[EN]

Uimhir 24 de 1952.


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE MÁIL I LEITH FEITHICLÍ INNEALL-GHLUAISTE A hÚSÁIDTEAR AR BHÓITHRE POIBLÍ AGUS I LEITH CEADÚNAS TIOMÁNA FAOIN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NITHE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.    [13ú Nollaig, 1952.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Dleachta máil i leith feithiclí inneall-ghluaiste a húsáidtear ar bhóithre poiblí.

1.—(1) Ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dá éis sin, déanfar, faoi réir forál an Achta seo, dleachta máil, do réir na rátaí a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc i leith feithiclí inneall-ghluaiste a húsáidtear ar bhóithre poiblí.

[EN]

(2) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, déanfar na dleachta a muirearófar faoin alt seo d'íoc go bliantúil ar cheadúnais a bheas le tógaint amach ag an duine a mbeidh an fheithicil á coimeád aige.

[EN]

(b) Féadfar ceadúnas a thógaint amach i leith feithicle (nach tram ná feithicil a bhfuil dleacht chúig scillinge inmhuirir uirthi) in aghaidh pé tréimhsí den bhliain, agus ar dhleacht d'íoc do réir pé rátaí, a ordós an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin, ach—

[EN]

(i) aon ráta dleachta a hordófar amhlaidh, beidh idir é agus an lán-dleacht bhliantúil coibhneas nach lú ná an coibhneas idir tréimhse an cheadúnais agus bliain, agus

[EN]

(ii) ní mó ná tríocha faoin gcéad den lán-dleacht bhliantúil an ráta dleachta a hordófar amhlaidh i leith ceadúnais feithicle in aghaidh aon ráithe amháin den bhliain.

[EN]

(3) Chun críocha aon ráta dhleachta a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is do réir rialachán a dhéanfas an tAire Rialtais Áitiúil a ríomhfar na nithe seo a leanas:

[EN]

(a) toille shorcórach innill,

[EN]

(b) each-chumhacht feithicle,

[EN]

(c) an chóiríocht shuite i bhfeithicil.

[EN]

(4) Ní déanfar dleacht faoin alt seo a mhuirearú ná a thobhach i leith aon cheann de na feithiclí seo a leanas:

[EN]

(a) cairteacha dramhaíle, innill scuabtha nó innill spréite uisce nach n-úsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh,

[EN]

(b) otharchairr, rollóirí bóthair nó innill tóiteán,

[EN]

(c) feithiclí atá á gcoimeád ag údarás áitiúil agus nach n-úsáidtear ach chun críche a seirbhíse briogáide tóiteán,

[EN]

(d) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína iompar nó trína tharraingt é) inneallra déanta bóithre nach n-úsáidtear chun aon chríche ach chun bóithre a dhéanamh nó a dheisiú,

[EN]

(e) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le daoine agus maoin a chaomhaint i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir.

[EN]

(5) Ní bheidh feithicil a húsáidtear chun na críche a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (4) den alt seo inchurtha faoi ráta dleachta is airde de bharr na húsáide sin.

[EN]

(6) Ní bheidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (4) ná ag fo-alt (5) den alt seo ach i gcás an fheithicil nó an leantóir (pé acu é) a bheith déanta nó oir únaithe lena úsáid chun go n-iompróidh inneallra déanta bóithre, a bheas comhfheistithe mar chomhpháirt den fheithicil nó den leantóir sin, nó buan-cheangailte den chéanna ar shlí eile, agus gan é a bheith déanta ná oiriúnaithe chun aon lucht eile d'iompar ach amháin earraí nó ábhar a húsáidtear chun críche an inneallra déanta bóithre.

[EN]

(7) Ní bheidh feithicil a húsáidtear chun na críche a sonraítear i mír (e) d'fho-alt (4) den alt seo inchurtha faoi ráta dleachta is airde de bharr na húsáide sin.

[EN]

(8) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le rialacháin, a fhoráil go dtabharfar díolúine, iomlán nó páirteach, ar feadh tréimhse teoranta ón dleacht faoin alt seo i gcás aon fheithicle a thabharfas duine isteach sa Stát más tréimhse shealadach a bheas an duine sin a chaitheamh sa Stát.

