[EN]

Uimhir 23 de 1978


[EN]

AN tACHT UM CHUMAINN TIONSCAIL AGUS SOLÁTHAIR (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM CHUMAINN TIONSCAIL AGUS SOLÁTHAIR, 1893 GO 1971, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [15 Samhain, 1978] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Chumainn Tionscail agus Soláthair (Leasú), 1978, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

folaíonn “gníomhairí”, i ndáil le cumann, baincéirí, aturnaetha agus iniúchóirí an chumainn agus gníomhairí san am a caitheadh chomh maith le gníomhairí láithreacha;

[EN]

ciallaíonn “banc” sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Trachtála agus Fuinnimh;

[EN]

folaíonn “oifigigh”, i ndáil le cumann, oifigigh san am a caitheadh chomh maith le hoifigigh láithreacha;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Industrial and Provident Societies Act, 1893;

[EN]

ciallaíonn “an Cláraitheoir” cláraitheoir na gcara-chumann;

[EN]

ciallaíonn “cumann” cumann, lena n-áirítear comhar creidmheasa, atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978.

[EN]

(2) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo. mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

Caiteachais.

3.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholathróidh an tOireachtas.

CUID II

Cumainn Tionscail agus Soláthair

[EN]

Feidhm Chuid II.

4.—(1) Baineann an Chuid seo den Acht seo le cumann nach comharchumann talmhaíochta, comharchumann iascaireachta, comhar creidmheasa ná cumann nach bhfuil feidhm maidir leis, de bhua alt 3 (4) den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, ag alt 3 (3) den Acht sin.

[EN]

(2) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “comharchumann talmhaíochta” cumann ar gnó talmhaíochta go hiomlán nó go substaintiúil a ghnó agus a bhfuil tromlach a chomhaltaí ag gabháil go formhór don fheirmeoireacht agus ar as an bhfeirmeoireacht a fhaigheann siad an phríomh-chuid dá slí bheatha, agus inarb éard é taiscí a ghlacadh agus iasachtaí a thabhairt cuid neamhshubstaintiúil nó cuid theagmhasach de phríomh-ghnó an chumainn nó cuid atá ceaptha le bheith ina cabhair chun príomh-ghnó an chumainn a sheoladh nó a fhorbairt;

[EN]

ciallaíonn “comharchumann iascaireachta” cumann ar gnó a bhaineann, go hiomlán nó go substaintiúil, le hiascaireacht a ghnó agus a bhfuil tromlach a chomhaltaí ag gabháil go formhór don iascaireacht agus ar as an iascaireacht a fhaigheann siad cuid shubstaintiúil dá slí bheatha, agus inarb éard é taiscí a ghlacadh agus iasachtaí a thabhairt cuid neamhshubstaintiúil nó cuid theagmhasach de phríomh-ghnó an chumainn nó cuid atá ceaptha le bheith ina cabhair chun príomh-ghnó an chumainn a sheoladh nó a fhorbairt.

[EN]

(3) D'ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an Cláraitheoir, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Talmhaíochta, deimhniú a thabhairt do chumann a thabharfaidh teideal dó go ndéileálfaí leis, chun críocha an ailt seo, mar chomharchumann talmhaíochta.

[EN]

Toirmeasc ar thaiscí a ghlacadh

5.—(1) (a) Baineann an fo-alt seo le cumann nach raibh corpraithe roimh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978, nó arbh amhlaidh dó, ar an dáta sin, go raibh sé corpraithe ach nach raibh taiscí glactha aige nó d'eile go raibh taiscí glactha agus ar teachtadh aige nar mhó sa chomhiomlán ar an dáta sin ná £25,000.

[EN]

(b) Cumann lena mbaineann an fo-alt seo ní ghlacfaidh sé taiscí.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh cumann seachas cumann lena mbaineann fo-alt (1) taiscí a ghlacadh ná a theachtadh tar éis deireadh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh an tAire, le rialachán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an mBanc Ceannais, an tréimhse chúig bliana da dtagraítear i bhfo-alt (2) a shíneadh go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise is cuí leis ag féachaint do leas an phobail.

[EN]

(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo baint le sain-aicme nó le sain-aicmí cumann a shonrófar faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire, agus féadfar tréimhsí éagsúla a shonrú d'aicmí éagsúla cumann.

[EN]

(c) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Toirmeasc ar chistí a chruinniú.

6.—(1) Faoi réir fho-alt (4), ní chruinneoidh cumann cistí (seachas trí shuibscríobhanna i leith scaireanna i gcás nach mó ná £10,000 in aon tréimhse sé mhí comhiomlán na suime atá á cruinniú ar an modh sin) ach amháin faoi réim agus de réir chead i scríbhinn ón gCláraitheoir.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh an Cláraitheoir cead faoin alt seo mura deimhin leis gurb é leas an phobail nó leas creidiúnaithe de chuid cumainn nó leas gnó an chumainn a rialáil go hordúil cuí sin a dhéanamh.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh cead faoin alt seo baint le sain-aicme nó le sainaicmí cumann a shonrófar faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an gCláraitheoir, agus bainfidh sé le cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chead.

[EN]

(b) Féadfar cead faoin alt seo a thabhairt faoi réir an choinníll go gcomhlíonfaidh an cumann áirithe aon ordachán ón gCláraitheoir i dtaobh méid agus cineál na gcistí a fhéadfaidh an cumann a chruinniú, agus sonrófar sin faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an gCláraitheoir agus, i gcás an coinníoll sin a fhorchur, sonrófar é sa chead.

[EN]

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le hiasacht ó bhanc do chumann, ná le cumann, is cumann a bhfuil baint leis, de bhua alt 9, ag alt 10, do ghlacadh taiscí.

[EN]

Usáid cistí ag cumainn áirithe.

7.—(1) Baineann an t-alt seo le cumann a corpraíodh roimh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978, agus a raibh taiscí glactha agus ar teachtadh aige nár mhó ar an dáta sin ná £25,000.

[EN]

(2) Déanfaidh cumann lena mbaineann an t-alt seo, a luaithe is feidir ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dáta an Achta seo a rith, scéim chun airgead a thaisc taisceoirí leis an gcumann a aisíoc leo a chur faoi bhráid an Chláraitheora lena ceadú.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh cumann lena mbaineann an t-alt seo aon íocaíochtaí nach mbeidh údaraithe ag an gCláraitheoir, seachas aisíocaíochtaí faoi fho-alt (2) de réir scéim a bheidh ceadaithe ag an gCláraitheoir chun críocha an fho-ailt sin.

[EN]

(4) Beidh éifeacht, d'ainneoin aon ní i rialacha cumainn i dtaobh an cumann d'aisíoc taiscí, le scéim a bheidh ceadaithe ag an gCláraitheoir faoi fho-alt (2).

[EN]

(5) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir nach bhfuil fo-alt (2) nó (3) á chomhlíonadh nó comhlíonta ag cumann lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh sé, tar éis fógra a thabhairt don chumann agus aon uiríolla uaidh a bhreithniú, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 19 chun an cumann a fhoirceannadh.

[EN]

Fógraíocht áirithe ag cumainn a thoirmeasc.

