Uimhir 23 de 1976
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1976
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1974;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.
Toghcháin choimeádaithe áirithe a chur ar athló.
2.—(1) D'ainneoinn aon ní sna hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) maidir leis na toghcháin choimeádaithe de bhun ailt 22 agus 27 den Phríomh-Acht a bheadh, de bhua alt 2 dAcht 1974 agus ar leith ón alt seo, le déanamh sa bhliain 1976, déanfar iad ina ionad sin sa bhliain 1977 nó i cibé bliain is deireanaí ná sin a shocróidh an tAire le hordú más cuí leis sin a dhéanamh,
(b) maidir leis na toghcháin choimeádaithe de bhun na n-alt sin 22 agus 27, seachas na toghcháin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, déanfar iad gach cúigiú bliain chomhleanúnach i ndiaidh na bliana ina ndéanfar na toghcháin a luaitear amhlaidh, agus
(c) forléireofar “bliain toghcháin” de réir míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú.
(3) Aon uair a bheartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Leasú ar ailt 68 agus 279 den Phríomh-Acht.
3.—Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú—
(a) tríd an bhfo alt seo a leanas a chur le halt 68:
“(7) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”; agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur le halt 279:
“(4) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”.
Aisghairm.
4.—Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht:
(a) i mír (b) d'alt 68 (1), na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh na míre;
(b) i mír (b) d'alt 68 (4), na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh na míre;
(c) i mír (c) d'alt 68 (5), na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh na míre; agus
(d) i bhfo-alt (2) d'alt 279, na focail ó “, ach sin i slí” go dtí deireadh an fho-ailt.
(2) Aisghairtear leis seo alt 2 (1) (c) d'Acht 1974.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
5.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1976, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.