[EN]

(9) Is dleacht in ionad na dleachta faoi alt 13 den Finance Act, 1920, an dleacht faoin alt seo agus dá réir sin scoirfear den chéad dleacht sin a mhuirearú amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953.

[EN]

(10) Beidh feidhm maidir leis an dleacht faoin alt seo ag na forála a rinneadh faoi fho-alt (5) d'alt 13 den Finance Act, 1920, agus alt 22 den Finance Act, 1921, go dtí go ndéanfar forála comhréire faoin Acht seo.

[EN]

(11) San alt seo ciallaíonn “ráithe” aon cheann de na coda seo a leanas de bhliain, eadhon, an tréimhse dár tús an lú lá d'Eanáir, agus dár críoch an 24ú lá de Mhárta, an tréimhse dár tús an 25ú lá de Mhárta agus dár críoch an 30ú lá de Mheitheamh, an trí mhí dár tús an lú lá d'Iúil, agus an trí mhí dár tús an 1ú lá de Dheireadh Fómhair.

[EN]

(12) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Malairt úsáide.

2.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go bhfuil ceadúnas faoi alt 1 den Acht seo i bhfeidhm,

[EN]

(b) go n-úsáidtear an fheithicil i riocht nó ar shlí nó chun críche a bhéarfadh, dá n-úsáidtí í sa riocht nó ar an slí nó chun na críche sin amháin, go mbeadh an fheithicil inchurtha faoi dhleacht do réir ráta is airde ná an ráta ar dá réir a híocadh dleacht, agus

[EN]

(c) go bhfuil an fheithicil mar a húsáidtear amhlaidh í ina feithicil atá, ar gach slí eile, inchurtha faoi dhleacht do réir an ráta sin is airde,

[EN]

beidh dleacht inmhuirir ar an bhfeithicil do réir an ráta sin is airde.

[EN]

(2) Duine a úsáidfeas feithicil ar chuma go mbeidh dleacht inmhuirir do réir an ailt seo ar ráta is airde, beidh sé, murar híocadh dleacht ar an ráta sin is airde roimh thús na húsáide sin, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós máil fiche punt nó trí oiread na difríochta idir an dleacht a híocadh agus an dleacht ar an ráta sin is airde a chur air (pé acu sin is mó).

[EN]

(3) D'ainneoin aon fhorála contrártha dhó sin in aon achtachán a bhaineas le pionóis mháil a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm, féadfar aon phionós faoin alt seo a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm ar agra aon chomhalta den Gharda Síochána, agus sa chás sin beidh de chumhacht ag an gcúirt an pionós a laghdú go dtí pé suim is oiriúnach leis an gCúirt dá roghain féin, agus ní bheidh de chumhacht ag an údarás ceadúnúcháin an pionós a laghdú.

[EN]

(4) Aon tsuimeanna a híocfar isteach sa Stát-Chiste i leith pionós faoin alt seo, measfar, chun críche ailt 2 den Roads Act, 1920, gur faoin Acht sin a híocadh isteach sa Stát-Chiste iad.

[EN]

Feidhm an Roads Act, 1920.

3.—(1) Ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dá éis sin, beidh ag an Roads Act, 1920, arna leasú agus arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus ag na horduithe agus na rialacháin faoin Acht sin a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, feidhm i leith na ndleacht faoi alt 1 den Acht seo amhail mar bhí feidhm acu i leith na ndleacht faoi alt 13 den Finance Act, 1920, agus chun na críche sin déanfar tagairtí iontu d'aon fhoráil a bhaineas leis na dleachta deiridh sin d'fhorléiriú mar thagairtí don fhoráil chomhréire san Acht seo.

[EN]

(2) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanas difir don chumhacht chun na horduithe agus na rialacháin dá dtugtar feidhm leis an bhfo-alt sin a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Dleacht mháil i leith ceadúnas tiomána faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933

4.—(1) Muirearófar agus toibheofar ar gach duine, agus íocfaidh gach duine, a thógfas amach, an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, nó dá éis sin, ceadúnas tiomána faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), dleacht mháil phuint.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht faoin alt seo a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an gceadúnas a thógaint amach, agus is é an t-údarás ceadúnúcháin a bhaileos í agus is leo a híocfar í agus íocfaidh an t-údarás sin isteach sa Stát-Chiste í do réir pé treoracha a bhéarfas an tAire Airgeadais ó am go ham.

