[EN]

Uimhir 25 de 1977


[EN]

AN tACHT UM BORD NÁISIÚNTA EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD A BHUNÚ DÁ nGAIRFEAR AN BORD NÁISIÚNTA EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Samhain, 1977] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

tá le “an Bord” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “foras” aon institiúid, coláiste, saotharlann, oifig nó seirbhís (faoi rialú Aire nó eile) atá ag gabháil go hiomlán nó go páirteach do thaighde agus d'fhorbairt nó d'aon ghníomhaíocht eile a bhaineann le heolaíocht nó le teicneolaíocht;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta;

[EN]

tá le “Buiséad Eolaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 5 den Acht seo.

[EN]

An lá bunaithe a cheapadh.

2.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

An Bord a bhunú.

3.—(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, an lá bunaithe, bord ar a dtabharfar an Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beith cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

[EN]

Feidhmeanna an Bhoird.

4.—(1) Beidh ag an mBord, i dteannta aon fheidhmeanna eile a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas—

[EN]

(a) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht atá freagrach as eolaíocht agus teicneolaíocht a chur chun cinn.

[EN]

(b) comhairle a thabhairt don Rialtas nó don Aire, ar thionscnamh an Bhoird nó ar iarratas ón Aire, ar bheartas i leith eolaíochta agus teicneolaíochta agus ábhair ghaolmhara,

[EN]

(c) comhoirdniú na hinfheistíochta poiblí agus na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí le chéile in eolaíocht agus i dteicneolaíocht a spreagadh agus tograí maidir le hinfheistíocht phoiblí a ullmhú,

[EN]

(d) deontais agus saoráidí airgeadais eile le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chur ar fáil agus a riaradh,

[EN]

(e) comhairle a thabhairt don Aire ar é á iarraidh sin faoi aon ní a bhaineann le heolaíocht nó le teicneolaíocht,

[EN]

(f) taighde a spreagadh,

[EN]

(g) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialach a spreagadh,

[EN]

(h) forbairt acmhainní aiceanta a spreagadh trí eolaíocht agus teicneolaíocht a fheidhmiú,

[EN]

(i) meas ar luachmhaireacht eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, na nithe sin eile go léir a dhéanamh a eascróidh nó a lean faidh as na feidhmeanna a shanntar don Bhord leis an Acht seo nó faoi.

[EN]

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh ag an mBord na feidhmeanna sonracha seo a leanas—

[EN]

(a) comhairle a thabhairt don Rialtas faoin ngá atá le haon institiúid nua a bhunú nó faoin ngá atá le feidhmeanna aon institiúid atá ann a athscrúdú agus faoin gcineál institiúide a bheadh iontu nó an deilbh a bheadh orthu,

[EN]

(b) clár náisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a ullmhú agus a athbhreithniú ó am go ham i gcomhairle le hinstitiúidí iomchuí,

[EN]

(c) gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chomhoirdniú,

[EN]

(d) páirteachas i ngníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a spreagadh.

[EN]

(e) gabháil do cibé gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a cheadóidh an tAire,

[EN]

(f) litríocht agus eolas a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a leathadh agus cabhrú lena leathadh,

[EN]

(g) gabháil (nuair is iomchuí sin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha) do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta in eolaíocht agus i dteicneolaíocht, lena n-áirítear, nuair is iomchuí sin, ionadú don Stát ag comhdhálacha, cruinnithe agus seimineáir,

[EN]

(h) bheith páirteach i gcomharthionscadail idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta agus páirteachas iontu a spreagadh, agus, nuair is iomchuí sin, comhaontuithe a dhéanamh le comhlachtaí inchomparáide lasmuigh den Stát, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, nuair is iomchuí sin, faoi réir dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha,

[EN]

(i) gabháil do staidéar ar dhaonchumhacht, i gcomhairle leis na hinstitiúidí iomchuí, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus, nuair is iomchuí sin, leathnú agus forbairt daonchumhachta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a spreagadh,

[EN]

(j) dul i mbun aireagáin a fhorbairt agus a shaothrú, agus cabhrú leis sin a dhéanamh, i gcomhairle leis na hinstitiúidí iomchuí,

[EN]

(k) seimineáir, comhdhálacha, léachtaí agus léiriúcháin, sa Stát nó in áit eile, a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus le nithe gaolmhara a spreagadh agus a eagrú,

[EN]

(l) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt agus ar fheabhsú dearadh tionscail agus tráchtála a spreagadh,

[EN]

(m) comhairle agus cúnamh a thabhairt d'aireagóirí a n-aireagáin a chlárú agus a chosaint,

[EN]

(4) (a) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian leis na cumhachtaí ná leis na feidhmeanna a thugtar le reacht d'aon institiúid agus i bhfeidhmiú a chumhachtaí agus a fheidhmeanna tabharfaidh an Bord aird ar fheidhmeanna reachtúla na n-institiúidí sin.

