[EN]

Uimhir 25 de 1932.


[EN]

ACHT SUBSTAINTÍ ÍCE, 1932.


ACHT CHUN DÉANAMH, IOMPORTÁIL AGUS DÍOL SUBSTAINTÍ ÍCE (AR A nÁIRMHÍTEAR SUBSTAINTÍ COISCTHE AGUS NOCHTAITHE GHALAR) DO RIALÁIL.

[10adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

[EN]

foluíonn an abairt “substaint íce” substaint choiscthe ghalar agus substaint nochtaithe ghalar.

[EN]

Coiste Comhairlitheach.

2.—(1) Chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire, maidir le horduithe agus le rialacháin do dhéanamh fén Acht so, bunófar coiste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coiste Comhairlitheach Substaintí Ice (dá ngairmtear an Coiste Comhairlitheach san Acht so).

[EN]

(2) Beidh ar an gCoiste Comhairlitheach deichniúr ball ceapfar o am go ham mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ceapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ball amháin;

[EN]

(b) ceapfaidh an tAire Talmhaíochta ball amháin; agus

[EN]

(c) ceapfaidh gach cólucht acu so leanas ball amháin, sé sin le rá, Príomh-Scoil Bhaile Atha Cliath, Príomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann, Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis, Coláiste Ríoga Leagha na hÉireann, Comhlachas Dochtúirí Leighis na hÉireann, Comhairle na Máinliaigh Beithíoch, Cumann Coguiseoirí na hÉireann, agus Fundúireacht na gCeimiceoirí.

[EN]

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball den Choiste Chomhairlitheach i seilbh oifige go ceann tréimhse trí mblian o dháta a cheaptha, ach beidh sé ion-athcheaptha.

[EN]

(4) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, tré rialacha do dhéanamh fén alt so, a shocrú cadiad na huaireannta ceapfar baill den Choiste Chomhairlitheach, cathain agus conus a líonfar foth-fholúntaisí sa Choiste Chomhairlitheach, cadé an tréimhse oifige bheidh ag daoine ceapfar chun na bhfolúntaisí sin do líonadh, cad is quorum ag cruinnithe den Choiste Chomhairlitheach, agus cadé an nós-imeachta leanfaidh an Coiste Comhairlitheach.

[EN]

(5) Tiocfaidh an Coiste Comhairlitheach le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad.

[EN]

(6) Fé réir rialacha dhéanfaidh an tAire fén alt so déanfaidh an Coiste Comhairlitheach a nós-imeachta do rialáil i pé slí is oiriúnach leo.

[EN]

Substaintí íce le n-a mbaineann an tAcht.

3.—(1) Baineann an tAcht so—

[EN]

(a) le gach substaint íce luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

[EN]

(b) le pé substaintí íce eile dearbhófar, o am go ham le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do bheith ina substaintí íce le n-a mbaineann an tAcht so.

[EN]

(2) Tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairlitheach féadfaidh an tAire, tré ordú do dhéanamh fén alt so—

[EN]

(a) a dhearbhú aon tsubstaint íce, nách féidir dar leis an Aire a íodhaine no a neart do leor-thástáil tré shlí cheimiciúil, do bheith ina substaint íce le n-a mbaineann an tAcht so;

[EN]

(b) aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta. agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Rialacháin i dtaobh caighdeán substaintí íce.

4.—Tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairlitheach féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh caighdeán substaintí íce) do dhéanamh maidir leis na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) caighdeán nirt, cáile agus íodhaine aon tsubstainte íce le n-a mbaineann an tAcht so;

[EN]

(b) na tástálanna a húsáidfear chun a fháil amach go cinnte an bhfuil aon tsubstaint íce áirithe do réir an chaighdeáin sin;

[EN]

(c) aontáin chaighdeánúcháin.

[EN]

Rialacháin ghenerálta.

5.—(1) Tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairlitheach féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

(2) Féadfaidh aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so baint leis na nithe iomdha go ndeintear ina dtaobh an chomhacht déanta rialachán do bhronnadh le hailt deifriúla den Acht so.

[EN]

(3) Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Ceadúnaisí déantóra.

6.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóra san Acht so) chun aon tsubstainte íce le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh, chun a díolta, san áitreabh a luadhfar sa cheadúnas san do dheonadh d'éinne—

[EN]

(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe; agus

[EN]

(b) a chuirfidh ina luighe ar an Aire, maidir leis na coinníollacha fé n-a bhfuil sé chun na substainte íce sin do dhéanamh agus maidir leis an áitreabh ina bhfuil an tsubstaint sin le déanamh, gur coinníollacha agus áitreabh iad a bheidh do réir aon rialachán a bheidh déanta fén Acht so ag ordú na gcoinníollacha gur fé n-a réir a bheidh an ceadúnas san le deonadh.

