Uimhir 24 de 1931.
ACHT UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA (LEASÚ), 1931.
An Príomh-Acht.
1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930).
(2) Gach abairt agus focal le n-a bhfuil brí áirithe do réir fo-ailt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht tá leo san Acht so na brigheanna atá leo fé seach amhlaidh.
An Príomh-Acht do chur i mbaint le hóispidéil áirithe.
2.—D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht, bainfidh an tAcht san leis na hóispidéil seo leanas, sé sin le rá:—
(i) Oispidéal Muire Lourdes, The Cedars, Slí Bhaile an Róistigh, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Atha Cliath;
(ii) Sanatorium Peamount, Coll-Choill, Co. Bhaile Atha Cliath;
(iii) Oispidéal Ríoga Victoria um Shúil agus Cluas, Bóthar Adelaide, Baile Atha Cliath;
(iv) Oispidéal Naomh Anna, Bóthar Northbrook, Ráth Maonas, Baile Atha Cliath;
(v) Oispidéal Naomh Muire fén Aer, Ceapach, Fionnghlas, Co. Bhaile Atha Cliath;
(vi) Oispidéal Naomh Seosamh i gcóir Páistí Ciothramacha, An Chúil, Co. na hIarmhidhe.
Coistí réitigh do cheapadh.
3.—(1) Nuair a cheadóidh an tAire scéim fén bPríomh-Acht, ceapfaidh an tAire láithreach coiste de thriúr ball (dá ngairmtear coiste réitigh san Acht so) chun crícheanna na scéime sin agus an scuab-ghill le n-a mbaineann sí, agus ainmneoidh duine de sna baill sin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste sin.
(2) Pé uair a thárlóidh folúntas imeasc ballra choiste réitigh tré bhall de d'éag no d'eirghe as ceapfaidh an tAire duine eile láithreach chun bheith ina bhall den choiste sin in ionad an bhaill de d'éag no d'eirigh as amhlaidh.
(3) Íocfar le gach ball de choiste réitigh (agus ball do ceapadh chun folúntais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'áireamh) pé luach saothair pé tráth no tráthanna ordóidh an tAire Airgid.
(4) Isiad íocfaidh na costaisí fé n-a raghaidh coiste réitigh agus iad ag cólíonadh a bhfeidhmeanna fén Acht so maraon le luach saothair ball an choiste sin ná an coiste d'ullamhuigh agus do chuir isteach an scéim gur chun a crícheanna do ceapadh an coiste réitigh sin agus má cuirtear ar siúl an scuab-gheall le n-a mbaineann an scéim sin áirmheofar na costaisí agus an luach saothair sin mar chuid de sna costaisí do bhain leis an scuabgheall san do chur ar siúl.
Suim no luach na nduais do chur i dtaisce.
4.—(1) Má bhíonn suim no luach na nduais no cuid de sna duaiseanna i scuab-gheall ag brath ar mhéid an airgid do gheobhfar as ticéidí do dhíol sa scuab-gheall san no más dá réir a háirmheofar san, déanfaidh coiste bainistí an scuab-ghill sin, d'ainneoin éinní atá in alt 4 den Phríomh-Acht, suim is có-ionann le suim no luach minimum urruithe na nduais sin do chur i dtaisce fén alt san 4 i dtosach bára agus suim na taisce sin do mhéadú o am go ham fé mar is gá d'fhonn an chéad fho-alt eile den alt so do chólíonadh.
(2) I gcás ar bith le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so, ní bheidh suim na taisce lóisteálfar fé alt 4 den Phríomh-Acht níos lugha aon uair ná an tsuim dob ionann agus suim no luach iomlán na nduais a cuirfear ar chrannaibh sa scuabgheall no sa chrannchur gur mar gheall air a lóisteálfar an taisce sin amhlaidh dá ndeintí an tsuim no an luach san d'áireamh do réir mhéid an airgid a bheidh faighte cheana féin an uair sin as ticéidí do dhíol sa scuab-gheall san.
An cion de shochar na scuab-gheall a bheidh ag na hóispidéil a bhunóidh iad.
5.—(1) San alt so agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo cialluíonn an abairt “an barrachas ionfhálta” a mbeidh fágtha, den airgead do gheobhfar as ticéidí do dhíol sa scuab-gheall gur ina thaobh a húsáidtear an abairt, tar éis na nduais a roinnfear amach sa scuab-gheall san, agus na gcostas a bhainfidh leis an scuab-gheall san do chur ar siúl, d'íoc no tar éis socrú ina gcóir.
(2) Ní bheidh an barrachas ionfhálta i scuabh-gheall ar bith a cuirfear ar siúl fén bPríomh-Acht níos lugha ná fiche per cent. den airgead do gheobhfar as ticéidí do dhíol sa scuab-gheall san.
(3) Más cólucht rialúcháin aon óispidéil amháin a chuirfidh ar siúl scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén bPríomh-Acht, íocfar dhá dtrian an bharrachais ionfhálta sa scuab-gheall san leis an gcólucht rialúcháin sin.
