[EN]

harp.jpg


Uimhir 25 de 1986


[EN]

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Réim an Achta.

3.

Forálacha ginearálta i ndáil le cuntais.

4.

Foirmlí do chuntais.

5.

Prionsabail chuntasaíochta.

6.

Imeacht ó na prionsabail chuntasaíochta.

7.

Doiciméid nach foláir a bheith i gceangal le tuairisceán bliantúil.

8.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide.

9.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a athrangú.

10.

Mionchuideachtaí a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

11.

Cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

12.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe i ndáil le nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais.

13.

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí.

14.

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí i dtaobh an chuideachta d'fháil a scaireanna féin.

15.

Breithniú na n-iniúchóirí i dtaobh tuarascáil na stiúrthóirí a bheith ag teacht le cuntais na cuideachta.

16.

Faisnéis i dtaobh fochuideachtaí agus cuideachtaí comhlachaithe a fhoilsiú.

17.

Fochuideachtaí a bheith díolmhaithe ó alt 7.

18.

Forálacha i ndáil le doiciméid a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

19.

Cuntais iomlána nó cuntais ghiorraithe a fhoilsiú.

20.

Leasú ar Acht 1983.

21.

Cumhacht chun an tAcht a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí neamhchláraithe.

22.

Cionta agus pionóis.

23.

Srian le halt 222 den Phríomh-Acht.

24.

Cumhacht an Aire chun an tAcht a mhodhnú ar bhealaí áirithe.

25.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

Foirm agus Ábhair na gCuntas

Na Foirmlí Riachtanacha do Chuntais

Rialacha um Chostas Bunaidh i nDáil le Cuntais a Tharraingt suas

Rialacha Comhroghnacha i nDáil le Cuntais a Tharraingt suas

Faisnéis a Cheanglaítear a Thabhairt i Nótaí a Bheidh ag Gabháil le Cuntais

Forálacha Speisialta i gCás inar Cuideachta Shealbhaíochta nó Fochuideachta Cuideachta

Forálacha Speisialta i gCás inar Cuideachta Infheistíochta Cuideachta

Léiriú ar an Sceideal


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982

1982, Uimh. 10

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982

An tAcht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985

1985, Uimh. 16

An tAcht Fost-Cheannaigh, 1946

1946, Uimh. 16

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965

harp.jpg


Uimhir 25 de 1986


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUID-EACHTAÍ. [12 Iúil, 1986] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1983” Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983;

[EN]

ní fholaíonn “cuideachta” cuideachta neamhtheoranta;

[EN]

ní fholaíonn “cuideachta phríobháideach” cuideachta neamhtheoranta;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta phoiblí” cuideachta seachas cuideachta phríobháideach;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963.

[EN]

(2) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folóidh tagairt do chlár comhardaithe nó do chuntas sochair agus dochair tagairt d'aon nótaí a bheidh ag gabháil leis na cuntais atá i gceist, nó d'aon doiciméid a bheidh i gceangal leo, ina dtugtar faisnéis a cheanglaítear le haon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus a cheanglaítear nó a cheadaítear a thabhairt, le haon fhoráil den sórt sin, i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta nó i ndoiciméad a bheidh i gceangal leo.

[EN]

Réim an Achta.

2.—(1) Níl feidhm ag an Acht seo—

[EN]

(a) maidir le cuideachta nach bhfuil ag trádáil chun go bhfaighidh na comhaltaí gnóchan,

[EN]

(b) maidir le cuideachta lena mbaineann fo-alt (4) (c) d'alt 128 den Phríomh-Acht,

[EN]

(c) maidir le cuideachta a bhfuil ordú faoi fho-alt (5) den alt sin i bhfeidhm ina leith.

[EN]

(2) Níl feidhm ag ailt 3 go 6, 8 go 12, 17 go 19 agus 24 den Acht seo—

[EN]

(a) i ndáil le cuideachta is sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971,

[EN]

(b) i ndáil le cuideachta is banc taisce iontaobhais arna dheimhniú faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965,

[EN]

(c) i ndáil le cuideachta atá ag gabháil go hiomlán do chomhaontuithe fruilcheannaigh (de réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946) agus comhaontuithe díola creidmheasa (de réir bhrí an Achta sin) a dhéanamh i leith earraí is leis an gcuideachta,

[EN]

(d) i ndáil le cuideachta atá ag gabháil do thaiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh nó do chreidmheas a dheonú dá cuntas féin,

[EN]

(e) i ndáil le Corparáid an Chairde Talmhaíochta, cuideachta phoiblí theoranta,

[EN]

(f) i ndáil le Fóir Teoranta, nó

[EN]

(g) i ndáil le Cuideachta an Chairde Tionscail, Cuideachta Phoiblí Theoranta.

[EN]

(3) Níl feidhm ag ailt 3 go 12, 17 go 19 agus 24 den Acht seo i ndáil le cuideachta is sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984).

[EN]

Forálacha ginearálta i ndáil le cuntais.

3.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gach clár comhardaithe agus gach cuntas sochair agus dochair de chuid cuideachta a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil de chuid na cuideachta de bhun alt 148 den Phríomh-Acht, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas agus ní bheidh feidhm ag alt 149 (seachas fo-alt (5) agus, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfo-alt sin (5), le fo-alt (7)) den Acht sin maidir le haon chlár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair den sórt sin:

[EN]

(a) comhlíonfaidh gach clár comhardaithe agus gach cuntas sochair agus dochair den sórt sin forálacha ailt 4 agus 5 den Acht seo agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

[EN]

(b) tabharfaidh gach clár comhardaithe den sórt sin de chuid cuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta amhail ag deireadh a bliana airgeadais agus tabharfaidh gach cuntas sochair agus dochair den sórt sin de chuid cuideachta léargas fíorcheart ar bhrabús nó ar chaillteanas na cuideachta don bhliain airgeadais,

[EN]

(c) más rud é nach dtabharfadh clár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair, arna tharraingt suas de réir mhír (a) den fho-alt seo, faisnéis leordhóthanach le mír (b) den fho-alt seo a chomhlíonadh, tabharfar aon fhaisnéis bhreise is gá sa chlár comhardaithe sin nó sa chuntas sochair agus dochair sin nó i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais,

[EN]

(d) más rud é, de dheasca imthosca speisialta, nach bhféadfadh cuntais chuideachta, i gcás go n-ullmhófaí iad i gcomhlíonadh na míre sin (a), mír (b) a chomhlíonadh (fiú dá dtabharfaí faisnéis bhreise faoi mhír (c) den fho-alt seo), imeoidh stiúrthóirí na cuideachta, a mhéid is gá chun an mhír sin a chomhlíonadh, ó cheanglais an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo agus iad ag ullmhú na gcuntas sin,

[EN]

(e) i gcás go n-imeoidh stiúrthóirí cuideachta ó cheanglais an ailt seo, cuirfidh siad nóta ag gabháil le cuntais na cuideachta ina dtabharfar sonraí faoi na cásanna ar leith inar imíodh ó na ceanglais, na cúiseanna a bhí leis an imeacht sin agus an éifeacht a bhí leis an imeacht sin ar na cuntais,

[EN]

agus, dá réir sin, in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, agus in Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983, i ndáil le cuideachta lena mbaineann an tAcht seo—

[EN]

(i) forléireofar tagairtí don alt sin 149 mar thagairtí d'fho-alt (5) agus, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfo-alt sin (5), d'fho-alt (7) den alt sin 149 agus do na forálacha den Acht seo atá ar comhréir leis na forálacha eile den alt sin 149, agus

[EN]

(ii) forléireofar tagairtí don Séú Sceideal mar thagairtí d'fhorálacha comhréire an Achta seo.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cuntas sochair agus dochair cuideachta más rud é—

[EN]

(a) go bhfuil fochuideachtaí ag an gcuideachta, agus

[EN]

(b) go mbeidh an cuntas sochair agus dochair cumtha ina chuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálann le gach ceann nó aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta mar aon leis an gcuideachta féin, agus—

[EN]

(i) go gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Achta seo i ndáil le cuntais chomhdhlúite sochair agus dochair, agus

[EN]

(ii) go dtaispeánfaidh sé cé mhéad den bhrabús nó den chaillteanas comhdhlúite don bhliain airgeadais áirithe a ndéileáiltear leis i gcuntais na cuideachta.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás cuideachta, go mbainfear buntáiste as fo-alt (2) den alt seo, nochtfar sin i nóta a bheidh ag gabháil leis na grúpchuntais.