8.—(1) Ní dhéanfaidh cumann fógraíocht chun cistí a chruinniú nó taiscí a ghlacadh ach amháin faoi réim agus de réir chead i scríbhinn ón gCláraitheoir.

[EN]

(2) Féadfar cead faoin alt seo a thabhairt más deimhin leis an gCláraitheoir, tar éis comhairle a ghlacadh leis an mBanc Ceannais, gurb é leas an phobail nó leas creidiúnaithe de chuid an chumainn an cead a thabhairt.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh cead faoin alt seo baint le sain-aicme nó le sain-aicmí cumann a shonrófar faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an gCláraitheoir, agus bainfidh sé le cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chead.

[EN]

(b) Féadfar cead faoin alt seo a thabhairt faoi réir an choinníll (a bheidh sonraithe sa chead) go gcomhlíonfaidh an cumann áirithe aon ordachán a thabharfaidh an Cláraitheoir dó i dtaobh réim, ábhar agus foirm na fógraíochta a dhéanfaidh an cumann, agus sonrófar sin faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an gCláraitheoir.

[EN]

(c) Féadfaidh feidhm a bheith ag ordachán faoin bhfo-alt seo go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordachán agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (b), féadfaidh sé a cheangal ar chumann gach beart is féidir a dhéanamh chun aon fhógrán a tharraingt siar nach bhfuil, i dtuairim an Chláraitheora, de réir ordachán faoin bhfo-alt seo a thug sé roimhe sin, agus féadfaidh sé a cheangal go bhfolóidh fógráin i cibé foirm a bheidh sonraithe san ordachán ráiteas maidir le staid airgeadais an chumainn nó ina mbeidh eolas áirithe i ndáil leis an gcumann.

[EN]

(4) San alt seo folaíonn “fógraíocht a dhéanamh” aon ábhar ag sireadh taiscí nó cistí a fhoilsiú nó a thaispeáint trí fhógra, ciorclán, fótagraf, scannán, fuaimchraoladh, teilifís, canbhasáil phearsanta nó eile.

[EN]

Feidhm ailt 10 go 18.

9.—Baineann ailt 10 go 18 le cumann a corpraíodh roimh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978, agus a raibh taiscí glactha agus ar teachtadh aige ba mhó ar an dáta sin ná £25,000.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora gnóthaí áirithe a rialáil.

10.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora, tar éis comhairle a ghlacadh leis an mBanc Ceannais, gurb é leas an phobail nó leas creidiúnaithe de chuid cumainn sin a dhéanamh, féadfaidh sé, de réir an ailt seo, rialáil a dhéanamh ar an gcumann do sheoladh gnó ag glacadh taiscí, gnó ag teachtadh taiscí nó gnó ag tabhairt iasachtaí.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Cláraitheoir, le linn dó cumhacht a fheidhmiú a thugtar dó leis an bhfo-alt sin, aird a thabhairt ar inniúlacht bhainistíocht an chumainn áirithe, ar dhéanmhas caipitil an chumainn nó ar chumas an chumainn freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe.

[EN]

(3) Féadfaidh an Cláraitheoir, le linn dó an chumhacht rialála a thugtar dó le fo-alt (1) a fheidhmiú, ordachán a thabhairt i scríbhinn do chumann i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas—

[EN]

(a) taiscí a ghlacadh nó a theachtadh,

[EN]

(b) iasachtaí a thabhairt,

[EN]

(c) coibhneasa (a fhéadfar a shonrú in ordachán) a choimeád idir sócmhainní agus dliteanais,

[EN]

(d) aon ábhair eile airgeadais is cuí leis, lena n-áirítear an cumann do choimeád leordhóthain de scairchaipiteal láníoctha.

[EN]

(4) Féadfaidh ordachán faoi fho-alt (3) baint le sain-aicme nó le sain-aicmí cumann a shonrófar faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an gCláraitheoir, agus féadfaidh sé feidhm a bheith aige go ceamm tréimhse a shonrófar san ordachán.

[EN]

Leabhair agus doiciméid eile de chuid cumainn a scrúdú.

11.—(1) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” aon duine a bheidh údaraithe ag an gCláraitheoir chun críche an ailt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh duine údaraithe, ar an gCláraitheoir á iarraidh sin agus ar é do thabhairt a údaráis ar aird d'aon duine lena mbaineann, gach tráth réasúnach, leabhair, cuntais, gníomhais, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le gnó an cumainn a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus chun aon cheann de na críocha sin féadfaidh sé dul isteach in aon áitreabh ina gcoimeádtar aon doiciméid den sórt sin.

[EN]

(3) Duine údaraithe a bhfuil scrúdú faoin alt seo á dhéanamh aige i ndáil le cumann féadfaidh sé, le ceadú an Chláraitheora, scrúdú den chineál céanna a dhéanamh i ndáil le haon chumann nó comhlacht corpraithe eile atá nó a bhí aon tráth ábhartha comhlachaithe leis an gcumann chéadluaite, agus féadfaidh sé chun na críche sin cumhacht a thugtar le fo-alt (2) a fheidhmiú i ndáil leis an gcumann nó leis an gcomhlacht corpraithe comhlachaithe.

[EN]

(4) Aon duine a bhfuil aon leabhar, cuntas, gníomhas, taifead nó doiciméad eile de chuid cumainn dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó de chuid cumainn nó comhlachta chorpraithe eile dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis aige, tabharfaidh sé ar aird iad ar dhuine údaraithe á iarraidh sin, ceadóidh sé don duine údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus tabharfaidh sé aon eolas dó a iarrafaidh sé le réasún maidir le haon ní a bheidh iontu.

[EN]

Cumainn do thabhairt faisnéise agus tuairisceán don Chláraitheoir.

12.—Tabharfaidh cumann don Chláraitheoir—

[EN]

(i) cibé tráthanna a shonróidh sé ó am go ham, cibé faisnéis agus tuairisceáin maidir lena ghnó a shonróidh sé ó am go ham agus a mheasfaidh sé is gá dó a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh, agus

[EN]

(ii) laistigh de cibé tréimhse a shonróidh sé ó am go ham, aon fhaisnéis agus tuairisceáin eile maidir le gnó an chumainn a iarrfaidh sé i scríbhinn agus a mheas faidh sé is gá dó a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora gnóthaí cumainn a imscrúdú.

13.—(1) Aon uair is dealraitheach don Chláraitheoir gurb é leas an phobail nó leas creidiúnaithe de chuid cumainn nó leas gnó cumainn a rialáil go hordúil cuí sin a dhéanamh, féadfaidh an Cláraitheoir cigire amháin nó níos mó a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt dó, i cibé slí a ordóidh sé, ar ghnóthaí an chumainn, agus chun na críche sin féadfaidh cigire den sórt sin a cheangal go dtabharfar ar aird gach ceann nó aon cheann de chuntais, de ghníomhais, de leabhair, de thaifid agus de dhoiciméid eile an chumainn agus féadfaidh sé a oifigigh, a chomhaltaí, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh a cheistiú faoi mhionn i ndáil le gnó an chumainn, agus féadfaidh sé aon duine den sórt sin a chur faoi mhionn.

