Uimhir 25 de 1927.
ACHT NA nDOCHTÍIRÍ LEIGHIS, 1927.
[28adh Bealtaine, 1927.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an focal “an Chomhairle” Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis a bunuítear leis an Acht so;
cialluíonn an focal “an clár” an Clár de Dhochtúirí Leighis do Shaorstát Éireann atá le bunú fén Acht so;
cialluíonn an focal “an Chomhairle Ghenerálta” an General Council of Medical Education and Registration in the United Kingdom mar a bunuítear í fé sna hAchtanna Dochtúireachta mar a hatharuítear iad leis an gCó-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;
cialluíonn an focal “an Clár Generálta” an clár de dhochtúirí leighis a cimeádtar ar bun fé sna hAchtanna Dochtúireachta;
cialluíonn an focal “dochtúir leighis cláruithe” maidir le héinní a dineadh no atá le déanamh no le ní do thuitim amach roimh bhunú an chláir duine atá cláruithe sa Chlár Ghenerálta agus cialluíonn sé maidir le héinní a bheidh déanta no le déanamh no le ní do thuitim amach tar éis bunú an chláir duine a bheidh cláruithe sa chlár;
cialluíonn an focal “teisteas tástála” ceann de sna teistisí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;
cialluíonn an focal “scrúdú tástála” scrúdú i leigheas, i máinliaghacht, agus i liaghacht luighe seola, a dintar i Saorstát Éireann chun teisteas tástála do dheona;
cialluíonn agus foluíonn an focal “tiarnas féin-rialach” Tiarnas Chanada, an Astráil, Tiarnas Zéalann Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Tír an Eisc;
ní fholuíonn an focal “sealbhachas Briotáineach” an Bhreatain Mhór ná Tuaisceart Éireann ná na tiarnaisí féin-rialacha.
An Có-aontú do dhaingniú agus leasuithe ar an dlí dá dhruim.
2.—(1) Daingnítear leis seo an Có-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ragha sé in éifeacht ar pé dáta is déanaí acu so a leanas, sé sin le rá, dáta rithte an Achta so agus an dáta ar a ndéanfidh Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann reachtúchán do rith mar dhlí chun éifeacht reachtúil do thabhairt don Chó-aontú san.
(2) Chun go mbeadh éifeacht reachtúil ag an gCó-aontú san i Saorstát Éireann, achtuítear leis seo:—
(a) ar bheith rithte don Acht so go raghaidh an tAcht Dochtúireachta, 1925 (Uimh. 2 de 1925), in éag d'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá san Acht san no in aon Acht eile,
(b) sa mhéid go bhfuil a théarmaí buiniscionn leis na hAchtanna Dochtúireachta, go dtuigfar go ndineann an Có-aontú san leasú no atharú so mhéid sin ar na hAchtanna san, agus go ndintar leis seo na hAchtanna san do leasú agus d'atharú dá réir sin,
(c) go mbeidh agus go leanfidh na hAchtanna Dochtúireachta, agus iad leasuithe no atharuithe amhlaidh, i bhfeidhm i Saorstát Éireann sa mhéid go bhforáltar amhlaidh leis an gCó-aontú san no gur gá san chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCó-aontú san i Saorstát Éireann,
(d) go scuirfidh na hAchtanna Dochtúireachta, ach amháin sa mhéid go n-achtuítear a mhalairt sa mhír sin roimhe seo, d'éifeacht do bheith acu ar an dáta go dtugtar dáta bunú an chláir mar mhíniú air san Acht so.
Có-dhéanamh Comhairle Clárathachta na nDochtúirí Leighis.
3.—(1) Déanfar comhairle dá ngairmfar Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis (dá ngairmtear an Chomhairle san Acht so) do bhunú do réir an Achta so chun na feidhmeanna a ceaptar di leis an Acht so do chólíona.
(2) Beidh an Chomhairle ina cólucht corparáideach agus síorchomharbas aici agus féadfa sí séala do sholáthar di féin agus féadfa sí dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí léi fén ainm sin a gairmfar di.
(3) Beidh an Chomhairle có-dhéanta d'aon bhall déag a hainmneofar no a toghfar o am go ham mar leanas, sé sin le rá:—
(a) ainmneofar beirt ag an Ard-Chomhairle,
(b) ainmneofar éinne amháin ag gach ceann fé leith de sna cóluchtaí seo a leanas, sé sin le rá, Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, Coláiste na Príomh-Scoile, Gaillimh, Príomh-Scoil Bhaile Atha Cliath, Halla Poitigéirí na hÉireann, Coláiste Ríoga na Máinleagha in Éirinn, agus Coláiste Ríoga Leagha na hÉireann, agus
(c) toghfar beirt ag na daoine bheidh de thurus na huaire ina ndochtúirí leighis cláruithe ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, beirt a bheidh ina ndochtúirí leighis cláruithe ina gcomhnaí i Saorstát Éireann (agus dá ngairmtear gar-ionadaithe san Acht so).
Téarma oifige baill den Chomhairle.
4.—(1) Fé réir na bhforálacha den alt so i dtaobh daoine a toghfar no a hainmneofar chun foth-fholúntaisí, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do beidh gach ball den Chomhairle i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san ar feadh téarma cúig mblian a háireofar, i gcás na gcéad bhall, o bhunú na Comhairle agus, i gcás gach baill ina dhiaidh sin, ón am a bheidh téarma oifige an té a bhí roimhe caithte.
(2) Ball den Chomhairle a toghfar no a hainmneofar chun foth-fholúntais sa Chomhairle, beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.
(3) Nuair a bheidh deire le n-a bhallraíocht tré imeacht aimsire beidh gach ball den Chomhairle ion-aththoghtha no ionathainmnithe.
Eirghe as agus teacht fé dhícháilíocht do bhaill den Chomhairle.
5.—(1) Féadfidh ball den Chomhairle aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun Uachtaráin na Comhairle no, má bhíonn oifig an Uachtaráin sin folamh, chun na Comhairle agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Chomhairle a thosnóidh tar éis an t-eirghe-as san d'fháil don Uachtarán no don Chomhairle (pe'ca aca é).
(2) Gach gar-ionadaí agus gach duine a toghfar, ar theacht d'fhoth-fholúntas, chun áit gar-ionadaí do líona, beidh sé, ar scur do de bheith ina dhochtúir leighis cláruithe ina chomhnaí i Saorstát Éireann, dí-cháilithe láithreach o leanúint de bheith ina bhall den Chomhairle.
Fothfholúntaisí sa Chomhairle.
6.—(1) Pé uair a thiocfidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall den Chomhairle nách gar-ionadaí, cuirfidh an Chomhairle in úil láithreach don údarás no don chólucht d'ainmnigh an ball san go bhfuil an folúntas san tar éis teacht agus déanfidh an t-údarás no an cólucht san, chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin, duine d'ainmniú chun an fholúntais sin.
(2) Pé uair a thiocfidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do ghar-ionadaí no do dhuine a toghadh fén Acht so chun áit gar-ionadaí do líona, déanfidh na daoine a bheidh de thurus na huaire ina ndochtúirí leighis cláruithe ina gcomhnaí i Saorstát Éireann dochtúir leighis cláruithe ina chomhnaí i Saorstát Éireann do thogha chun an fholúntais sin.
Uachtarán na Comhairle.
7.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle duine dá baill do thogha o am go ham fé mar is gá é chun bheith ina Uachtarán ar an gComhairle.
(2) Beidh gach Uachtarán den Chomhairle i seilbh oifige mar Uachtarán den tsórt san o dháta a thoghtha chun na hoifige sin go dtí go dtárlóidh pé ní acu so a leanas is túisce a thárlóidh, sé sin le rá:—
(a) a théarma oifige mar bhall den Chomhairle do bheith caithte,
(b) a scur de bheith ina bhall den Chomhairle ar aon tslí eile seachas tré n-a théarma oifige do bheith caithte,
(c) a eirghe as oifig Uachtaráin na Comhairle.
(3) Féadfidh Uachtarán na Comhairle aon uair eirghe as a oifig mar Uachtarán den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun na Comhairle agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Chomhairle a thosnóidh tar éis an t-eirghe-as san d'fháil don Chomhairle.
Bunú na Comhairle.
8.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so cuirfidh an tAire beirt ghar-ionadaithe á dtogha chun bheith ina mbaill den Chomhairle agus fós cuirfe sé chun gach údaráis agus cóluchta (lasmuich den Ard-Chomhairle) 'na bhfuil teideal acu fén Acht so ball den Chomhairle d'ainmniú fógra i scríbhinn á iarraidh ar an údarás no ar an gcólucht san ball den Chomhairle d'ainmniú.
(2) Nuair a bheidh an togha san na beirte gar-ionadaithe sin críochnuithe no i gceann mí o chur-amach an fhógra a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo (pe'ca aca is déanaí a thárlóidh) cuirfidh an tAire in úil don Ard-Chomhairle ainmneacha na beirte gar-ionadaithe a toghadh amhlaidh agus ainmneacha na mball den Chomhairle do hainmníodh ag údaráis agus cóluchtaí seachas an Ard-Chomhairle agus san am gcéanna iarrfa sé ar an Ard-Chomhairle beirt bhall den Chomhairle d'ainmniú.