[EN]

(4) Tá sáraíocht ag fo-alt (1) (b) den alt seo ar cheanglais ailt 4 agus 5 den Acht seo, agus ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus ar na ceanglais eile go léir d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, i dtaobh na nithe a bheidh le háireamh i gcuntais chuideachta nó i nótaí a bheidh ag gabháil leis na cuntais sin; agus, dá réir sin, más rud é nach dtabharfadh clár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, arna tharraingt suas de réir na gceanglas sin, faisnéis leordhóthanach leis an bhfo-alt sin (1) (b) a chomhlíonadh, tabharfar aon fhaisnéis bhreise is gá sa chlár comhardaithe sin nó sa chuntas sochair agus dochair sin nó i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

[EN]

Foirmlí do chuntais.

4.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní mór do gach clár comhardaithe de chuid cuideachta na hítimí atá liostaithe i gceachtar de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thaispeáint agus ní mór do gach cuntas sochair agus dochair de chuid cuideachta na hítimí atá liostaithe in aon cheann de na foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach amhlaidh a thaispeáint agus, i gceachtar cás, beidh na hítimí sin san ord, agus faoi na ceannteidil agus na fo-cheannteidil, atá san fhoirmle atá á húsáid.

[EN]

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar fho-alt a cheanglaíonn an ceannteideal nó an fo-cheannteideal d'aon ítim i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith sonraithe le haon litir nó uimhir atá sannta don ítim sin sna foirmlí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(3) I gcás go mbeidh clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, ullmhaithe faoi threoir ceann de na foirmlí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, úsáidfidh stiúrthóirí na cuideachta an fhoirmle chéanna le linn dóibh a bheith ag ullmhú na gcuntas do bhlianta airgeadais dá éis sin mura mbeidh, dar leo, cúiseanna speisialta ann chun iad a athrú.

[EN]

(4) I gcás go ndéantar aon athrú, de réir fho-alt (3) den alt seo, ar an bhfoirmle a úsáidtear le linn clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith á ullmhú, tabharfar na cúiseanna a bhí leis an athrú, mar aon le sonraí iomlána i dtaobh an athraithe, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais ina n-úsáidtear an fhoirmle nua den chéad uair.

[EN]

(5) Aon ítim a cheanglaítear a thaispeáint, de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo, i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, féadfar sonraí níos mine a thabhairt ina leith ná mar a cheanglaítear leis an bhfoirmle a úsáidtear.

[EN]

(6) Aon ítimí dá sanntar uimhir Arabach in aon cheann de na foirmlí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, féadfar iad a chur le chéile i gcuntais chuideachta—

[EN]

(a) in aon chás nach méideanna ábhartha méideanna leithleacha na n-ítimí sin le linn staid chúrsaí na cuideachta, nó brabús nó caillteanas na cuideachta, a bheith á mheasúnú don bhliain airgeadais lena mbaineann, nó

[EN]

(b) in aon chás a n-éascaíonn cur le chéile na n-ítimí sin an mheasúnacht sin.

[EN]

(7) I gcás go gcuirtear le chéile ítimí i gcuntais chuideachta de bhun fho-alt (6) (b) den alt seo, nochtfar, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, méideanna leithleacha aon ítimí a cuireadh le chéile amhlaidh.

[EN]

(8) Maidir le gach ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, taispeánfar freisin an méid comhréireach don bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair agus, mura bhfuil an méid comhréireach sin inchomórtais leis an méid atá le taispeáint i leith na hítime atá i gceist maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair, déanfar an méid comhréireach sin a choigeartú, agus tabharfar, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, sonraí i dtaobh an choigeartaithe agus na cúiseanna a bhí leis.

[EN]

(9) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, aon cheannteideal nó focheannteideal a fhreagraíonn d'ítim atá liostaithe san fhoirmle a úsáidtear le linn clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith á ullmhú, ní áireofar é sa chlár comhardaithe nó sa chuntas sochair agus dochair, de réir mar a bheidh, mura bhfuil aon mhéid le taispeáint i leith na hítime sin maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair.

[EN]

(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) den alt seo in aon chás inar féidir méid a thaispeáint i leith na hítime atá i gceist maidir leis an mbliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair, agus taispeánfar an méid sin faoin gceannteideal nó faoin bhfo-cheannteideal a cheanglaítear leis an bhfoirmle atá á húsáid mar a dúradh.

[EN]

(11) Ní cead méideanna i leith ítimí a fhreagraíonn do shócmhainní nó d'ioncam a fhritháireamh i gcuntais chuideachta in aghaidh méideanna i leith ítimí a fhreagraíonn do dhliteanais nó do chaiteachas, de réir mar a bheidh, ná vice versa.

[EN]

(12) Féadfar a áireamh i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, ítim a fhreagraíonn do mhéid, nó a chuimsíonn méid, aon sócmhainne nó dliteanais nó ioncaim nó caiteachais nach bhfuil cuimsithe thairis sin in aon cheann de na hítimí atá liostaithe san fhoirmle atá á húsáid, ach ní dhéileálfar leis na nithe seo a leanas mar shócmhainní i gclár comhardaithe cuideachta—

[EN]

(a) réamhchostais,

[EN]

(b) costais maidir le haon scaireanna nó bintiúir a eisiúint, agus coimisiún ar an eisiúint sin, agus

[EN]

(c) costais taighde.

[EN]

(13) Le linn clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith á ullmhú, déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta an riar agus na ceannteidil agus na fo-cheannteidil a cheanglaítear thairis sin le fo-alt (1) den alt seo a choigeartú i leith ítimí dá sanntar uimhir Arabach san fhoirmle atá á húsáid, in aon chás inar gá coigeartú den sórt sin mar gheall ar chineál speisialta ghnó na cuideachta.

[EN]

(14) I ngach cuntas sochair agus dochair cuideachta taispeánfar méid bhrabús nó chaillteanas na cuideachta ar ghnáth-ghníomhaíochtaí roimh cháin.

[EN]

(15) Taispeánfar i gcuntas sochair agus dochair cuideachta do bhliain airgeadais—

[EN]

(a) méid comhiomlán na ndíbhinní a íocadh agus méid comhiomlán na ndíbhinní a bheartaítear a íoc, ar leithligh,

[EN]

(b) aon aistriú idir an cuntas sochair agus dochair agus cúlchistí,

[EN]

(c) aon mhéadú nó laghdú ar iarmhéid an chuntais sochair agus dochair ón mbliain airgeadais díreach roimhe sin,

[EN]

(d) an brabús nó an caillteanas a tugadh anall i dtosach na bliana, agus

[EN]

(e) an brabús nó an caillteanas a thugtar anonn i ndeireadh na bliana.

[EN]

Prionsabail chuntasaíochta.