[EN]

(2) I gcás a measfaidh cigire a cheapfar faoin alt seo chun gnóthaí cumainn a imscrúdú gur gá, chun críche a imscrúdaithe, gnóthaí aon chumainn nó aon chomhlachta chorpraithe eile atá nó a bhí aon tráth ábhartha comhlachaithe leis an gcumann chéadluaite a imscrúdú freisin, féadfaidh sé, le ceadú an Chláraitheora, sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil don Chláraitheoir ar ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe chomhlachaithe a mhéid a mheasfaidh sé torthaí an dara imscrúdú nó aon imscrúdaithe dá éis sin a bheith ábhartha i ndáil lena imscrúdú ar ghnóthaí an chumainn chéadluaite.

[EN]

(3) Na caiteachais go léir a bhainfidh nó a ghabhfaidh le himscrúdú faoin alt seo íocfar iad as cistí an chumainn, nó íocfaidh comhaltaí (nó iarchomhaltaí) nó oifigigh an chumainn iad, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Cláraitheoir.

[EN]

Forálacha d'fhorlíonadh alt 13.

14.—(1) Déanfaidh oifigeach, comhalta, gníomhaire nó seirbhíseach de chuid cumainn a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú faoi alt 13 gach leabhar, cuntas, gníomhas, taifead nó doiciméad eile is leis an gcumann nó a bhaineann leis an gcumann atá ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis ag duine den sórt sin a thabhairt ar aird don chigire agus tabharfaidh sé fairis sin don chigire gach cúnamh i ndáil leis an imscrúdú is féidir leis an duine sin le réasún a thabhairt.

[EN]

(2) Má dhiúltaíonn aon duine is oifigeach, comhalta, gníomhaire nó seirbhíseach de chuid an chumainn aon cheist a fhreagairt a chuirfidh an cigire chuige maidir le gnóthaí an chumainn, beidh an duine ciontach i gcion faoi alt 28.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), má mheasann an cigire gur gá, chun críche a imscrúdaithe, go ndéanfaí duine nach bhfuil aon chumhacht aige é a cheistiú faoi mhionn a cheistiú amhlaidh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, a ordú don duine sin freastal le go gceisteofaí é faoi mhionn os a comhair i dtaobh aon ní is iomchuí don imscrúdú, agus le linn aon cheistiú den sórt sin—

[EN]

(a) féadfaidh an cigire páirt a ghlacadh ann trí aturnae nó trí abhcóide;

[EN]

(b) féadfaidh an Chúirt cibé ceisteanna is oiriúnach léi a chur chuig an duine a bheidh á cheistiú;

[EN]

(c) freagróidh an duine a bheidh á cheistiú gach ceist a chuirfidh an Chúirt chuige nó a cheadóidh sí a chur chuige, ach féadfaidh sé, ar a chostas féin, aturnae (le habhcóide nó gan abhcóide) a fhostú a mbeidh de chead aige cibé ceisteanna a chur chuige is oiriúnach leis an gCúirt d'fhonn cabhrú leis aon fhreagraí a thug sé a mhíniú nó agús a chur leo;

[EN]

agus déanfar nótaí faoin gceistiú a bhreacadh i scríbhinn, agus léifear iad don duine a bheidh á cheistiú nó léifidh sé féin iad, agus síneoidh sé iad, agus féadfar iad a úsáid i bhfianaise ina choinne dá éis sin.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3) (c), féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, cibé costais is oiriúnach léi a cheadú don duine a bheidh á cheistiú agus íocfar mar chuid de chaiteachais an imscrúdaithe aon chostais a cheadófar amhlaidh.

[EN]

(5) Cuirfidh an Cláraitheoir cóip de gach tuarascáil i dtaobh imscrúdú faoi alt 13 ar aghaidh go dtí an tAire agus go dtí oifig chláraithe an chumainn, agus tabharfaidh sé cóip don Chúirt freisin i gcás iarratas faoi fho-alt (3) a dhéanamh chun na Cúirte.

[EN]

(6) Féadfaidh an Cláraitheoir, más oiriúnach leis, a chur faoi deara an tuarascáil a chló agus a fhoilsiú.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire an tuarascáil faoi fho-alt (5) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus is foilsiú faoi phríbhléid an foilsiú sin.

[EN]

(8) (a) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir tar éis tuarascáil faoi alt 13 a bhreithniú gur chóir do chumann ar mhaithe le leas an phobail imeachtaí a thionscnamh le haghaidh damáistí, mar gheall ar aon chalaois, míghníomh no mí-iompar eile i ndáil le tionscnamh nó foirmiú an chumainn nó le seoladh ghnó an chumainn, chun aon mhaoin a cuireadh chun mí-úsáide nó a coimeádadh go héagórach a ghnóthú, féadfaidh sé imeachtaí a thionscnamh chun na críche sin in ainm an chumainn.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire cumann a shlánú in aghaidh aon chostais nó caiteachais a thabhóidh sé in aon imeachtaí, nó i ndáil le haon imeachtaí, a thionscnófar faoi mhír (a).

[EN]

(9) Beidh cóip d'aon tuarascáil ó chigire a ceapadh faoi alt 13 inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim an chigire i ndáil le haon ní sa tuarascáil.

[EN]

(10) Ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal go nochtfaí don Chláraitheoir nó do chigire a bheidh ceaptha aige—

[EN]

(a) ag aturnae aon chumarsáid phribhléide a rinneadh leis sa cháil sin, ná

[EN]

(b) ag baincéirí aon eolas maidir le gnóthaí aon chustaiméara seachas an cumann nó an comhlacht corpraithe eile a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú.

[EN]

(11) I gcás imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo, ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal ar aon duine a ghníomhaigh mar aturnae do chumann aon chumarsáidí pribhléide a rinneadh leis seachas mar aturnae den sórt sin a nochtadh.

[EN]

(12) I gcás gnóthaí cumainn (seachas cumann dá ngairtear an cumann chéadluaite san alt sin) nó gnóthaí aon chomhlachta chorpraithe a bheith á n-imscrúdú faoi alt 13, déanfar tagairtí san alt seo d'oifigigh, do chomhaltaí, do ghníomhairí nó do sheirbhisigh de chuid cumainn a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigigh, do chomhaltaí, do ghníomhairí nó do sheirbhísigh de chuid an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe sin.

[EN]

(13) (a) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir go raibh aon duine ciontach, i ndáil le cumann a ndearnadh a ghnóthaí a imscrúdú faoi alt 13, in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, tarchuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

[EN]

(b) I gcás a dtionscnóidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí de dhroim tuarascáil a fuair sé faoi mhír (a), beidh de dhualgas ar gach oifigeach, comhalta, gníomhaire agus seirbhíseach de chuid an chumainn (seachas cosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a thabhairt dó i ndáil leis an gcúiseamh is féidir leo le réasún a thabhairt.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora duine a cheapadh ar choiste bainistí cumainn.

