[EN]

Uimhir 23 de 1980


[EN]

AN tACHT STAMPAÍ TRÁDÁLA, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE STAMPAÍ TRÁDÁLA, LENA nÁIRÍTEAR SOCRÚ CHUN EISIÚINT, ÚSÁID AGUS FUASCAILT STAMPAÍ TRÁDÁLA A RIALÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GNÓ EISIÚNA AGUS FUASCAILTE STAMPAÍ TRÁDÁLA A RIALÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [9 Iúil, 1980] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo,

[EN]

tá le “cuideachta” an bhrí a shanntar dó le hAcht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

[EN]

tá le “cuideachta phríobháideach” an bhrí a shanntar dó le halt 33 d'Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “fuascailt”, i ndáil le stampaí trádála, na stampaí sin a iomlaoid ar airgead, earraí nó seirbhísí;

[EN]

ciallaíonn “stampa trádála” aon stampa, cúpón, dearbhán, airíocht nó comhartha dá samhail a sheachadtar, nó a bheartaítear a sheachadadh, ar aon duine ar earraí a cheannach (seachas nuachtán nó tréimhseachán ar cuid de an stampa nó a bhfuil an stampa ann) nó seirbhísí a sholáthar, nó i ndáil leis sin, agus atá, nó a mbeartaítear dó a bheith, infhuascailte ag an duine sin nó ag duine éigin eile, ach ní fholaíonn sé stampa, cúpón, dearbhán, airíocht ná comhartha dá samhail nach infhuascailte ach ó dhíoltóir na n-earraí, nó ó sholáthróir an díoltóra sin, nó ón duine a sholáthraíonn na seirbhísí;

[EN]

ciallaíonn “scéim stampaí trádála” aon socruithe chun stampaí trádála a chur ar fáil lena n-úsáid i siopaí nó in áiteanna eile, lena n-áirítear socruithe lena bhfuascailt.

[EN]

Srianta ar dhaoine a fhéadfaidh gnó a Sheoladh mar thionscnóirí stampaí trádála.

2.—(1) Ní dleathach d'aon duine ná d'aon chomhlacht daoine seachas cuideachta a bhfuil ionad gnó aici sa Stát gnó a sheoladh mar thionscnóir scéime stampaí trádála.

[EN]

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 128 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, bainfidh an t-alt sin le cuideachta phríobháideach a sheolann gnó mar thionscnóir scéime stampaí trádála.

[EN]

(3) Aon duine a sheolann gnó mar thionscnóir scéime stampaí trádála de shárú ar fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air.

[EN]

(4) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a thriail go hachomair—

[EN]

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mion-chion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh i gcoinne chosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

[EN]

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

[EN]

agus

[EN]

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

[EN]

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir sin.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (4) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú dá réir sin.

[EN]

Soláthar stampaí a cheilt go míréasúnach.

3.—Má dhéanann aon chuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála soláthar stampaí trádála a cheilt go míréasúnach ar aon duine ar mian leis bheith páirteach sa scéim stampaí trádála, measfar gur cleachtas neamhchóir de réir bhrí an Achta um Chleachtais Srianta, 1972, an soláthar sin a cheilt.

[EN]

Ráitis a cheanglaítear a bheith ar éadan stampaí trádála.

4.—(1) Ní eiseoidh aon duine, ná ní chuirfidh sé faoi deara go n-eiseofar, ná ní sheachadfaidh sé, ná ní chuirfidh sé faoi deara go seachadfar, stampa trádála chuig aon duine mura mbeidh ar éadan an stampa i gcló soiléir soléite—

[EN]

(a) ainm nó trádmharc cláraithe na cuideachta a d'eisigh é, agus

[EN]

(b) luach a bheidh sainithe in airgead reatha an Stáit.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhorordú maidir leis an luach a bheidh sainithe ar éadan stampa trádála—

[EN]

(a) nach lú é ná costas an stampa trádála ar an duine lena ndíolfar é, ná

[EN]

(b) nach lú é ná an costas sin de mhéid is mó ná cibé comhréir a bheidh sonraithe san ordú,

[EN]

agus féadfar luachanna éagsúla a fhorordú i leith cineálacha éagsúla stampaí trádála.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(4) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

(5) Aon duine a eiseoidh, nó a chuirfidh faoi deara go n-eiseofar, nó a sheachadfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go sheachadfar, aon stampa trádála de shárú ar an alt seo nó ar ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

[EN]

Stampaí trádála a fhuascailt ar airgead tirim.

5.—(1) I gcás duine a shealbhaíonn aon líon stampaí trádála nach lú ná £1 méid comhiomlán a luach in airgead tirim dá iarraidh sin, fuasclóidh tionscnóir na scéime stampaí trádála iad trí mhéid a íoc nach lú ná méid comhiomlán a luach in airgead tirim.

