Uimhir 25 de 1937.
ACHT TOGHACHÁIN (CEANN COMHAIRLE DHÁIL ÉIREANN), 1937.
[1adh Mí na Samhna, 1937.]
Minithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923);
cialluíonn an abairt “Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig” an duine bhí, díreach roimh an scur de Dháil Éireann gur ina thaobh a húsáidtear an abairt, ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann;
cialluíonn an abairt “an rit” an rit is gá do réir fo-ailt (1) d'alt 54 den Phríomh-Acht do Chléireach Dháil Éireann a thabhairt amach do chinn chomhrimh ar Dháil Éireann do scur;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Puiblí;
na habairtí agus na focail eile go léir dá dtugtar brí áirithe sa Phríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leo san Acht so an brí bheirtear dóibh amhlaidh.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an pobal le déanaí.
Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig d'ath-thogha.
3.—(1) Pé uair a scuirfear Dáil Éireann agus ná beidh an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig tar éis a chraoladh do Dháil Éireann roimh í scur nach mian leis teacht chun bheith ina bhall de Dháil Éireann sa toghachán ghenerálta bheidh ann de dhruim an scurtha san, tuigfear an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do bheith toghtha gan aon togha achtúil do dhéanamh, sa toghachán ghenerálta san, mar bhall de Dháil Éireann—
(a) don dáilcheanntar dá raibh sé ina bhall de Dháil Éireann díreach roimh an scur san, no.
(b) má thagann ath-chóiriú dáilcheanntar i bhfeidhm ar an scur san do thárlachtaint, don dáilcheanntar a dearbhófar, ar an ath-chóiriú san do dhéanamh, do bheith ar có-réir leis an dáilcheanntar a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo den fho-alt so.
(2) Pé uair a tuigfear, de bhuadh an ailt seo, Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do bheith toghtha i dtoghachán ghenerálta mar bhall de Dháil Éireann do dháilcheanntar áirithe, beidh an líon ball a toghfar go hachtúil sa toghachán ghenerálta san don dáilcheanntar san ball níos lugha ná an líon ba ghá a thogha amhlaidh don dáilcheanntar san mara mbeadh san.
An nós imeachta maidir le Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do thogha.
4.—(1) Pé uair a tuigfear, de bhuadh an Achta so, Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do bheith toghtha i dtoghachán ghenerálta mar bhall de Dháil Éireann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) an rit a bhéarfar amach don cheann chomhrimh sa dáilcheanntar go dtuigfear amhlaidh an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do bheith toghtha dhó déanfar amach í i slí go n-ordóidh don cheann chomhrimh sin a chur fé ndeár toghachán do chur ar siúl chun líon ball a bheidh níos lugha de bhall amháin ná an lán-líon de bhaill de Dháil Éireann don dáilcheanntar san do thogha;
(b) le linn dó an rit sin do thabhairt amach no chó luath agus is féidir é ina dhiadh sin cuirfidh Cléireach Dháil Éireann chun an chinn chomhrimh sin agus foillseoidh san Iris Oifigiúil deimhniú sa bhfuirm orduithe á dheimhniú ná dearna an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig a chraoladh do Dháil Éireann roimh í scur nár mhian leis teacht chun bheith ina bhall de Dháil Éireann sa toghachán ghenerálta bheadh ann de dhruim an scurtha san;
(c) sa bhfógra phuiblí bhéarfaidh an ceann comhrimh sin uaidh fé Riail 43 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht déanfa sé ainm an Chinn Chomhairle bheidh ag dul as oifig do chur imeasc ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh don dáilcheanntar san.
Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig d'fháil bháis.
5.—Pé uair a thárlóidh do Cheann Chomhairle bheidh ag dul as oifig, agus nár chraol do Dháil Éireann roimh í scur nár mian leis teacht chun bheith ina bhall de Dháil Éireann sa toghachán ghenerálta bheadh ann de dhruim an scurtha san, é d'fháil bháis tar éis an scurtha san agus sara dtosnóidh an vótaíocht sa dáilcheanntar go dtuigfear de bhuadh an Achta so é bheith toghtha dhó sa toghachán ghenerálta san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má gheibheann an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig bás roimh an rit do thabhairt amach don cheann chomhrimh sa dáilcheanntar san, scuirfidh an tAcht so d'éifeacht do bheith aige maidir leis an toghachán ghenerálta san;
(b) má gheibheann an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig bás tar éis an rit sin do thabhairt amach agus sara dtosnóidh an vótaíocht sa dáilcheanntar san déanfaidh Cléireach Dháil Éireann, ar é bheith deimhnitheach gur thárla an bás san, an rit sin d'ais-ghlaoch agus rit (dá ngairmtear an rit nua san alt so) do thabhairt amach ina hionad don cheann chomhrimh sin agus í déanta amach i slí go n-ordóidh don cheann chomhrimh sin a chur fé ndeár toghachán do chur ar siúl chun an lán-líon de bhaill de Dháil Éireann don dáilcheanntar san do thogha;
(c) sa chás a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so, déanfaidh an ceann comhrimh sin, ar é bheith deimhnitheach go bhfuair an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig bás no ar fháil na riteach nua san dó (pé ní acu san is túisce thárlóidh), an fógra i dtaobh na vótaíochta do chur ar ceal;
(d) pé uair a déanfar an fógra i dtaobh na vótaíochta do chur ar ceal de réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so. tosnófar as an nua ar na himeachta uile bhaineann leis an toghachán sa dáilcheanntar san, agus sa toghachán nua san is sa tslí a foráltar leis an bPríomh-Acht alos toghacháin chorra a ceapfar an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh agus lá na vótaíochta, agus chun na críche sin tuigfear gurb í an rit nua an rit i gcóir an toghacháin nua san;
(e) má cuirtear toghachán nua ar siúl do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, ní gá aon ainmniúchán nua alos aon iarrthóra do bhí ainmnithe le linn an fhógra i dtaobh na vótaíochta do chur ar ceal.
An Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do dhúnadh amach o fhorálacha reachtúla áirithe.
6.—Pé uair a tuigfear de bhuadh an Achta so Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig do bheith toghtha i dtoghachán ghenerálta ní tuigfear é bheith ina iarrthóir sa toghachán ghenerálta san do réir bhrí an Phríomh-Achta ná an Achta chun Droch-bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923).
Gearr-theideal.
7.—Féadfar an tAcht Toghacháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937, do ghairm den Acht so.