d'aon oifigeach don Chuideachtain a mbeidh ná éinní dá mbeidh i dtuairisceán do bhéarfaidh dáilitheoir uaidh fén alt deiridh sin roimhe seo do nochtadh d'éinne seachas an tAire no oifigeach don Chuideachtain.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(3) San alt so foluíonn an abairt “oifigeach don Chuideachtain” aon stiúrthóir den Chuideachtain.
(4) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le haon nochtadh do dhéanamh—
(a) chun crícheanna fo-ailt (6) den alt deiridh sin roimhe seo, no
(b) chun crícheanna imeachta dlí bheidh bunuithe no beartuithe a bhunú fén alt deiridh sin roimhe seo.
Dáilitheoirí do cheannach alcóil cheárdais.
44.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin féadfaidh an Chuideachta, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, féadfaid, le toiliú an Aire, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin sa Chuid seo den Acht so), sé sin le rá:—
(a) caindíocht áirithe d'alcól cheárdais do cheapadh chun bheith ina méid iondáilithe chun crícheanna an orduithe sin;
(b) an méid iondáilithe do dháiliú ar dháilitheoirí sna cionúireachtaí sin is dóich leis an gCuideachtain is ceart.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an Chuideachta ordú dáiliúcháin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Chuideachta, maidir le gach dáilitheoir fé leith ar a ndáileofar caindíocht d'alcól cheárdais leis an ordú dáiliúcháin sin, ordú (dá ngairmtear ordú díola sa Chuid seo den Acht so) á cheangal ar an dáilitheoir sin na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(i) an chaindíocht d'alcól cheárdais a dáileofar air amhlaidh do cheannach ón gCuideachtain ar phraghas a luadhfar san ordú díola san agus a háirmheofar do réir an ráta an galún a bheidh ceaptha ag an Aire de thurus na huaire, le haontú an Aire Airgeadais, chun crícheanna an ailt seo,
(ii) an praghas san d'íoc leis an gCuideachtain fé cheann seacht lá tar éis dáta an orduithe dhíola san do sheirbheáil air,
(iii) an chaindíocht san do ghlacadh san áitreabh san leis an gCuideachtain a luadhfar san ordú díola san pé tráth no tráthanna luadhfar san ordú díola san;
(b) ar dhéanamh an orduithe dhíola san seirbheálfaidh an Chuideachta an t-ordú san ar an dáilitheoir sin.
(3) Pé uair a sheirbheálfaidh an Chuideachta ordú díola ar aon dáilitheoir beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) tuigfear go ndearna an Chuideachta connradh leis an dáilitheoir sin chun an alcóil cheárdais a bheidh luaidhte san ordú san do dhíol leis an dáilitheoir sin ar an bpraghas a bheidh luaidhte san ordú san agus chun an alcóil cheárdais sin do sheachadadh don dáilitheoir sin san áit agus an tráth no na tráthanna go gceanngailtear leis an ordú san ar an dáilitheoir sin an t-alcól ceárdais sin do ghlacadh, agus
(b) tuigfear go ndearna an dáilitheoir sin connradh leis an gCuideachtain chun an alcóil cheárdais sin do cheannach do réir éilithe an orduithe sin.
(4) Is ar shlí acu so leanas a seirbheálfar ordú díola ar dháilitheoir, sé sin le rá:—
(a) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe fé shéala na Cuideachtan a bheith ina cóip dhílis do sheachadadh don dáilitheoir sin;
(b) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe fé shéala na Cuideachtan a bheith ina cóip dhílis do chur tríd an bpost i litir chláruithe bheidh dírithe chun an dáilitheora san ag an seoladh ag á mbíonn gnó ar siúl aige.
Chun crícheanna an fho-ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cuideachtain a bheidh cláruithe sa Stát fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha sa Stát a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamhionchorpruithe.
Gan éinní in orduithe dáiliúcháin no in orduithe díola do nochtadh.
45.—(1) Ní dleathach don Chuideachtain ná d'aon oifigeach don Chuideachtain—
(a) a mbeidh in ordú dáiliúcháin do nochtadh d'éinne seachas oifigeach eile don Chuideachtain no an tAire, ná
(b) a mbeidh in ordú díola do nochtadh (ach amháin chun crícheanna aon imeachta dlí bheidh bunuithe no beartuithe a bhunú ina thaobh) d'éinne seachas an dáilitheoir le n-a mbainfidh an t-ordú díola san no oifigeach eile don Chuideachtain no an tAire.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(3) San alt so foluíonn an abairt “oifigeach don Chuideachtain” aon stiúrthóir den Chuideachtain.