(3) Nuair a bheidh beirt bhall den Chomhairle ainmnithe ag an Ard-Chomhairle do réir an iarratais sin foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra á fhaisnéis go bhfuil an Chomhairle bunuithe ar dháta agus o dháta a luadhfar sa bhfógra san agus ag luadh ainmneacha na ndaoine a toghadh agus a hainmníodh do réir an ailt seo chun bheith ina mbaill den Chomhairle.
(4) Aon údarás no cólucht (seachas an Ard-Chomhairle) go bhfuil teideal acu fén Acht so ball den Chomhairle d'ainmniú, má theipeann ortha san do dhéanamh sara bhfoillsítear san Iris Oifigiúil an fógra a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, luadhfar an teip sin sa bhfógra san ach ní dhéanfidh an teip sin bunú na Comhairle nea-dhleathach ná ní dhéanfa sé dochar don bhunú san ná ní fhágfa sé an t-údarás no an cólucht san gan teideal do bheith acu chun ball den Chomhairle d'ainmniú ina dhiaidh sin.
(5) An dáta bheidh le luadh sa bhfógra san a foillseofar san Iris Oifigiúil mar dháta chun an Chomhairle do bhunú, beidh sé i ndiaidh ach ní bheidh sé níos mó ná deich lá i ndiaidh foillsiú an fhógra san agus déanfar gach tagairt san Acht so do bhunú na Comhairle mar phonc aimsire do léiriú mar thagairt don dáta a luadhfar amhlaidh so bhfógra san.
Cead chruinniú ná Comhairle.
9.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis bunú na Comhairle déanfidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn do chur tríd an bpost go dtí gach ball den Chomhairle, am agus áit do cheapa do chéad chruinniú na Comhairle.
(2) Tiocfidh an Chomhairle le chéile san am agus san áit a ceapfar fen alt so dá céad chruinniú agus leis sin tosnóidh sí ar a dualgaisí fén Acht so do chólíona agus go sonnrách cromfa sí, ag an gcruinniú san no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, ar an gclár do bhunú.
Baill ainmnithe na Comhairle d'ainmniú.
10.—(1) Dhá mhí ar a mhéid no mí ar a laighead roimh gach deire bheidh le téarma oifige na mball ainmnithe den Chomhairle, cuirfidh an Chomhairle, chun gach údaráis agus cóluchta 'na bhfuil teideal acu fén Acht so ball den Chomhairle d'ainmniú, leitir ag cur dáta an deire sin in úil don údarás no don chólucht san agus á iarraidh ar an údarás no ar an gcólucht san duine d'ainmniú chun teacht chun bheith agus chun bheith ina bhall den Chomhairle sin ar theacht don deire sin.
(2) Déanfidh gach údarás no cólucht a bheidh ag ainmniú baill den Chomhairle ainm an té a hainmneoidh sé amhlaidh do chur in úil i scríbhinn don Aire, más roimh bhunú na Comhairle a déanfar an t-ainmniú, agus don Chomhairle, más tar éis bunú na Comhairle a déanfar an t-ainmniú, agus ní bheidh aon ainmniú den tsórt san iomlán go dtí go mbeidh ainm an té a hainmneofar curtha in úil don Aire no don Chomhairle (pe'ca aca é) amhlaidh ag an gcólucht no ag an údarás a bheidh ag déanamh an ainmnithe sin.
Toghacháin gharionadaithe.
11.—(1) Isé bheidh mar cheann chomhrimh i gcóir an toghacháin do ghar-ionadaithe is gá do réir an Achta so a bheith ann roimh bhunú na Comhairle ná oifigeach don Aire a cheapfidh an tAire chuige sin.
(2) Trí mhí ar a mhéid no dhá mhí ar a laighead roimh gach deire bheidh le téarma oifige na ngar-ionadaithe ceapfidh an Chomhairle Uachtarán na Comhairle má bhíonn sé toilteanach ar ghníomhú no, mara mbeidh sé toilteanach air, ball éigin eile den Chomhairle a bheidh toilteanach ar ghníomhú, chun bheith mar cheann chomhrimh i gcóir toghacháin chun beirt do thogha chun teacht chun bheith agus chun bheith ina ngar-ionadaithe ar theacht don deire sin.
(3) Díreach tar éis a cheaptha déanfidh gach ceann comhrimh a cheapfidh an Chomhairle fén alt so toghachán do chomóra do réir an Achta so chun beirt ghar-ionadaithe do thogha agus déanfa sé an toghachán san do chomóra agus do stiúrú i slí is go mbeidh sé críochnuithe roimh thosach téarma oifige na ngarionadaithe a toghfar sa toghachán san.
(4) Stiúrófar gach toghachán gar-ionadaithe do réir na Rialacha atá curtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir pé Rialacha eile (más ann dóibh) ná beidh buiniscionn leo-san agus is dó leis an Aire is ceart do dhéanamh.
(5) Gach ceann comhrimh den tsórt san a cheapfidh an Chomhairle fén alt so déanfa sé, díreach tar éis críochnú an toghacháin dar ceapadh amhlaidh é, ainmneacha na ngar-ionadaithe a toghadh sa toghachán san agus pé eolas eile, i dtaobh an toghacháin sin, a hordófar le rialacháin a bheidh déanta ag an gComhairle do chur in úil don Chomhairle i scríbhinn.
(6) Beidh ag an gceann comhrimh i gcóir an toghacháin do ghar-ionadaithe a comórfar roimh bhunú na Comhairle teideal chun congnamh pé daoine a ordóidh an tAire agus beidh ag an gceann comhrimh i gcóir gach toghacháin den tsórt san ina dhiaidh sin teideal chun congnamh oifigeacha agus seirbhíseacha na Comhairle.
Toghacháin chun fothfholúntaisí do líona.
12.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis foth-fholúntas do theacht i mballraíocht na Comhairle tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do ghar-ionadaí no do dhuine do toghadh fén Acht so chun áit ghar-ionadaí do líona, ceapfidh an Chomhairle Uachtarán na Comhairle má bhíonn sé toilteanach ar ghníomhú no, mara mbeidh sé toilteanach air, ball éigin eile den Chomhairle a bheidh toilteanach ar ghníomhú, chun bheith mar cheann chomhrimh i gcóir an toghacháin chun duine do thogha chun an fholúntais sin.
(2) Díreach tar éis a cheaptha déanfidh gach ceann comhrimh a ceapfar fén alt so toghachán do chomóra do réir an Achta so chun an folúntas do líona ba chúis le n-a cheapa agus stiúrófar gach toghachán den tsórt san do réir na Rialacha atá curtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir pé Rialacha eile (más ann dóibh) ná beidh buiniscionn leo-san agus is dó leis an Aire is ceart do dhéanamh.
(3) Gach ceann comhrimh a ceapfar fén alt so déanfa sé, díreach tar éis críochnú an toghacháin dar ceapadh é, ainm an té a toghadh sa toghachán san agus pé eolas eile, i dtaobh an toghacháin sin, a hordófar le rialacháin a bheidh déanta ag an gComhairle do chur in úil don Chomhairle i scríbhinn.
(4) Beidh ag gach ceann comhrimh a ceapfar fén alt so teideal chun congnamh oifigeacha agus seirbhíseacha na Comhairle i gcomóra an toghacháin dar ceapadh é.
Cruinnithe agus nós-imeachta na Comhairle
13.—(1) Socróidh an Chomhairle amannta agus áiteanna a cruinnithe agus comórfar gach cruinniú den Chomhairle tar éis a céad chruinnithe san am agus san áit a socrófar amhlaidh.
(2) Is do réir na rialachán a dhéanfidh an Chomhairle chuige sin fén Acht so a stiúrófar nós-imeachta na Comhairle ag á cruinnithe agus uile.
(3) Trian de bhaill na Comhairle a bheidh mar quorum.
(4) Gach socrú a bheidh le déanamh ag an gComhairle ag aon chruinniú a bheidh aici is le móráireamh de sna baill den Chomhairle a bheidh láithreach ag an gcruinniú san agus a vótálfidh ar an socrú isea a déanfar é.
(5) Gníomhóidh Uachtarán na Comhairle mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Chomhairle ag á mbeidh sé láithreach agus má bhíonn an tUachtarán as láthair o aon chruinniú den tsórt san déanfidh na baill den Chomhairle a bheidh láithreach ag an gcruinniú san duine acu féin do thogha chun bheith mar chathaoirleach ar an gcruinniú san.
(6) Pé uair a thárlóidh ag cruinniú den Chomhairle, maidir le vótanna na mball den Chomhairle a bheidh láithreach agus a vótálfidh, gur có-ionann an méid díobh a tabharfar i bhfabhar agus an méid díobh a tabharfar i gcoinnibh tairisgeana no rúin. beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin i dteanta a vóta mar bhall den Chomhairle.
(7) Féadfidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith ina ballraíocht.
Oifigigh agus seirbhísigh na Comhairle.
14.—(1) Ceapfidh an Chomhairle clárathóir (dá ngairmtear an clárathóir san Acht so) agus féadfa sí pé oifigigh agus seirbhísigh eile is dó léi is ceart do cheapa.
(2) Gheobhaidh an clárathóir agus gach oifigeach agus seirbhíseach eile don Chomhairle pé luach saothair agus beid fé réir pé coiníollacha seirbhíse a shocróidh an Chomhairle le haontú an Aire agus le toiliú an Aire Airgid.
Dualgaisí an chlárathóra.
