Uimhir 25 de 1946.
AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946, a ghairm den Acht seo.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na hInstitúide;
ciallaíonn an abairt “an Stiúrthóir” an Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail;
ciallaíonn an abairt “an Chomhairle Thaighde Thionnscail” an comhlacht a cheap an tAire Tionnscail agus Tráchtála ina Chomhairle Thaighde Thionscail an 20ú lá de Mhárta, 1934;
ciallaíonn an abairt “an Institiúid” an Institiúid Taighde agus Caighdeán Tionscail a bunaítear leis an Acht seo;
folaíonn an focal “mare” comharthacht, branda, mírcheann, lipéad, ticéad, ainm, síniú, focal, litir, uimhir nó aon chomhnascadh dhíobh sin;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Trách tála;
ciallaíonn an focal “clár”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, clár a choimeádfas an tAire de bhun ailt 23 den Acht seo;
folaíonn an focal “sonraíocht” tuairisc ar aon earra, próiseas nó cleacht trí thagairt d'aon cheann nó cinn acu seo a leanas, eadhon, nádúir, cáilíocht, neart, íonacht, comhshuíomh, cainníocht, tuisí, meáchan, grád, buanadas, bunús, aois agus aon airí eile;
ciallaíonn an abairt “marc caighdeánach” marc arna ordú le hordú faoi alt 22 den Acht seo chun a úsáidte maidir le hearra, próiseas nó cleacht chun a thaispeáint go bhfuil sin do réir sonraíochta caighdeánaí áirithe;
ciallaíonn an abairt “sonraíocht chaighdeánach” sonraíocht arna dearbhú le hordú faoi alt 20 den Acht seo a bheith ina sonraíocht chaighdeánach.
Costais.
3.—Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
CUID II.
Bunu agus Feadhma na hInstitiuide.
Bunú na hInstitiúide.
4.—(1) Déantar leis seo institiúid, dá ngairmfear an Institiúid Taighde agus Caighdeán Tionscail, a bhunú chun na feadhma a ceaptar di leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Institiúid ina comhlacht corpartha, agus síorchomharbas agus séala aici, agus beidh an dlí intsaothruithe aici agus uirthi ina hainm chorpartha agus féadfaidh sí talamh a shealbhú.
(3) Beidh an Institiúid comhdhéanta dhíobh seo a leanas—
(i) Comhairle na hInstitiúide,
(ii) an Coiste Taighde Thionscail,
(iii) an Coiste Caighdeán, agus
(iv) an Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail.
Feadhma na hInstitiúide.
5.—Is iad is feadhma don Institiúid—
(a) taighde agus fiosrú eolaíochta a ghabháil de láimh, a spreagadh agus a chothú, d'fhonn—
(i) úsáid acmhainne nádúrtha an Stáit a chur chun cinn,
(ii) na próisis agus na modhanna teicniúla a húsáidtear i dtionscail an Stáit a fheabhsú,
(iii) próisis agus modhanna teicniúla a fhionnachtain a chuirfeadh chun cinn nó d'éascódh leathnú tionscal atá ann nó forbairt tionscal nua, agus úsáid dramhtháirgthe tionscail,
(b) molta a thabhairt don Aire maidir le sonraíochta caighdeánacha a fhoirmliú d'earraí, próisis agus cleachta agus maidir le marcanna caighdeánacha d'earraí, próisis agus cleachta, a bheas do réir sonraíochtaí caighdeánacha, a chur ar fáil agus a úsáid,
(c) earraí a bheas beartaithe chun a ndíolta nó chun a n-úsáidte ag an bpobal a thástáil agus a thaifeach, d'fhonn—
(i) taighde agus fiosrú eolaíochta a chur ar aghaidh nó a éascú,
(ii) a áirithiú go mbeid do réir sonraíochtaí caighdeánacha,
(iii) caighdeánú earraí, próiseas agus cleacht a spreagadh,
nó, go ginearálta, d'fhonn airíona na n-earraí sin a fhionnachtain ar mhaithe le leas an phobail,
(d) toradh aon tástála nó taifigh a fhoilsiú a bheas déanta ag an Institiúid nó ag duine ar bith eile thar a ceann.
(2) Féadfaidh an Institiúid socrú a dhéanamh le duine ar bith chun an duine sin do dhéanamh aon taighde, fiosruithe, tástála nó taifigh dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo thar ceann na hInstitiúide.
CUID III.
Comhairle na hInstitiuide.
An Chomhairle.
6.—(1) Beidh Comhairle ann chun comhairle agus cabhair a thabhairt i rialú ginearálta na hInstitiúide agus i riaradh a cúrsaí.