5.—Faoi réir alt 6 den Acht seo, déanfar na méideanna a bheidh le háireamh i gcuntais chuideachta i leith na n-ítimí a thaispeántar a chinneadh de réir na bprionsabal seo a leanas:

[EN]

(a) toimhdeofar go bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó mar ghnóthas reatha,

[EN]

(b) cuirfear beartais chuntasaíochta i bhfeidhm go seasta ó bhliain airgeadais amháin go chéile,

[EN]

(c) déanfar méid aon ítime sna cuntais a chinneadh ar bhonn stuama agus go háirithe—

[EN]

(i) ní dhéanfar ach brabúis a bheidh réadaithe ar dháta an chláir chomhardaithe a áireamh sa chuntas sochair agus dochair, agus

[EN]

(ii) déanfar na dliteanais agus na caillteanais go léir a d'éirigh, nó is dócha a éireoidh, maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann na cuntais, nó maidir le bliain airgeadais roimhe sin, a chur i gcuntas, lena n-áirítear na dliteanais sin agus na caillteanais sin nach dtagann chun suntais go dtí dáta idir dáta an chláir chomhardaithe agus an dáta ar a sínítear na cuntais de bhun alt 156 den Phríomh-Acht,

[EN]

(d) déanfar an t-ioncam agus na muirir go léir a bhaineann leis an mbliain airgeadais lena mbaineann na cuntais a chur i gcuntas gan féachaint do dháta na fála nó na híocaíochta, agus

[EN]

(e) le linn méid comhiomlán aon ítime a bheith á chinneadh, déanfar méid gach sócmhainne nó gach dliteanais a bheidh le cur i gcuntas a chinneadh ar leithligh.

[EN]

Imeacht ó na prionsabail chuntasaíochta.

6.—Má dhealraíonn sé do stiúrthóirí cuideachta go bhfuil cúiseanna speisialta ann le himeacht ó aon cheann de na prionsabail a shonraítear in alt 5 den Acht seo, féadfaidh siad imeacht amhlaidh uaidh, ach luafar, i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta don bhliain airgeadais lena mbaineann, sonraí faoi na cásanna inar imíodh uaidh, na cúiseanna a bhí leis agus an éifeacht a bhí leis an imeacht sin ar chlár comhardaithe na cuideachta agus ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta.

[EN]

Doiciméid nach foláir a bheith i gceangal le tuairisceán bliantúil.

7.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, cuirfear na doiciméid seo a leanas i gceangal leis an tuairisceán bliantúil—

[EN]

(a) (i) i gcás cuideachta seachas cuideachta lena mbaineann fo-alt (2) nó (3) d'alt 2 den Acht seo, cóip de chlár comhardaithe na cuideachta, agus de chuntas sochair agus dochair na cuideachta, arna dtarraingt suas de réir ailt 3, 4 agus 5 den Acht seo agus an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo,

[EN]

(ii) i gcás cuideachta lena mbaineann alt 2 (2) den Acht seo, cóip de chlár comhardaithe na cuideachta, agus de chuntas sochair agus dochair na cuideachta, arna dtarraingt suas de réir an Phríomh-Achta, mar aon le cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar gach clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair den sórt sin agus den tuarascáil ó na stiúrthóirí a bhí ag gabháil leis an gcéanna, agus beidh gach cóip den sórt sin deimhnithe ag stiúrthóir ar an gcuideachta, agus ag rúnaí na cuideachta, mar chóip dhílis den chlár comhardaithe sin, den chuntas sochair agus dochair sin, nó den tuarascáil sin, de réir mar a bheidh, a leagadh faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chuideachta a tionóladh i rith na tréimhse lena mbaineann an tuairisceán, agus

[EN]

(b) más i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge do dhoiciméad ar clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair, tuarascáil nó ráiteas é a bheidh i gceangal leis an tuairisceán bliantúil, ní foláir tiontú i mBéarla nó i nGaeilge, arna dheimhniú ar an modh forordaithe gur tiontú cruinn é, a bheith i gceangal le gach doiciméad den sórt sin.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le doiciméad a cheanglaítear leis an alt seo a bheith i gceangal leis an tuairisceán bliantúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nach gcomhlíonfaidh sé forálacha an dlí a bhí i bhfeidhm ar dháta an iniúchta iomchuí maidir le foirm an doiciméid agus a mbeidh ann, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann cibé leasuithe is gá ar an gcóip chun í a chur i gcomhréir leis na forálacha sin, agus ní foláir a lua sa chóip gur leasaíodh amhlaidh í.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 128 den Phríomh-Acht maidir le cuideachta lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide.

8.—(1) Faoi réir alt 9 den Acht seo—

[EN]

(a) beidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta chun críocha an Achta seo maidir le haon bhliain airgeadais de chuid na cuideachta má chomhlíonann an chuideachta, maidir leis an mbliain sin agus leis an mbliain airgeadais de chuid na cuideachta atá díreach roimh an mbliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, agus

[EN]

(b) beidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar chuideachta mheánmhéide chun críocha an Achta seo maidir le haon bhliain airgeadais de chuid na cuideachta má chomhlíonann an chuideachta, maidir leis an mbliain sin agus leis an mbliain airgeadais de chuid na cuideachta atá díreach roimh an mbliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

[EN]

(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha cáilitheacha le go n-áireofaí cuideachta mar mhionchuideachta maidir le haon bhliain airgeadais:

[EN]

(a) ní bheidh iomlán a cláir chomhardaithe don bhliain sin níos mó ná £1,250,000,

[EN]

(b) ní bheidh méid a láimhdeachais don bhliain sin níos mó ná £2,500,000, agus

[EN]

(c) ní bheidh meánlíon na ndaoine i bhfostaíocht na cuideachta an bhliain sin níos mó ná 50.

[EN]

(3) Is iad seo a leanas na coinníollacha cáilitheacha le go n-áireofaí cuideachta mar chuideachta mheánmhéide maidir le haon bhliain airgeadais:

[EN]

(a) ní bheidh iomlán a cláir chomhardaithe don bhliain sin níos mó ná £5,000,000,

[EN]

(b) ní bheidh méid a láimhdeachais don bhliain sin níos mó ná £10,000,000, agus

[EN]

(c) ní bheidh meánlíon na ndaoine i bhfostaíocht na cuideachta an bhliain sin níos mó ná 250.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “iomlán an chláir chomhardaithe”, i ndáil le haon bhliain airgeadais de chuid cuideachta—

[EN]

(a) i gcás ina n-úsáideann an chuideachta Foirmle 1 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, comhiomlán na méideanna a thaispeántar i gclár comhardaithe na cuideachta don bhliain sin faoi cheannteidil a fhreagraíonn d'ítimí A agus B san Fhoirmle sin, agus

[EN]

(b) i gcás ina n-úsáideann an chuideachta Foirmle 2 de na foirmlí sin, comhiomlán na méideanna a thaispeántar amhlaidh faoi “Sócmhainní”.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “méid láimhdeachais”, i ndáil le haon bhliain airgeadais de chuid cuideachta, méideanna an láimhdeachais a thaispeántar i gcuntas sochair agus dochair na cuideachta faoi cheannteidil a fhreagraíonn do na hítimí iomchuí in aon cheann de na Foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(6) I bhfeidhmiú an ailt seo maidir le haon tréimhse is bliain airgeadais cuideachta, ach nach bliain í iarbhír, déanfar na méideanna a shonraítear i bhfo-ailt (2) (b) agus (3) (b) den alt seo a choigeartú go comhréireach.

[EN]

(7) Beidh cuideachta phríobháideach a chorprófar ar thosach feidhme an ailt seo, nó dá éis, cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta nó, de réir mar a bheidh, mar chuideachta mheánmhéide, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais dá cuid má chomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheacha iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3), de réir mar is cuí, den alt seo maidir leis an mbliain airgeadais sin.

[EN]

(8) Beidh cuideachta phríobháideach a corpraíodh roimh an tosach feidhme sin cáilithe le go n-áireofaí í, faoi fho-alt (1) den alt seo, mar mhionchuideachta nó, de réir mar a bheidh, mar chuideachta mheánmhéide, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais de chuid na cuideachta ina gceanglaítear cuntais na cuideachta a ullmhú de réir alt 3 den Acht seo má chomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheacha iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3), de réir mar is cuí, den alt seo maidir leis an gcéad bhliain airgeadais sin nó leis an mbliain airgeadais díreach roimh an mbliain sin.