15.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora, tar éis scrúdú faoi alt 11 nó tar éis imscrúdú faoi alt 13, gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe le gnó cumainn a rialáil go hordúil cuí, féadfaidh sé duine a cheapadh ina chomhalta de choiste bainstí an chumainn.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh aird ag an gCláraitheoir, sula bhfeidhmeoidh sé cumhacht a thugtar dó leis an alt seo—

[EN]

(a) ar fhoralácha an Achta seo (nó ordacháin ón gCláraitheoir faoin Acht seo) a bheith nó gan a bheith comhlíonta ag an gcumann, agus

[EN]

(b) ar aon idirbhearta airgeadais atá glactha, nó atá i gcúrsa a nglactha, air féin ag an gcumann agus ar idirbhearta iad, i dtuairim an Chláraitheora, a dhéanann dochar, nó ar dóigh dóibh dochar a dhéanamh, do leas an phobail nó do leas creidiúnaithe de chuid an chumainn.

[EN]

(3) Beidh duine a cheapfar faoin alt seo i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí a shonróidh an Cláraitheoir agus, ar an tréimhse sin a bheith caite, féadfaidh an Cláraitheoir an ceapachán a athnuachan go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí a shonróidh sé.

[EN]

(4) Na caiteachais go léir a bhainfidh nó a ghabhfaidh le duine a cheapadh faoin alt seo, lena n-áirítear luach saothair duine den sórt sin, íocfar iad as cistí an chumainn, nó íocfaidh comhaltaí (nó iarchomhaltaí) nó oifigigh an chumainn iad, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Cláraitheoir.

[EN]

(5) Déanfaidh oifigeach, comhalta, gníomhaire nó seirbhíseach de chuid cumainn an t-eolas go léir a theastóidh ó dhuine a cheapfar faoin alt seo chun a dhualgais a chomhlíonadh go hiomlán agus go sásúil a thabhairt dó gach tráth.

[EN]

(6) Duine a cheapfar faoin alt seo tabharfaidh sé don Chláraitheoir, i cibé slí agus a mhinice a ordóidh an Cláraitheoir, tuarascáil ar ghnóthaí an chumainn.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora a ordú go bhfionrófar glacadh taiscí nó cistí agus íocaíochtaí.

16.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora, tar éis comhairle a ghlacadh leis an mBanc Ceannais, gur sháraigh cumann ordachán a thug an Cláraitheoir faoi alt 10, nó nach bhfuil cumann in ann, nó gur dóigh nach mbeidh sé in ann ar ball, freastal dá oibleagáidí i leith creidiúnaithe, nó gur fóirsteanach sin ar mhaithe le leas an phobail (bíodh nó ná bíodh an cumann á imscrúdú faoi alt 13), féadfaidh sé a ordú i scríbhinn don chumann go ndéanfar glacadh taiscí nó cruinniú cistí nár údaraigh sé nó íoc íocaíochtaí nár údaraigh sé amhlaidh, nó glacadh taiscí nó cistí den sórt sin agus íoc íocaíochtaí den sórt sin, a fhionraí go ceann cibé tréimhse nach faide ná dhá mhí a shonrófar san ordachán.

[EN]

(2) Beidh éifeacht de réir a théarmaí ag ordachán faoin alt seo ach, d'ainneoin ordachán den sórt sin, féadfaidh cumann airgead a fháil ar iasacht ó bhanc nó ó oifigeach don chumann má thoilíonn an Cláraitheoir i scríbhinn leis an iasacht.

[EN]

(3) Féadfaidh an Cláraitheoir ordú a iarraidh ar an gCúirt ag daingniú ordachán faoin alt seo nó ordú a iarraidh ag daingniú agus ag síneadh tréimhse feidhme ordachán den sórt sin go ceann cibé tréimhse is iomchuí leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca go léir, agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.

[EN]

(4) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3), cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dealraitheach di is gá.

[EN]

(5) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) ag daingniú agus ag síneadh tréimhse feidhme ordachán faoin alt seo, measfar, chun críche Chuid VI d'Acht 1963 (arna fheidhmiú le halt 19), nach bhfuil an cumann in ann a fhiacha a íoc.

[EN]

(6) Féadfar na himeachtaí go léir, nó cuid de na himeachtaí, faoin alt seo nó achomharc i ndáil leis an gcéanna a éisteacht i ndlísheomraí.

[EN]

(7) Féadfaidh cumann dá dtabharfar ordachán faoin alt seo ordú a iarraidh ar an gCúirt chun an t-ordachán a chur ar ceal agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.

[EN]

(8) Féadfaidh an Cláraitheoir ordachán faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm tráth ar bith.

[EN]

(9) Féadfaidh an Cláraitheoir, más oiriúnach leis, a chur faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil, nó ar cibé slí eile is fóirsteanach leis chun faisnéis a thabhairt don phobal, fógra i dtaobh ordachán faoin alt seo agus i dtaobh é a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Cumhachtaí an Chláraitheora de dhroim alt 16.

17.—(1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh ordachán faoi alt 16 déanta ag an gCláraitheoir agus nach mbeidh an t-ordachán cúlghairthe.

[EN]

(2) Beidh de dhualgas ar an gcumann áirithe comhshocraíochtaí réasúnacha a dhéanamh chun cistí an chumainn a úsáid le freastal d'iarratais (arna ndéanamh go cuí de réir rialacha an chumainn ag infheisteoirí de chuid an chumainn) chun airgead a bheidh taiscthe nó infheistithe acu ar dhóigh eile a aisíoc.

[EN]

(3) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir go bhfuil cionúireacht mhíchuí de chistí an chumainn áirithe á n-úsáid ag an gcumann chun iasachtaí a thabhairt, de rogha ar na comhshocraíochtaí sin a dhéanamh a luaitear i bhfo-alt (2), féadfaidh sé, tar éis fógra a thabhairt don chumann agus caoi a thabhairt dó uiríolla a dhéanamh, iarratas faoi alt 19 a dhéanamh chun na Cúirte chun an cumann a fhoirceannadh.

[EN]

Dliteanas oifigeach agus seirbhíseach i leith iasachtaí, taiscí agus cistí áirithe.

18.—(1) I gcás cumann do thabhairt iasachta contrártha d'ordachán ón gCláraitheoir faoi alt 10, beidh na hoifigigh nó na seirbhísigh de chuid an chumainn a d'údaraigh an iasacht faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le haon chaillteanas ar an iasacht a bhainfidh don chumann.

[EN]

(2) I gcás cumann do ghlacadh airgid ar taisceadh contrártha d'ordachán ón gCláraitheoir faoi alt 10, nó i gcás cumann do chruinniú cistí contrártha d'alt 6, nó d'ordachán ón gCláraitheoir faoin alt sin, beidh na hoifigigh nó na seirbhisigh de chuid an chumainn a d'údaraigh an t-airgead sin a ghlacadh ar taisceadh nó na cistí sin a chruinniú faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le haon chaillteanas ar an airgead a taisceadh amhlaidh nó ar na cistí a cruinníodh amhlaidh a bhain don taisceoir nó don infheisteoir nó do na taisceoirí nó do na hinfheisteoirí lena mbaineann.

[EN]

Cumainn a fhoirceannadh.