(2) Beidh an Chomhairle comhdhéanta de na comhaltaí ex-officio agus de chaoga gnáthchomhalta ar a mhéid, a gceapfar gach duine acu mar gheall ar a bhuaidheanna i dtaighde eolaíochta i leith tionscail nó mar gheall ar an tacaíocht a thug sé do thaighde den tsórt sin nó mar gheall ar a chumas chun glacadh sonraíochtaí caighdeánacha i dtionscal a chur chun cinn.
(3) Beidh comhaltaí an Choiste Thaighde Thionscail agus comhaltaí an Choiste Chaighdeán ina gcomhaltaí ex-officio den Chomhairle.
(4) Bainfidh na forála seo a leanas le ceapadh gnáthchomhaltaí na Comhairle:—
(a) ceapfar iad i gceann gach cúig mblian;
(b) déanfaidh an Rialtas na céad cheapacháin a luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith agus áireofar sna ceapacháin sin gach comhalta den Chomhairle Thaighde Thionscail a bheas toilteanach agus cumasach ar ghníomhú;
(c) déanfaidh an tAire gach ceapachán ina dhiaidh sin.
(5) Beidh feidhm maidir leis an gComhairle ag na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
Costais chomhaltaí na Comhairle.
7.—Féadfar pé costais taistil agus cothuithe a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc le comhaltaí den Chomhairle as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid.
CUID IV.
An Coiste Taighde Thionscail.
An Coíste Taighde Thionscail.
8.—(1) Beidh comhlacht ann, dá ngairmfear an Coiste Taighde Thionscail, chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Coiste comhdhéanta de naonúr comhaltaí ar a mhéid, a gceapfar gach duine acu mar gheall ar a bhuaidheanna i dtaighde eolaíochta i leith tionscail nó toisc é a bheith ionadaitheach do thionscal nó a bheith cumasach ar cabhair mhór phraiticiúil a thabhairt in obair na hInstitiúide.
(3) Ceapfaidh an tAire an Coiste Taighde Thionscail i gceann gach trí mblian.
(4) Bainfidh na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo le ceapadh, éirí as oifig agus cur as oifig comhaltaí den Choiste Taighde Thionscail agus le himeachta an Choiste sin.
An Coiste Taighde Thionscail d'fheidmhiú feadhma áirithe de chuid na hInstitiúide.
9.—Gníomhóidh an Coiste Taighde Thionscail in ainm agus thar ceann na hInstitiúide i ngach ní ach amháin mar foráltar a mhalairt go folas san Acht seo, agus is gníomhartha ón Institiúid a bheas i ngníomhartha an Choiste sin i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo.
Luach saothair comhaltaí.
10.—Féadfar pé luach saothair agus costais a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc le comhaltaí an Choiste sin as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid.
CUID V.
An Coiste Caighdean.
An Coiste Caighdeán.
11.—(1) Beidh comhlacht ann, dá ngairmfear an Coiste Caighdeán, chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Coiste Caighdeán comhdhéanta de sheachtar comhaltaí, a mbeidh triúr acu, agus gan thar triúr acu, ina gcomhaltaí den Choiste Taighde Thionscail.
(3) Ceapfaidh an tAire an Coiste Caighdeán i gceann gach trí mblian.
(4) Bainfidh na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo le ceapadh, éirí as oifig agus cur as oifig comhaltaí den Choiste Caighdeán agus le himeachta an Choiste sin.
An Coiste Caighdeán d'fheidhmiú feadhma áirithe de chuid na hInstitiúide.
12.—Gníomhóidh an Coiste Caighdeán in ainm agus thar ceann na hInstitiúide i bhfeidhmiú feadhma na hInstitiúide faoi alt 20 den Acht seo agus is gníomhartha ón Institiúid a bheas i ngníomhartha an Choiste sin i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo.
Luach saothair comhaltaí.
13.—Féadfar pé luach saothair agus costais a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc le comhaltaí an Choiste Chaighdeán as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid.
CUID VI.
An Stiurthoir Taighde agus Caighdean Tionscail.
An Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail.
14.—(1) Ceapfaidh an tAire an Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail agus féadfaidh an tAire, más cuibhe leis, é a chur as oifig as a chomhairle féin nó ar mholadh an Choiste Thaighde Thionscail, ar chúiseanna a luafar.
(2) Is do réir mar chinnfeas an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, nuair a bheas duine á cheapadh aige ina Stiúrthóir a bheas luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse an duine sin.
Feadhma an Stiúrthóra.
15.—Is iad príomhdhualgais an Stiúrthóra stiúrú agus maoirseacht a dhéanamh—
(a) ar thaighde ar a gcinnfidh an Coiste Taighde Thionscail, agus
(b) faoi réir ordachán an Choiste Chaighdeán, ar fhoirmliú sonraíochtaí do réir ailt 20 den Acht seo,
ach, faoina réir sin, féadfaidh sé, gan spleáchas leis an gCoiste Taighde Thionscail, pé taighde is cuibhe leis a dhéanamh thar ceann na hInstitiúide.