[EN]

(3) Chun an dleacht faoin alt seo a thobhach, beidh ag údarás ceadúnúcháin, laistigh dá gcontae nó dá gcontae-bhuirg, na cumhachta céanna, agus beidh orthu na dualgais agus na dliteanais chéanna, atá ag na Coimisinéirí Ioncaim agus a gcuid oifigeach agus orthu i leith dleacht máil, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hachtacháin a bhaineas le dleachta máil agus le pionóis i ndáil leo sin.

[EN]

(4) Aon tsuimeanna a híocfar isteach sa Stát-Chiste agus aon phionóis a gnóthófar de bhun an ailt seo, measfar, chun críche ailt 2 den Roads Act, 1920, gur faoin Acht sin a híocadh isteach sa Stát-Chiste iad.

[EN]

(5) Is dleacht in ionad na dleachta faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926), an dleacht faoin alt seo, agus scoirfear den chéad dleacht sin a mhuirearú amhail ón 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952.

[EN]

Méadú ar rátaí bliantúla dleacht máil i leith ceadúnas trádála.

5.—Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 15 den Finance Act, 1922 (a shonraíos na rátaí bliantúla dleacht máil i leith ceadúnas do mhonaróirí, deisitheoirí agus déileálaithe feithiclí inneallghluaiste), mar bheirtear feidhm dó le halt 3 den Acht seo agus d'ainneoin tearmaí an ailt sin, ach—

[EN]

(i) “thirty-seven pounds ten shillings” a chur in ionad “twenty-five pounds” i mír (a),

[EN]

(ii) “seven pounds ten shillings” a chur in ionad “five pounds” i mír (a) agus i mír (b), agus

[EN]

(iii) “one pound ten shillings” a chur in ionad “one pound” i mír (b).

[EN]

Gearrtheideal.

6.—Féadfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, a ghairm den Acht seo.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Dleachta Máil i leith Feithiclí Inneall-ghluaiste a hUsáodtear ar Bhóithre Poiblí.

Alt 1.

CUID I.

Tuairisc na Feithicle.

An Ráta Dleachta.

1. Feithiclí de na saghasanna seo a leanas nach mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach:

(a) rothair (nach rothair a tiomáintear le leictreachas) a bhfuil toille shorcórach a n-innill—

(i) gan bheith thar 75 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£1

(ii) thar 75 centiméadar ciúbach gan bheith thar 150 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£2

(iii) thar 150 centiméadar ciúbach gan bheith thar 200 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£3

(iv) thar 200 centiméadar ciúbach gan bheith thar 250 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£4 10s.

(v) thar 250 centiméadar ciúbach     ..

£6

(b) rothair a tiomáintear le leictreachas     ..     ..

£1 10s.

(c) rothair thrianacha (seachas rothair thrianacha nach ndearnadh ná nár hoiriúnaíodh lena n-úsáid, agus nach n-úsáidtear, chun tiománaí ná paisnéir d'iompar)     ..     ..

£8

(d) feithiclí le trí cinn nó níos mó de rotha nach ndearnadh ná nár hoiriúnaíodh lena n-úsáid, agus nach n-úsáidtear, chun tiománaí ná paisnéir d'iompar     ..     ..

£6

maraon le dleacht bhreise, i gcás rothair a húsáidtear chun leantóir nó taobhcharr a tharraingt, arb é a méid     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£2

2. Feithiclí (lena n-áirítear aon rothar lena ngabhann ceanglas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil), nach mó ná cúig cmn. a meáchan gan ualach, a hoiriúnaíodh agus a húsáidtear le haghaidh othar     ..

5s.

3. (a) Tramanna     ..     ..     ..     ..     ..

15s.

(b) Feithiclí a húsáidtear mar fheithiclí móra seirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), agus ina bhfuil—

(i) cóiríocht shuite do bhreis is 6 dhuine, agus do 14 duine ar a mhéid     ..     ..     ..     ..