[EN]

(2) Maidir le gach ceadúnas déantóra—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

[EN]

(b) déarfa sé agus déanfa sé a cheadúnú don duine dá ndeonfar é na substaintí íce uile le n-a mbaineann an tAcht so no pé ceann no cinn acu luadhfar sa cheadúnas san do dhéanamh, chun a ndíolta, san áitreabh a luadhfar sa cheadúnas san, agus

[EN]

(c) deonfar é fé réir na gcoinníollacha bheidh orduithe maidir leis.

[EN]

(3) Mara ndeintear roimhe sin é do cheiliúradh no é do chur ar fiunraoi fén Acht so, fanfaidh gach ceadúnas déantóra i bhfeidhm go ceann na tréimhse orduithe o dháta an cheadúnais sin agus raghaidh in éag ansan.

[EN]

Toirmeasc ar shubstaintí íce do dhéanamh gan ceadúnas.

7.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach—

[EN]

(a) do dhuine ar bith aon tsubstaint íce le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh, chun a díolta, mara mbeidh ag an duine sin ceadúnas déantóra bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire chun na substainte íce sin do dhéanamh chun a díolta, ná

[EN]

(b) d'éinne dar deonadh ceadúnas déantóra aon tsubstaint íce den tsórt san do dhéanamh, chun a díolta, in áit ar bith eile seachas san áitreabh a luaidhtear sa cheadúnas san.

[EN]

(2) Beidh gach duine dhéanfaidh éinní is sárú ar an alt-so ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

(3) Ní bhainfidh an t-alt so—

[EN]

(a) le dochtúir leighis cláruithe d'ullamhú substainte íce le n-a mbaineann an tAcht so i gcóir éinne dá othair féin no do dhochtúir leighis cláruithe eile agus ar a iarratas san. má hullamhuítear go speisialta í i gcóir staide agus chun úsáide othair áirithe, ná

[EN]

(b) le máinliaigh beithíoch cláruithe d'ullamhú substainte íce le n-a mbaineann an tAcht so i gcóir aon ainmhithe atá fé n-a chúram no do mháinliaigh bheithíoch cláruithe eile agus ar a iarratas san, má hullamhuítear go speisialta í i gcóir staide agus chun úsáide ainmhí áirithe.

[EN]

Toirmeasc ar shubstaintí íce do dhéanamh ná beidh do réir chaighdeán nirt, íodhaine, etc.

8.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine dar deonadh ceadúnas déantóra aon tsubstaint íce le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh, chun a díolta, mara mbeidh an tsubstaint íce sin do réir na gcaighdeán nirt, cáile agus íodhaine a bheidh orduithe maidir leis an substaint íce sin leis na rialacháin i dtaobh caighdeán substaintí íce.

[EN]

(2) Beidh gach duine dhéanfaidh éinní is sárú ar an alt so ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

Ceadúnaisí importála.

9.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iomportála san Acht so) chun aon tsubstainte íce le n-a mbaineann an tAcht so agus do rinne déantóir a luadhfar sa cheadúnas san d'iomportáil do dheonadh d'éinne—

[EN]

(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe. agus

[EN]

(b) a chuirfidh i dteanta an iarratais sin gealltanas i scríbhinn (dá ngairmtear gealltanas déantóra san Acht so) agus é sighnithe ag an déantóir sin no thar a cheann á gheallúint go ndéanfaidh, má deontar an ceadúnas san, na coinníollacha orduithe do chólíonadh faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm.

[EN]

(2) Maidir le gach ceadúnas iomportála—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

[EN]

(b) déarfa sé agus déanfa sé a cheadúnú don duine dá ndeonfar é na substaintí íce uile le n-a mbaineann an tAcht so no pé ceann no cinn acu luadhfar sa cheadúnas san d'iomportáil ón déantóir a hainmneofar sa cheadúnas san, agus

[EN]

(c) deonfar é fé réir na gcoinníollacha bheidh orduithe maidir leis, agus

[EN]

(d) deonfar é ar choinníoll go gcólíonfaidh an déantóir sin an gealltanas déantóra do shighnigh sé maidir leis an gceadúnas san.

[EN]

(3) Mara ndeintear roimhe sin é do cheiliúradh no é do chur ar fiunraoi fén Acht so, fanfaidh gach ceadúnas iomportála i bhfeidhm go ceann na tréimhse orduithe o dháta an cheadúnais sin agus raghaidh in éag ansan.

[EN]

Ceadúnaisí taighdthe.