[EN]

(b) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian le feidhmeanna múinteoireachta institiúide, coláiste nó scoile ar bith.

[EN]

(5) Ní ghabhfaidh an Bord d'aon ghníomhaíocht, ná ní spreagfaidh sé aon ghníomhaíocht, a bhaineann go príomha le cúrsaí míleata gan ceadú roimh ré ón Rialtas.

[EN]

Buiséad Eolaíochta.

5.—(1) Déanfaidh an Bord, maidir le gach bliain airgeadais nó cibé tréimhse eile a shonróidh an tAire, ráiteas a ullmhú, a bheidh bunaithe a mhéid is féidir ar an gclár dá dtagraítear in alt 4 (3) (b) den Acht seo, agus ina n-áireofar riachtanais agus tograí gach institiúid a bheidh ag fáil airgid ón Stát agus a thabharfaidh tuairimí agus moltaí an Bhoird ar na riachtanais agus ar na tograí sin de réir an bheartais náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta.

[EN]

(2) Aon uair a ullmhóidh an Bord ráiteas de bhun fho-alt (1) den alt seo, cuirfear an ráiteas sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhráid an Rialtais é tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Is é an Buiséad Eolaíochta don bhliain nó don tréimhse a bheidh i gceist sonraí na leithranna airgid a ceadaíodh sa deireadh don bhliain airgeadais nó don tréimhse sin i leith gach institiúide. agus tráchtaireacht ón mBord ag gabháil leo faoin mbeartas náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta, i dteannta a chéile.

[EN]

(4) Leagfaidh an tAire cóip de gach Buiséad Eolaíochta faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

[EN]

Cláir a athbhreithniú.

6.—Déanfaidh an Bord ó am go ham athbhreithniú ar éifeachtúlacht na gclár dá bhforáiltear sa Bhuiséad Eolaíochta a sheoladh agus a fhoilsiú.

[EN]

Eolas a thabhairt a iarrfaidh an Bord.

7.—Aon fhoras dá ndéantar foráil sa Bhuiséad Eolaíochta tabharfaidh sé don Bhord cibé eolas i cibé foirm agus cibé tráth a iarrfaidh an Bord.

[EN]

Cumhacht taighde a dhéanamh.

8.—Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, taighde agus staidéar ar cibé fadhbanna i ndáil le heolaíocht agus teicneolaíocht is cuí leis a thosú agus a sheoladh agus féadfaidh sé torthaí aon imscrúdaithe den sórt sin is cuí leis a fhoilsiú nó a leathadh.

[EN]

Comhaltaí an Bhoird.

9.—(1) Is iad comhaltaí an Bhoird cathaoirleach agus cibé líon (nach mó ná deichniúr) a chinnfidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Ceapfaidh an Rialtas ó am go ham, de réir mar a theastóidh, cathaoirleach an Bhoird, ar mholadh ón Aire, agus féadfaidh an Rialtas an cathaoirleach a chur as oifig ar mholadh ón Aire.

[EN]

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

[EN]

(4) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige mar chathaoirleach ar cibé téarmaí a chinnfidh an Rialtas le linn é a cheapadh.

[EN]

(5) Ceapfaidh an Rialtas comhalta den Bhord ar mholadh ón Aire agus féadfaidh an Rialtas é a chur as oifig ar mholadh ón Aire.

[EN]

(6) Is í tréimhse oifige chathaoirleach an Bhoird nó comhalta den Bhord cibé tréimhse nach faide ná ceithre bliana a chinnfidh an Rialtas, ar mholadh ón Aire, le linn é a cheapadh.

[EN]

(7) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

[EN]

(8) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta tráth ar bith trí litir a chuirfear chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht nuair a gheofar an litir.

[EN]

Comhalta den Bhord a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

10.—(1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

[EN]

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

[EN]

Luach saothair comhaltaí an Bhoird.

11.—Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más aon luach saothair é) agus cibé suimeanna i leith caiteachas a shocróidh an tAire ó am go ham (i gcás luach saothair), nó a mheasfaidh an tAire a bheith réasúnach (i gcás caiteachas), le toiliú an Aire Airgeadais nó Aire na Seirbhíse Poiblí (de réir mar is iomchuí).

[EN]

Comhalta den Bhord a bheith dícháilithe.

12.—Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má éiríonn sé mímheabhrach nó mura gcuirfidh sé leas i gconradh beartaithe in iúl.

[EN]

Séala an Bhoird.

13.—(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir é tar éis a bhunaithe.

[EN]

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

[EN]

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

[EN]

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

14.—Aon chomhalta den Bhord—

[EN]

(a) a bhfuil aon leas ábhartha nó aon leas airgeadais aige in aon chomhlacht corpraithe a mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó

[EN]

(b) a bhfuil aon leas ábhartha nó aon leas airgeadais aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

[EN]

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh sin i miontuairiscí an Bhoird.