15.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an gclárathóir an clár do chimeád agus pé iontrála agus scrios amach do dhéanamh ann go n-ordóidh an Chomhairle dho le rialacháin a déanfar fén Acht so iad do dhéanamh ann agus chuige sin féadfidh an Chomhairle leis na rialacháin sin comhachta agus dualgaisí na Comhairle fén Acht so maidir leis an gclár do leigint chun an chlárathóra, pé cinn acu a bhaineann le riarachán agus nách gá aon discréid chun iad d'fheidhmiú no a húdaruítear leis an Acht so a leigint chuige amhlaidh.
(2) Gníomhóidh an clárathóir fós mar rúnaí don Chomhairle agus cólíonfa sé pé dualgaisí eile agus go sonnrách pé dualgaisí maidir le hullamhú, le clóbhuala, le foillsiú agus le díol an chláir de dhochtúirí leighis a ordóidh an Chomhairle.
Cuntaisí na Comhairle agus a n-iniúcha.
16.—(1) Cimeádfidh an Chomhairle, i pé fuirm a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar gach airgead a gheobhaidh no a chaithfidh an Chomhairle.
(2) Iniúchfar cuntaisí na Comhairle uair amháin ar a laighead gach bliain ag iniúchóir a cheapfidh an tAire chuige sin agus isé an tAire a shocróidh táillí an iniúchóra san agus isí an Chomhairle a íocfidh na táillí sin agus fós costaisí generálta an iniúchta san.
(3) Chó luath agus is féidir é tar éis gach iniúchta fén alt so ar chuntaisí na Comhairle cuirfidh an Chomhairle fé ndeár na cuntaisí sin agus deimhniú agus tuairisc an iniúchóra ortha do chlóbhuala, d'fhoillsiú, agus do chur ar díol tré n-a gcur isteach san imleabhar ina mbeidh an clár de dhochtúirí leighis no mar imleabhar fé leith agus díreach tar éis gach foillsithe den tsórt san tíolacfa sí don Aire agus do gach Tigh den Oireachtas cóip de sna cuntaisí sin agus den deimhniú agus den tuairisc sin ortha mar a bheid clóbhuailte agus foillsithe amhlaidh.
Táillí do bhaill na Comhairle ar son bheith láithreach ag cruinnithe.
17.—Iocfidh an Chomhairle le baill na Comhairle táillí ar son bheith láithreach ag á cruinnithe agus costaisí taistil i dtaobh teacht i láthair amhlaidh, pé táillí agus costaisí a shocróidh an Chomhairle le haontú an Aire agus le toiliú an Aire Airgid.
Costaisí na Comhairle agus an Aire.
18.—(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Chomhairle i bhfeidhmiú an Achta so go ceann bliana tar éis bunú an chláir.
(2) Isí an Chomhairle a íocfidh, amach as a cuid airgid féin, gach costas fé n-a raghaidh an Chomhairle tar éis bliana tar éis bunú an chláir.
(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire i bhfeidhmiú an Achta so.
An Chomhairle do dhéanamh rialachán.
19.—Féadfidh an Chomhairle, le rialacháin a dhéanfa sí, gach ní no éinní acu so a leanas d'ordú, sé sin le rá:—
(a) an nós-imeachta a leanfidh an Chomhairle ag á cruinnithe agus uile,
(b) na cuntaisí a bheidh le tabhairt don Chomhairle, maidir le toghacháin ghar-ionadaithe no le toghacháin daoine chun foth-fholúntaisí, ag cinn chomhrimh na dtoghachán san,
(c) an clár do choinneáil ar siúl agus do chimeád go generálta agus, le haontú an Aire, fuirm an chláir,
(d) an fhuirm agus an modh ar a n-iarrfar go ndeanfí clárú sa chlár agus an fhianaise bheidh le tabhairt, le linn an iarratais sin, ar theideal an iarratasóra chun a chláruithe amhlaidh,
(e) an fhuirm agus an modh ar a n-iarrfar go n-iontrálfí cáilíochta breise sa chlár agus an fhianaise bheidh le tabhairt ar na cáilíochta san do bheith ag an iarratasóir,
(f) fé réir forálacha an Achta so, na táillí a bheidh le n-íoc ar son daoine do chlárú agus cáilíochta breise d'iontráil sa chlár,
(g) an clár de dhochtúirí leighis d'ullamhú, do chlóbhuala, d'fhoillsiú, agus do dhíol go generálta agus, le haontú an Aire, fuirm an chláir de dhochtúirí leighis,
(h) stiúrú fiosrúchán agus nós-imeachta fiosrúchán ar iompar daoine cláruithe adeirtar a bheith ciontach in iompar náireach maidir le n-a ngairm,
(i) sa mhéid go n-údaruítear é leis an Acht so, comhachta agus dualgaisí na Comhairle maidir leis an gclár do leigint chun an chlárathóra,
(j) éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a bheidh orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfidh an Chomhairle agus ná luaidhtear anso roimhe seo go soiléir.
An Ard-Chomhairle d'fheidhmiú feidhmeanna na Comhairle.
20.—(1) Más deimhin leis an Ard-Chomhairle aon uair, tar éis pé fiosrúchán is oiriúnach leis an Ard-Chomhairle do dhéanamh no gan fiosrúchán den tsórt san do dhéanamh, gur theip ar an gComhairle ar aon ócáid éinní no aon rud do dhéanamh a húdaruítear don Chomhairle no a ceangailtear uirthi, leis an Acht so, do dhéanamh agus 'na raibh a dhéanamh ag an gComhairle ar an ócáid sin riachtanach no oiriúnach, dar leis an Ard-Chomhairle, chun na feidhmeanna no na dualgaisí a bronntar no a forchuirtar ar an gComhairle leis an Acht so d'fheidhmiú sa cheart, féadfidh an Ard-Chomhairle, le ordú, a ordú don Chomhairle an ní no an rud san do dhéanamh agus, chun na críche sin, pé nithe no rudaí eile do dhéanamh a chabhruíonn no a bhaineann leis sin agus a luadhfar san ordú san.
(2) Má theipeann ar an gComhairle na horduithe bheidh in ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so do chólíona, féadfidh an Ard-Chomhairle féin pé nithe is oiriúnach leo do dhéanamh chun na horduithe a bheidh san ordú san do chólíona no féadfid a ordú don Aire na horduithe sin do chólíona agus chuige sin beidh ag an Ard-Chomhairle agus (má orduítear amhlaidh) ag an Aire na cirt agus na comhachta a bronntar ar an gComhairle leis an Acht so agus féadfid iad d'fheidhmiú, pé cinn acu is gá chun na horduithe sin do chólíona go cuibhe.
Bunú an chláir.
21.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis bunú na Comhairle, ullamhóidh agus bunóidh an Chomhairle clár de dhochtúirí leighis da ngairmfar “An Clár de Dhochtúirí Leighis do Shaorstát Éireann” agus dá ngairmtear an clár san Acht so.
(2) Chó luath agus bheidh an Chomhairle i gcothrom chun dáta do cheapa chun an clár do bhunú agus, pé scéal é, fé cheann deich mí ar a mhéid tar éis rithte an Achta so cuirfidh an Chomhairle in úil don Aire an dáta (nách luatha ná dhá mhí tar éis a churtha in úil amhlaidh ná nách déanaí ná bliain tar éis rithte an Achta so) ar ar mian leo go mbunófí an clár agus leis sin déanfidh an tAire, le fógra a fhoillseoidh sé san Iris Oifigiúil mí ar a laighead roimh an dáta san, a fhaisnéis go mbunófar an clár ar an dáta san agus go mbeidh sé bunuithe ón dáta san amach.
(3) Déanfar gach tagairt san Acht so do bhunú an chláir mar phonc aimsire do léiriú mar thagairt don dáta a fhaisnéisfidh an tAire fén alt so a bheith mar dháta ar a mbunófar an clár agus o n-a mbeidh sé bunuithe.
(4) O bhunú an chláir agus dá éis sin déanfidh an Chomhairle an clár do choinneáil ar siúl agus do chimeád do réir an Achta so agus do réir na rialachán a dhéanfidh an Chomhairle fén Acht so.
(5) Is i pé fuirm a ordóidh an Chomhairle, le haontú an Aire, tré rialacháin a dhéanfid a bheidh an clár.
Ceartú an chláir.
22.—(1) Chun an clár do chimeád ceart déanfidh an Chomhairle o am go ham fé mar is gá é gach earráid fhocail no chléireachais sa chlár do cheartú, gach iontráil ann a tugadh chun críche tré chalaois no trí mhí-aithris chúise do chur amach as, gach atharú a thiocfidh in eolas dóibh ar sheolta na ndaoine bheidh cláruithe sa chlár d'iontráil ann, agus ainm gach éinne bheidh tar éis bháis do chur amach as an gclár.
(2) Chun na críche roimhráite féadfidh an Chomhairle aon uair leitir do chur tríd an bpost roimh-íoctha chun éinne bheidh cláruithe sa chlár, agus í fé n-a sheola mar a bheidh sé ráite sa chlár, á fhiafraí dhe a bhfuil sé tar éis scur de bheith ag cleachta a ghairme no tar éis a sheola d'atharú, agus mara bhfaghaidh an Chomhairle aon fheagra ar an leitir sin laistigh de shé mhí tar éis postáil na leitreach san déanfidh an Chomhairle, ar bheith caithte don sé mhí sin, ainm an duine sin do chur amach as an gclár.
