Uimhir 25 de 1983
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
1.—(1) In alt 80 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976, ní fholaíonn “morgáiste tosaíochta” agus measfar nár fholaigh sé riamh, d'ainneoin alt 2 den Acht sin—
(a) muirear ar thalamh á urrú go n-íocfar an t-iomlán nó cuid de chíos coinbhinsiúin, de chíos feofheirme nó de choróinchíos, nó
(b) muirear ar thalamh atá ar teachtadh faoi léas nó faoi dheontas feofheirme á urrú go n-íocfar airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha as an talamh i gcás ina sárófar nó nach gcomhlíonfar nó nach n-urramófar cúnant nó coinníoll sa léas nó sa deontas feofheirme, de réir mar a bheidh, nó i sannadh nó i dtíolacadh éigin eile ar an iomlán nó ar chuid de leas an léasaí faoin léas nó de leas an deontaí faoin deontas feofheirme, de réir mar a bheidh.
(2) San alt seo—
tá le “cíos coinbhinsiúin” an bhrí a shanntar dó le Reacht na dTréimhsí, 1957;
ciallaíonn “coróin-chíos” aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 go 1913, arb é a bhí inti—
(a) coróin-chíos,
(b) cíos cúiteach,
(c) cíos iomalairte,
(d) aon mhuirear cíosa eile;
ciallaíonn “cíos feofheirme” cíos is iníoctha faoi dheontas feofheirme cibé acu a bhunaíonn nó nach mbunaíonn an deontas feofheirme comhbhainteachas tiarna talún agus tionónta.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
2.—(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983 a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980 | |
Crown Lands Acts, 1829 go 1913 | |