£56

(ii) cóiríocht shuite do bhreis is 14 dhuine, agus do 20 duine ar a mhéid     ..     ..     ..     ..

£80

(iii) cóiríocht shuite do bhreis is 20 duine, agus do 26 dhuine ar a

..

mhéid     ..     ..     ..     ..

£104

(iv) cóiríocht shuite do bhreis is 26 dhuine, agus do 32 dhuine ar a mhéid     ..     ..     ..     ..

£128

(v) cóiríocht shuite do 33 dhuine nó níos mó     ..     ..     ..     ..

£4 an duine.

4. Feithiclí de na saghsanna seo a leanas:

(a) feithiclí a ceapadh, a rinneadh agus a húsáidtear chun claiseanna a ghearradh nó le haghaidh aon tsórt tochailte nó oibre sluaisteála, agus—

(i) nach n-úsáidtear ar bhoithre poiblí ach chun na críche sin amháin nó chun taisteal go dtí an áit, agus ón áit, ina bhfuilid le húsáid amhlaidh; agus

(ii) nach ndéanann, le linn an taistil sin, aon ualach d'iompar ná a tharraingt ach mar is riachtanach chun iad a thiomáint nó a threalmhú     ..     ..     ..     ..

5s.

(b) gluais-innill treafa, innill eile talmhaiochta agus tarraicirí, nach innill ná tarraicirí a húsáidtear ar bhóithre chun rudaí a tharraingt seachas a bhfearas riachtanach féin, córacha buailte arbhair, uirlisí feirmeoireachta, nó soláthairtí breosla nó uisce is gá chun críocha na feithicle nó chun críocha talmhaíochta     ..     ..

5s.

(c) tarraicirí (seachas tarraicirí arb inmhuirir dleacht 5s. ina leith) a húsáidtear chun tarraingt a dhéanamh i ndáil le talmhaíocht, agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile     ..     ..     ..     ..

£8

(d) tarraicirí d'aon tsaghas eile—

(i) nach mó ná 7¼ dtonna a meáchan gan ualach     ..     ..     ..

£31 10s.

(ii) ar mó ná 7¼ dtonna, ach nach mó ná 8 dtonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£37 10s.

(iii) ar mó ná 8 dtonna, ach nach mó ná 12 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£42

(iv) ar mó ná 12 thonna a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£45

5. Feithiclí (lena n-áirítear rothair thrianacha ar mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach) a rinneadh nó a hoiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a húsáidtear, chun earraí nó ualaigh d'aon tsaghas eile d'iompar i gcúrsa trádála nó gnótha (lena n-áirítear talmhaíocht agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás áitiúil nó údarás poiblí);

(a) is feithiclí a tiomáintear le leictreachas agus nach mó ná 25 cmn. a meáchan gan ualach

£10

(b) is feithiclí nach feithiclí mar luaitear thuas a tiomáintear le leictreachas—

(i) nach mó ná 12 cmn. a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£15

(ii) ar mó ná 12 cmn., ach nach mó ná 16 cmn., a meáchan gan ualach     ..

£20

(iii) ar mó ná 16 cmn., ach nach mó ná tonna, a meáchan gan ualach     ..

£24

(iv) ar mó ná tonna, ach nach mó ná

2 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£30 móide £4 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar thonna.

(v) ar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná

3 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£46 móide £6 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meách. ain gan ualach, de bhreis ar 2 thonna.

(vi) ar mó ná 3 thonna, ach nach mó ná

4 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£70 móide £8 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 3 thonna.

(vii) ar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, a meáchan gan

ualach     ..     ..     ..     ..

£102 móide £10 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 4 thonna.

(viii) ar mó ná 5 thonna, ach nach mó ná

6 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£145 móide £15 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 5 thonna.

(ix) ar mó ná 6 thonna, ach nach mó ná

7 dtonna, a meáchan gan ualach     ..

£205 móide £20 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 6 thonna.

(x) ar mó ná 7 dtonna, ach nach mó ná

8 dtonna, a meáchan gan ualach     ..

£285 móide £25 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 7 dtonna.

(xi) ar mó ná 8 dtonna, ach nach mó ná

9 dtonna, a meáchan gan ualach     ..

£385 móide £30 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 8 dtonna.