(3) Féadfidh an Chomhairle aon uair, ar pé téarmaí agus o pé dáta is dó leo is ceart, ainm éinne gur cuireadh a ainm amach as an gclár fén alt so, agus a chuirfidh ina luighe ar an gComhairle go bhfuil sé ina bheathaidh fós agus go bhfuil teideal aige chun a chláruithe, do chur thar n-ais sa chlár.
(4) Féadfidh an Chomhairle, le rialacháin a déanfar fén Acht so, gach ceann no aon cheann dá gcomhachta agus dá ndualgaisí fén alt so do leigint chun an chlarathóra ach amháin an chomhacht chun ainm do chur thar n-ais sa chlár.
Fógra ón gclárathóir i dtaobh báis duine chláruithe.
23.—Déanfidh gach clárathóir básanna, ar fháil fhógra dho i dtaobh éinne atá cláruithe sa chlár do bheith tar éis bháis, deimhniú fé n-a láimh do chur láithreach tríd an bpost chun an chlárathóra á dheimhniú go bhfuil an duine sin tar éis bháis agus mion-innste ann ar am agus ar áit bháis an duine sin, agus féadfa sé costas an deimhnithe sin agus costas a churtha chun an chlárathóra d'éileamh mar cheann de chostaisí a oifige mar chlárathóir básanna.
Na daoine bheidh i dteideal a gcláruithe le linn bunú an chláir.
24.—(1) Clárófar sa chlár le linn a bhunuithe—
(a) gach éinne bhí cláruithe sa Chlár Ghenerálta díreach roimh bhunú an chláir agus a bhí ina chomhnaí i Saorstát Éireann an uair sin, agus
(b) gach éinne bhí cláruithe sa Chlár Ghenerálta díreach roimh bhunú an chláir agus a bhí ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann an uair sin agus a iarrann ar an gComhairle laistigh de mhí roimh an mbunú san go gclárófí sa chlár é.
(2) Ní bheidh aon táille inéilithe ar éinne ná iníoctha aige ar son a chláruithe sa chlár fén alt so.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar duine do bheith ina chomhnaí ag á sheola mar a bheidh sé ráite sa Chlár Ghenerálta.
Na daoine bheidh i dteideal a gcláruithe tar éis bunú an chláir.
25.—(1) Tar éis bunú an chláir beidh ag na daoine seo a leanas, ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na táille orduithe dhóibh, teideal (lasmuich díobh so dá bhforáltar a mhalairt leis an alt seo) chun a gcláruithe sa chlár, sé sin le rá:—
(a) gach éinne bheidh cláruithe sa Chlár Ghenerálta le linn an iarratais sin, agus
(b) gach éinne bheidh, le linn an iarratais sin, i seilbh teistis no teistisí tástála dá luaidhtear sa Dar Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a deonadh do de bhrí gur eirigh leis i scrúdú tástála.
(2) Einne go ndéanfar fén Acht so a ainm do scrios amach as an gclár de dheascaibh a chiontuithe i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir no i gcionta no de dheascaibh na Comhairle do thabhairt breithe air go raibh sé ciontach in iompar náireach maidir le n-a ghairm, ní bheidh sé i dteideal a chláruithe sa chlár fén alt so de bhíthin a bheith cláruithe sa Chlár Ghenerálta agus dá bhíthin sin amháin.
(3) Ní bheidh ag duine ná beidh cláruithe cheana féin sa chlár teideal chun a chláruithe ann fén alt so má dineadh, aon uair roimh a iarratas ar a chlárú amhlaidh, a ainm do scrios amach as an gClár Generálta de dheascaibh a chiontuithe i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir, no i gcionta no de dheascaibh na Comhairle do thabhairt breithe air go raibh sé ciontach in iompar náireach maidir le n-a ghairm.
(4) An táille is iníoctha ar son clarú sa chlár de bhua a bheith cláruithe sa Chlár Ghenerálta ní bheidh sí níos mó ná an táille is iníoctha ar son an chlárú san de bhua éinní eile.
Dochtúirí coigríocha.
26.—(1) Einne a tréineáladh agus a bheidh de thurus na huaire cláruithe mar dhochtúir leighis agus máinliaghachta in aon tsealbhachas Briotáineach, tiarnas féin-rialach, no tír choigríoch le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire beidh aige, ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na táille orduithe dho, teideal chun a chláruithe sa chlár.
(2) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú a déanfar ar iarratas na Comhairle, an t-alt so do chur i mbaint le haon tsealbhachas Briotáineach, tiarnas féin-rialach, no tír choigríoch ina mbeidh i bhfeidhm, ar dháta an orduithe sin, reachtúchán—
(a) le n-a socruítear go ndéanfidh údarás puiblí dochtúirí leighis agus máinliaghachta do chlárú, agus
(b) le n-a n-éilítear i gcóir an chláruithe sin standard tréineála agus eolais a dheimhneoidh an Chomhairle don Ard-Chomhairle a bheith chó hárd ar a laighead leis an standard tréineála agus eolais is gá de thurus na huaire chun ceart d'fháil chun bheith cláruithe fén Acht so, agus
(c) le n-a socruítear go gceadófar daoine bheidh cláruithe fén Acht so do chlárú fén reachtúchán san ar théarmaí a dheimhneoidh an Chomhairle don Ard-Chomhairle a bheith i gcó-ionannas réasúnta leis an téarmaí ar a gceaduítear daoine atá cláruithe fén reachtúchán san do chlárú fén Acht so.
(3) Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú a déanfar ar iarratas na Comhairle, deire do chur le baint an ailt seo le haon tsealbhachas Briotáineach, tiarnas féin-rialach, no tír choigríoch.
(4) San Acht so gairmtear dochtúirí coigríocha de dhaoine a bheidh cláruithe sa chlár fén alt so.
Cáilíochta breise d'iontráil sa chlár.
27.—Einne a bheidh cláruithe sa chlár beidh aige, aon uair tar éis a chéad chláruithe ann agus ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na táille orduithe dho, teideal chun go n-iontrálfí dho sa chlár i dteanta na gcáilíocht a bheidh an uair sin iontrálta ann cheana dho—
(a) aon cháilíocht go mbeadh teideal aige chun bheith cláruithe sa chlár de bharr í bheith aige,
(b) aon cháilíocht go mbeadh teideal aige chun bheith cláruithe sa Chlár Ghenerálta de bharr í bheith aige,
(c) aon cháilíocht a bheidh iontrálta an uair sin no a fhéadfí a iontráil sa Chlár Ghenerálta mar chuid dá cháilíochta, agus
(d) aon teisteas mar gheall ar a éifeachtúlacht in eolaíocht na sláintíochta, i sláinte phuiblí no i liaghacht stáit, teisteas a deonadh do tar éis scrúdú speisialta do bheith déanta air ag aon phríomh-scoil no coláiste i Saorstát Éireann no ag aon phríomh-scoileanna agus coláistí den tsórt san agus iad ag gníomhú i dteanta a chéile agus le n-a nglacfidh an Chomhairle mar theisteas is féidir a chlárú fén alt so.
Daoine a ciontófar i gcoir do scrios amach as an gclár.
28.—(1) Pé uair a déanfar duine bheidh cláruithe sa chlár do chiontú i Saorstát Éireann i dtréasún no i bhfeleontacht no i mí-iompar no do chiontú lasmuich de Shaorstát Éireann i gcoir no i gcionta do bheadh ina fheleontacht no ina mhí-iompar dá mba i Saorstát Éireann a déanfí é, féadfidh an Chomhairle ainm an duine sin do scrios amach as an gclár.
(2) Féadfar duine gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so do chur thar n-ais sa chlár aon uair le hordú speisialta ón gComhairle ach ní har aon tslí eile agus féadfidh an Chomhairle pé coiníollacha (agus ortha san táille d'íoc nách mó ná an táille do bheadh iníoctha ag an duine sin dá mba mar an gcéad uair do bheadh sé á chlárú an uair sin) is oiriúnach leis an gComhairle do cheangal le n-a chur thar n-ais amhlaidh.
Daoine bheidh ciontach in iompar náireach do chur amach as an gclár.
29.—(1) Pé uair a dhéanfidh an Chomhairle, tar éis fiosrúcháin chuibhe ag an gComhairle no tar éis breithnithe chuibhe ag an gComhairle ar thuarasgabháil ón gComhairle Ghenerálta ar fhiosrúchán do dhineadar, breith do thabhairt ar dhuine bheidh cláruithe sa chlár go raibh sé ciontach in iompar náireach maidir le n-a ghairm, féadfidh an Chomhairle, más oiriúnach léi é, ainm an dochtúra san do scrios amach as an gclár.
(2) Pé uair a dhéanfidh an Chomhairle ainm éinne do scrios amach as an gclár fén alt so, déanfidh an Chomhairle fógra i scríbhinn i dtaobh an scrios amach san agus i dtaobh na cúise bhí leis do chur tríd an bpost láithreach chun an duine sin ag á sheola mar a bheidh sé ráite sa chlár.