Ceart labhartha ag cruinnithe.
16.—Féadfaidh an Stiúrthóir bheith i láthair agus labhairt ag gach cruinniú den Chomhairle, den Choiste Taighde Thionscail agus den Choiste Caighdeán, ach ní bheidh ceart vótála aige ag aon chruinniú den tsórt sin.
Coistí comhairlitheacha ag an Stiúrthóir.
17.—(1) Féadfaidh an Stiúrthóir coistí comhairlitheacha a cheapadh chun dul i gcomhairle leis agus é a chomhairliú i dtaobh aon choda dá fheadhma, ach i gcás feadhma a mbeidh baint ag an gCoiste Taighde Thionscail nó an Coiste Caighdeán leo, toiliú an Choiste a bheas i gceist a fháil roimh ré.
(2) Féadfar pé costais taistil agus cothuithe a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc, as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid, le comhaltaí coiste chomhairlithigh a ceapfar go cuibhe faoi fho-alt (1) den alt seo.
CUID VII.
Taighde Eolaiochta.
Taighde a dhéanamh.
18.—Déanfaidh an Institiúid pé taighdithe, lena n-áirítear taighdithe ar scála saotharlainne nó treoir-ghléasra, agus pé fiosruithe, tástála agus taifigh a iarrfas an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Taighde Thionscail agus leis an Stiúrthóir, agus féadfaidh sí, fairis sin, na taighdithe adúradh a dhéanamh agus pé fiosruithe, tástála agus taifigh a dhéanamh is cuibhe leis an gCoiste sin nó leis an Stiúrthóir ó am go ham.
Fionnachtana agus airge.
19.—(1) Is leis an Aire gach fionnachtain nó aireag a thiocfas as taighdithe nó fiosruithe a gabhfar de láimh ag an Institiúid nó thar a ceann, ach amháin na fionnachtana agus na hairge sin dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo.
(2) Aon fhionnachtain nó aireag a thiocfas as taighdithe nó fiosruithe a gabhfar de láimh ag an Institiúid nó thar a ceann do dhuine ar bith (seachas Aire Stáit) ní bheidh sí ina maoin leis an duine sin amháin ach beidh sí ina maoin leis an Aire agus leis an duine sin do réir pé cionúireachtaí a chinnfeas an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Taighde Thionscail.
(3) Sar a bhfoilseoidh an tAire aon fhionnachtain nó aireag raghaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Taighde Thionscail agus leis an Stiúrthóir i dtaobh inmholtachta an fhoilsithe sin.
(4) Féadfaidh an Coiste Taighde Thionscail, le toiliú an Aire, pé bónais nó ríchíosa is cuibhe leis an gCoiste sin a íoc, as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid, le comhaltaí d'fhoirinn na hInstitiúide a rinne fionnachtana nó airge tábhachtacha nó a chabhraigh go habhartha le fionnachtana nó airge den tsórt sin a dhéanamh.
CUID VIII.
Sonraiochta Caighdeanacha agus Marcanna Caighdeanacha.
Sonraíochta caighdeánacha.
20.—(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochta a fhoirmliú don Aire do pé earraí, próisis agus cleachta a iarrfas an tAire ó am go ham.
(2) Nuair a bheas sonraíochta á bhfoirmliú ag an Institiúid faoi fho-alt (1) den alt seo, comhlíonfaid ordacháin an Aire.
(3) Féadfaidh an tAire, ar shonraíocht a fháil ón Institiúid, a dhearbhú, le hordú, an tsonraíocht a bheith ina sonraíocht chaighdeánach don earra, don phróiseas nó don chleacht lena mbaineann sí.
(4) I gcás ina n-údaraítear d'aon Aire Stáit, faoi aon Acht seachas an tAcht seo, sonraíocht nó caighdeán cáilíochta a ordú d'aon earra, próiseas nó cleacht nó ceadúnais a eisiúint chun aon earra a dhíol nó a fhógairt, ní dhearbhóidh an tAire sonraíocht i leith na hearra, an phróisis nó an chleachta sin a bheith ina sonraíocht chaighdeánach, ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.
(5) Féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh aige faoi fho-alt (3) den alt seo a chúlghairm.
(6) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (3) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Gó-thuairisciú maidir le sonraíochta caighdeánacha.
21.—(1) Gach duine a dhéanfas aon tuairisciú, a bheas bréagach in aon phonc abhartha, gur de shonraíocht chaighdeánach aon earra, próiseas nó cleacht, beidh sé, mura gcruthaí sé gur gan intinn díobarta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.
(2) San alt seo ciallaíonn an focal “tuairisciú” maidir le hearra, próiseas nó cleacht, aon tuairisciú, díreach nó neamhdhíreach, ó bhéal nó trí iompar nó i scríbhinn, agus, más i scríbhinn é, folaíonn sé tuairisciú in aon fhógrán, clárliosta, ceann bille, nó doiciméid eile a bhainfeas leis an earra, an próiseas nó an cleacht nó a cuirfear i gcéill trí aon mharc nó teideal trádála a úsáid.
