Uimhir 23 de 1958.
AN tACHT UM BAINC THAISCE, 1958.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “na hAchta” na Trustee Savings Banks Acts, 1863 to 1920;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.
(2) Sa mhéid go mbaineann an tAcht seo le Banc Taisce an Phoist, forléireofar é féin agus na Post Office Savings Bank Acts, 1861 to 1920, mar aon ní amháin agus, sa mhéid go mbaineann sé le bainc thaisce iontaobhais, forléireofar é féin agus na hAchta mar aon ní amháin.
Earlaisí a ghlacadh agus a aisíoc.
2.—I gcás aon bhanc taisce iontaobhais, d'ainneoin aon ní sna hAchta nó sna rialacha agus na rialacháin chun an banc a bhainistí—
(a) féadfar taiscí a ghlacadh agus a aisíoc trí sheic nó ionstraim sho-shannta eile nó trí ordú poist nó ordú airgid,
(b) féadfar glacadh agus aisíoc taiscí a dhéanamh laistigh nó lasmuigh de ghnáth-uaire an bhainc sin do ghnó poiblí,
(c) féadfar méid taisce, pé acu le glacadh nó le aisíoc a bheidh sé, a sheachadadh tríd an bpost, agus
(d) chun críocha scéime taisce grúpa a bheidh á hoibriú ag an mbanc in aon áit, féadfaidh iontaobhaí, bainisteoir nó oifigeach íoctha don bhanc taiscí a ghlacadh thar ceann an bhainc san áit sin laistigh nó lasmuigh de ghnáth-uaire an bhainc do ghnó poiblí.
Aoisliúntas d'fhoireann bhanc taisce iontaobhais.
3.—(1) Féadfaidh iontaobhaithe bhainc thaisce iontaobhais, le toiliú an Aire, scéim a ullmhú agus a chur i bhfeidhm de réir a théarmaí chun go ndéanfar, faoi réir pé coinníollacha agus teoranta a forordófar sa scéim, sochair aoisliúntais faoi ghné pinsin nó aisce nó faoi ghné pinsin agus aisce a dheonadh do dhaoine, nó i leith daoine, lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Féadfaidh na hiontaobhaithe aon tráth, le toiliú an Aire, scéim faoin alt seo a leasú.
(3) Maidir leis an méid a bheidh i sochair aoisliúntais faoi scéim faoin alt seo agus leis na coinníollacha a ghabhfaidh lena ndeonadh, lena bhforceannadh nó lena bhfionraí is méid é agus is coinníollacha iad a bheidh comhionann ar gach slí, a mhéid is féidir sin, le méid sochar aoisliúntais, agus leis na coinníollacha a ghabhann le deonadh, forceannadh nó fionraí sochar aoisliúntais, faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1956, arna leasú nó arna leathnú le aon achtachán dá éis sin.
(4) Baineann an t-alt seo le—
(a) daoine a ghlacfaidh fostaíocht i mbuan-seirbhís lánaimsire an bhainc tar éis an tAcht seo a rith,
(b) daoine ar fostú i mbuan-seirbhís lán-aimsire an bhainc díreach roimh an Acht seo a rith agus a ghlacfaidh forála scéime faoin alt seo.
(5) Ní dheonfar cúiteamh faoi alt 3 den Savings Banks Act, 1904, do dhuine lena mbaineann an t-alt seo.
(6) Déanfar an costas faoina ngabhfaidh iontaobhaithe ag ullmhú agus ag seoladh scéime faoin alt seo a íoc mar chuid de chostas reatha an bhainc.
Leabhair thaisce gan rialacha iontu a eisiúint.
4.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 52 den Trustee Savings Banks Act, 1863, féadfar leabhar taisce nach mbeidh cóip ann de rialacha deimhnithe bhainc thaisce iontaobhais a thabhairt do thaisceoir sa bhanc.
(2) Déanfar cóip de rialacha deimhnithe an bhainc a thabhairt, ar éileamh, do thaisceoir dar tugadh leabhar taisce den tsórt a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus cuirfear cóipeanna de na rialacha sin ar fáil do thaisceoirí in oifig agus i mbrainsoifigí an bhainc.
Deireadh le sriantachtaí leis an méid cuntas a bheidh i mbainc thaisce.
5.—(1) Scoirfidh alt 38 den Trustee Savings Banks Act, 1863 (a thoirmisceas cuntais dhúbailte i mbainc thaisce iontaobhais), fo-alt (2) d'alt 1 den Savings Banks Act, 1887 (a fhorálann go dtoirmiscfidh rialacháin ar dhuine a bheith ina thaisceoir i mbanc taisce iontaobhais agus i mBanc Taisce an Phoist nó dhá chuntas ar leith a bheith aige i mBanc Taisce an Phoist), agus fo-alt (1) d'alt 12 den Savings Banks Act, 1891 (a dhéanann foráil chun méideanna a bheidh taiscthe go mídhleathach a fhorghéilleadh) d'éifeacht a bheith acu.
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ag foráil an dearbhaithe a hiarrfar ar thaisceoir ar chuntas a oscailt i mbanc taisce iontaobhais agus féadfar ríalacháin a dhéanamh faoi alt 11 den Post Office Savings Bank Act, 1861, ag forordú an dearbhaithe a hiarrfar ar thaisceoir ar chuntas a oscailt i mBanc Taisce an Phoist.
Gearrtheideal agus comhlua.
6.—(1) Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce, 1958, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861, go 1958, a ghairm de na Post Office Savings Bank Acts, 1861 to 1920, agus den méid den Acht seo a bhaineann le Banc Taisce an Phoist.
(3) Féadfar na hAchta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1958, a ghairm de na hAchta agus den méid den Acht seo a bhaineann le bainc thaisce iontaobhais.