(3) Laistigh de thrí mhí tar éis do an fógra a luaidhtear sa bhfoalt san roimhe seo d'fháil féadfidh éinne gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so athchomharc do dhéanamh chun na hArd-Chúirte do réir rialacha cúirte i gcoinnibh na breithe ón gComhairle gur dá dheascaibh a scriosadh a ainm amach as an gclár amhlaidh, agus ar éisteacht aon athchomhairc den tsórt san di féadfidh an Ard-Chúirt pé orduithe is dó léi is ceart do thabhairt uaithi agus ortha san ordú go gcuirfí ainm an athchomharcaigh thar n-ais sa chlár chun bheith air ar an dáta agus ón dáta ar ar scriosadh amach as í agus orduithe i dtaobh conus a híocfar costaisí an athchomhairc.
(4) Ar éisteacht athchomhairc di fén alt so féadfidh an Ard-Chúirt, más dó léi gur ceart san a dhéanamh, fianaise do ghlaca agus do bhreithniú o dhaoine údarásacha i ngairm na dochtúireachta i dtaobh cadé an saghas iompair atá náireach maidir le gairm na dochtúireachta.
(5) Pé uair a dhéanfidh an Ard-Chúirt, de bharr athchomhairc fén alt so, a ordú go gcuirfí ainm duine thar n-ais sa chlár déanfidh an Chomhairle ainm an duine sin do chur thar n-ais sa chlár díreach do réir an orduithe sin.
(6) Ní bheidh dul siar ar an mbreith a thabharfidh an Ard-Chúirt de bharr athchomhairc fén alt so agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh chun aon Chúirte eile ina coinnibh.
(7) Féadfar (gan dochar don chomhacht a bronntar anso roimhe seo ar an Ard-Chúirt chun a ordú go gcuirfí ainm thar n-ais sa chlár) duine gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so do chur thar n-ais sa chlár aon uair le hordú speisialta ón gComhairle ach ní har aon tslí eile, agus nuair a dhéanfidh an Chomhairle duine do chur thar n-ais sa chlár amhlaidh féadfidh an Chomhairle pé coiníollacha (agus ortha san táille d'íoc nách nó ná an táille do bheadh iníoctha ag an duine sin ar son a chláruithe dá mba mar an gcéad uair do bheadh sé á chlárú an uair sin) is oiriúnach leis an gComhairle do cheangal le n-a chur thar n-ais amhlaidh.
Fiosrúchan ag an gComhairle nuair a cuirfar iompar náireach i leith duine.
30.—(1) Féadfidh an Chomhairle aon uair fiosrúchán do chomóra no aon bhaill no ball den Chomhairle do cheapa chun fiosrúchán do chomóra i dtaobh iompair éinne bheidh cláruithe sa chlár agus adéarfar a bheith ciontach in iompar atá náireach maidir le n-a ghairm, agus beidh comhacht ag an gComhairle no ag na baill no ag an mball a ceapfar amhlaidh (pe'ca aca é) fínnithe do ghairm chun teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san agus iad do cheistiú fé mhionn agus, chuige sin, na fínnithe sin do chur fé mhionn agus a chur fhiachaint ar na fínnithe sin scríbhinní a bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thabhairt i láthair, sé sin, aon scríbhinní gur dó leis an gComhairle no leis na baill no leis an mball san (pe'ca aca é) gur gá chun críche an fhiosrúcháin sin iad do thabhairt i láthair.
(2) Gach éinne go dteipfidh air, ar a ghairm go cuibhe don Chomhairle no d'aon bhaill no ball den tsórt san roimhráite, teacht i láthair ag fiosrúchán a comórfar fén alt so no, ar bheith 1 láthair do amhlaidh mar fhínné, a dhiúltóidh do mhionn do thabhairt no d'fhianaise do thabhairt uaidh no do scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair nuair a héileofar san air fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(3) An té go mbeidh a iompar fé scrúdú ag fiosrúchán a comófar fén alt so beidh teideal aige chun éisteacht d'fháil agus chun fianaise do thabhairt i láthair agus, más mian leis é, chun ionadaíochta tré atúrnae agus tré abhcóide ag an bhfiosrúchán san.
An clár de dhochtúirí leighis.
31.—(1) Déanfidh an Chomhairle gach bliain a chur fé ndeár go gclóbhuailfar, go bhfoillseofar, agus go ndíolfar, fén teideal “An Clár de Dhochtúirí Leighis Shaorstáit Éireann” (dá ngairmtear an clár de dhochtúirí leighis san Acht so), liost cruinn, i pé fuirm a ordóidh an Chomhairle le haontú an Aire, d'ainmneacha na ndaoine uile go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa chlár an 1adh lá d'Eanair na bliana san.
(2) Le toiliú an Aire féadfidh an Chomhairle, más dó léi gu ceart é, staona ón gclár de dhochtúirí leighis d'fhoillsiú an bhliain a bunófar an clár, ach má fhoillsíonn an Chomhairle an clár de dhochtúirí leighis an bhliain sin beidh an clár san de dhochtúirí leighis ina liost d'ainmneacha na ndaoine uile go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa chlár an lá tar éis bunú an chláir.
(3) Féadfidh an Chomhairle, le haontú an Aire, ainmneacha dochtúirí coigríche do chórú i liost fé leith in aon chlár de dhochtúirí leighis agus fós féadfa sí, le haontú an Aire, fó-liostaí fé leith do dhéanamh den liost san fé leith agus ainmneacha na ndaoine sin ionta fé seach do tréineáladh agus a bheidh cláruithe i sealbhachaisí Briotáineacha, sna tiarnaisí féin-rialacha, agus i dtíortha coigríocha.
(4) Is ar ord aibítreach sloinnte a déanfar an liost agus gach liost fé leith agus fó-liost d'ainmneacha daoine a bheidh le bheith sa chlár de dhochtúirí leighis fén alt so do chórú sa liost, sa liost fé leith, no sa bhfo-liost san, agus ar ord aibítreach ainmneacha baiste i gcás daoine den aon tsloinne amháin, agus beidh ionta, i ndiaidh no os coinne ainm gach éinne den tsórt san, a sheola agus a cháilíochta mar a bheid sa chlár ar an 1adh lá d'Eanair na bliana san no, i gcás an chláir de dhochtúirí leighis a foillseofar an bhliain a bunófar an clár, mar a bheid sa chlár an lá tar éis bunú an chláir.
(5) Beidh cóip a thugann le tuisgint gur cóip í do clóbhuaileadh agus do foillsíodh ag an gComhairle no don Chomhairle fén alt so den chlár de dhochtúirí leighis a bheidh de thurus na huaire ar an gclár de dhochtúirí leighis is déanaí do clóbhuaileadh agus do foillsíodh amhlaidh, beidh an chóip sin ina fianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar gach éinne go bhfuil a ainm iontrálta sa chlár san de dhochtúirí leighis do bheith cláruithe sa chlár fén Acht so agus dá réir agus ar éinne ná fuil a ainm iontrálta sa chlár san de dhochtúirí leighis do bheith gan bheith cláruithe amhlaidh.
(6) Deimhniú a thugann le tuisgint go bhfuil sé sighnithe ag an gclárathóir agus go ndeimhníonn sé go raibh duine áirithe cláruithe go cuibhe sa chlár ar lá no ar laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, no go raibh duine áirithe gan bheith cláruithe sa chlár ar lá no ar laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, no gur dineadh ainm duine áirithe do scrios amach as an gclár ar lá áirithe, beidh sé, gan cruthú ar shighniú an té a dheabhruíonn bheith tar éis an deimhniú san do shighniú no gan cruthú gurbh é an té sin an clárathóir agus d'ainneoin aon deifríochta idir an deimhniú san agus an clár de dhochtúirí leighis, beidh sé ina fhianaise dhochlaoite ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú san agus leis.
Oiriúnú ar thagairtí do dhochtúirí leighis cáilithe.
32.—Ar bhunú an chláir agus dá éis sin, i ngach áit ina n-úsáidtear iad in Acht de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe, no in Acht do rith an tOireachtas (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin, no roimh bhunú an chláir no dá éis sin, do ritheadh é), déanfar na focail “dochtúir leighis dlí-cháilithe,” “dochtúir leighis cuibhe-cháilithe,” “dochtúir leighis cáilithe” agus gach focal eile a chialluíonn duine le n-a nglactar do réir dlí mar dhochtúir leighis no mar dhuine de ghairm na dochtúireachta do léiriú agus beidh éifeacht acu mar fhocail a chialluíonn duine atá cláruithe sa chlár.
Na daoine bheidh i dteideal deimhnithe dochtúra do shighniú.
33.—Gach deimhniú gur gá, chun aon chríche, do réir aon Achta no fé aon Acht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do ritheadh é) é bheith sighnithe ag aon liaigh, máinliaigh, ceadúnach leighis agus máinliaghachta no dochtúir leighis eile, ní foláir, ar bhunú an chláir agus dá éis sin, é bheith sighnithe ag duine a bheidh cláruithe sa chlár agus ní bheidh aon dleathacht ná éifeacht ag aon deimhniú den tsórt san a sighneofar, ar bhunú an chláir no dá éis sin, ag duine ná beidh cláruithe amhlaidh.
Toirmeasc ar dhaoine neachláruithe táillí ar son seirbhísí leighis do bhaint amach.