(3) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíos oibriú míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Merchandise Marks Act, 1887.
Marcanna caighdeánacha.
22.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, marc a ordú chun a úsáidte, do réir an Achta seo, maidir le hearra, próiseas nó cleacht sonraithe chun a chur in iúl go bhfuil sin do réir sonraíochta caighdeánaí áirithe.
(2) Beidh na focail “Caighdeán Éireannach” nó na hinisealacha “C.E.” i marc caighdeánach agus féadfar na focail “Irish Standard” nó na hinisealacha “I.S.” nó aon mharc eile a chur ann.
(3) Féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh aige faoin alt seo a chúlghairm.
(4) Aon uair a bheas ordú i bhfeidhm de thuras na huaire ag ordú marc chaighdeánaigh chun a úsáidte maidir le hearra, próiseas nó cleacht a bheas do réir sonraíochta caighdeánaí áirithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) is é an tAire a bheas ina dhílseánach ar an marc caighdeánach;
(b) chun críocha na nAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, beidh an marc caighdeánach ina mharc trádála;
(c) beidh úsáid an mharc chaighdeánaigh, maidir le hearra, próiseas nó cleacht ná beidh do réir na sonraíochta caighdeánaí sin, ina thuairisc thrádála bhréagach, do réir bhrí na nAcht sin;
(d) beidh feidhm ag na hAchta sin dá réir sin.
(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonadh do dhuine chun marc caighdeánach a úsáid, faoi réir pé coinníoll a luafar sa cheadúnas, maidir le haon earra, próiseas nó cleacht a mbeidh sonraíocht chaighdeánach ann dó.
(6) Má dhearbhaíonn an tAire, le toiliú aon Aire Stáit eile, sonraíocht a bheith ina sonraíocht chaighdeánach d'earra, próiseas nó cleacht, ní dheonfaidh sé ceadúnas faoin alt seo chun marc caighdeánach a úsáid maidir leis an earra, an próiseas nó an cleacht sin ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.
(7) Féadfaidh an tAire ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm ach, más le toiliú aon Aire Stáit eile a deonadh an ceadúnas, ní fhéadfaidh sé sin a dhéanamh gan toiliú an Aire Stáit sin.
(8) Duine ar bith—
(a) a úsáidfeas marc caighdeánach ar shlí seachas do réir ceadúnais faoin alt seo, nó
(b) a dhéanfas aon tuairisciú nó a úsáidfeas aon mharc maidir le haon earra, próiseas nó cleacht a thabharfas le tuigsint nó is dócha a thabharfadh le tuigsint duine ná fuil ceadúnaithe chun marc caighdeánach a úsáid maidir leis an earra, an próiseas nó an cleacht sin a bheith ceadúnaithe amhlaidh nó a bheith i dteideal marc caighdeánach a úsáid,
beidh sé, mura gcruthaí sé gur gan intinn díobarta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.
(9) Tá leis an bhfocal “tuairisciú” i bhfo-alt (8) den alt seo an bhrí atá leis in alt 21 den Acht seo.
Cláir.
23.—(1) Coimeádfaidh an tAire—
(a) clár de shonraíochta caighdeánacha (dá ngairmfear an Clár de Shonraíochta Caighdeánacha), agus
(b) clár de mharcanna caighdeánacha (dá ngairmfear an Clár de Mharcanna Caighdeánacha).
(2) Beidh gach clár acu ar fáil chun a iniúchta ag duine ar bith, ar tháille scillinge a íoc, gach tráth réasúnach.
(3) Beidh teastas faoi shéala oifigiúil an Aire i dtaobh lánais chláir nó i dtaobh aon iontrála ann ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheas teastasaithe amhlaidh.
(4) Bhéarfaidh an tAire do dhuine ar bith, ar tháille scillinge a íoc in aghaidh gach iontrála, teastas mar a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo.
Marcanna caighdeánacha a chlárú lasmuigh den Stát.
24.—Féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar marc caighdeánach a chlárú in aon chlár a bheas á choimeád in aon áit lasmuigh den Stát, agus féadfaidh a thabhairt go gclárófar é féin sa chlár mar dhílseánach an mharc chaighdeánaigh.
Srian le clárú faoin Registration of Business Names Act, 1916.
25.—(1) Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, duine a chlárú faoin Registration of Business Names Act, 1916, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheas inti, an focal “Caighdeán”, nó an focal “Standard”, nó na hinisealacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheas chomh cosúil le haon fhocal nó inisealacha acu sin gur dócha mealladh nó mearbhall a theacht de.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú duine faoi ainm i gcosúlacht na hainme faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó ar an duine sin cláraithe, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.