19.—(1) Faoi réir an ailt seo is de réir Chuid VI d'Acht 1963 amháin a fhéadfar cumann a fhoirceannadh, agus dá réir sin, beidh feidhm ag an gCuid sin den Acht sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, amhail is dá mba chuideachta an cumann.

[EN]

(2) Chun críocha fheidhm alt 213 d'Acht 1963, féadfaidh an Chúirt cumann a fhoirceannadh faoin alt seo más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh beartaithe ag an gcumann le rún speisialta go ndéanfaidh an Chúirt an cumann a fhoirceannadh;

[EN]

(b) nach bhfuil an cumann in ann a fhiacha a íoc;

[EN]

(c) go ndearna an cumann, tar éis fógra ón gCláraitheoir, foráil de na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, nó ordachán nó cead a thug an Cláraitheoir faoi na hAchtanna sin, a shárú;

[EN]

(d) gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil sé cóir cothromasach an cumann a fhoirceannadh.

[EN]

(3) (a) D'ainneoin aon ní in alt 215 (arna fheidhmiú leis an alt seo) d'Acht 1963, féadfaidh an Cláraitheoir iarratas faoin alt sin a dhéanamh chun cumann a fhoirceannadh.

[EN]

(b) Ní bhainfidh alt 215 (d) d'Acht 1963 le foirceannadh cumainn.

[EN]

(4) Ní chuirfidh foirceannadh cumainn urchosc ar cheart an Chláraitheora a iarraidh go ndéanfadh an Chúirt é a fhoirceannadh.

[EN]

(5) Ní fhéadfar cumann a dhíscaoileadh le hionstraim dhíscaoilte.

CUID III

Comhair Chreidmheasa

[EN]

Forléiriú Chuid III.

20.—(1) Folóidh tagairtí sa Chuid seo do chomhar creidmheasa tagairtí do chumann nach bhfuil feidhm maidir leis, de bhua alt 3 (4) den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, ag alt 3 (3) den Acht sin.

[EN]

Leabhair agus doiciméid eile de chuid comhair chreidmheasa a scrúdú.

21.—(1) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” aon duine nó aon chomhlacht comhar creidmheasa a bheidh údaraithe ag an gCláraitheoir chun críche an ailt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh duine údaraithe, ar an gCláraitheoir á iarraidh sin, agus ar é do thabhairt a údaráis ar aird d'aon duine lena mbaineann, gach tráth réasúnach, cuntais, gníomhais, leabhair, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le gnó comhair chreidmheasa a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, agus chun aon cheann de na críocha sin féadfaidh sé dul isteach in aon aon áitreabh ina gcoimeádtar aon doiciméid den sórt sin.

[EN]

(3) Duine údaraithe a bhfuil scrúdú faoin alt seo á dhéanamh aige i ndáil le comhar creidmheasa féadfaidh sé, le ceadú an Chláraitheora, scrúdú den chineál céanna a dhéanamh i ndáil le haon chumann nó comhlacht corpraithe eile atá nó a bhí aon tráth ábhartha comhlachaithe leis an gcomhar creidmheasa, agus féadfaidh sé chun na críche sin aon chumhacht a thugtar le fo-alt (2) a fheidhmiú i ndáil leis an gcumann nó leis an gcomhlacht corpraithe comhlachaithe.

[EN]

(4) Aon duine a bhfuil aon chuntas, gníomhas, leabhar, taifead nó doiciméad eile de chuid comhair chreidmheasa dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó de chuid cumainn nó comhlachta chorpraithe eile dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis aige, tabharfaidh sé ar aird iad ar dhuine údaraithe á iarraidh sin, ceadóidh sé don duine údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus tabharfaidh sé aon eolas dó a iarrfaidh sé le réasún maidir le haon ní a bheidh iontu.

[EN]

(5) I gcás duine údaraithe is comhlacht de chomhair chreidmheasa do dhéanamh scrúdú faoin alt seo, tabharfar tuarascáil ar an scrúdú don Chláraitheoir má iarrann sé é.

[EN]

Cumhacht an Cláraitheora gnóthaí comhair chreidmheasa a imscrúdú.

22.—(1) Aon uair is dealraitheach don Chláraitheoir gur fóirsteanach sin a dhéanamh ar mhaithe le gnó comhair chreidmheasa a rialáil go hordúil cuí, féadfaidh an Cláraitheoir cigire amháin nó níos mó a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt dó, i cibé slí a ordóidh sé, ar ghnóthaí an chomhair chreidmheasa, agus chun na críche sin féadfaidh cigire den sórt sin a cheangal go dtabharfar ar aird gach ceann nó aon cheann de leabhair, de chuntais, de ghníomhais, de thaifid nó de dhoiciméid eile an chomhair chreidmheasa agus féadfaidh sé a oifigigh, a chomhaltaí agus a ghníomhairí a cheistiú faoi mhionn i ndáil le gnó an chomhair chreidmheasa, agus féadfaidh sé aon duine den sórt sin a chur faoi mhionn.

[EN]

(2) I gcás a measfaidh cigire a cheapfar faoin alt seo chun gnóthaí comhair chreidmheasa a imscrúdú gur gá, chun críche a imscrúdaithe, gnóthaí aon chumainn nó aon chomhlachta chorpraithe eile atá nó a bhí aon tráth ábhartha comhlachaithe leis an gcomhar creidmeasa a imscrúdú freisin, féadfaidh sé, le ceadú an Chláraitheora, sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil don Chláraitheoir ar ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe chomhlachaithe a mhéid a mheasfaidh sé torthaí an dara himscrúdú nó aon imscrúdaithe dá éis sin a bheith ábhartha i ndáil lena imscrúdú ar ghnóthaí an chomhair chreidmheasa.

[EN]

(3) Na caiteachais go léir a bhainfidh nó a ghabfaidh le himscrúdú faoin alt seo íocfar iad as cistí an chomhair chreidmheasa nó íocfaidh comhaltaí (nó iarchomhaltaí) nó oifigigh an chomhair chreidmheasa iad, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Cláraitheoir.

[EN]

Forálacha d'fhorlíonadh alt 22.

23.—(1) Déanfaidh oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid comhair chreidmheasa a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú faoi alt 22 gach leabhar, cuntas, gníomhas, taifead nó doiciméad eile is leis an gcumann nó a bhaineann leis an gcumann atá ina chumhacht, ina sheilbh nó ar a dheis ag duine den sórt sin a thabhairt ar aird don chigire áirithe agus tabharfaidh sé fairis sin don chigire áirithe gach cúnamh i ndáil leis an imscrúdú is féidir leis an duine sin le reasún a thabhairt.

