Uimhir 23 de 1947.
ACHT AN OIREACHTAIS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) (LEASÚ), 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 (Uimh. 34 de 1938).
An míniú ar an abairt “saoráidí taistil” sa Phríomh-Acht a leasú.
2.—Athghairmtear leis seo an míniú (atá in alt (1) den Phríomh-Acht) ar an abairt “saoráidí taistil”, agus ina ionad sin achtaítear leis seo gur saoráidí taistil chun críocha an Phríomh-Achta gach ní faoi leith acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) taisteal céad-ghráid iarnróid a sholáthar in aisce,
(b) an táille a aisíoc a híocadh as taisteal in aon omnibus nó cóir iompair phoiblí dá shamhail,
(c) costais taistil i ngluaisteán an chomhalta féin a aisíoc do réir pé rátaí an míle a cheadós an tAire ó am go ham,
(d) pé costais taistil eile a aisíoc ar deimhin leis an Aire gur go réasúnach a chuathas fúthu.
Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.
3.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do £40 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do £30 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1947, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.