Srian le clárú faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924.
26.—(1) Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, cuideachta a chlárú faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheas inti, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard” nó na hinisealacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheas chomh cosúil le haon fhocal nó inisealacha acu sin gur dócha mealladh nó mearbhall a theacht de.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú cuideachtan faoi ainm i gcosúlacht na hainme faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó ar an gcuideachtain sin cláraithe, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.
Srian le clárú faoi na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 agus 1929.
27.—Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, aon mharc ná dearadh trádála a chlárú faoi na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 agus 1929, a mbeidh ann, nó arb é a bheas ann, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard” nó na hinisealacha “C.É.” nó “I.S.” nó a mbeidh cosúlacht chomh mór sin aige le haon fhocal nó inisealacha acu sin nó le haon mharc caighdeánach gur dócha mealladh nó mearbhall a theacht de.
Cionta.
28.—Féadfar cion faoi na hAchta Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nó faoi alt 22 den Acht seo, maidir le marc caighdeánach nó sonraíocht chaighdeánach nó ceadúnas faoin alt sin, a ionchúiseamh ag an Aire nó ar agra an Aire mar ionchúisitheoir.
CUID IX.
Riaradh na hInstitiuide.
Séala na hInstitiúide.
29.—(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail séala don Institiúid a sholáthar agus a choimeád ina seilbh.
(2) Déanfar séala na hInstitiúide, ar é a ghreamú d'aon doiciméid a dhílse-dheimhniú trí shíniú cathaoirligh an Choiste Thaighde Thionscail nó trí shíniú comhalta éigin eile dhe a bheas údaraithe ag an gCoiste sin chuige sin.
(3) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala na hInstitiúide agus, mura gcruthaítear a mhalairt, is tuigthe gach doiciméid a airbheartós a bheith séalaithe le séala na hInstitiúide agus a bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo a bheith arna séalú amhlaidh go cuibhe agus go dleathach agus, ach amháin mar adúradh, glacfar i bhfianaise í gan a thuilleadh cruthúnais agus, go sonrach, gan cruthúnas ar aon tsíniú a bheas curtha leis an doiciméid sin chun críche an dílsedheimhnithe sin agus gan cruthúnas ar oifig ná údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é.
Oifigí agus áitribh.
30.—(1) Chun oifigí agus áitribh a chur ar fáil a bheas ag teastáil chun a feadhma a chomhlíonadh, féadfaidh an Institiúid—
(a) aon talamh a cheannach nó a thógaint ar léas,
(b) oifigí agus áitribh a thógáil, a ghléasadh agus a chothabháil.
(2) Féadfar deontais de pé méideanna a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Institiúid ó am go ham, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, chun iomlán costais chaipitiúil tailimh, foirgintí agus trealaimh don Institiúid nó aon chuid den chostas sin a íoc.
(3) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, agus ina dhiaidh sin ar an Aire dá iarraidh sin, ullmhóidh an Coiste Taighde Thionscail agus cuirfidh faoi bhráid an Aire tograí chun oifigí agus áitribh don Institiúid a chur ar fáil agus a ghléasadh.
(4) Féadfaidh an Institiúid aon talamh, oifigí nó áitribh a bheas ina seilbh agus ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun comhlíonadh a dhéanamh ar a feadhma a dhíol nó a chur ar léas.
Foireann.
31.—(1) Féadfaidh an Institiúid pé foireann a fhostú is gá chun a feadhma a chomhlíonadh.
(2) Déanfaidh an Stiúrthóir, le ceadú an Choiste Thaighde Thionscail, comhaltaí foirne na hInstitiúide a cheapadh agus a chur as oifig.
(3) Cinnfidh an Stiúrthóir ó am go ham, le ceadú an Aire, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, líon, gráid, luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí foirne na hInstitiúide, ach ní gá ceadú i leith daoine a beartófar a fhostú go ceann tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag.
(4) Ní ceapfar duine ar bith chun oifige ná poist i ngrád cléireachais de sheirbhís na hInstitiúide murab é tuairim an Choiste Thaighde Thionscail go bhfuil eolas maith aige ar an nGaeilge, agus, nuair a bheas ceapachán á dhéanamh chun aon oifige nó poist eile sa tseirbhís sin, bhéarfar tosaíocht do dhuine a mbeidh aige, i dtuairim an Choiste sin, eolas maith ar an nGaeilge.
Aoisliúntais.
32.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Institiúid agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonadh, ar iad do scor, don Stiúrthóir agus d'fhoirinn bhuan na hInstitiúide.
(2) Má cheadaíonn an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Institiúid an scéim i ngníomh do réir a téarmaí.
(3) Féadfaidh an Institiúid tráth ar bith, le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.