[EN]

(2) Má dhiúltaíonn aon duine is oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid an chomhair chreidmheasa aon cheist a fhreagairt a chuirfidh an cigire chuige maidir le gnóthaí an chomhair chreidmheasa, beidh an duine ciontach i gcion faoi alt 28.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), má mheasann an cigire gur gá, chun críche a imscrúdaithe, go ndéanfaí duine nach bhfuil aon chumhacht aige é a cheistiú faoi mhionn a cheistiú amhlaidh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, a ordú don duine sin freastal le go gceisteofaí é faoi mhionn os a comhair i dtaobh aon ní is iomchuí don imscrúdú, agus le linn aon cheistiú den sórt sin—

[EN]

(a) féadfaidh an cigire páirt a ghlacadh ann trí aturnae nó trí abhcóide;

[EN]

(b) féadfaidh an Chúirt cibé ceisteanna is oiriúnach léi a chur chuig an duine a bheidh á cheistiú;

[EN]

(c) freagróidh an duine a bheidh á cheistiú gach ceist a chuirfidh an Chúirt chuige nó a cheadóidh sí a chur chuige, ach féadfaidh sé, ar a chostas fein, aturnae (le habhcóide nó gan abhcóide) a fhostú a mbeidh de chead aige cibé ceisteannaa a chur chuige is oiriúnach leis an gCúirt d'fhonn cabhrú leis aon fhreagraí a thug sé a mhíniú nó agús a chur leo;

[EN]

agus déanfar nótaí faoin gceistiú a bhreacadh i scríbhinn agus léifear iad don duine a bheidh á cheistiú no léifidh sé féin iad, agus síneoidh sé iad, agus féadfar iad a úsáid i bhfianaise ina choinne dá éis sin.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3) (c), féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, cibé costais is oiriúnach léi a cheadú don duine a bheidh á cheistiú agus íocfar mar chuid de chaiteachais an imscrúdaithe aon chostais a cheadófar amhlaidh.

[EN]

(5) Cuirfidh an Cláraitheoir cóip de gach tuarascáil faoi alt 22 ar aghaidh go dtí an tAire agus go dtí oifig chláraithe an chomhair chreidmheasa, agus tabharfaidh sé cóip don Chúirt freisin i gcás iarratas faoi fho-alt (3) a dhéanamh chun na Cúirte.

[EN]

(6) Féadfaidh an Cláraitheoir, más oiriúnach leis, a chur faoi deara an tuarascáil a chló agus a fhoilsiú.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire an tuarascáil faoi fho-alt (5) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus is foilsiú faoi phribhléid an foilsiú sin.

[EN]

(8) (a) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir tar éis tuarascáil faoi alt 22 a bhreithniú gur chóir do chomhar creidmheasa ar mhaithe le leas an phobail imeachtaí a thionscnamh le haghaidh damáistí, mar gheall ar aon chalaois, míghníomh nó mí-iompar eile i ndáil le tionscnamh nó foirmiú an chomhair chreidmheasa nó le seoladh ghnó an chomhair chreidmheasa, chun aon mhaoin a cuireadh chun mí-úsaide nó a coimeádadh go héagórach a ghnóthú, féadfaidh sé imeachtaí a thionscnamh chun na críche sin in ainm an chomhair chreidmheasa.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire comhar creidmheasa a shlánú in aghaidh aon chostais nó caiteachais a thabhóidh sé in aon imeachtaí, nó i ndáil le haon imeachtaí, a thionscnófar faoi mhír (a).

[EN]

(9) Beidh cóip d'aon tuarascáil ó chigire a ceapadh faoi alt 22 inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim an chigire i ndáil le haon ní sa tuarascáil.

[EN]

(10) Ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal go nochtfaí don Chláraitheoir nó do chigire a bheidh ceaptha aige—

[EN]

(a) ag aturnae aon chumarsáid phribhléide a rinneadh leis sa cháil sin, ná

[EN]

(b) ag baincéirí aon eolas maidir le gnóthaí aon chustaiméara seachas an comhar creidmheasa nó an comhlacht corpraithe eile a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú.

[EN]

(11) I gcás imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo, ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal ar aon duine a ghníomhaigh mar aturnae do chomhar creidmheasa aon chumarsáidí pribhléide a rinneadh leis seachas mar aturnae den sórt sin a nochtadh.

[EN]

(12) I gcás gnóthaí cumainn (seachas an comhar creidmheasa a luaitear san alt sin) nó gnóthaí aon chomhlachta chorpraithe a bheith á n-imscrúdú faoi alt 22, déanfar tagairtí san alt seo d'oifigigh, do chomhaltaí nó do ghníomhairí de chuid comhair chreidmheasa a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigigh, do chomhaltaí nó do ghníomhairí de chuid an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe sin.

[EN]

(13) (a) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir go raibh aon duine ciontach, i ndáil le comhar creidmheasa a ndearnadh a ghnóthaí a imscrúdú faoi alt 22, in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, tarchuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

[EN]

(b) I gcás a dtionscnóidh an Stiúrthóir Ionchuiseamh Poiblí imeachtaí de dhroim tuarascáil a fuair sé faoi mhír (a), beidh de dhualgas ar gach oifigeach, comhalta agus gníomhaire de chuid an chomhair chreidmheasa (seachas cosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a thabhairt dó i ndáil leis an gcúiseamh is féidir leo le réasún a thabhairt.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora cruinniú speisialta de chomhar creidmheasa a ghairm.

24.—(1) Aon uair arb é tuairim an Chláraitheora, tar éis scrúdú faoi alt 21 nó tar éis imscrúdú faoi alt 22, gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe le gnó comhair chreidmheasa a rialáil go hordúil cuí. féadfaidh sé a chur faoi deara cruinniú speisialta den chomhar creidhmheasa a thionól.

[EN]

(2) Beidh ag cruinniú faoin alt seo na cumhachtaí go léir a bheadh ag cruinniú speisialta a ghairfí de réir rialacha an chomhair chreidmheasa áirithe.

[EN]

(3) Na caiteachais go léir a bhainfidh nó a ghabhfaidh leis an gcruinniú íocfar iad as cistí an chomhair chreidmheasa, nó íocfaidh comhaltaí (nó iarchomhaltaí) nó oifigigh an chomhair chreidmheasa iad, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Cláraitheoir.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an Cláraitheoir cibé ordacháin is oiriúnach leis a thabhairt i ndáil le cruinniú a thionólfar faoin alt seo (lena n-áirítear am agus ionad an chruinnithe agus na hábhair a bheidh le plé agus le cinneadh ag an gcruinniú) a ghairm, a thionól agus a sheoladh.

[EN]

(b) Féadfaidh an Cláraitheoir duine a cheapadh le bheith ina chathaoirleach ag cruinniú a thionólfar faoin alt seo.

[EN]

(c) Beidh an chumhacht atá ag cruinniú a thionólfar faoin alt seo a chathaoirleach féin a cheapadh infheidhme má mhainníonn an Cláraitheoir ceapadh den sórt sin a dhéanamh.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora duine a cheapadh mar stiúrthoir ar chomhar creidmheasa.

25.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora, tar éis scrúdú faoi alt 21 nó tar éis imscrúdú faoi alt 22, gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe le gnó comhair chreidmheasa a rialáil go hordúil cuí, féadfaidh sé duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta de bhord stiúrthóirí an chomhair chreidmheasa.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh aird ag an gCláraitheoir, sula bhfeidhmeoidh sé cumhacht a thugtar dó leis an alt seo, ar aon idirbhearta airgeadais atá glactha, nó atá i gcúrsa a nglactha, air féin ag an gcomhar creidmheasa agus ar idirbhearta iad, i dtuairim an Chláraitheora, ar dóigh dóibh dochar a dhéanamh do leas gnó an chomhair chreidmheasa a rialáil go hordúil cuí.