Alcól ceárdais a dhíolfaidh an Chuideachta le dáilitheoirí d'úsáid.
46.—(1) Fé réir forálacha fo-ailt (3) den alt so, ní dleathach d'aon dáilitheoir éinní do dhéanamh le halcól ceárdais a cheannóidh ón gCuideachtain seachas tein-abhar mótair do dhéanamh as tré n-a mheascadh ar íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil.
(2) Má dheineann dáilitheoir ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha d'fho-alt (1) den alt so beidh an dáilitheoir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air.
(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a údarú d'aon dáilitheoir, fé réir na gcoinníollacha san (más ann dóibh) is dóich leis an Aire is ceart agus a chuirfidh sa cheadúnas san, caindíocht áirithe d'alcól cheárdais a cheannóidh an dáilitheoir sin ón gCuideachtain do dhíol no d'úsáid chun críche seachas an chríoch a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so (fé mar a luadhfar sa cheadúnas san), agus pé pair a deonfar aon cheadúnas den tsórt san do dháilitheoir is dleathach don dáilitheoir sin, fé réim agus do réir an cheadúnais sin, an chaindíocht a luadhfar sa cheadúnas san den alcól cheárdais sin do dhíol no d'úsáid (fé mar a luadhfar sa cheadúnas san) ar na dlithe bhaineann le Mál do chólíonadh.
Rialacháin i dtaobh alcól ceárdais agus íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do mheascadh.
47.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh dáilitheoirí do mheascadh alcóil cheárdais agus íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil ar a chéile chun tein-abhar mótair do dhéanamh asta agus, gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, féadfaidh, leis na rialacháin sin, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh—
(a) na grádanna deifriúla d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do cheapadh chun crícheanna na rialachán san,
(b) a shocrú, fé réir forálacha aon rialachán reachtúla bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh biotáille metilithe comhachta, cadé an percentáiste maximum agus cadé an percentáiste minimum d'alcól cheárdais a féadfar a mheascadh ar na grádanna deifriúla d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil.
(2) Má dheineann dáilitheoir ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha d'aon rialacháin a déanfar fén alt so beidh an dáilitheoir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air.
Aitreabhacha dáilitheoirí d'iniúchadh.
48.—(1) Féadfaidh aon oifigeach údaruithe, gach tráth réasúnta, dul isteach in áitreabh ar bith ina mbíonn gnó ar siúl ag dáilitheoir ar bith agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá, aon phróiseas measctha alcóil cheárdais agus íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil a bheidh ar siúl san áitreabh san do scrúdú, agus aon íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil, no aon mheascán d'alcól cheárdais agus d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil, do gheobhfar san áitreabh san do scrúdú agus somplaí den chéanna do thógaint gan íoc asta.
(2) Gach duine bhacfaidh aon oifigeach údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe” duine go n-údarás i scríbhinn aige ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar oifigeach údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.
An ainm fé n-a bhféadfar meascán d'alcól cheárdais agus d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do dhíol.
49.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú na hainme féadfar d'úsáid maidir le tein-abhar mótair is meascán d'alcól cheárdais agus d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil.
(2) Pé uair a bheidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so i bhfeidhm ní dleathach do dhuine ar bith aon tein-abhar mótair, is meascán d'alcól cheárdais agus d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil, do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a dhíolta fé ainm seachas an ainm a bheidh orduithe leis na rialacháin sin.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
CUID VI.
Srian le hAlcol Ceardais do Dheanamh.
Srian le halcól ceárdais do dhéanamh.
50.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith seachas an Chuideachta alcól ceárdais do dhéanamh maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire déanfar an t-alcól ceárdais sin.
(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith chun gach saghas alcóil cheárdais, no alcól ceárdais de chineál no de cháilíocht no de neart áirithe, do dhéanamh agus féadfaidh na coinníollacha san (ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le ceiliúradh) is oiriúnach leis do chur ag gabháil leis an gceadúnas san.
(3) Má dheineann duine ar bith alcól ceárdais contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air.
(4) Ní déanfar éinní atá san alt so ná bheidh in aon cheadúnas a deonfar fén alt so do léiriú mar ní údaruíonn do dhuine ar bith is sealbhóir ar an gceadúnas san alcól ceárdais le n-a mbaineann an ceadúnas san do dhéanamh tráth ar bith maran sealbhóir an duine sin freisin ar cheadúnas Mháil á údarú dhó biotáille do dhéanamh.