(4) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo, ceapfaidh sí an tráth agus na coinníollacha scortha do na daoine uile lena mbeidh, ar iad do scor, pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha faoin scéim, agus féadfar trátha agus coinníollacha difriúla a cheapadh i leith aicmí difriúla daoine.
(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhreith an Aire Airgeadais í agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.
(6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur na scéime ar neamhbhrí, beidh an scéim arna cur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Scoláireachta agus deontais do thaighde tionscail.
33.—(1) Féadfaidh an Institiúid, le ceadú an Aire, scoláireachta agus dámhachtana eile a chur ar fáil chun daoine a oiliúint i dtaighde tionscail.
(2) Féadfaidh an Institiúid pé cúnamh airgeadais nó cúnamh eile is cuibhe léi a thabhairt do dhaoine a ghabhfas de láimh taighde a dhéanamh de chineál a húdaraítear don Institiúid féin a ghabháil de láimh.
An Stát do mhaoiniú na hInstitiúide.
34.—(1) Sa bhliain airgeadais a bheas ann tráth an Achta seo a rith agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, íocfar leis an Institiúid, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas cúig mhíle dhéag punt i leith costas riartha na hInstitiúide.
(2) Féadfar, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontais de pé méideanna a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a thabhairt don Institiúid chun íoctha costais iomláin, nó aon choda de chostas, fiosruithe speisialta a ghabhfas an Institiúid de láimh, lena n-áirítear costas aon trealaimh speisialta.
(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ullmhóidh an Coiste Taighde Thionscail agus cuirfidh faoi bhraid an Aire, gach bliain, clár agus meastachán d'ioncam agus caiteachas na hInstitiúide maidir le fiosruithe speisialta.
Cumhacht chun táillí a éileamh.
35.—Beidh cumhacht ag an Institiúid táillí a éileamh, a ghlacadh agus a aisghabháil mar gheall ar thaighdithe, tástála, fiosruithe, agus taifigh a ghabhfas an Institiúid de láimh thar ceann duine ar bith, seachas an tAire.
Cumhacht na hInstitiúide chun bronntais a ghlacadh.
36.—(1) Féadfaidh an Institiúid bronntais airgid, tailimh nó maoine eile a ghlacadh, ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós an duine a bhéarfas an bronntas.
(2) Ní ghlacfaidh an Institiúid aon bhronntas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir ag gabháil le glacadh an bhronntais ar neamhréir le feadhma na hInstitiúide.
(3) Is é an Coiste Taighde Thionscail a thógfas agus a chuirfeas chun úsáide bronntais a ghlacfas an Institiúid faoin alt seo.
Airgeadas, cuntais agus niúchadh.
37.—(1) Déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail gnótha airgeadais na hInstitiúide a riaradh agus chuige sin íocfar leis an gCoiste sin an t-airgead uile is iníoctha faoin Acht seo nó ar shlí eile leis an Institiúid agus déanfaidh an Coiste sin gach díolaíocht a déanfar ag an Institiúid nó thar a ceann.
(2) Coimeádfaidh an Coiste Taighde Thionscail, i pé foirm a cheadós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuibhe agus is gnáth ar an airgead uile a gheobhaid nó a chaithfid, agus, go sonrach, coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ndéanfaidh an tAire, uaidh féin nó ar an Aire Airgeadais dá iarraidh, é a ordú ó am go ham.
(3) Déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail, gach bliain, cuntais a coimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Árd-Reachtaire Chuntas agus Ciste chun a n-iniúchta pé tráth a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin, arna n-iniúchadh amhlaidh, maraon le tuarascáil an Árd-Reachtaire Chuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh an tAire go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas.
Tuarascáil bhliantúil ón gCoiste Taighde Thionscail.
38.—(1) Ullmhóidh an Coiste Taighde Thionscail i ngach bliain airgeadais dréacht-thuarascáil ar obair na hInstitiúide sa bhliain airgeadais roimhe sin agus clár ginearálta den obair atá beartaithe a dhéanamh.
(2) Déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail an tuarascáil agus an clár a hullmhófar faoi fho-alt (1) den alt seo a chur faoi bhráid an Stiúrthóra agus na Comhairle, agus breithneoidh an Chomhairle an dréacht-thuarascáil agus an clár agus déanfaid, laistigh de dhá mhí tar éis dóibh iad a fháil, aon tuairimí is mian leo a thabhairt orthu a chur faoi bhráid an Choiste sin.
(3) Breithneoidh an Coiste Taighde Thionscail tuairimí an Stiúrthóra agus na Comhairle ar an dréacht-thuarascáil agus an clár agus ullmhóidh tuarascáil agus clár deiridh lena dtíolacadh don Aire.
(4) Déanfar cóip de gach tuarascáil a chuirfeas an Coiste Taighde Thionscail faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur faoi bhráid an Rialtais agus a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas laistigh de dhá mhí tar éis í a fháil ón gCoiste sin.