[EN]

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

15.—(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh go cuí.

[EN]

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord an lá bunaithe nó a luaithe is caothúil dá éis sin.

[EN]

(3) Ag cruinniú den Bhord—

[EN]

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

[EN]

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

[EN]

(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

[EN]

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

[EN]

(6) Cúigear is córam do chruinniú den Bhord.

[EN]

(7) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

[EN]

Deontais don Bhoird.

16.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, íocfar leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas deontais a mbeidh cibé méideanna iontu a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, lena chumasú don Bhord—

[EN]

(a) a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais ghinearálta a íoc, agus

[EN]

(b) na dliteanais a bheidh tabhaithe ag an mBord faoin Acht seo nó ar shlí eile a urscaoileadh.

[EN]

(2) Aon íocaíocht a dhéanfaidh an Bord as airgead a gheobhaidh sé faoin alt seo déanfar í i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an mBord.

[EN]

Cumhachtaí ilghnéitheacha an Bhoird.

17.—Chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí féadfaidh an Bord oifigí agus áitribh eile a sholáthar, a threamhú agus a chothabháil.

[EN]

Caiteachas an Bhoird.

18.—Féadfar cistí an Bhoird a úsáid—

[EN]

(a) chun caiteachais a íoc a thabhaigh sé ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, agus

[EN]

(b) chun íocaíochtaí a dhéanamh nó deontais nó iasachtaí a thabhairt chun aon chríche a chabhróidh, i dtuairim an Bhoird, le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh agus a fhorbairt.

[EN]

An Bord d'infheistiú cistí.

19.—Féadfaidh an Bord aon chistí dá chuid (nach cistí lena mbaineann alt 20 (4) den Acht seo) a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

[EN]

An Bord do ghlacadh bronntanas, etc.

20.—(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

[EN]

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord íocaíocht a ghlacadh as seirbhísí a dhéanfaidh sé d'aon duine.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord aon chistí de chuid an Bhoird, is bronntanas nó is fáltais ó bhronntanas a tugadh dó, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

[EN]

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

21.—(1) Tabharfaidh an Bord gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) Beidh sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé eolas a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna an Bhoird faoin Acht seo.

[EN]

(3) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

[EN]

Cuntais agus iniúchadh.

22.—(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair an Bord nó ar na caiteachais go léir a thabhaigh sé agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire nó an tAire Airgeadais ó am go ham.

[EN]

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin de na cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) den alt seo a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Coistí de chuid an Bhoird.

23.—(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun na feidhmeanna sin de chuid an Bhoird a fheidhmiú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste agus a shannfaidh an Bord do choiste.

[EN]

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord é, ina gcomhaltaí de choiste a bunaíodh faoin alt seo.

[EN]

(3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomalta de choiste a bunaíodh faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarmaí agus seilbh oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a fhorchur le linn é a cheapadh.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bunaíodh faoin alt seo a chur as oifig aon tráth.

[EN]

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a ceapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh.

[EN]

(6) Beidh gníomhartha coiste a bunaíodh faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an mBord.

[EN]

(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bunaíodh faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bunaíodh faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

[EN]

Cumhacht sainchomhairleoirí a fhostú.

24.—Féadfaidh an Bord cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

[EN]

Toirmeasc ar eolas faoi rún a nochtadh.

25.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach nó ina chomhairleoir nó ina shainchomhairleoir don Bhord aon eolas a nochtadh a bheidh aicmithe ag an mBord mar eolas faoi rún agus a fuair an duine le linn dó bheith ag comhlíonadh (nó de thoradh é do chomhlíonadh) dualgas mar oifigeach, mar sheirbhíseach, mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir den sórt sin.

[EN]

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

[EN]

Oifigigh nó seirbhísigh d'fheidhmiú feidhmeanna de chuid an Bhoird.

26.—Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

27.—(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

[EN]

(2) Cinnfidh an Bord ó am go ham líon, gráid, seilbh oifige agus coinníollacha seirbhíse oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

[EN]

(3) Íocfar le hoifigeach nó le seirbhíseach don Bhord cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

[EN]

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

28.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí chun a gceadú a fháil scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh lánaimsire nó seirbhísigh lánaimsire de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord, nó a dheonú ina leith. ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith scéim do leasú scéime faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(3) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí má cheadaítear í.

[EN]

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí agus a cheadófar faoi fho-alt (1) den alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Fostaí don Bhord a bheith ar iasacht ar theacht dó chun bheith ina chomhalta den Oireachtas.

29.—(1) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht an Bhoird teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

[EN]

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin, a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin;

[EN]

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon tuarastal ná pá, de réir mar a bheidh, i leith na tréimhse sin.

[EN]

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

[EN]

Caiteachais.

30.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

31.—Féadfar an tAcht um Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1977, a ghairm den Acht seo.