[EN]

(9) Chun críocha fho-ailt (2) (c) agus (3) (c) den alt seo, cinnfear an meánlíon daoine i bhfostaíocht cuideachta tríd an modh ríomha a chur i bhfeidhm atá forordaithe, le mír 42 (4) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, d'fhonn cinneadh a dhéanamh ar an líon a cheanglaítear le fomhír (1) den mhír sin a bheith luaite i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta.

[EN]

(10) Nuair a bheifear, chun críocha fho-alt (8) den alt seo, ag cinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann cuideachta dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheacha iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3), de réir mar is cuí, den alt seo maidir le bliain airgeadais i gcás nach mbeidh cuntais na cuideachta maidir leis an mbliain sin, arna n-ullmhú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, ullmhaithe de réir an Achta seo, forléireofar fo-alt (4) den alt seo mar fho-alt a thagraíonn do chomhiomlán aon mhéideanna a bheidh ar áireamh i gclár comhardaithe na cuideachta don bhliain sin agus a fhreagraíonn do na méideanna a luaitear i mír (a) nó (b), de réir mar is cuí, den fho-alt sin.

[EN]

(11) Féadfaidh an tAire, le hordú, méideanna, iomláin agus líonta éagsúla, faoi seach, a chur in ionad na méideanna, na n-iomlán agus na líonta a bheidh sonraithe de thuras na huaire i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo agus beidh éifeacht leis na fo-ailt sin de réir aon ordaithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo.

[EN]

(12) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a athrangú.

9.—(1) I gcás go mbeidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo, leanfaidh sí de bheith cáilithe amhlaidh mura rud é, sa bhliain airgeadais is déanaí de chuid na cuideachta agus i mbliain airgeadais na cuideachta díreach roimh an mbliain sin, nach gcomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) den alt sin 8 agus más rud é nach gcomhlíonann sí, le linn gach bliain den dá bhliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha sin, scoirfidh sí de bheith cáilithe amhlaidh maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid.

[EN]

(2) I gcás go mbeidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar chuideachta mheánmhéide faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo, leanfaidh sí de bheith cáilithe amhlaidh mura rud é, sa bhliain airgeadais is déanaí de chuid na cuideachta agus i mbliain airgeadais na cuideachta díreach roimh an mbliain sin, nach gcomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3) den alt sin 8 maidir le cuideachta a áireamh mar chuideachta mheánmhéide agus más rud é nach gcomhlíonann sí, le linn gach bliain den dá bhliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha sin, scoirfidh sí de bheith cáilithe amhlaidh maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid.

[EN]

(3) Aon chuideachta a bhí cáilithe le go n-áireofaí í mar chuideachta mheánmhéide faoi fho-alt (2) den alt seo sa bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid, beidh sí cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta chun críocha an Achta seo maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid má chomhlíonann sí, sa dá bhliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha atá leagtha amach in alt 8 (2) den Acht seo.

[EN]

(4) I gcás go scoirfidh cuideachta phríobháideach de bheith cáilithe mar a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh feidhm ag alt 8 den Acht seo maidir leis an gcuideachta ionann is dá mba nach raibh sí cáilithe riamh cheana le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta, nó mar chuideachta mheánmhéide, faoin alt sin.

[EN]

Mionchuideachtaí a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

10.—(1) D'ainneoin mhír (a) d'alt 3 (1) den Acht seo, ach faoi réir mhír (b) den alt sin 3 (1), féadfaidh stiúrthóirí cuideachta a áirítear mar mhionchuideachta de bhun alt 8 (1) den Acht seo clár comhardaithe giorraithe a tharraingt suas nach dtaispeánfar ann ach na hítimí sin a bhfuil litreacha nó uimhreacha rómhánacha rompu i bhFoirmlí 1 agus 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo:

[EN]

Ar choinníoll go ndéanfar na méideanna iomlána a thiocfaidh chun bheith dlite laistigh de bhliain amháin agus tar éis bliana amháin a thaispeáint ar leithligh d'ítim B.II i bhFoirmle 1 agus d'ítimí B. II faoi “Sócmhainní” agus C faoi “Dliteanais” i bhFoirmle 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe i ndáil le féichiúnaithe agus creidiúnaithe.

[EN]

(2) Féadfaidh cuideachta a áirítear mar mhionchuideachta de bhun alt 8 (1) den Acht seo, in ionad na ceanglais chuige sin in alt 7 den Acht seo a chomhlíonadh, cóip de chlár comhardaithe na cuideachta arna tharraingt suas de réir fho-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse dá dtagraíonn an tuairisceán a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil i ndáil leis an gcuideachta dá dtagraítear san alt sin agus, d'ainneoin an ailt sin 7, ní bheidh sé de cheangal ar an gcuideachta cóip de chuntas sochair agus dochair na cuideachta nó tuarascáil na stiúrthóirí a bheidh ag gabháil le clár comhardaithe na cuideachta a chur i gceangal leis an tuairisceán.

[EN]

Cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

11.—(1) D'ainneoin mhír (a) d'alt 3 (1) den Acht seo, ach faoi réir mhír (b) den alt sin 3 (1), féadfaidh stiúrthóirí cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide faoin Acht seo na hítimí seo a leanas a chur le chéile mar aon ítim amháin ina cuntas sochair agus dochair faoin gceannteideal “ollbhrabús nó ollchaillteanas”, is é sin le rá:

[EN]

(a) ítimí 1, 2, 3 agus 6 i bhFoirmle 1 de na foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

[EN]

(b) ítimí 1 go 5 i bhFoirmle 2 de na foirmlí sin do chuntas sochair agus dochair,

[EN]

(c) ítimí A.1, B.1 agus B.2 i bhFoirmle 3 de na foirmlí sin do chuntas sochair agus dochair,

[EN]

(d) ítimí A.1, A.2 agus B.1 go B.4 i bhFoirmle 4 de na foirmlí sin do chuntas sochair agus dochair.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 7 den Acht seo, ach faoi réir alt 3 (1) (b) den Acht seo, féadfaidh cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide faoin Acht seo cóip de chlár comhardaithe giorraithe de chuid na cuideachta don tréimhse lena mbaineann an tuairisceán bliantúil i ndáil leis an gcuideachta a chur i gceangal leis an tuairisceán sin agus ní thaispeánfar inti ach na hítimí sin a bhfuil litreacha nó uimhreacha rómhánacha rompu i bhFoirmlí 1 agus 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo:

[EN]

Ar choinníoll go ndéanfar na méideanna i leith na n-ítimí seo a leanas a nochtadh ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta nó sna nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta, is é sin le rá:

[EN]

(a) i bhFoirmle 1 de na foirmlí sin do chlár comhardaithe, ítimí A.I.3, A.II.1, 2, 3 agus 4, A.III.1, 2, 3, 4 agus 7, B.II.2, 3 agus 6, B.III.1 agus 2, C.1, 2, 6, 7, 8 agus 9 agus F.1, 2, 6, 7, 8 agus 9, agus

[EN]

(b) i bhFoirmle 2 de na foirmlí sin do chlár comhardaithe, faoi “Sócmhainní”, ítimí A.I.3, A.II.1, 2, 3 agus 4, A.III.1, 2, 3, 4 agus 7, B.II.2, 3 agus 6 agus B.III.1 agus 2 agus faoi “Dliteanais”, ítimí C.1, 2, 6, 7, 8 agus 9:

[EN]

Ar choinníoll freisin go dtaispeánfar ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta na méideanna a thiocfaidh chun bheith dlite laistigh de bhliain amháin agus tar éis bliana amháin maidir le hítimí B.II san Fhoirmle sin 1 san iomlán agus maidir le hítimí B.II.2 agus 3, go haonarach, san Fhoirmle sin 1 mar aon leis na méideanna a thiocfaidh chun bheith dlite mar an gcéanna maidir le hiomlán na méideanna do na hítimí seo a leanas, is é sin le rá, san Fhoirmle sin 2, faoi “Sócmhainní”, ítim B.II agus faoi “Dliteanais”, ítim C, agus maidir leis na hítimí seo a leanas, go haonarach, is é sin le rá, san Fhoirmle sin 2, faoi “Sócmhainní”, ítimí B.II.2 agus 3 agus, faoi “Dliteanais”, ítimí C.1, 2, 6 agus 7.