Eolas eolaíochta agus eolas teicniúil.
39.—(1) Baineann an t-alt seo leis an gCoiste Taighde Thionscail agus leis an gCoiste Caighdeán agus léireofar an focal “Coiste” dá réir sin san alt seo.
(2) Féadfaidh Coiste ó am go ham, le toiliú an Aire, eolas eolaíochta agus eolas teicniúil a fhoilsiú in ainm na hInstitiúide.
(3) Bhéarfaidh gach Coiste don Aire pé eolas i dtaobh a imeachta a theastós ón Aire ó am go ham.
An Institiúid, a comhaltaí agus a foireann a chosaint ar imeachta dlí.
40.—Ní luífidh aon aicsean ná imeacht (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana toiliúla) in aghaidh na hInstitiúide ná in aghaidh aon duine dá comhaltaí, dá hoifigigh nó dá seirbhísigh i dtaobh, nó de dhruim, an Institiúid do dhéanamh aon taighde, fiosruithe, tástála nó taifigh do réir an Achta seo nó d'fhoilsiú a thortha sin.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Rialacha a Bhaineas leis an gComhairle.
1. Raghaidh gnáthchomhaltaí na Comhairle as oifig ar an gcéad cheapadh cúig-bhlianach eile gnáthchomhaltaí.
2. Aon uair is lú ná caoga líon comhaltaí na Comhairle (gan na comhaltaí ex officio a áireamh), féadfaidh an tAire, ar mholadh an Choiste Thaighde Thionscail agus le ceadú na Comhairle, duine a cheapadh chun bheith ina ghnáth-chomhalta den Chomhairle go dtí an chéad cheapadh cúig-bhlianach eile gnáthchomhaltaí nó go ceann tréimhse is giorra ná sin.
3. Beidh na gnáthchomhaltaí imeachtacha den Chomhairle inathcheaptha.
4. Féadfaidh gnáthchomhalta den Chomhairle éirí as oifig trí litir arna díriú chun an Aire, agus beidh éifeacht ag an éirí as oifig ar an dáta ar a bhfaghaidh an tAire an litir.
5. Féadfaidh an tAire gnáthchomhalta den Chomhairle a chur as oifig.
6. Déanfaidh an Chomhairle, gach bliain a thosnós tar éis a céad chruinniú a thionól, cruinniú (dá ngairmtear an cruinniú bliantúil sna rialacha seo) a thionól ar pé dáta a cheapfas an Chomhairle.
7. (1) Déanfaidh an Chomhairle, ag a céad chruinniú, ag gach cruinniú bliantúil agus do réir mar is gá, duine dá comhaltaí a thoghadh ina chathaoirleach agus duine eile dá comhaltaí a thoghadh ina leas-chathaoirleach.
(2) An duine a toghfar ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach beidh sé, mura dtárlaí roimhe sin é a éag nó a éirí as oifig nó a theacht faoi dhícháilíocht, i seilbh oifige go dtí go dtoghfar a chomharba.
(3) Beidh an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach inatofa.
(4) Féadfaidh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí litir arna díriú chun na Comhairle agus beidh éifeacht ag an éirí as oifig i dtosach an chéad chruinnithe eile den Chomhairle a tionólfar tar éis don Chomhairle an litir a fháil.
(5) Má scoireann an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Chomhairle scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach.
(6) Má thárlann, i dtoghadh an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh, go mbeidh comhionannas vótaí ann do bheirt daoine nó níos mó, toghfar duine de na daoine sin trí chrannchur.
8. (1) Ag cruinniú den Chomhairle—
(a) beidh an cathaoirleach, má bhíonn i láthair, ina chathaoirleach ar an gcruinniú;
(b) má bhíonn an cathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, beidh an leas-chathaoirleach, má bhíonn i láthair, ina chathaoirleach ar an gcruinniú;
(c) má bhíonn an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh agus oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Chomhairle a bheas i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(2) Cinnfear gach ceist ag cruinniú den Chomhairle le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist, agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe, ach amháin nuair is é toghadh cathaoirligh na Comhairle a bheas i gceist.
(3) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle ná pé líon comhaltaí a shocrós an Chomhairle ó am go ham nó, mura mbeidh aon chóram arna shocrú amhlaidh de thuras na huaire, cúig dhuine dhéag.
(4) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Chomhairle, trí bhuan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó na Comhairle.
AN DARA SCEIDEAL
Rialacha a Bhaineas leis an gCoiste Taighde Thionscail agus an Coiste Caighdean.
1. Ceapfar an chéad Choiste Taighde Thionscail a luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith agus ceapfar Coiste nua gach tríú bliain d'éis a chéile i ndiaidh na bliana a ceapfar an chéad Choiste.