34.—Ar bhunú an chláir agus dá éis sin ní bheidh teideal ag éinne aon táille ná éileamh do bhaint amach in aon imeachta dlí ar son ná ar scór aon chomhairle no freastail liaghachta no máinliaghachta do thug sé uaidh, ná ar son ná ar scór aon obráide máinliaghachta do dhin sé, ná ar son ná ar scór aon chógaisí d'orduigh agus do sholáthruigh sé mara raibh an duine sin cláruithe sa chlár ar an dáta ar ar tugadh an chomhairle no an freastal san no ar ar dineadh an obráid sin no ar ar dineadh na cógaisí sin d'ordú agus do sholáthar (pe'ca aca é).
Cáilíochta i gcóir ceapachán liaghachta.
35.—(1) Gach ceapachán a bhí díreach roimh bhunú an chláir, le haon achtachán a bhí i bhfeidhm de thurus na huaire no fé n-a leithéid, ar cimeád ar leithligh do dhaoine a bhí cláruithe sa Chlár Ghenerálta, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar bhunú an chláir agus dá éis sin, ar cimeád ar leithligh do dhaoine a bheidh cláruithe sa chlár in ionad agus in áit daoine bheidh cláruithe sa Chlár Ghenerálta, agus léireofar gach achtachán den tsórt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) O bhunú agus tar éis bunú an chláir ní bheidh éinne nách duine atá cláruithe sa chlár i seilbh aon cheapacháin mar liaigh, mar mháinliaigh, ná mar dhochtúir oifigiúil eile sna Fórsaí Cosanta ná in árthai imirce ná in árthaí eile ná in aon óspideul, otharlainn, íclainn ná óspideul luighe seola ná cimeádtar suas ar fad le síntiúisí einigh, ná in aon ghealtlainn ná óspideul meabharghalar, ná in aon charcair, príosún, scoil cheartúcháin ná scoil shaothair ná in aon fhundúireacht a cimeádtar suas ag údarás áitiúil no fé i bpáirt no go hiomlán as na rátaí.
Pribhléidí, etc., daoine bheidh cláruithe sa chlár.
36.—Gach príbhléid agus buntáiste agus gach saoirse a bhí, díreach roimh bhunú an chláir, le haon achtachán no fé, curtha i mbaint le daoine bhí cláruithe sa Chlár Ghenerálta no dílsithe ionta, beid, ar bhunú an chláir agus dá éis sin, curtha i mbaint le daoine bheidh cláruithe sa chlár agus dílsithe ionta, agus léireofar gach achtachán den tsórt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Ciontaí agus pionóisí maidir leis an gclár.
37.—(1) Gach éinne a dhéanfidh no a thabharfidh chun críche no a chuirfidh fé ndeár go ndéanfar no go dtabharfar chun críche no a chabhróidh no a ghríosóidh chun go ndéanfar no go dtabharfar chun críche, d'fhonn is go gclárófí é féin Acht so sa chlár, aon aithris chúise no faisnéis is eol don duine sin a bheith bréagach no calaoiseach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.
(2) Gach éinne a dhéanfidh no a chuirfidh fé ndeár go ndéanfar no a chabhróidh no a ghríosóidh chun go ndéanfar sa chlár, agus san go toiliúil agus go calaoiseach, aon iontráil is eol don duine sin a bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daoroibre do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.
(3) Gach éinne a dhéanfidh go toiliúil agus go bréagach, tar éis bunú an chláir, a chur in úil no a thabhairt le tuisgint gur duine é atá cláruithe sa chlár, no úsáid do bhaint as aon ainm, teideal, iartheideal no tuairisc a chuirfidh i dtuisgint é bheith cláruithe amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.
Scrúduithe tástála.
38.—Féadfa siad so a leanas scrúduithe tástála do dhéanamh chun crícheanna an Acht so—
(a) aon cheann de sna coláistí no de sna cóluchtaí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus atá i dteideal teistisí tástála do dheona maidir le liaghacht agus le máinliaghacht, no
(b) aon dá cheann no níos mó de sna coláistí no de sna cóluchtaí sin ag có-ghníomhú dhóibh agus ceann acu i dteideal teisteas tástála do dheona maidir le liaghacht agus ceann acu i dteideal teisteas tástála do dheona maidir le máinliaghacht.
Scrúduithe tástála ag coláiste no ag cólucht le congnamh scrúdóirí conganta.
39.—(1) Más rud é, aon uair, go ndéanfidh aon cheann de sna coláistí no de sna cóluchtaí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so aithris chúise chun na Comhairle sa chéill nách féidir don choláiste no don chólucht san có-oibriú le haon cheann eile de sna coláistí no de sna cóluchtaí sin i ndéanamh agus i stiúrú na scrúduithe is gá i gcóir teistis thástála, agus gur deimhin leis an gComhairle gur dhin an coláiste no an cólucht a dhin an aithris chúise sin a dhícheall chun có-oibriú amhlaidh agus nách féidir do san do dhéanamh ar théarmaí réasúnta, féadfidh an Chomhairle o am go ham, fé mar is oiriúnach léi, ar iarratas an choláiste no an chóluchta san, pé méid scrúdóirí (dá ngairmtear scrúdóirí conganta san alt so) is dó leis an gComhairle is gá do cheapa chun congnamh do thabhairt uatha ag na scrúduithe a dhéanfidh an coláiste no an cólucht san chun aon teisteas do dheona le n-a mbronnfar ar an té dá ndeonfar an teisteas san, tar éis eirghe leis i scrúdú tástála, an ceart chun a chláruithe sa chlár.
(2) Beidh sé de dhualgas ar scrúdóirí conganta a ceapfar fén alt so a chur in áirithe, ag na scrúduithe a dhéanfidh aon cheann de sna coláistí no de sna cóluchtaí roimhráite agus ag á ndéanfidh na scrúdóirí conganta san congnamh do thabhairt uatha, go gcimeádfar suas an standard d'eolas theoiriceach agus d'eolas phraiticiúil, ar liaghacht, ar mháinliaghacht agus ar liaghacht luighe seola no ar aon cheann de sna habhair sin no ar aon bhrainse dhe, is gá fé fhorálacha an Achta so ag scrúduithe tástála agus chuige sin beidh ag na scrúdóirí conganta san pé comhachta agus féadfidh pé comhachta d'fheidhmiú agus cólíonfid pé dualgaisí, maidir leis na scrúduithe ag á mbeid ag tabhairt conganta uatha, a bhronnfidh agus a fhorchuirfidh an Chomhairle ortha o am go ham.
(3) Beidh sé dleathach d'aon cheann de sna coláistí no de sna cóluchtaí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so scrúdóirí conganta do leigint isteach chun aon scrúduithe a dhéanfidh an coláiste no an cólucht san, scrúdóirí conganta a cheapfidh an Chomhairle fén alt so chun congnamh do thabhairt uatha ag scrúduithe den tsórt san.
(4) Tuigfar gur scrúdú tástála chun crícheanna an Achta so gach scrúdú a dhéanfidh aon choláiste no cólucht den tsórt san agus ag a ndéanfidh scrúdóirí conganta a ceapfar fen alt so congnamh do thabhairt uatha fén alt so.
(5) Íocfar le gach scrúdóir conganta, ag an gcoláiste no ag an gcólucht go ndéanfidh an scrúdóir conganta san congnamh do thabhairt uaidh fén alt so ag á chuid scrúduithe, pé luach saothair a shocróidh an Chomhairle.
Dualgas na Comhairle maidir le scrúduithe tástála.
40.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle féin deimhin do dhéanamh o am go ham den standard d'eolas theoiriceach agus d'eolas phraiticiúil a héilítear ag scrúduithe tástála do bheith de shaghas a chuireann in áirithe go bhfuil ag na daoine dá ndeontar teistisí tástála de bharr scrúduithe den tsórt san an t-eolas agus an oilteacht is gá chun liaghacht, máinliaghacht, agus liaghacht luighe seola do chleachta go héifeachtúil.
(2) Chun an dualgas a cuirtar ar an gComhairle leis an bhfo-alt san roimhe seo do chólíona féadfidh an Chomhairle, le haontú an Aire, pé daoine cearta oiriúnacha agus pé méid acu is dó leis an gComhairle is gá do cheapa chun bheith ina gcigirí scrúduithe agus féadfa sí pé luach saothair a shocróidh an Chomhairle, le ceadú an Aire Airgid, d'íoc leis na daoine sin.
Dualgaisí cigirí scrúduithe.
41.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach cigire scrúduithe a ceapfar fén Acht so bheith i láthair ag gach scrúdú tástála 'na n-ordóidh an Chomhairle dho bheith i láthair aige ach ní dhéanfidh an cigire scrúduithe sin aon chur-isteach ar stiúrú aon scrúduithe thástála 'na mbeidh sé i láthair aige i gcólíona a dhualgais fén alt so.
(2) Tabharfidh gach cigire scrúduithe don Chomhairle, sa bhfuirm agus sa tslí agus laistigh den aimsir a ordóidh an Chomhairle le rialacháin a déanfar fén Acht so, tuairisc—
(a) ar an dóthanacht no ar an nea-dhóthanacht is dó leis a bhaineann leis an standard eolais a héilítear ag an scrúdú san, agus
(b) ar éinní eile a bhaineann leis an scrúdú san agus 'na gcuirfidh an Chomhairle ar an gcigire sin tuairisc do thabhairt di air.
