[EN]

Uimhir 24 de 1953.


[EN]

ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ TUARASTAIL AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH. [12ú Lúnasa, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Tuarastal an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a mhéadú.

1.—Méadófar go dtí dhá mhíle ceithre chéad punt sa bhliain an tuarastal is iníoctha leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 (Uimh. 1 de 1923), arna leasú le halt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947 (Uimh. 19 de 1947.)

[EN]

Dámhachtaint aoisliúntais don duine a bhí ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 1ú Aibreán, 1953.

2.—Más rud é, i gcás an duine a bhí ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an lú lá d'Aibreán, 1953, go ndeonfar, de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 (Uimh. 19 de 1944), dámhachtaint faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947, is do réir an tuarastail a ceaptar le halt 1 den Acht seo a déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchta sin, aon ríomh chun críocha na dámhachtana.

[EN]

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

3.—(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1953, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

[EN]

(3) Féadfar Achta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1953, a ghairm d'Achta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1947, agus den Acht seo le chéile.