2. Ceapfar an chéad Choiste Caighdeán a luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith agus ceapfar Coiste nua gach tríú bliain d'éis a chéile ina dhiaidh sin ar an dáta ar a gceapfar an Coiste Taighde Thionscail.
3. (a) I gcás comhalta den Choiste Caighdeán, a bhí tráth a cheaptha ina chomhalta den Choiste Taighde Thionscail, a scor de bheith ina chomhalta den tsórt sin, scoirfidh sé tríd sin de bheith ina chomhalta den Choiste Caighdeán.
(b) I gcás comhalta den Choiste Caighdeán, ná raibh tráth a cheaptha ina chomhalta den Choiste Taighde Thionscail, a theacht chun bheith ina chomhalta den tsórt sin, scoirfidh sé tríd sin de bheith ina chomhalta den Choiste Caighdeán.
4. Baineann na rialacha ina dhiaidh seo, ach amháin mar a foráltar a mhalairt go folas, leis an gCoiste Taighde Thionscail agus leis an gCoiste Caighdeán, agus léireofar an focal “Coiste” dá réir sin sna rialacha sin.
5. Raghaidh gach Coiste as oifig ar a chomharba a cheapadh.
6. Féadfaidh an tAire daoine a cheapadh chun corr-fholúntais ar Choiste a líonadh.
7. Beidh na comhaltaí de Choiste imeachtach inathcheaptha.
8. Féadfaidh comhalta de Choiste éirí as oifig trí litir arna díriú chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as oifig ar an dáta ar a bhfaghaidh an tAire an litir.
9. Féadfaidh an tAire comhalta de Choiste a chur as oifig.
10. (1) Déanfaidh gach Coiste, ag a chéad chruinniú agus do réir mar is gá, duine dá chomhaltaí a thoghadh ina chathaoirleach.
(2) An duine a toghfar ina chathaoirleach ar Choiste beidh sé, mura dtárlaí roimhe sin é a éag nó a éirí as oifig nó a theacht faoi dhícháilíocht, i seilbh oifige mar chathaoirleach go dtí go raghaidh an Coiste as oifig.
(3) Féadfaidh an cathaoirleach ar Choiste éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir arna díriú chun an Choiste agus beidh éifeacht ag an éirí as oifig i dtosach an chéad chruinnithe eile den Choiste a tionólfar tar éis don Choiste an litir a fháil.
(4) Má scoireann an cathaoirleach ar Choiste de bheith ina chomhalta den Choiste, scoirfidh sé tríd sin de bheith ina chathaoirleach.
(5) Má thárlann, i dtoghadh an chathaoirligh, go mbeidh comhionannas vótaí ann do bheirt daoine nó níos mó, toghfar duine de na daoine sin trí chrannchur.
11. Tionólfaidh gach Coiste pé cruinnithe is gá chun a fheadhma a chomhlíonadh.
12. (1) Ag cruinniú de Choiste—
(a) beidh an cathaoirleach, má bhíonn i láthair, ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(b) má bhíonn an cathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Choiste a bheas i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(2) Cinnfear gach ceist ag cruinniú de Choiste le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist, agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe, ach amháin nuair is é toghadh an chathaoirligh a bheas i gceist.
(3) Féadfaidh Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais a bheith ina chomhaltas.
(4) Is é is córam do chruinniú de Choiste ná pé líon comhaltaí a shocrós an Coiste ó am go ham ach, mura mbeidh aon chóram arna shocrú amhlaidh de thuras na huaire, is ceathrar is córam don Choiste Taighde Thionscail agus is triúr is córam don Choiste Caighdeán.
(5) Faoi réir na rialacha seo, rialóidh gach Coiste, trí bhuanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Choiste.
13. (1) Féadfaidh Coiste ó am go ham pé fo-choistí agus pé méid fo-choistí a cheapadh a mheasfaidh is cuibhe.
(2) Féadfaidh Coiste aon chuid dá fheadhma, dá chumhachta agus dá dhualgais, ar dóigh leo gur fearr nó gur caothúla a d'fhéadfadh fo-choiste iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, a thairmligean chun fo-choiste, agus féadfaidh nós imeachta aon fho-choiste den tsórt sin a rialú.
(3) Beidh fo-choiste de cheachtar Coiste comhdhéanta de pé líon comhaltaí is cuibhe leis an gCoiste agus féadfaidh sé, mar is rogha leis an gCoiste, a bheith comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí den Choiste nó go leathrannach de dhaoine is comhaltaí den Choiste agus go leathrannach d'aon daoine acu seo a leanas—an Stiúrthóir, comhaltaí den Choiste eile, comhaltaí den Chomhairle, comhaltaí d'fhoirinn na hInstitiúide.
(4) Beidh breatha fo-choiste faoi réir a ndaingnithe ag an gCoiste, ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Coiste nach gá an daingniú sin.