(3) Déanfidh an Chomhairle cóip de gach tuairisc a thabharfidh cigire scrúduithe dhi fén alt so do chur tríd an bpost cláruithe chun an chóluchta do dhin an scrúdú tástála le n-a mbaineann an tuairisc sin agus glacfa sí pé nótaí ar an tuairisc sin a chuirfidh an cólucht san chun na Comhairle, agus cuirfidh an Chomhairle, leis, chun an Aire cóip de gach tuairisc den tsórt san agus de sna nótaí sin (más ann dóibh) uirthi.
Aithris chúise ón gComhairle i dtaobh an standard eolais ag scrúduithe tástála.
42.—(1) Más léir don Chomhairle aon uair, de bharr tuairisce a thabharfidh cigire scrúduithe dhi no de bharr éinní eile, go bhfuil an standard d'eolas theoiriceach no d'eolas phraiticiúil, ar liaghacht, ar mháinliaghacht, no ar liaghacht luighe seola no ar aon cheann de sna habhair sin no ar aon bhrainse dhe, a héilítear ag aon scrúdú tástála gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go bhfuil ag daoine dá ndeontar no dá ndeonfar teisteas tástála de bharr an scrúduithe sin an t-eolas agus an oilteacht is gá chun liaghacht, máinliaghacht, agus liaghacht luighe seola do chleachta go héifeachtúil, féadfidh an Chomhairle aithris chúise i scríbhinn fé n-a séala do dhéanamh chun na hArd-Chomhairle á rá san agus cuirfe sí an aithris chúise sin chun an Aire tríd an bpost cláruithe.
(2) Cuirfidh an Chomhairle cóip de gach aithris chúise den tsórt san tríd an bpost cláruithe chun an chóluchta no chun na gcólucht uile a dhineann an scrúdú tástála le n-a mbaineann an aithris chúise sin, agus féadfidh an cólucht san no aon chólucht acu san pé nótaí do dhéanamh ina taobh is oiriúnach leis agus féadfa sé na nótaí sin do chur chun an Aire.
(3) Leagfidh an tAire fé bhráid na hArd-Chomhairle gach aithris chúise a chuirfidh an Chomhairle chuige fén alt so agus, ina teanta san, na nótaí (más ann dóibh) do dineadh ina taobh ag an gcólucht no ag aon cheann de sna cóluchtaí a dhineann an scrúdú tástála le n-a mbaineann an aithris chúise sin.
(4) Breithneoidh an Ard-Chomhairle gach aithris chúise agus na nótaí (más ann dóibh) ina taobh a leagfar fé n-a bráid fén alt so agus más deimhin léi tar éis an bhreithnithe sin go bhfuil an standard d'eolas a héilítear ag an scrúdú tástála le n-a mbaineann an aithris chúise sin gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go bhfuil ag daoine dá ndeontar no dá ndeonfar teisteas tástála de bharr an scrúduithe sin an t-eolas is gá chun liaghacht, máinliaghacht, agus liaghacht luighe seola do chleachta go héifeachtúil féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú, a fhaisnéis go scuirfidh an scrúdú san de bheith ina scrúdú thástála.
(5) Láithreach tar éis ordú do dhéanamh fén alt so don Ard-Chomhairle agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm scuirfidh an scrúdú le n-a mbaineann an t-ordú san de bheith ina scrúdú thástála.
(6) An ball den Chomhairle a bheidh ainmnithe fén Acht so ag cólucht le n-a mbaineann ordú do dhin an Ard-Chomhairle fén alt so, scuirfe sé, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, de bheith ina bhall den Chomhairle agus ní dhéanfidh an cólucht san, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, éinne d'ainmniú chun bheith ina bhall den Chomhairle.
(7) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair, más oiriúnach léi é, ordú a dineadh fén alt so do cheiliúra le hordú agus, ar dhéanamh an orduithe cheiliúracháin sin, scuirfidh an t-ordú a ceiliúrfar amhlaidh de bheith i bhfeidhm o dháta an orduithe cheiliúracháin sin, ach ní déanfar aon ordú ceiliúracháin den tsórt san ach amháin ar iarratas na Comhairle agus tar éis fógra réasúnta do bheith tugtha don chólucht no do sna cóluchtaí uile le n-a mbaineann an t-ordú a beifear ar aigne a cheiliúra agus tar éis breithniú na nótaí (más ann dóibh) do dhin an cólucht no na cóluchtaí sin no ar iarratas an chóluchta no na gcóluchtaí sin agus tar éis fógra réasúnta do bheith tugtha don Chomhairle agus tar éis breithniú na nótaí (más ann dóibh) do dhin an Chomhairle.
Aithris chúise ón gComhairle i dtaobh an chúrsa stuidéir agus na scrúduithe.
43.—(1) Más léir don Chomhairle aon uair go bhfuil an cúrsa stuidéir agus na scrúduithe a bheidh le cur de ag duine chun teisteas tástála d'fháil o aon cheann de sna cóluchtaí no de sna coláistí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go mbeidh ag daoine a gheobhaidh an teisteas tástála san an oilteacht agus an t-eolas is gá chun a ngairm do chleachta go héifeachtúil, féadfidh an Chomhairle aithris chúise i scríbhinn fé n-a séala do dhéanamh chun na hArd-Chomhairle á rá san agus cuirfe sí an aithris chúise sin chun an Aire tríd an bpost cláruithe.
(2) Cuirfidh an Chomhairle cóip de gach aithris chúise den tsórt san roimhráite tríd an bpost cláruithe chun an choláiste no an chóluchta 'na mbíonn ar siúl aige an cúrsa stuidéir no na scrúduithe sin le n-a mbaineann an aithris chúise sin, agus féadfidh an coláiste no an cólucht san pé nótaí do dhéanamh ina taobh is oiriúnach leis an gcoláiste no leis an gcólucht san agus na nótaí sin do chur chun an Aire.
(3) Leagfidh an tAire fé bhráid na hArd-Chomhairle gach aithris chúise a chuirfidh an Chomhairle chuige fén alt so agus, ina teanta san, na nótaí (más ann dóibh) do dineadh ina taobh ag an gcoláiste no ag an gcólucht a cheangalann ar dhaoine an cúrsa stuidéir agus na scrúduithe le n-a mbaineann an aithris chúise sin do chur díobh.
(4) Breithneoidh an Ard-Chomhairle gach aithris chúise agus na nótaí (más ann dóibh) ina taobh a leagfar fé n-a bráid fén alt so agus más deimhin léi tar éis an bhreithnithe sin go bhfuil an cúrsa stuidéir agus na scrúduithe le n-a mbaineann an aithris chúise sin gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go mbeidh ag daoine, a gheobhaidh teisteas tástála ón gcoláiste no ón gcólucht a cheangalann ar dhaoine an cúrsa stuidéir agus na scrúduithe sin do chur díobh, an oilteacht agus an t-eolas is gá chun a ngairm do chleachta go héifeachtúil, féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú, a fhaisnéis ná déanfidh aon teisteas tástála a dheonfidh an coláiste no an cólucht san d'éinne ar an dáta no tar éis an dáta a luadhfar chuige sin san ordú san ceart chun a chláruithe sa chlár do bhronna ar an duine sin.
(5) Ar dhéanamh aon ordú den tsórt san roimhráite don Ard-Chomhairle ní dhéanfidh teisteas tástála a dheonfidh an coláiste no an cólucht le n-a mbaineann an t-ordú san d'éinne ar an dáta no tar éis an dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus, má ceiliúrtar an t-ordú san fén alt so, roimh an gceiliúra san ní dhéanfa sé ceart chun a chláruithe sa chlár do bhronna ar an duine sin.
(6) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair ordú a dineadh fén alt so do cheiliúra más deimhin léi, o aithris chúise eile a dhéanfidh an Chomhairle chúichi no o éinní eile, go bhfuil an coláiste no an cólucht le n-a mbaineann an t-ordú san tar éis socrú éifeachtúil do dhéanamh, chun sástachta na Comhairle, chun feabhas do chur ar an gcúrsa stuidéir no ar na scrúduithe no ar stiúrú na scrúduithe le n-a mbaineann an t-ordú san, agus ar dhéanamh an orduithe cheiliúracháin sin scuirfidh an t-ordú a ceiliúrfar amhlaidh de bheith i bhfeidhm o dháta an orduithe cheiliúracháin sin.
Oiriúnú ar alt 5 den Midwives (Ireland) Act, 1918.
44.—Ar bhunú an chláir agus dá éis sin déanfar an tagairt in alt 5 den Midwives (Ireland) Act, 1918, don General Medical Council do léiriú mar thagairt don Chomhairle agus beidh éifeacht ag an alt san 5 dá réir sin.
Gearr-theideal.
45.—Féadfar Acht na nDochtúirí Leighis, 1927, do ghairm den Acht so.
CEAD SCEIDEAL.
Có-aontú idir an Bhreatain Mhóir, Saorstát Éireann agus Tuaisceart Éireann, maidir le clárú agus rialú dochtúirí leighis.
1.—In this Agreement,
the expression “the Medical Acts” means the Medical Act, 1858, and the Medical Act, 1886, and any Acts amending the same,
the expression “the Irish Free State Medical Council” means any Council which may hereafter be established by Act of the Oireachtas of the Irish Free State for the purpose of registering and controlling medical practitioners in the Irish Free State,
the expression “the Irish Free State Medical Register” means any register of medical practitioners which the Irish Free State Medical Council may by any such Act of the Oireachtas be required to keep,
the expression “the General Medical Council” means the Council established under the Medical Acts,
the expression “the General Register” means the Register established under the Medical Acts,
the word “formerly” shall be construed as referring to times previous to the establishment of the Irish Free State and of Northern Ireland.