10.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas taighdthe san Acht so) chun aon tsubstainte íce le n-a mbaineann an tAcht so d'iomportáil do dheonadh d'éinne—

[EN]

(a) a bheidh ag gabháil do thaighdeadh eolaíochta. agus

[EN]

(b) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, agus

[EN]

(c) a chuirfidh moladh i dteanta an iarratais sin mar thaca leis agus an moladh san sighnithe ag pé daoine bheidh orduithe.

[EN]

(2) Maidir le gach ceadúnas taighdthe—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

[EN]

(b) déarfa sé agus déanfa sé a cheadúnú don duine dá ndeonfar é substaintí íce le n-a mbaineann an tAcht so no pé ceann no cinn acu luadhfar sa cheadúnas san d'iomportáil, agus

[EN]

(c) deonfar é fé réir na gcoinníollacha bheidh orduithe maidir leis.

[EN]

(3) Mara ndeintear roimhe sin é do cheiliúradh no é do chur ar fiunraoi fén Acht so, fanfaidh gach ceadúnas taighdthe i bhfeidhm go ceann na tréimhse orduithe o dháta an cheadúnais sin agus raghaidh in éag ansan.

[EN]

Ceada íomportála.

11.—Féadfaidh an tAire, aon tráth, más ceart é dar leis, cead (dá ngairmtear cead iomportála san Acht so) do dheonadh d'aon dochtúir leighis cláruithe chun méid áirithe de shubstaint íce le n-a mbaineann an tAcht so d'iomportáil laistigh d'aimsir áirithe agus fé réir pé coinníollacha eile (más ann dóibh) is oiriúnach leis an Aire d'fhorchur agus a luadhfa sé sa chead san.

[EN]

Srian le substaintí íce d'iomportáil.

12.—(1) Ní bheidh sé dleathach aon tsubstaint íce le n-a mbaineann an tAcht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) gurb é bheidh ag iomportáil na substainte sin ná duine is sealbhóir ar cheadúnas thaighdthe bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire chun na substainte sin d'iomportáil, no

[EN]

(b) gurb é bheidh ag iomportáil na substainte sin ná duine is sealbhóir ar cheadúnas iomportála bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire chun na substainte sin d'iomportáil agus gur ón déantóir a bheidh luaidhte sa cheadúnas san a bheidh an tsubstaint sin á hiomportáil, no

[EN]

(c) gurb é bheidh ag iomportáil na substainte sin ná duine is sealbhóir ar chead iomportála bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire chun na substainte sin d'iomportáil agus gur do réir an cheada san a bheidh an tsubstaint sin á hiomportáil, no

[EN]

(d) gurb é bheidh ag iomportáil na substainte sin ná dochtúir leighis cláruithe agus go dtabharfaidh an dochtúir sin d'oifigeach custum agus máil, le linn na substainte sin do bheith á hiomportáil, dearbhú i scríbhinn fé n-a láimh á rá go bhfuil an tsubstaint sin ag teastáil go práinneach i gcóir duine dá othair féin agus nárbh fhéidir do toisc cúrsaí áirithe (a luadhfar sa dearbhú san) cead iomportála chun na substainte sin d'iomportáil d'fháil luath go leor.

[EN]

(2) Beidh gach duine dhéanfaidh éinní is sárú ar an alt so ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

Baint na nAchtanna Custum.

13.—Tuigfear carraí go dtoirmeasctar de bhuadh an Achta so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmease agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in Alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin. a bhaineann le hearraí toirmeasctar no sriantar d'iomportáil beidh baint acu dá réir sin.

[EN]

Táillí ar cheadúnaisí do dheonadh.

14.—(1) Íocfar leis an Aire ar aon cheadúnas do dheonadh fén Acht so pé táille shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, tré rialacháin do dhéanamh fén alt so agus féadfar táillí deifriúla do shocrú maidir le haicmí deifriúla ceadúnaisí.

[EN]

(2) Déanfar na táillí uile gheobhaidh an tAire fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Ceadúnaisí do cheiliúradh agus do chur ar fiunraoi.

15.—(1) Má deintear duine is sealbhóir ar cheadúnas do deonadh fén Acht so do chiontú i gcionta fén Acht so, féadfaidh an tAire an ceadúnas no na ceadúnaisí uile bheidh ag an duine sin do cheiliúradh no an céanna do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis.

[EN]

(2) Má bhíonn duine ina shealbhóir ar cheadúnas iomportála agus má deintear dar leis an Aire sárú ar an ngealltanas déantóra a thug an déantóir a luaidhtear sa cheadúnas san uaidh, féadfaidh an tAire an ceadúnas san do cheiliúradh no é do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Má deintear ceadúnas do chur ar fiunraoi fén alt so, scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm faid a leanfaidh an fhiunraíocht san.