(xii) ar mó ná 9 dtonna a meáchan gan

ualach     ..     ..     ..     ..

£505 móide £50 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 9 dtonna.

agus ina theannta sin, i gcás aon fheithicle a húsáidtear chun leantóir a tharraingt, dleacht bhreise mar leanas:—

(I) ar fheithicil nach mó ná 2 thonna a meáchan gan ualach     ..     ..

£14

(II) ar fheithicil ar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná 3 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£18

(III) ar fheithicil ar mó ná 3 thonna, ach nach mó ná 4 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..

£24

(IV) ar fheithicil ar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..

£32

(V) ar fheithicil ar mó ná 5 thonna, ach nach mó ná 6 thonna, a meáchan     ..     ..     ..     ..

£42

(VI) ar fheithicil ar mó ná 6 thonna a meáchan gan ualach     ..     ..

£54

6. Feithiclí seachas na cinn ar a muirearaítear dleacht faoi na forála sin roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo:

(a) aon fheithicil a gcruthófar ina leith chun sástachta an Aire Rialtais Áitiúil go bhfuil seachtó agus cúig faoin gcéad de chostas táirgthe na feithicle nó innill na feithicle inchurtha i leith obair mhonaruithe a rinneadh sa Stát ar an bhfeithicil nó ar an inneall nó i ndáil leo     ..     ..

£10

(b) aon fheithicil a húsáidtear mar fheithicil sheirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), agus a bhí cláraithe, an 21ú lá d'Aibreán, 1926, mar charráiste tuarastail do réir bhrí ailt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus a bhfuil a hinneall ar aon-tsonraíocht agus ar aon-dearadh le haon chineál innill atá, de thuras na huaire, i dteideal tairbhe fho-mhíre (a) den mhír seo     ..     ..     ..     ..     ..

£12

(c) aon fheithicil a rinneadh nó a hoiriúnaíodh lena húsáid, agus a húsáidtear d'aonfheidhm, chun inneall, ceardlann, feist nó gléas d'iompar agus nach n-úsáidtear chun aon ualach d'iompar ach amháin earraí a húsáidtear i ndáil leis an inneall, an cheardlann, an fheist nó an gléas sin nó earraí a próisíodh nó a monaraíodh inti—

mura bhfuil thar 8 n-each-chumhacht inti nó más le leictreachas a tiomáintear í

£8

má tá thar 8 n-each-chumhacht inti     ..

£1 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta.

(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

feithiclí nach bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..     ..     ..     ..

£13

feithiclí a bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu     ..     ..

£14 10s.

feithiclí a bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 10 n-each-chumhacht iontu     ..     ..

£16 10s.

feithiclí a bhfuil thar 10 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 11 each-chumhacht iontu     ..     ..     ..

£19 10s.

feithiclí a bhfuil thar 11 each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 12 each-chumhacht iontu     ..     ..     ..

£22

feithiclí thar 12 each-chumhacht     ..

£22 móide £2 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta, de bhreis ar 12 each-chumhacht.

Cuid II.

1. (1) I gCuid 1 den Sceideal seo—

folaíonn “rothar” mótar-scinneán agus rothar lena ngabhann ceanglas chun í a thiomáint le cumhacht mheicniúil;

folaíonn “rothar trianach” mótar-scinneán agus rothar trianach lena ngabhann ceanglas chun í a thiomáint le cumhacht mheicniúil.

(2) Ní measfar feithicil a bheith á tiomáint le leictreachas, do réir bhrí Coda I den Sceideal seo, muran ó fhoinse éigin lasmuigh den fheithicil, nó ó achadhnra leictreachais nach bhfuil i gceangal le haon fhoinse chumhachta le linn don fheithicil bheith ag gluaiseacht, a thagas an chumhacht leictreachais tiomána.

(3) I gcás feithicle (dá ngairmtear sa bhfo-mhír seo an fheithicil chéad-luaite) a bhfuil feithicil eile, nó ceanglas i bhfoirm feithicle, ag gabháil léi agus forshuite go páirteach anuas uirthi, measfar chun críche Coda I den Sceideal seo gurb aon fhoithicil amháin an fheithicil chéad-luaite agus an fheithicil eile nó an ceanglas, agus ní measfar gur tarraicire ná feithicil atá ag tarraingt leantóra an fheithicil chéad-luaite de thoisc amháin an fheithicil eile nó an ceanglas a bheith ag gabháil léi.

