[EN]

Uimhir 25 de 1934.


[EN]

ACHT ÉANLAITHE CLÓIS (GALAIR), 1934.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN GACH CEANN NO AON CHEANN D'FHORÁLACHA NA nACHTANNA UM GHALAIR AINMHITHE (ÉIRINN), 1894 GO 1932, DO CHUR I mBAINT LE hÉANLAITHE CLÓIS AGUS LE hUIBHE ÉANLAITHE CLÓIS, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Iúl, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, agus, i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs amhlaidh, foluíonn sí na hAchtanna uile le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san;

[EN]

cialluíonn an abairt “éanlaithe clóis” éanlaithe tighis, turcaithe, éanlaithe guinea agus colúir.

[EN]

Leathnú ar na comhachta chun ordú do dhéanamh.

2.—An chomhacht chun ordú do dhéanamh a bronntar le halt 22 den Phríomh-Acht agus atá dílsithe anois san Aire Talmhaíochta beidh ina cuid di agus folóidh orduithe do dhéanamh (tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgid) chun gach ceann no chun aon cheann de sna crícheanna so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun leathnú do dhéanamh, chun gach ceann no chun aon cheann de chrícheanna an Phríomh-Achta, ar an míniú tugtar ar ainmhithe san Acht san, i slí go ndéanfaidh an céanna, chun na gcrícheanna san no chun aon cheann acu gach cineál no aon chineál éanlaithe clóis d'fholú i dteanta na n-ainmhithe atá no bheidh foluithe sa mhíniú san do réir an Phríomh-Achta no fén bPríomh-Acht;

[EN]

(b) chun leathnú do dhéanamh, chun gach ceann no chun aon cheann de chrícheanna an Príomh-Achta, ar an míniú tugtar ar ghalar sa Phríomh-Acht, i slí go ndéanfaidh an céanna, chun na gcrícheanna san no chun aon cheann acu, galar ar bith dá mbíonn ar gach cineál no ar aon chineál éanlaithe clóis d'fholú i dteanta na ngalar atá no bheidh foluithe sa mhíniú san do réir an Phríomh-Achta no fén bPríomh-Acht;

[EN]

(c) chun iomportáil uibhe éanlaithe clóis a bheidh beartuithe a úsáid mar uibhe guir do thoirmeasc (ar fad no ar choinníoll) agus do rialáil agus, chun críche an toirmisc agus na rialála san, chun gach ceann no aon cheann d'fhorálacha an Phríomh-Achta i dtaobh iomportála ainmhithe (ar a n-áirmhítear comhachta chun ordú do dhéanamh) do chur i mbaint le huibhe den tsórt san;

[EN]

(d) chun toirmeasc no srianadh do dhéanamh maidir le huibhe iomportála éanlaithe clóis d'úsáid mar uibhe guir agus chun na húsáide sin do rialáil;

[EN]

(e) chun a chur mar cheangal go n-íocfar táillí i dtaobh seirbhísí fén bPríomh-Acht alos éanlaithe clóis a thiocfaidh de thurus na huaire fén míniú tugtar ar ainmhithe san Acht san agus alos uibhe éanlaithe clóis, agus chun a ordú, le toiliú an Aire Airgid, cadiad na méideanna bheidh sna táillí sin agus cé hiad na daoine íocfaidh agus cadiad na cásanna ina n-íocfar na táillí sin.

[EN]

Costaisí.

3.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Talmhaíochta chun no i dtaobh aon orduithe do dhéanamh fé alt 22 den Phríomh-Acht, is ordú ar n-a dhéanamh amhlaidh de bhuadh an leathnuithe dheineann an tAcht so ar na comhachta bronntar leis an alt san, no chun no i dtaobh aon ghnímh no ruda do dhéanamh fén ordú san no fén bPríomh-Acht chun críche an orduithe sin no dá bhuadh.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—(1) Féadfar an tAcht Eanlaithe Clóis (Galair), 1934, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934, de ghairm de sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1932, agus den Acht so le chéile.