[EN]

Comhachta cigirí.

16.—(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh luaidhte i gceadúnas déantóra agus iniúchadh do dhéanamh ar an áitreabh san agus ar an ngléasra agus ar an déantóireacht agus ar conus a deintear caighdeánú agus tástáil ar na substaintí íce deintear san áitreabh san, agus fós somplaí de sna substaintí íce sin do thógaint.

[EN]

(2) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina gcoimeádtar aon tsubstaint íce a hiomportáladh fé cheadúnas iomportála agus iniúchadh do dhéanamh ar an áitreabh agus ar conus a deintear (má deintear) tástáil ar an substaint sin, agus fós somplaí den tsubstaint sin do thógaint.

[EN]

(3) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina gcoimeádann duine is sealbhóir ar cheadúnas taighdthe aon tsubstaintí íce agus iniúchadh do dhéanamh ar an áitreabh san agus scrúdú do dhéanamh ar conus a húsáidtear na substaintí. agus fós somplaí dhíobh do thógaint.

[EN]

(4) Má dheineann duine ar bith bac no cosc do chur le cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar chigire fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

(5) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.

[EN]

Coinníollacha ceadúnais do shárú.

17.—Má dheineann duine ar bith, is sealbhóir ar cheadúnas a deonadh fén Acht so, sárú ar na coinníollacha gur fé n-a réir a deonadh an ceadúnas san no má theipeann air na coinníollacha san do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

Cógas dílseánaigh is substaint íce no ina bhfuil substaint íce do dhíol.

18.—Tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairlitheach féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) á cheangal, i gcás aon tsubstainte íce le n-a mbaineann an tAcht so d'fhógairt no do dhíol mar chógas dhílseánaigh no i gcás í do bheith i gcógas a bheidh á fhógairt no á dhíol amhlaidh, go mbeidh ar an duillín pé ainm aitheanta eolaíochta, no pé ainm thuariscithe fhíor-chinéil agus fhíor-bhunúis na substainte, a luadhfar sna rialacháin sin;

[EN]

(b) á cheangal go ndéanfar dáta déanta aon tsubstainte íce le n-a mbaineann an tAcht so do luadh sa tslí a hordófar leis na rialacháin sin ar gach árthach no pacáid cile ina mbeidh an tsubstaint sin á díol no á tairiscint chun a díolta, agus á thoirmeasc an tsubstaint sin do dhíol tar éis deire na tréimhse, o dháta an déanta, a luadhfar sna rialacháin sin;

[EN]

(c) á thoirmeasc aon tsubstaint íce le n-a mbaineann an tAcht so do dhíol no do thairiscint chun a díolta in aon tslí ach amháin in árthach no i ngabhdán eile den tsaghas a luadhfar sna rialacháin sin, agus á cheangal go ndéanfar an duillín no an comhartha eile luadhfar sna rialacháin sin do ghreamú don árthach no don ghabhdán san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith sárú ar aon rialacháin a déanfar fén alt so no má theipeann air na rialacháin sin do chólíonadh, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

Substaintí íce do rinneadh no do hiomportáladh go neadhleathach do dhíol.

19.—Má dhíolann duine ar bith aon tsubstaint íce le n-a mbaineann an tAcht so, no má bhíonn aon tsubstaint den tsórt san ar seilbh aige chun a díolta, agus a fhios aige gur contrárdha don Acht so no d'aon rialacháin a bheidh déanta fé a rinneadh no a hiomportáladh an tsubstaint sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so.

[EN]

Pionós mar gheall ar chiontaí.

20.—Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén Acht so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil den tsórt san do chur air no príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe, agus i gceachtar cás dlighfe sé aon carraí gur ina dtaobh do rinneadh an cionta do gheallbhruideadh.

[EN]

Costaisí.

21.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon chostaisí fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

22.—(1) Féadfar an tAcht Substaintí Ice, 1932, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Aire.

[EN]

SCEIDEAL.

Substainti Ice le n-a mBaineann an tAcht so.

1.—Na substaintí ar a dtugtar de ghnáth vaesuíní, scra, tocsuíní, anti-tocsuíní agus antigení.

2.—An tsubstaint ar a dtugtar de ghnáth salvarsan (dioxydiamino-arseno-benzol-di-hydrochloride) agus substaintí dá shamhail a húsáidtear de bhithin a sain-fheidhme chun galair thógálaigh do leigheas.

3.—Ullmhóidí de shain-phrionsabal an phancreas i gcoinnibh an ghalair chraosaigh, ullmhóidí ar a dtugtar insulin.

4.—Ullmhóidí de chírín deiridh an bhaill réamach gur tré instealladh atáid le húsáid.