(4) Más cóluchta rialúcháin dhá óispidéal no níos mó chuirfidh ar siúl scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén bPríomh-Acht beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar dhá dtrian an bharrachais ionfhálta sa scuabgheall san do roinnt ar na cóluchta rialúcháin sin agus d'íoc leo no do roinnt ar agus d'íoc le pé ceann no cinn acu lasmuich den cheann no de sna cinn eile agus i pé cionúireachta ordóidh an tAire ag féachaint do riachtanas agus do chás na n-óispidéal san fé seach;
(b) ar a iarraidh sin ortha don Aire agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le coiste bainistí an scuab-ghill sin, déanfaidh an coiste réitigh a ceapfar fén Acht so chun crícheanna an scuab-ghill sin cuntas do thabhairt don Aire ar na cionúireachta in ar cheart dhá dtrian san an bharrachais ionfhálta san do roinnt fén bhfo-alt so ar na cóluchta rialúcháin le n-a mbaineann agus na réasúin ar ar shocruíodar ar na cionúireachta san;
(c) chun an chuntais do thabhairt don Aire fén mír sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an coiste réitigh sin cuaird do thabhairt ar áitreabhacha uile óispidéil ar bith acu san no ar aon áitreabh acu agus beidh teideal acu na háitreabhacha san agus a bhfeistisí agus a ngléas do scrúdú agus d'iniúchadh, agus beidh teideal acu freisin eolas iomlán d'iarraidh agus d'fháil ar bhainistí agus ar staid airgeadais aon óispidéil den tsórt san agus gach cuntas ar fháltas agus ar chaiteachas cólucht rialúcháin aon óispidéil den tsórt san agus fós gach ceann no aon cheann de sna leabhair agus de sna scríbhinní eile ina mbeidh cuntas ar bith ar an bhfáltas no ar an gcaiteachas san d'fheiscint agus do scrúdú;
(d) ní shocróidh an tAire na cionúireachta ina roinnfear an dá dtrian san go dtí go bhfuighidh cuntas an choiste réitigh sin ina dtaobh agus ag socrú na gcionúireacht san don Aire féachfaidh don chuntas san ach ní bheidh fé cheangal aige;
(e) sara socróidh an tAire na cionúireachta san raghaidh i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ina dtaobh.
Cuid de shochar scuab-gheall do chaitheamh ar óispidéil fé dhlí na mbocht.
6.—(1) Íocfar leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí trian den bharrachas ionfhálta i scuab-gheall ar bith a cuirfear ar siúl fén bPríomh-Acht agus cuirfidh seisean é ar pé slí is oiriúnach leis chun no mar chabhair chun fundúireachtaí do chur ar fáil, d'fheabhsú, no do ghléasadh chun galra no díobhála cuirp no aigne daoine do chosc, d'aireachasú, no do leigheas.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i gcás ina ndéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no ina mbeidh sé ar aigne aon airgead do chur fén alt so chun no mar chabhair chun fundúireachta bheidh á coimeád suas i bpáirt no go hiomlán ag údarás áitiúil do chur ar fáil, d'fheabhsú, no do ghléasadh, sé sin le rá:—
(a) féadfar é chur mar choinníoll ná déanfar an cur san mara gcólíonaidh an t-údarás áitiúil sin pé coinníollacha is dóich leis an Aire sin is ceart do chur ortha;
(b) an t-airgead a cuirfear amhlaidh is i dteanta agus ní hin ionad an airgid a chaithfidh an t-údarás áitiúil sin chun no mar chabhair chun na fundúireachta san do choimeád suas sa ghnáth-shlí a bheidh sé agus ní chuirfidh an t-údarás áitiúil sin san áireamh é nuair a bheid á shocrú cé méid a chaithfid amhlaidh.
Fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht do leasú.
7.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht tríd an mír seo leanas do chur ann in ionad míre (a) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(a) ráiteas sa chéill gur mar chabhair d'óispidéil i Saorstát Éireann atáthar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl.”
An méid do fuarthas as ticéidí do dhíol d'áireamh.
8.—Bainfidh alt 9 den Phríomh-Acht le méid an airgid do fuarthas as ticéidí do dhíol i scuab-gheall d'áireamh chun críchcanna an Achta so.
Baint an Achta so.
9.—(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an Acht so maidir le scéim ar bith do cheaduigh an tAire fén bPríomh-Acht roimh an 30adh lá d'Abrán, 1931, ná maidir le scuab-gheall ar bith do cuireadh ar siúl fén bPríomh-Acht, pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin, do réir scéime do ceaduíodh amhlaidh.
(2) Má cheaduigh an tAire scéim do scuab-gheall fén bPríomh-Acht tar éis an 30adh lá d'Abrán, 1931, agus roimh an Acht so do rith, beidh feidhm ag an Acht so maidir leis an scéim sin agus le haon scuab-gheall a cuirfear ar siúl dá réir ach beidh san fé réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire, tar éis an Achta so do rith, a leithéid sin de scéim d'ath-scrúdú i pé slí is dóich leis is fearr ag féachaint d'fhorálacha an Achta so ar a n-áirmhítear an t-alt so;
(b) féadfaidh óispidéal ar bith le n-a gcuirtear an Príomh-Acht i mbaint tríd an Acht so páirt do thógaint sa scéim sin agus in aon scuab-gheall a cuirfear ar siúl dá réir;
(c) ceapfar an coiste réitigh don scéim sin nuair a bheidh an scéim sin ath-scrúduithe amhlaidh ag an Aire.
Coda den Phríomh-Acht d'athghairm.
10.—Deintear leis seo na coda uile agus fé seach den Phríomh-Acht a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm ach amháin sa mhéid go mbainid le scéimeanna agus le scuabghill go ndearbhuítear go soiléir leis an Acht so ná baineann an tAcht so leo.
Gearr-theideal, luadh, agus buaine.
11.—(1) Féadfar an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1931, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.
(3) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.
SCEIDEAL.
Na Coda den Phriomh-Acht a hAthghairmtear.
1. Mír (g) d'fho-alt (4) d'alt 2.
2. Fo-alt (1) agus mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 5.