[EN]

(3) D'ainneoin alt 7 den Acht seo, féadfaidh cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide de bhun alt 8 (1) den Acht seo cóip den chuntas sochair agus dochair arna tharraingt suas de réir fho-alt (1) den alt seo a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil i ndáil leis an gcuideachta.

[EN]

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe i ndáil le nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais.

12.—(1) Na forálacha den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (seachas míreanna 24, 26, 27, 33, 34 agus 44) i ndáil leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt trí nóta a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta, ní bheidh feidhm acu maidir leis na cuntais a bheidh i gceangal le tuairisceán bliantúil cuideachta a áirítear mar mhionchuideachta de bhun alt 8 (1) den Acht seo.

[EN]

(2) Níl feidhm ag mír 41 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, i dtaca le faisnéis den chineál a dúradh, maidir le cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide de bhun an ailt sin 8 (1).

[EN]

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí.

13.—Sa tuarascáil ó stiúrthóirí cuideachta faoi alt 158 den Phríomh-Acht beidh, i dteannta na faisnéise a shonraítear san alt sin, an fhaisnéis seo a leanas:

[EN]

(a) athbhreithniú ceart ar fhorbairt ghnó na cuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, i rith na bliana airgeadais dar críoch dáta an chláir chomhardaithe iomchuí;

[EN]

(b) sonraí i dtaobh aon teagmhais thábhachtacha a rinne difear don chuideachta nó d'aon cheann dá fochuideachtaí, más ann dóibh, agus a tharla ó dheireadh na bliana sin;

[EN]

(c) léiriú ar na forbairtí is dócha á tharlóidh sa todhchaí i ngnó na cuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, agus

[EN]

(d) léiriú ar ghníomhaíochtaí, más ann, na cuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, sa réimse taighde agus forbartha.

[EN]

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí i dtaobh an chuideachta d'fháil a scaireanna féin.

14.—Más rud é, in aon bhliain airgeadais de chuid cuideachta—

[EN]

(a) go bhfaighidh an chuideachta scaireanna sa chuideachta trí fhorghéilleadh nó trí thabhairt suas in ionad forghéilleadh, nó

[EN]

(b) go bhfaighidh an chuideachta scaireanna sa chuideachta de bhun alt 41 d'Acht 1983, nó

[EN]

(c) go bhfaighidh duine éigin eile scaireanna sa chuideachta sna himthosca a shonraítear i mír (c) nó (d) d'alt 43 (1) den Acht sin, nó

[EN]

(d) go gcuirfear scaireanna sa chuideachta faoi réir liain nó muirir eile arna ghlacadh (cibé acu go sainráite nó ar shlí eile) ag an gcuideachta agus a cheadaítear le mír (a), (c) nó (d) d'alt 44 (2) den Acht sin, luafar i dtuarascáil na stiúrthóirí maidir leis an mbliain airgeadais sin de chuid na cuideachta—

[EN]

(i) uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna de chuid na cuideachta a fuair an chuideachta mar a dúradh, uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna de chuid na cuideachta a fuair duine éigin eile mar a dúradh, agus uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna a cuireadh faoi mhuirear mar a dúradh, faoi seach,

[EN]

(ii) uimhir uasta agus luach ainmniúil uasta aon scaireanna a fuair an chuideachta nó duine éigin eile mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) nó a cuireadh faoi mhuirear mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) agus a bhí á sealbhú tráth ar bith ag an gcuideachta nó ag an duine eile sin i rith na bliana sin,

[EN]

(iii) uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna a fuair an chuideachta nó duine éigin eile mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) nó a cuireadh faoi mhuirear mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) agus a dhiúscraíonn an chuideachta nó an duine eile sin, nó a chealaíonn an chuideachta, i rith na bliana sin,

[EN]

(iv) i gcás ina luaitear, de bhun aon cheann de na míreanna roimhe seo, uimhir agus luach ainmniúil scaireanna d'aon tuairisc ar leith, an céatadán de scairchaipiteal glaoite na cuideachta dá bhfreagraíonn scaireanna den tuairisc sin,

[EN]

(v) i gcás muirir mar a dúradh, méid an mhuirir i ngach cás, agus

[EN]

(vi) i gcás diúscartha mar a dúradh ar airgead nó ar luach airgid, méid nó luach na comaoine i ngach cás.

[EN]

Breithniú na n-iniúchóirí i dtaobh tuarascáil na stiúrthóirí a bheith ag teacht le cuntais na cuideachta.

15.—Beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí cuideachta, le linn dóibh an tuarascáil i ndáil leis an gcuideachta a ullmhú mar a cheanglaítear le halt 163 den Phríomh-Acht, a bhreithniú an bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa tuarascáil ó stiúrthóirí na cuideachta i ndáil leis an mbliain airgeadais lena mbaineann ag teacht leis na cuntais a d'ullmhaigh an chuideachta don bhliain sin agus luafaidh siad sa tuarascáil an bhfuil, dar leo, an fhaisnéis sin ag teacht leis na cuntais sin.

[EN]

Faisnéis i dtaobh fochuideachtaí agus cuideachtaí comhlachaithe a fhoilsiú.

16.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, más rud é, i ndeireadh bliana airgeadais cuideachta—

[EN]

(a) go bhfuil fochuideachta ag an gcuideachta, nó

[EN]

(b) go bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcuideachta chun breis agus 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach n-éireoidh ach amháin in imthosca sonraithe) i gcomhlacht corpraithe eile nach fochuideachta di é (dá ngairtear “cuideachta chomhlachaithe” san alt seo) nó chun breis agus 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de scairchaipiteal leithroinnte comhlachta chorpraithe eile nach fochuideachta di é (dá ngairtear “cuideachta chomhlachaithe” freisin san alt seo),

[EN]

cuirfear nóta isteach i gcuntais na cuideachta don bhliain sin i gceangal leis an tuairisceán bliantúil, ina ndéanfar idirdhealú idir na fochuideachtaí agus na cuideachtaí comhlachaithe agus ina dtabharfar an fhaisnéis seo a leanas i ndáil leo—

[EN]

(i) ainm agus oifig chláraithe gach fochuideachta nó cuideachta comhlachaithe agus an cineál gnó a dhéanann sí,

[EN]

(ii) gné gach aicme scaireanna a shealbhaíonn an chuideachta i ngach fochuideachta nó cuideachta chomhlachaithe agus an chomhréir, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna leithroinnte san fhochuideachta nó sa chuideachta chomhlachaithe de gach aicme acu sin dá bhfreagraíonn na scaireanna den aicme sin atá á sealbhú ag an gcuideachta,

[EN]

(iii) méid comhiomlán chaipiteal agus chúlchistí gach fochuideachta nó cuideachta comhlachaithe amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais de chuid na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe ag críochnú le deireadh bhliain airgeadais na cuideachta, nó leis an mbliain is deireanaí roimh dheireadh bhliain airgeadais na cuideachta, lena mbaineann na cuntais, agus

[EN]

(iv) brabús nó caillteanas na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe don bhliain airgeadais dá cuid a luaitear i mír (iii) den fho-alt seo.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag míreanna (iii) agus (iv) d'fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) maidir le fochuideachta de chuid cuideachta, má tá an chuideachta díolmhaithe ó ghrúpchuntais a ullmhú de bhua alt 150 (2) (a) den Phríomh-Acht nó má ullmhaíonn an chuideachta grúpchuntais agus—

[EN]

(i) go bhfuil cuntais na fochuideachta ar áireamh sna grúpchuntais, nó

[EN]