2.—(1) The nomination of a member of the General Medical Council formerly made for Ireland by His Majesty with the advice of the Privy Council shall henceforth be made by His Majesty in Council on the recommendation of the Governor of Northern Ireland.
(2) The nominations of members of the General Medical Council by Universities and Medical Corporations in Ireland and the election of a member of the General Medical Council by registered medical practitioners in Ireland shall henceforth be made and had in the like manner in all respects as the same were formerly made and had.
3.—Subject to the provisions of this agreement and notwithstanding anything contained in the Government of Ireland Act, 1920, the Irish Free State Constitution Act, 1922, or the Irish Free State (Consequential Provisions) Act, 1922, or the Constitution of the Irish Free State (Saorstát Éireann) Act, 1922, passed by the Provisional Parliament of Ireland, or the Adaptation of Enactments Act, 1922, passed by the Oireachtas of the Irish Free State or any Order made under any of those Acts the constitution of the General Medical Council and of the several Branch Councils as formerly existing under the Medical Acts and the powers of holding qualifying examinations and granting diplomas for the purpose of registration in the General Register formerly vested in certain Universities and Medical Corporations in Ireland shall be deemed not to have been affected by the establishment of the Irish Free State or of Northern Ireland, and for the purpose of the preparation and keeping of the General Register the General Medical Council and the Branch Council for Ireland and their respective officers shall have and may exercise in relation to persons, universities, medical corporations, and matters in the Irish Free State or in Northern Ireland all such powers, jurisdictions, and authorities under the Medical Acts as the said Councils respectively and their respective officers formerly had and might exercise under the Medical Acts for that purpose in relation to persons, universities, medical corporations, and matters respectively in Ireland.
4.—Any person who is or shall be registered in the General Register shall be entitled, on payment of such fee as may from time to time be prescribed in that behalf by or in pursuance of any Act of the Oireachtas of the Irish Free State, to be registered in the Irish Free State Medical Register:
Provided that—
(a) the fee payable by such persons in respect of such registration shall at no time exceed the fee payable in respect of registration in the Irish Free State Medical Register by any other person who may be or become entitled to be registered therein, and
(b) no fee shall be payable in respect of such registration by any person who, on the date of the coming into force of the Act of the Oireachtas of the Irish Free State establishing the Irish Free State Medical Register, is registered in the General Register and applies for registration in the Irish Free State Medical Register within such time and in such manner as may be prescribed in that behalf by the said or any other Act of the said Oireachtas, and
(c) no person whose name has been erased from the Irish Free State Medical Register on account of his having been convicted of a felony, misdemeanour, crime or offence or his having been judged by the Irish Free State Medical Council to have been guilty of infamous conduct in a professional respect shall be entitled to be subsequently registered in the said Register solely by reason of his being registered in the General Register, and
(d) a person not previously registered in the Irish Free State Medical Register shall not be entitled to be registered therein if his name has been erased from the General Register on account of his having been convicted of a felony, misdemeanour, crime, or offence or his having been judged by the General Medical Council to have been guilty of infamous conduct in a professional respect.
5.—The Medical Acts shall be amended so as to provide that, in the event of a new university being at any time hereafter created in the Irish Free State by Act of the Oireachtas of the Irish Free State with power to hold qualifying examinations in medicine, surgery, and midwifery for the purpose of granting medical diplomas conferring the right of registration in the Irish Free State Medical Register, such qualifying examinations may be qualifying examinations within the meaning of the Medical Act, 1886, and any such diploma so granted by such new university shall, upon such examinations becoming qualifying examinations as aforesaid, be regarded as conferring on the possessor thereof the right of registration in the General Register as fully as if such new university had been such a university as is mentioned in sub-section (i) of section 3 of the Medical Act, 1886, and the provisions of Part I of that Act relating to qualifying examinations and to medical diplomas shall be read and have effect accordingly.
6.—(1) With a view to preventing the holding of simultaneous inquiries—
(a) the General Medical Council shall report to the Irish Free State Medical Council every case in which they propose, in connection with the exercise of their disciplinary powers, to hold an inquiry into the conduct in Great Britain or in Northern Ireland of any person registered in the Irish Free State Medical Register, and the Irish Free State Medical Council shall report to the General Medical Council every case in which they propose, in connection with the exercise of their disciplinary powers, to hold an inquiry into the conduct in the Irish Free State of any person registered in the General Register:
(b) the General Medical Council, upon receipt by them of any such report as aforesaid from the Irish Free State Medical Council, shall have regard to the desirability of postponing inquiry by them into the matter to which such report relates until the inquiry to which such report relates by the Irish Free State Medical Council is completed:
(c) the Irish Free State Medical Council, upon receipt by them of any such report as aforesaid from the General Medical Council, shall have regard to the desirability of postponing inquiry by them in the matter to which such report relates until the inquiry to which such report relates by the General Medical Council is completed.
(2) The General Medical Council shall report to the Irish Free State Medical Council every case in which disciplinary action resulting in erasure from the General Register is taken by them against a person registered in the Irish Free State Medical Register, and the Irish Free State Medical Council shall report to the General Medical Council every case in which disciplinary action resulting in erasure from the Irish Free State Medical Register is taken by them against a person registered in the General Register.
7.—His Majesty's Governments in Great Britain and the Irish Free State respectively shall as soon as possible introduce into their respective Parliaments such legislation as may be necessary to give statutory effect to this Agreement, and this Agreement shall not take effect until such legislation in both such Parliaments shall have been passed into law.
Signed on behalf of Great Britain. | Signed on behalf of the Irish Free State. | Signed on behalf of Northern Ireland. |
Balfour. | P. McGilligan. | R. Dawson Rates. |
DARA SCEIDEAL.
Teistisi Tastala.
Ceadúnach de Choláiste Ríoga Leagha na hÉireann.
Ceadúnach de Choláiste Ríoga na Máinleagha in Éirinn.
Ceadúnach de Halla na bPoitigéirí, Baile Atha Cliath.
Dochtúir Leighis de Phríomh-Scoil Bhaile Atha Cliath.
Baitsiléir Leighis agus Baitsiléir Máinliaghachta de Príomh-Scoil Bhaile Atha Cliath.
Ceadúnach Leighis agus Ceadúnach Máinliaghachta de Phríomh-Scoil Bhaile Atha Cliath.
Dochtúir Leighis de Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann.
Baitsiléir Leighis agus Baitsiléir Máinliaghachta de Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann.
TRIU SCEIDEAL.
Rialacha chun Gar-Ionadaithe do Thogha agus chun Daoine do Thogha chun Foth-Fholuntaisi.
1. Is i scríbhinn a hainmneofar gach iarrthóir agus beidh gach ainmniú den tsórt san sighnithe ag dáréag ar a laighead de dhochtúirí leighis cláruithe a chomhnuíonn i Saorstát Éireann.
2. Gach éinne bheidh i dteideal vótála i dtoghachán garionadaithe beidh sé i dteideal vóta do thabhairt do bheirt iarrthóirí agus ní do níos mó ná san agus gach éinne bheidh i dteideal vótála i dtoghachán chun foth-fholúntas do líona beidh sé i dteideal vóta do thabhairt d'aon iarrthóir amháin agus ní do níos mó ná san.
3. Cuirfidh an ceann comhrimh páipeur vótála tríd an bpost chun gach éinne bheidh i dteideal vótála sa toghachán ach ní bheidh an toghachán nea-dhleathach de dheascaibh nár cuireadh páipeur vótála chun éinne áirithe den tsórt san.
4. Einne bheidh i dteideal vótála sa toghachán agus ná cuirfidh an ceann comhrimh páipeur vótála chuige beidh sé i dteideal páipeur vótála d'fháil ar a iarraidh sin do ar an gceann comhrimh.
5. Déanfidh daoine bheidh i dteideal vótála sa toghachán a bpáipéirí vótála do chur tríd an bpost no ar aon tslí eile chun an chinn chomhrimh, no iad do sheachada dho, ag an seola a thabharfa sé uaidh chun na críche sin.
6. Ar an lá agus ar an uair agus san áit a cheapfidh an ceann comhrimh chuige déanfidh pé daoine a cheapfidh an ceann comhrimh na vótanna do tugadh le páipéirí vótála do fuair an ceann comhrimh roimh an lá san do chomhreamh i láthair an chinn chomhrimh.
7. Ní comhreofar vótanna do tugadh le páipéirí vótála a gheobhaidh an ceann comhrimh ar an lá no tar éis an lae do cheap sé chun na vótanna do chomhreamh.
8. An modh chun páipéirí vótála do chur ar aghaidh agus d'fháil agus do chomhreamh beidh sé de shaghas a chimeádfidh an vótáil sicréideach.
9. Beidh gach iarrthóir i dteideal bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna, ach ní bheidh éinne eile i láthair gan cead ón gceann comhrimh.
10. Nuair a bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe cuirfidh an ceann comhrimh chun an Aire no chun na Comhairle, pe'ca aca is gá sa chás, i scríbhinn fé n-a láimh ainm no ainmneacha an duine no na ndaoine do toghadh agus pé mion-innste eile is gá fén Acht so i dtaobh an toghacháin.