[EN]


Uimhir 23 de 1954.


[EN]

AN tACHT SLÁINTE, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SHLÁINTE, 1953. [29ú Iúil, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Leasú ar alt 15 den Acht Sláinte, 1953.

1.—Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953) (a dhéanas socrú le haghaidh seirbhísí forais agus sainliachta) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh fo-ailt (3) “agus, go dtí pé dáta a cheapfas an tAire le hordú, d'aon duine a bheas árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952), agus a mbeadh, i gcás é do dhéanamh éilimh go cuí an 31ú lá d'Iúil, 1954, ach faoi threoir a imthosca reatha chun críocha árachais, ar an sochar ospidéil agus tí eadarshláinte a bhí, an 31ú lá sin d'Iúil, arna ordú faoi alt 25 den Acht sin, teideal aige chun go ngéillfí dá éileamh”.

[EN]

Leasú ar alt 22 den Acht Sláinte, 1953.

2.—Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Sláinte, 1953 (a dhéanas socrú le haghaidh rialachán maidir le seirbhísí sláinte) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (1) :

[EN]

“(1A) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil, go háirithe, nach gcuirfear seirbhísí ar fáil ach d'aicme áirithe daoine (lena n-áirítear, maidir le hailt 15 agus 16 den Acht seo, aicme is fo-aicme d'aon aicme dá luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 15).”

[EN]

Leasú ar alt 25 den Acht Sláinte, 1953.

3.—Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Sláinte 1953 (a dhéanas socrú le haghaidh seirbhísí forais do réir rogha an othair, etc.) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ngach ceann de na fo-ailt (2) go (6) “(ach amháin, go dtí pé dáta a cheapfas an tAire le hordú, i gcás aon duine a bheas árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952), agus a mbeadh, i gcás é do dhéanamh éilimh go cuí an 31ú lá d'Iúil, 1954, ach faoi threoir a imthosca reatha chun críocha árachais, ar an sochar ospidéil agus tí eadarshláinte a bhí, an 31ú lá sin d'Iúil, arna ordú faoi alt 25 den Acht sin, teideal aige chun go ngéillfí dá éileamh)” a chur isteach roimh “suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí”.

[EN]

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire Sláinte le hordú.

[EN]

(3) Féadfar na hAchta Sláinte, 1947 go 1954, a ghairm de na hAchta Sláinte, 1947 agus 1953, agus den Acht seo le chéile.