(ii) go bhfuil infheistíocht na cuideachta i scaireanna na fochuideachta ar áireamh i gcuntais na cuideachta, nó i nóta a ghabhann leis na cuntais sin, tríd an modh luachála cothromais,

[EN]

[EN]

(b) maidir le cuideachta chomhlachaithe de chuid cuideachta, má tá infheistíocht na cuideachta i scaireanna na cuideachta comhlachaithe ar áireamh i gcuntais na cuideachta, nó i nóta a ghabhann leis na cuntais sin, tríd an modh luachála cothromais,

[EN]

[EN]

(c) más rud é—

[EN]

(i) nach bhfuil de cheangal ar an bhfochuideachta nó ar an gcuideachta chomhlachaithe a cuntais a fhoilsiú, agus

[EN]

(ii) nach ionann méid do na scaireanna a shealbhaíonn an chuideachta san fhochuideachta nó sa chuideachta chomhlachaithe agus leath ar a laghad, de réir luacha ainmniúil, de scairchaipiteal leithroinnte na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe,

[EN]

[EN]

(d) mura faisnéis ábhartha an fhaisnéis a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfar, in ionad an fhaisnéis a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a lua i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta lena mbaineann d'aon bhliain airgeadais áirithe de chuid na cuideachta, í a thabhairt i ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag rúnaí na cuideachta agus a bheidh i gceangal leis an gcéad tuairisceán bliantúil eile a dhéanfaidh an chuideachta tar éis a cuntais don bhliain sin a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta dá mba rud é, i dtuairim stiúrthóirí na cuideachta, go bhfágfadh comhlíonadh fho-alt (1) den alt seo go mbeadh nóta ró-fhada ag gabháil le cuntais na cuideachta.

[EN]

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i ndáil le faisnéis i dtaobh fochuideachta nó cuideachta comhlachaithe de chuid cuideachta (dá ngairtear “an dara cuideachta a luaitear” feasta sa mhír seo) má dhéanann staid airgeadais na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe, mar a nochtar ina cuntais é, difear mór, i dtuairim stiúrthóirí an dara cuideachta a luaitear, do bhrabús nó caillteanas, nó do mhéid sócmhainní, an dara cuideachta a luaitear agus a fochuideachtaí.

[EN]

(c) Aon chóip de ráiteas a bheidh, de bhun mhír (a) den fho-alt seo, i gceangal leis an tuairisceán bliantúil dá dtagraítear san fho-alt sin ó chuideachta, beidh sé deimhnithe ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, agus ag rúnaí na cuideachta, gur cóip dhílis den ráiteas sin í.

[EN]

(4) Chun críche an ailt seo, déanfar scaireanna i gcuideachta, is fochuideachta nó cuideachta chomhlachaithe do chuideachta eile, a áireamh mar scaireanna atá á sealbhú, nó mar scaireanna nach bhfuil á sealbhú, ag an gcuideachta eile sin dá mba rud é, de bhua alt 155 (3) den Phríomh-Acht, go n-áireofaí iad mar scaireanna atá á sealbhú nó, de réir mar a bheidh, mar scaireanna nach bhfuil á sealbhú, ag an gcuideachta eile sin d'fhonn a chinneadh an fochuideachta don chuideachta eile sin an chéad chuideachta a luaitear.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 158 den Phríomh-Acht maidir le cuideachta lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

(6) I dteannta feidhm a bheith ag an alt seo maidir le cuideachta, tá feidhm aige maidir le comhlacht corpraithe a bheadh, dá mba chuideachta é, ina fhochuideachta nó ina chuideachta chomhlachaithe.

[EN]

Fochuideachtaí a bheith díolmhaithe ó alt 7.

17.—(1) I gcás inar fochuideachta cuideachta phríobháideach do chomhlacht corpraithe eile arna fhoirmiú agus arna chlárú i mBallstát de chuid na gComhphobal Eorpach, nó gurbh fhochuideachta don chomhlacht corpraithe eile sin a bheadh inti dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe eile sin, beidh an chuideachta díolmhaithe, maidir le haon bhliain airgeadais áirithe de chuid na cuideachta, ó fhorálacha alt 7 (seachas fo-alt (1) (b)) den Acht seo más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

[EN]

(a) go ndéanfaidh gach duine is scairshealbhóir de chuid na cuideachta ar an dáta a thionólfar an chéad chruinniú ginearálta bliantúil eile de chuid na cuideachta tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin, a dhearbhú go dtoilíonn sé leis an díolúine,

[EN]

(b) go bhfuil i bhfeidhm, maidir leis an mbliain airgeadais sin go léir, ráthaíocht neamhinchúlghairthe ón gcomhlacht corpraithe eile ar dhliteanais na cuideachta dá dtagraítear in alt 5 (c) den Acht seo maidir leis an mbliain airgeadais sin agus go mbeidh faisnéis i scríbhinn faoin ráthaíocht tugtha ag an gcuideachta do gach duine de na daoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo,

[EN]

(c) go mbeidh cuntais bhliantúla na cuideachta don bhliain airgeadais sin comhdhlúite sna grúpchuntais arna n-ullmhú ag an gcomhlacht corpraithe agus go mbeidh díolúine na cuideachta faoin alt seo nochtaithe i nóta a bheidh ag gabháil leis na grúpchuntais,

[EN]

(d) go mbeidh fógra á rá go bhfuil leas bainte ag an gcuideachta as an díolúine faoin alt seo maidir leis an mbliain airgeadais sin agus cóip den ráthaíocht agus den fhaisnéis dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, mar aon le dearbhú i scríbhinn ón gcuideachta á rá go bhfuil mír (a) den fho-alt seo comhlíonta i ndáil leis an díolúine, i gceangal leis an tuairisceán bliantúil don bhliain airgeadais sin arna thabhairt ag an gcuideachta faoin bPríomh-Acht do chláraitheoir na gcuideachtaí,

[EN]

(e) go mbeidh grúpchuntais an chomhlachta chorpraithe eile tarraingthe suas, a mhéid is féidir é, de réir cheanglais an Cheathrú Treoir ón gComhairle*, agus

[EN]

(f) go mbeidh grúpchuntais an chomhlachta chorpraithe eile i gceangal leis an tuairisceán bliantúil a dúradh agus go mbeidh siad iniúchta de réir Airteagal 51.1 den Cheathrú Treoir sin ón gComhairle.

(2) Féadfaidh an tAire cibé orduithe is gá (más ann) a dhéanamh d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don alt seo.

[EN]

Forálacha i ndáil le doiciméid a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

18.—(1) Ní foláir cóip de chlár comhardaithe agus de chuntas sochair agus dochair cuideachta arna n-ullmhú de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo, agus arna gcur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil a cheanglaítear leis an bPríomh-Acht ar an gcuideachta a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, a bheith sínithe mar a cheanglaítear le halt 156 den Phríomh-Acht, agus sa chóip den chlár comhardaithe a bheidh i gceangal amhlaidh beidh an ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo in áit díreach os cionn na sínithe a chuirtear leis de bhun an ailt sin 156 agus beidh ag gabháil leis an gcóip sin cóip den tuarascáil ó iniúchóirí na cuideachta i ndáil le cuntais na cuideachta faoi fho-alt (3) den alt seo.

[EN]

(2) I gcóip de chlár comhardaithe cuideachta, arna ullmhú de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo agus arna chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil sin, beidh ráiteas ó na stiúrthóirí á rá—

[EN]

(a) go raibh siad ag seasamh ar dhíolúintí sonraithe atá sna hailt sin 10 go 12, agus

[EN]

(b) go ndearna siad amhlaidh ar an bhforas go bhfuil teideal ag an gcuideachta chun tairbhe na ndíolúintí sin mar mhionchuideachta nó (de réir mar a bheidh) mar chuideachta mheánmhéide.