[EN]

(2) Féadfaidh an duine a shealbhaíonn na stampaí trádála a cheart faoi fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú—

[EN]

(a) trí na stampaí a thíolacadh aon tráth réasúnach in oifig chláraithe na cuideachta arb í tionscnóir na scéime í nó in aon áit ghnó dá cuid, nó

[EN]

(b) trí na stampaí a chur leis an bpost go dtí an oifig nó an áit ghnó sin mar aon le treoracha leordhóthanacha maidir leis an tslí a mbeidh an luach in airgead tirim le híoc, nó

[EN]

(c) in aon slí eile a chuirfidh tionscnóir na scéime ar fáil.

[EN]

(3) I gcás cuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála do mhainneachtain nó d'failliú nó do dhiúltú aon stampaí trádála a tíolacadh di de bhun fho-alt (1) den alt seo a fhuascailt, féadfaidh an duine a shealbhaíonn na stampaí sin luach na stampaí a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

Forálacha i ndáil le catalóga.

6.—(1) Gach cuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála faoina dtairgeann an chuideachta earraí nó seirbhísí mar iomlaoid ar stampaí trádála foilseoidh sí catalóg ina mbeidh liosta de na hearraí nó de na seirbhísí atá á dtairiscint mar iomlaoid ar na stampaí trádála agus féachfaidh sí chuige go mbeidh fáil réasúnach ar an gcatalóg sin.

[EN]

(2) Gach catalóg a fhoilseoidh tionscnóir scéime stampaí trádála nó a fhoilseofar thar a cheann—

[EN]

(a) léireoidh sí nó ionannóidh sí ar dhóigh eile na hearraí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar iomlaoid ar stampaí trádála.

[EN]

(b) luafaidh sí an líon stampaí ar a ndéanfar gach mír sa chatalóg a iomlaoid,

[EN]

(c) luafaidh sí ainm agus seoladh oifig chláraithe na cuideachta atá ag tionscnamh na scéime, agus

[EN]

(d) luafaidh sí an dáta a scoirfidh an chatalóg de bhailíocht a bheith aici, agus ní luaithe an dáta sin ná sé mhí tar éis an dáta a shonraítear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo measfar nach mbeidh forálacha fho-alt (1) den alt seo comhlíonta ag cuideachta is tionsnóir scéime stampaí trádála mura mbeidh an chuideachta tar éis—

[EN]

(a) cóip den chatalóg a thaisceadh leis an Aire,

[EN]

(b) fógra a thabhairt, tar éis an chatalóg a thaisceadh leis an Aire agus tráth nach déanaí ná mí roimh an dáta ar a dtiocfaidh an chatalóg i ngníomh, i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear ar fud an Stáit á rá go dtiocfaidh an chatalóg i ngníomh amhail ó dháta a bheidh sonraithe san fhógra, agus

[EN]

(c) cóip den chatalóg a sholáthar do gach siopa nó áitreabh eile ina bhfuil na stampaí trádála á dtairiscint don phobal.

[EN]

Cionta i ndáil le catalóga.

7.—Aon chuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála agus—

[EN]

(a) a mhainneoidh forálacha alt 6 den Acht seo a chomhlíonadh,

[EN]

(b) a athróidh an luach iomlaoide ina catalóg reatha gan ceadú roimh ré ón Aire ar aige a bheidh an chumhacht an ceadú sin a thabhairt, nó

[EN]

(c) a chuirfidh ina catalóg earraí nó seirbhísí gan socrú réasúnach a bheith déanta aici chun freastal ar aon éileamh a d'fhéadfadh a bheith ann ar na hearraí nó na seirbhísí sin,

[EN]

beidh sí ciontach i gcion agus dlífear ar í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur uirthi.

[EN]

Feidhm an Sale of Goods Act, 1893, agus an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980.

8.—(1) Chun críocha an Sale of Goods Act, 1893, agus an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, measfar, maidir le cuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála d'fhoilsiú catalóige, gur tairiscint é, agus measfar, maidir leis an líon iomchuí stampaí a fhorthairiscint laistigh den tréimhse bailíochta fhorordaithe, gur glacadh é, ionann is dá mba ar chomaoin airgid a dhéanfaí an tairiscint agus an glacadh.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag forálacha an Sale of Goods Act, 1893, agus an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, i ngach cás ina dtairgfidh tionscnóir scéime stampaí trádála earraí nó seirbhísí mar iomlaoid ar stampaí trádála.

[EN]

(3) I gcás a ndéanfaidh duine seachas tionscnóir scéime stampaí trádála earraí nó seirbhísí a thairiscint mar iomlaoid ar stampaí trádála, beidh feidhm ag forálacha an Sale of Goods Act, 1893, agus an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, ionann is dá mba ar chomaoin airgid a dhéanfaí an iomlaoid sin.