[EN]

(3) Beidh duine a cheapfar faoin alt seo i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí a shonróidh an Cláraitheoir agus, ar an tréimhse sin a bheith caite, féadfaidh an Cláraitheoir an ceapachán a athnuachan go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí a shonróidh sé.

[EN]

(4) Na caiteachais go léir a bhainfidh nó a ghabhfaidh le duine a cheapadh faoin alt seo, lena n-áirítear luach saothair duine den sórt sin, íocfar iad as cistí an chomhair chreidmheasa, nó íocfaidh comhaltaí (nó iarchomhaltaí) nó oifigigh an chomhair chreidmheasa iad, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Cláraitheoir.

[EN]

(5) Déanfaidh oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid comhair chreidmheasa an t-eolas go léir a theastóidh ó dhuine a cheapfar faoin alt seo chun a dhualgais a chomhlíonadh go hiomlán agus go sásúil a thabhairt dó gach tráth.

[EN]

(6) Duine a cheapfar faoin alt seo tabharfaidh sé don Chláraitheoir, i cibé slí agus a mhinice a ordóidh an Cláraitheoir, tuarascáil ar ghnóthaí an chomhair chreidmheasa.

[EN]

Cumhacht an Chláraitheora a ordú go bhfionrófar glacadh taiscí, iasachtaí nó scaireanna agus íocaíochtaí.

26.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora nach bhfuil comhar creidmheasa in ann, nó gur dóigh nach mbeidh sé in ann ar ball, freastal dá oibleagáidí i leith creidiúnaithe, nó gur fóirsteanach sin ar mhaithe le gnó comhair chreidmheasa a rialáil go hordúil cuí, féadfaidh sé a ordú i scríbhinn don chomhar creidmheasa go ndéanfar glacadh aon suibscríobhanna le haghaidh scaireanna nó aon taiscí nó iasachtaí nar údaraigh sé nó íoc íocaíochtaí nár údaraigh sé amhlaidh, nó glacadh suibscríobhanna, taiscí nó iasachtaí den sórt agus íoc íocaíochtaí den sórt sin, a fhionraí go ceann cibé tréimhse nach faide ná dhá mhí a shonrófar san ordachán.

[EN]

(2) Beidh éifeacht de réir a théarmaí le hordachán faoin alt seo ach, d'ainneoin ordachán den sórt sin, féadfaidh comhar creidmheasa airgead a fháil ar iasacht ó bhanc nó ó oifigeach don chomhar creidmheasa má thoilíonn an Cláraitheoir i scríbhinn leis an iasacht.

[EN]

(3) Féadfaidh an Cláraitheoir ordú a iarraidh ar an gCúirt ag daingniú ordachán faoin alt seo nó ordú a iarraidh ag daingniú agus ag síneadh tréimhse feidhme ordachán den sórt sin go ceann cibé tréimhse is iomchuí leis an gCúirt ag féachaint do na himthosca go léir, agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.

[EN]

(4) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3), cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dealraitheach di is gá.

[EN]

(5) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) ag daingniú nó ag síneadh tréimhse feidhme ordachán faoin alt seo, measfar, chun críche alt 33 den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, nach bhfuil an comhar creidmheasa in ann a fhiacha a íoc.

[EN]

(6) Féadfar na himeachtaí go léir, nó cuid de na himeachtaí, faoin alt seo nó achomharc i ndáil leis an gcéanna a éisteacht i ndlísheomraí.

[EN]

(7) Féadfaidh comhar creidmheasa dá dtabharfar ordachán faoin alt seo ordú a iarraidh ar an gCúirt chun an t-ordachán a chur ar ceal agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.

[EN]

(8) Féadfaidh an Cláraitheoir ordachán faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm tráth ar bith.

[EN]

(9) Féadfaidh an Cláraitheoir, más oiriúnach leis, a chur faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil, nó ar cibé slí eile is fóirsteanach leis chun faisnéis a thabhairt don phobal, fógra i dtaobh ordachán faoin alt seo agus i dtaobh é a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Cumhachtaí an Chláraitheora de dhroim alt 26.

27.—(1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh ordachán faoi alt 26 déanta ag an gCláraitheoir agus nach mbeidh an t-ordachán cúlghairthe.

[EN]

(2) Beidh de dhualgas ar an gcomhar creidmheasa áirithe comhshocraíochtaí reasúnacha a dhéanamh chun cistí an chomhair chreidmheasa a úsaid le freastal d'iarratais (arna ndéanamh go cuí de réir rialacha an chomhair chreidmheasa ag taisceoirí nó scairshealbhóirí de chuid an chomhair chreidmheasa) chun airgead a bheidh taiscthe nó suibscríofa acu a aisíoc.

[EN]

(3) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir go bhfuil cionúireacht mhíchuí de chistí an chomhair chreidmheasa áirithe á n-úsáid ag an gcomhar creidmheasa chun iasachtaí a thabhairt, de rogha ar na comhshocraíochtaí sin a dhéanamh a luaitear i bhfo-alt (2), féadfaidh sé, tar éis fógra a thabhairt don chomhar creidmheasa agus caoi a thabhairt dó uiríolla a dhéanamh, iarratas a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, chun an comhar creidmheasa a fhoirceannadh.

CUID IV

Ilghnéitheach

[EN]

Cionta.

28.—(1) Beidh duine nó cumann ciontach i gcion—

[EN]

(a) má sháraíonn sé alt 5 (1), 5 (2), 6 (1), 7 (2), 7 (3), 8 (1), 12, 14 (2), 14 (13) (b), 17 (2), 23 (2), 23 (13) (b), 27 (2), 29 (1), 29 (3), 29 (4), 30 (1), 30 (2), 30 (3), 30 (4), 31, 32 nó 36.

[EN]

(b) má sháraíonn sé nó mura gcomhlíonfaidh sé ordachán nó coinníoll faoin Acht seo,

[EN]

(c) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé leabhair, cuntais gníomhais, taifid nó doiciméid eile de chuid cumainn nó comhlachta chorpraithe eile a sholáthar nó faisnéis a thabhairt is gá le réasún i dtaobh aon taifid sna leabhair, sna cuntais, sna gníomhais, sna taifid nó sna doiciméid eile do dhuine údaraithe (de réir brí alt 11 nó 21) atá ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an alt sin, nó má bhacann sé é ar dhóigh eile.

[EN]

(d) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé leabhair, cuntais, gníomhais, taifid nó doiciméid eile de chuid cumainn nó comhlachta chorpraithe eile a sholáthar do chigire arna cheapadh faoi alt 13 nó 22 nó gach cúnamh is gá le réasún i ndáil leis an imscrúdú a thabhairt do chigire den sórt sin nó mionn a ghlacadh i gcás cigire den sórt sin á cheangal air sin a dhéanamh, nó

[EN]

(e) má mhainníonn sé an t-eolas go léir a thabhairt a theastóidh ó dhuine a cheapfar faoi alt 15 nó 25 chun a dhualgais a chomhlíonadh go hiomlán agus go sásúil.