[EN]

(3) Ní gá tuarascáil na n-iniúchóirí faoi alt 7 (1) (a) den Acht seo ar na cuntais sin a bheith ag gabháil le cóip de chlár comhardaithe nó de chuntas sochair agus dochair cuideachta a ullmhaítear de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo agus a sheachadtar ar chláraitheoir na gcuideachtaí, ach beidh tuarascáil speisialta ó na hiniúchóirí ag gabháil léi ina mbeidh na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) cóip den tuarascáil a thug iniúchóirí na cuideachta ar na cuntais sin faoi fho-alt (4) den alt seo, agus

[EN]

(b) cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí faoi alt 163 den Phríomh-Acht.

[EN]

(4) I gcás go mbeartaíonn stiúrthóirí cuideachta cuntais d'aon tréimhse chuntasaíochta arna n-ullmhú de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil agus gur deimhin le hiniúchóirí na cuideachta go bhfuil stiúrthóirí na cuideachta i dteideal, chun na críche sin, seasamh ar dhíolúintí a shonraítear in ailt 10 go 12 den Acht seo agus go bhfuil na cuntais ullmhaithe go cuí de bhun na bhforálacha sin, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta tuarascáil i scríbhinn a chur ar fáil do stiúrthóirí na cuideachta á rá go bhfuil, i dtuairim iniúchóirí na cuideachta, stiúrthóirí na cuideachta i dteideal na cuntais sin a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil agus go bhfuil na cuntais, atá curtha i gceangal leis amhlaidh, ullmhaithe go cuí mar a dúradh.

[EN]

(5) Aon chóip den tuarascáil ó iniúchóirí cuideachta faoi fho-alt (3) den alt seo a thabharfar do chláraitheoir na gcuideachtaí de bhun an ailt seo, beidh sé deimhnithe ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, agus ag rúnaí na cuideachta, gur cóip dhílis den tuarascáil sin í.

[EN]

Cuntais iomlána nó cuntais ghiorraithe a fhoilsiú.

19.—(1) I gcás go bhfoilseoidh cuideachta a cuntais ina n-iomláine, foilseoidh sí freisin, i dteannta na gcuntas sin, aon tuarascáil i ndáil leis na cuntais sin a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 18 den Acht seo agus, má bhíonn iniúchóirí na cuideachta tar éis diúltú tuarascáil faoi fho-alt (4) den alt sin a chur ar fáil do stiúrthóirí na cuideachta, cuirfidh an chuideachta in iúl, trína fhoilsiú, gur dhiúltaigh siad amhlaidh.

[EN]

(2) I gcás go bhfoilseoidh cuideachta cuntais ghiorraithe i ndáil le haon bhliain airgeadais, foilseoidh sí freisin ráiteas á chur in iúl—

[EN]

(a) nach iad na cuntais sin na cuntais a gceanglaítear leis an Acht seo cóipeanna díobh a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil,

[EN]

(b) an bhfuil cóipeanna de na cuntais a cheanglaítear a bheith i gceangal amhlaidh curtha i gceangal amhlaidh iarbhír,

[EN]

(c) an bhfuil tuarascáil faoi alt 163 den Phríomh-Acht tugtha ag iniúchóirí na cuideachta maidir leis na cuntais den chuideachta a bhaineann le haon bhliain airgeadais a n-airbheartaíonn na cuntais ghiorraithe déileáil léi,

[EN]

(d) an bhfuil aon agúis i dtuarascáil na n-iniúchóirí faoin alt sin 163 maidir leis na nithe a luaitear sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

(3) I gcás go bhfoilseoidh cuideachta cuntais ghiorraithe, ní fhoilseoidh sí, i dteannta na gcuntas sin, aon tuarascáil ó na hiniúchóirí is tuarascáil den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) (c) den alt seo.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cuntais ghiorraithe”, i ndáil le cuideachta, aon chlár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair, nó aon choimriú nó achomaireacht ar chlár comhardaithe nó ar chuntas sochair agus dochair, a bhaineann le bliain airgeadais na cuideachta agus a fhoilsíonn an chuideachta ar shlí seachas mar chuid de chuntais iomlána na cuideachta don bhliain airgeadais sin agus, i ndáil le cuideachta shealbhaíochta, folaíonn sé cuntas i bhfoirm ar bith a airbheartaíonn gurb é atá ann clár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair, nó coimriú nó achomaireacht ar chlár comhardaithe nó ar chuntas sochair agus dochair, de chuid an ghrúpa arb é an chuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí é;

[EN]

ciallaíonn “cuntais iomlána”, i ndáil le cuideachta, cuntais de chuid na cuideachta arna n-ullmhú de réir alt 3 nó ailt 10 go 12 den Acht seo agus, ach amháin i gcás cuideachta atá díolmhaithe de bhua an ailt sin 10 ó chóip den tuarascáil sin a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil, an tuarascáil ó stiúrthóirí na cuideachta a shonraítear in alt 158 (1) den Phríomh-Acht;

[EN]

folaíonn “foilsiú”, i ndáil le doiciméad, é a eisiúint, a leathadh nó a chur ar fáil ar shlí eile lena iniúchadh go poiblí i slí atá ceaptha chun cuireadh a thabhairt don phobal i gcoitinne, nó d'aon aicme daoine den phobal, an doiciméad a léamh, agus is dá réir sin a fhorléireofar focail chomhghaolmhara.

Leasú ar Acht 1983.

20.—Leasaítear leis seo Acht 1983 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 45:

“Costais forbraíochta a thaispeántar mar shócmhainn chuideachta a fhritháireamh in aghaidh bhrabúis indáilte na cuideachta.

45A.—(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, i gcás go dtaispeántar costais forbraíochta mar shócmhainn i gcuntais chuideachta, déanfar aon mhéid a thaispeántar i leith na gcostas sin a áireamh—

(a) chun críocha alt 45, mar chaillteanas réadaithe, agus

(b) chun críocha alt 47, mar chaillteanas ioncaim réadaithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon chuid den mhéid sin a dúradh arb éard í brabús neamhréadaithe a rinneadh ar na costais sin a athluacháil.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) más rud é—

(a) go bhfuil imthosca speisialta ann a fhágann go bhfuil an ceart ag stiúrthóirí na cuideachta sin a chinneadh nach ndéanfar an méid a luaitear ina leith sin i gcuntais na cuideachta a áireamh amhail mar a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin, agus

(b) go ndeirtear sa nóta atá ag gabháil leis na cuntais mar a cheanglaítear le mír 8 (2) den Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986, nach bhfuil an méid sin le háireamh amhlaidh agus go mínítear ann na himthosca ar a bhfuiltear ag seasamh chun cinneadh na stiúrthóirí chuige sin a chosaint.”.

Cumhacht chun an tAcht a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí neamhchláraithe.

21.—Beidh éifeacht le halt 377 den Phríomh-Acht agus leis an Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí sa dara colún den Sceideal sin, os coinne na dtagairtí sa chéad cholún den Sceideal sin do chuntais agus iniúchadh, d'fhorálacha sonraithe d'Acht 1963, tagairtí, i gcás cibé forálacha díobh sin a leasaítear leis an Acht seo, do na forálacha sin arna leasú amhlaidh.

Cionta agus pionóis.

22.—(1) (a) Má mhainníonn cuideachta foráil de chuid alt 5, 6, 7, 10, 11, 16, 18 nó 19 den Acht seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, ar iad a chiontú go hachomair.

(b) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfo-alt seo, i ndáil le hailt 7, 10, 11, 16 nó 18 den Acht seo, a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) Má mhainníonn aon duine, is stiúrthóir ar chuideachta, gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais alt 3 nó alt 4 (seachas fo-ailt (3) agus (13)) den Acht seo nó chun forálacha fho-ailt (3) nó (13) d'alt 4 nó alt 13 nó 14 den Acht seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, maidir le gach cion ar leith, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air, ar shlí, áfach—

(a) in aon imeachtaí i gcoinne duine maidir le cion faoin bhfo-alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, go raibh sé curtha de chúram ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí forálacha an ailt sin 3 nó an ailt sin 4 (seachas fo-ailt (3) agus (13)), de réir mar a bheidh, agus go raibh an deis ag an duine deiridh sin an cúram sin a dhéanamh, agus

(b) nach ndlífear pianbhreith príosúnachta a chur ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin mura rud é, i dtuairim na cúirte, gur go toiliúil a rinneadh an cion.