[EN]

Faisnéis a chur ar taispeáint i siopaí.

9.—(1) Gach duine is úinéir nó áititheoir ar aon siopa nó áitreabh eile, nó aon duine eile a bhfuil aon siopa nó áitreabh eile faoina rialú, ina n-oibrítear scéim stampaí trádála déanfaidh sé—

[EN]

(a) i gcás a bhfoilseoidh an tionscnóir catalóg earraí nó seirbhísí a thairgtear mar iomlaoid ar stampaí, cóip den chatalóg reatha a bhaineann leis an scéim a choimeád ar fáil lena iniúchadh,

[EN]

(b) fógra a chur ar taispeáint in áit fheiceálach mar a bhféadfaidh custaiméirí é a léamh go héasca a déarfaidh i gcló soiléir soléite—

[EN]

(i) i gcás a bhfoilseoidh an tionscnóir catalóg d'earraí nó de sheirbhísí a thairgtear mar iomlaoid ar stampaí, go bhfuil an chatalóg ar fáil lena iniúchadh ag custaiméirí ach í a iarraidh,

[EN]

(ii) cé mhéad stampaí a thairgtear ar gach luach £1 a cheannófar sa siopa nó san áitreabh eile, cibé acu é, agus

[EN]

(iii) cad é luach fuascailte na stampaí in airgead tirim.

[EN]

(2) Aon duine is úinéir nó áititheoir ar shiopa nó áitreabh eile, nó aon duine eile a bhfuil siopa nó áitreabh eile faoina rialú, ina n-oibrítear scéim stampaí trádála agus a mhainneoidh, gan cúis réasúnach, forálacha an ailt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

Fógráin a thagraíonn do luach stampaí.

10.—(1) Ní dleathach do chuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála ná d'aon duine a sheolann trádáil nó gnó ina n-oibrítear scéim stampaí trádála fógraíocht a dhéanamh ná fógrán a eisiúint nó a fhoilsiú ná a chur faoi deara fógrán a eisiúint nó a fhoilsiú á thabhairt le fios, nó á airbheartú a thabhairt le fios, cad é luach aon stampaí trádála in airgead tirim—

[EN]

(a) trí ráiteas a chuireann an méid is fiú aon stampaí trádála i mbaint leis an méid a íocann nó a íocfaidh an duine a shealbhaíonn na stampaí ar earraí nó ar sheirbhísí chun na stampaí a fháil, nó

[EN]

(b) i dtéarmaí atá míthreorach nó mealltach.

[EN]

(2) San alt seo folaíonn “fógraíocht a dhéanamh” aon ábhar a fhoilsiú nó a chur ar taispeáint le fógra, ciorclán, fótagraf, scannán, fuaim-chraoladh, teilifís, canbhasáil phearsanta nó eile agus forléireofar “fógrán” dá réir sin.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

[EN]

Conarthaí áirithe a bheith ar neamhní.

11.—(1) Baineann an t-alt seo le haon chonradh, cibé acu is ann dó ar dháta an Achta seo a rith nó a dhéanfar é tar éis don Acht seo a theacht i bhfeidhm, a dhéanfar idir miondíoltóir agus aon duine seachas cuideachta is tionscnóir scéime stampaí trádála nó is custaiméir ag ceannach ón miondíoltóir.

[EN]

(2) Aon fhoráil i gconradh lena mbaineann an t-alt seo faoina gceanglaítear ar mhiondíoltóir stampaí trádála a thairiscint dá chustaiméirí beidh sí ar neamhní.

[EN]

Cionta ag comhlacht corpraithe.

12.—I gcás a gcruthófar, maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe, go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó ar thaobh aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir ar an gcomhlacht sin nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta sin é nó ar oifigeach eile don chomhlacht sin é, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

[EN]

Dlínse in imeachtaí achomaire.

13.—Féadfar imeachtaí achomaire i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin Acht seo a shaothrú os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici san áit ina bhfuil an duine sin de thuras na huaire nó, i gcás comhlachta chorpraithe, aon áit a bhfuil áit ghnó, de thuras na huaire, ag an gcomhlacht corpraithe.

[EN]

Imeachtaí achomaire.

14.—(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire i ndáil le cion faoin Acht seo a thabhairt ar aghaidh.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ón lá is deireanaí ar a ndearnadh an cion.

[EN]

Gearrtheideal.

15.—Féadfar an tAcht Stampaí Trádála, 1980, a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

1972, Uimh. 11

Sale of Goods Act, 1893

1893, c. 71

An tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980

1980, Uimh. 16