2. Chun críche míre 3 de Chuid I den Sceideal seo, ní fholaíonn cóiríocht shuite feithicle an suíochán nó an spás do thiománaí na feithicle.

3. Más rud é, mura mbeadh an mhír seo, go mbainfeadh fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal seo le feithicil, ní bhainfidh an fho-mhír sin léi (agus dá réir sin bainfidh fo-mhír (d) den mhír sin léi) mura dtabharfaidh an té a bheas ag tógaint an cheadúnais amach cruthúnas chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin—

(a) gurb í an fheirmeoireacht is aon-ghnó nó is príomhghnó aige, agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach ó am go ham agus chun na gcríocha seo amháin—

(i) chun toradh a fheirme agus earraí a tharraingt is gá le haghaidh na feirme, lena n-áirítear an teach feirme agus na foirgintí feirme, ach gan tarraingt bhreosla d'áireamh más mar earra le díol a hiompraítear é, nó

(ii) chun earraí den chineál chéanna a tharraingt le haghaidh feirmeora eile, ar choinníoll nach ar luaíocht a tarraingtear na hearraí sin, nó

(b) gur conraitheoir é a fostaíodh chun obair thalmhaíochta a dhéanamh ar fheirm agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach chun earraí a tharraingt a theastaíonn uaidh chun an obair sin a dhéanamh.

4. Maidir le feithicil lena mbaineann mír 5 de Chuid I den Sceideal seo, agus—

(a) más feithicil a tiomáintear le leictreachas í, ar mó ná tonna agus ceathrú ach nach mó ná tonna go leith a meáchan gan ualach, agus, más feithicil d'aon tsaghas eile í, ar mó ná tonna ach nach mó ná tonna go leith a meáchan gan ualach, agus

(b) a gcruthófar ina leith chun sástachta an Aire Tionscail agus Tráchtála go ndearnadh oiread cóimeála ar an fheithicil sin sa Stát agus a bhí, agus go ndearnadh sin ar chuma a bhí, chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, agus gur cóimeáladh amhlaidh í roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1936, nó gur cóimeáladh amhlaidh í, go hiomlán nó an oiread agus a bhí chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, as comhpháirteanna a monaraíodh sa Stát,

laghdófar £10 an ráta bliantúil dleachta.

5. (1) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo agus a húsáidtear mar fheithicil bheag sheirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhoithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, agus a bhfuil thar 20 each-chumhacht inti, ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith na heach-chumhachta de bhreis ar 20 each-chumhacht.

(2) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo agus a bhfuil thar 10 n-each-chumhacht inti agus taximhéadar feistithe uirthi agus a húsáidtear go dleathach mar fheithicil sheirbhíse sráide do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), nó chun críocha a ghabhas leis an úsáid sin, agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith na heach-chumhachta de bhreis ar 10 n-each-chumhacht.

(3) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo, má cruthaítear chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin gur roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1913, a rinneadh a hinneall, laghdófar fiche agus cúig faoin gcéad an ráta bliantúil dleachta.

(4) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo, agus—

(a) a bhfuil thar 16 each-chumhacht inti, agus

(b) a gcruthófar ina leith chun sástachta an Aire Tionscail agus Tráchtála go ndearnadh oiread cóimeála ar an fheithicil sin sa Stát agus a bhí, agus go ndearnadh sin ar chuma a bhí, chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, agus gur cóimeáladh amhlaidh í roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1936, nó gur cóimeáladh amhlaidh í, go hiomlán nó an oiread agus a bhí chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, as comhpháirteanna a monaraíodh sa Stát,

ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith each-chumhachta na feithicle sin de bhreis ar 16 each-chumhacht.

(5) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo agus a húsáidtear mar chróchar agus nach n-úsáidtear chun aon críche eile agus a bhfuil thar 12 each-chumhacht inti, ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith na heach-chumhachta de bhreis ar 12 each-chumhacht.