(5) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, maidir le halcól ceárdais do dhéanamh, fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so, is alcól ceárdais den chineál le n-a mbaineann an ceadúnas san ná maidir le sealbhóir an cheadúnais sin do dhéanamh oiriúnuithe, chun a dhíolta, ar an alcól ceárdais sin no ar aon fho-thoradh gheobhfar le linn an alcóil cheárdais sin do dhéanamh.
Eolas i dtaobh alcól ceárdais do dhéanamh.
51.—Pé uair iarrfaidh an tAire ortha san a dhéanamh bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncuim mion-innste don Aire ar an alcól ceárdais (más ann dó) do rinneadh no do driogadh in aon tréimhse áirithe ag driogaire ar bith is sealbhóir ar cheadúnas Mháil chun biotáille do dhriogadh.
SCEIDEAL.
Na Coinniollacha nach folair an Chuideachta bheith da reir.
1. Beidh Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan fé réir an Aire Airgeadais dá gceadú tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.
2. Forálfar le Memorandum Comhlachais na Cuideachtan—
(a) gur Monarchana Alcóil na hÉireann, Teoranta, bheidh mar ainm ar an gCuideachtain;
(b) gur sa Stát a bheidh oifig chláruithe na Cuideachtan;
(c) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachtan alcól ceárdais do dhéanamh agus do dhíol;
(d) go mbeidh teora le fiachas ball na Cuideachtan;
(e) gur cúig chéad míle punt, agus é roinnte ina scaireanna de phunt an ceann, an méid scair-chaipitail a bheidh ag an gCuideachtain, agus go mbeidh sé de chomhacht ag an gCuideachtain, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipital na Cuideachtan do roinnt ina n-aicmí agus aon chearta, príbhléidí no coinníollacha tosaíochta, moillithe, teoranta no speisialta do chur ag gabháil leo san fé seach.
3. Luadhfar in Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan uimhir stiúrthóirí na Cuideachtan (agus an cathaoirleach d'áireamh) agus ní mó ná seacht an uimhir a luadhfar amhlaidh.
4. Forálfar le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan—
(a) go ndéanfar mar leanas faid a bheidh an tAire Airgeadais i seilbh an deichiú cuid ar a laighead (do réir ainmluacha) de scaireanna eisithe na Cuideachtan no faid a bheidh aon bhintiúirí leis an gCuideachtain dá mbeidh urruithe ag an Aire sin fén Acht so gan íoc—
(i) ainmneoidh an tAire Airgeadais mór-áireamh de sna stiúrthóirí sin, o am go ham fé mar is gá é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála,
(ii) ainmneoidh an tAire Airgeadais cathaoirleach na stiúrthóirí o am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, as líon na stiúrthóirí bheidh ainmnithe aige;
(b) go mbeidh stiúrthóir bainistí ar an gCuideachtain ar feadh na tréimhse sin ordóidh an tAire Airgeadais agus, sa chás san, go ndéanfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan, fé réir forálacha na céad fho-mhíre ina dhiaidh seo, duine dhíobh féin do cheapadh o am go ham chun bheith ina stiúrthóir bhainistí ar an gCuideachtain;
(c) gurb é bheidh ina chéad stiúrthóir bainistí ar an gCuideachtain ná an duine sin de stiúrthóirí na Cuideachtan a cheapfaidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus go mbeidh an duine sin i seilbh oifige mar stiúrthóir bhainistí ar feadh pé tréimhse, ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha ordóidh an tAire sin;
(d) go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain chun airgead do chruinniú tré bhintiúirí chun críchcanna na Cuideachtan ach san fé réir na nithe seo leanas:—
(i) nach mó tráth ar bith an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na Cuideachtan,
(ii) ná beidh an chomhacht san infheidhmithe gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála;
(e) nach féidir, faid a bheidh an tAire Airgeadais i seilbh an deichiú cuid ar a laighead (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na Cuideachtan no faid a bheidh aon bhintiúirí leis an gCuideachtain dá mbeidh urruithe ag an Aire sin fén Acht so gan íoc, duine ar bith do cheapadh ina iniúchóir don Chuideachtain mara mbeidh aontuithe ag an Aire sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, le hainmniú an duine sin chun bheith ina iniúchóir don Chuideachtain.