[EN]

(2) Duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó iad araon, a chur air,

[EN]

agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú nó den mhainneachtain ar ciontaíodh é ina leith, beidh sé ciontach i gcion eile agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £250 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain.

(3) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon duine is oifigeach don chomhlacht corpraithe, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

[EN]

Cumainn do choimeád leabhar cuntais, etc.

29.—(1) Cuirfidh gach cumann faoi deara leabhair chuntais chuí a choimeád i ndáil leis na suimeanna airgid go léir a fuair sé agus a chaith sé, leis na hábhair lenar bhain an t-ioncam agus an caiteachas agus le sócmhainní agus dliteanais uile an chumainn.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád, i ndáil leis na hábhair a luaitear san fho-alt sin, ach amháin i gcás a gcoimeádtar na leabhair sin is gá le léargas fíorcheart a thabhairt ar staid gnóthaí an chumainn agus lena idirbhearta a mhíniú.

[EN]

(3) Coimeádfar leabhair chuntais cumainn in oifig chláraithe an chumainn nó cibé áit eile is oiriúnach leis an gcoiste bainistí agus féadfaidh comhaltaí an choiste sin iad a iniúchadh gach tráth réasúnach.

[EN]

(4) Déanfaidh an cumann gach taifead a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo a choimeád go ceann tréimhse nach giorra ná sé bliana tar éis an dáta lena mbaineann sé.

[EN]

Cuntais bhliantúla cumann.

30.—(1) Cuirfidh coiste bainistí cumainn faoi deara go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil an chumainn cuntas ioncaim agus caiteachais don tréimhse, i gcás arb é an chéad chuntas é, ó corpraíodh an cumann agus, in aon chás eile, ón gcuntas roimhe sin, arna dhéanamh amach i ngach cás go dtí deireadh na bliana airgeadais roimhe sin.

[EN]

(2) Cuirfidh coiste bainistí cumainn faoi deara go n-ullmhófar agus go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil an chumainn clár comhardaithe amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais roimhe sin.

[EN]

(3) Tabharfaidh gach cuntas ioncaim agus caiteachais cumainn léargas fíorcheart ar ioncam agus ar chaiteachas an chumainn don tréimhse iomchuí, agus tabharfaidh gach clár comhardaithe léargas fíorcheart ar staid gnóthaí an chumainn amhail mar a bhí i ndeireadh na tréimhse iomchuí.

[EN]

(4) (a) Beidh cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe cumainn i cibé foirm, agus beidh iontu cibé sonraí, a shonróidh an tAire le rialacháin, go ginearálta nó maidir le sain-aicme nó le sain-aicmí cumann a shonrófar faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(b) Mura sonróidh an tAire a mhalairt sna rialacháin réamhráite, beidh i gcuntas ioncaim agus caiteachais agus i gclár comhardaithe cumainn d'aon bhliain airgeadais na sonraí comhréire don bhliain airgeadais roimhe sin.

[EN]

(5) Folóidh tagairtí san alt seo do chuntas ioncaim agus caiteachais tagairtí do chuntas sochair agus dochair.

[EN]

(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Toirmeasc ar fhéimhigh agus ar dhaoine eile.

31.—(1) Duine is féimheach agus a maireann a fhéimheacht fós nó a ciontaíodh ar díotáil in aon chionta lenar bhain calaois nó mí-mhacántacht—

[EN]

(a) ní duine é a bhunóidh cumann,

[EN]

(b) ní ghníomhóidh sé mar chomhalta de choiste bainistí cumainn,

[EN]

(c) ní bheidh páirt ná baint aige, go díreach nó go neamhdhíreach, i mbainistí cumainn, ná

[EN]

(d) ní cheadóidh sé a ainm a chur ar aghaidh lena thoghadh nó lena cheapadh chun aon oifig dá dtagraítear i mír (b) nó (c).

[EN]

(2) Aon uair a thiocfaidh duine a bheidh i seilbh oifig dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (1) (c) chun bheith neamhcháilithe, de bhua an fho-ailt sin, chun bheith i seilbh oifige, scoirfidh sé láithreach de bheith i seilbh na hoifige sin agus measfar gur corrfholúntas an folúntas agus féadfar é a líonadh ar an modh a fhoráiltear d'fholúntas den sórt sin i rialacha an chumainn.

[EN]

Toirmeasc ar scaireanna inaistarraingthe.

32.—Ní dhéanfaidh cumann nach comhar creidmheasa ná nach cumann nach bhfuil feidhm maidir leis, de bhua alt 3 (4) den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, ag alt 3 (3) den Acht sin, scaireanna inaistarraingthe a eisiúint.

[EN]

Athrú ar na teorainneacha airgeadais sa Phríomh-Acht.

33.—(1) Féadfaidh rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 35 (1) (i) den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, do dhéanamh athrú ar na teorainneacha airgeadais a fhorordaítear le Cuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, baint a bheith acu le sain-aicme nó le sain-aicmí cumann a shonrófar faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire, agus féadfar teorainneacha airgeadais éagsúla a shocrú d'aicmí éagsúla cumann.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an bhforáil in alt 35 (1) den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966, á cheangal ar an Aire dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa, ach amháin i ndáil le rialacháin faoin alt sin a bhaineann le comhair chreidmheasa.

[EN]

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire de bhun an ailt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Clárú cumainn a chealú.

34.—Leasaítear leis seo alt 9 (1) den Phríomh-Acht, a shonraíonn na cásanna inar féidir leis an gCláraitheoir clárú cumainn a chealú, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b)—

[EN]

“(bb) where the society has been wound up by the High Court under the Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1978;

[EN]

(bc) where the society has ceased to function or where it has suspended its business for a period of not less than six months.” .

[EN]

Rialacha cumann a leasú.

35.—(1) D'ainneoin aon ní i rialacha cumainn, déanfaidh an coiste bainistí, le rún a rithfear tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an tAcht seo a rith, cibé leasuithe ar na rialacha sin is gá de dhroim an Achta seo.

[EN]

(2) Cumann a mhainneoidh fo-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £500 a chur air.

[EN]

Toirmeasc ar chuideachtaí iontaobhais infheistíochta taiscí a ghlacadh.

36.—(1) Ní ghlacfaidh ná ní theachtfaidh cuideachta iontaobhais infheistíochta taiscí.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1), ní dhéanfaidh cuideachta iontaobhais infheistíochta a corpraíodh roimh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978, agus a raibh taiscí glactha nó ar teachtadh aici ar an dáta sin nó roimhe, taiscí a theachtadh tar éis deireadh na tréimhse dhá bhliain dar tosach dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(3) San alt seo tá le “cuideachta iontaobhais infheistíochta” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Bhainc Ceannais, 1971.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Moneylenders Act, 1900.

37.—Leasaítear leis seo alt 6 den Money-lenders Act, 1900, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“or

[EN]

(f) any class or classes of industrial and provident society in respect of which the Minister for Industry, Commerce and Energy, by order made from time to time declares that, from such date as he may specify in such an order, this Act does not apply.”.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1966

1966, Uimh. 19

Industrial and Provident Societies Act, 1893

1893, c. 39

Money-lenders Act, 1900

1900, c. 51