Uimhir 25 de 1957.
ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1957.
[An tiontó oifigiúil.]
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla.
1.—Athghairmtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1956 (Uimh. 29 de 1956), agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasacht áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), thar suim chéad agus tríocha is cúig milliún punt.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1957, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1956, agus den Acht seo le chéile.