(3) Má dhéanann aon duine go toiliúil, in aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile is gá a thabhairt de réir, nó chun críocha, aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach, dlífear—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana nó fíneáil nach mó ná £2,500, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air.

(4) Beidh éifeacht le halt 385 den Phríomh-Acht ionann is dá gcuirfí “£1,000” in ionad na suime a luaitear i bhfo-alt (1).

(5) San alt seo folaíonn “stiúrthóir” agus “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

Srian le halt 222 den Phríomh-Acht.

23.—Ní bheidh feidhm ag alt 222 den Phríomh-Acht maidir le himeachtaí os comhair an Bhinse Achomhairc Fostaíochta.

Cumhacht an Aire chun an tAcht a mhodhnú ar bhealaí áirithe.

24.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, forálacha an Achta seo a athrú nó cur leo, a mhéid a bhaineann an tAcht seo le clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair cuideachta agus leis na nótaí a ghabhann leis an gclár comhardaithe nó leis an gcuntas sochair agus dochair sin agus na doiciméid a chuirfear ag gabháil leo, go ginearálta nó i ndáil le haicme nó le haicmí sonraithe cuideachta.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

25.—(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a ghairm d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983, d'alt 6 den Acht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985 agus den Acht seo, le chéile.

(3) Déanfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983, alt 6 den Acht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985 agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla nó d'fhorálacha éagsúla.

(5) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag gach foráil den Acht seo maidir le cuntais chuideachta, agus leis an tuarascáil ó stiúrthóirí cuideachta a shonraítear in alt 158 den Phríomh-Acht, do gach bliain airgeadais de chuid na cuideachta dar tosach nó dar críoch, de réir mar a shonróidh an tAire le hordú, tar éis cibé dáta i ndiaidh thosach feidhme na forála a shonróidh an tAire le hordú.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i ndáil le fo-alt (7) nó (8) d'alt 8 den Acht seo.

*Treoir Uimh. 78/660/CEE ón gComhairle (IO Uimh. L. 222, an 14.8.1978).

[EN]

AN SCEIDEAL

FOIRM AGUS ÁBHAIR NA gCUNTAS

Cuid I

NA FOIRMLÍ RIACHTANACHA DO CHUNTAIS

Réamhráiteach

1. Aon tagairtí sa Chuid seo den Sceideal seo do na hítimí atá liostaithe in aon cheann de na foirmlí atá leagtha amach sa Chuid seo is tagairtí iad do na hítimí sin arna léamh i dteannta aon nótaí i ndiaidh na bhfoirmlí a bhaineann le haon cheann de na hítimí sin.

2. Aon uimhir idir lúibíní i ndiaidh aon ítime in aon cheann de na foirmlí atá leagtha amach sa Chuid seo, nó i ndiaidh aon cheannteidil in aon cheann de na foirmlí sin, is tagairt í don nóta lena bhfuil an uimhir sin sna nótaí i ndiaidh na bhfoirmlí.

3. Sna nótaí i ndiaidh na bhfoirmlí—

(a) tugann ceannteideal gach nóta an ceannteideal nó an focheannteideal nach foláir a úsáid maidir leis an ítim lena mbaineann sé mar aon le tagairt d'aon litreacha agus uimhreacha a shanntar don ítim sin sna foirmlí atá leagtha amach sa Chuid seo; agus

(b) aon tagairtí d'fhoirmle lena ngabhann uimhir is tagairtí iad don fhoirmle do chlár comhardaithe nó (de réir mar a bheidh) don fhoirmle do chuntas sochair agus dochair lena ngabhann an uimhir sin mar atá leagtha amach sa Chuid seo.

FOIRMLÍ DO CHLÁR COMHARDAITHE

Foirmle 1

A.  Sócmhainní Dochta

I.   Sócmhainní doláimhsithe

1. Costais forbraíochta

2. Lamháltais, paitinní, ceadúnais, trádmharcanna agus cearta agus sócmhainní dá samhail (1)

3. Cáilmheas (2)

4. Íocaíochtaí ar cuntas

II.  Sócmhainní inláimhsithe

1. Talamh agus foirgnimh

2. Gléasra agus innealra

3. Daingneáin, feistis, uirlisí agus trealamh

4. Íocaíochtaí ar cuntas agus sócmhainní atá á bhfoirgniú

III. Sócmhainní airgeadais

1. Scaireanna i ngrúpchuideachtaí

2. Iasachtaí le grúpchuideachtaí

3. Scaireanna i gcuideachtaí gaolmhara

4. Iasachtaí le cuideachtaí gaolmhara

5. Infheistíochtaí eile seachas iasachtaí

6. Iasachtaí eile

7. Scaireanna sa chuideachta féin (3)

B.  Sócmhainní Reatha

I.   Stoic

1. Bunábhair agus earraí inchaite

2. Obair ar láimh

3. Earraí críochnaithe agus earraí le hathdhíol

4. Íocaíochtaí ar cuntas

II.  Féichiúnaithe (4)

1. Féichiúnaithe trádála

2. Méideanna atá dlite de ghrúpchuideachtaí

3. Méideanna atá dlite de chuideachtaí gaolmhara

4. Féichiúnaithe eile

5. Scairchaipiteal glaoite nach bhfuil íoctha

6. Réamhíocaíochtaí agus ioncam faibhrithe

III. Infheistíochtaí

1. Scaireanna i ngrúpchuideachtaí

2. Scaireanna sa chuideachta féin (3)

3. Infheistíochtaí eile

IV. Airgead sa bhanc agus airgead ar láimh

C.  Creidiúnaithe: méideanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin

1. Iasachtaí bintiúir (5)

2. Iasachtaí bainc agus rótharraingtí bainc

3. Íocaíochtaí a fuarthas ar cuntas (6)

4. Creidiúnaithe trádála

5. Billí malairte is iníoctha

6. Méideanna atá dlite do ghrúpchuideachtaí

7. Méideanna atá dlite do chuideachtaí gaolmhara

8. Creidiúnaithe eile lena n-áirítear cáin agus leas sóisialach (7)

9. Méideanna faibhrithe agus ioncam iarchurtha (8)

D.  Glansócmhainní reatha (dliteanais)

E.  Sócmhainní iomlána lúide dliteanais reatha

F.  Creidiúnaithe: Méideanna a bheidh dlite tar éis bliana amháin ar a laghad

1. Iasachtaí bintiúir (5)

2. Iasachtaí bainc agus rótharraingtí bainc

3. Íocaíochtaí a fuarthas ar cuntas (6)

4. Creidiúnaithe trádála

5. Billí malairte is iníoctha

6. Méideanna atá dlite do ghrúpchuideachtaí

7. Méideanna atá dlite do chuideachtaí gaolmhara

8. Creidiúnaithe eile lena n-áirítear cáin agus leas sóisialach (7)

9. Méideanna faibhrithe agus ioncam iarchurtha (8)

G.  Soláthairtí le haghaidh dliteanas agus muirear

1. Pinsin agus oibleagáidí eile

2. Cánachas, lena n-áirítear cánachas iarchurtha

3. Soláthairtí eile

H.  Caipiteal agus cúlchistí

I.   Scairchaipiteal glaoite (9)

II.  Cuntas scairphréimhe

III. Cúlchiste athluachála

IV. Cúlchistí eile

1. An cúlchiste fuascailte caipitil

2. Cúlchistí le haghaidh scaireanna sa chuideachta féin

3. Cúlchistí dá bhforáiltear leis na hairteagail chomhlachais

4. Cúlchistí eile

V.  Cuntas sochair agus dochair

FOIRMLÍ DO CHLÁR COMHARDAITHE

Foirmle 2

Sócmhainní

A.  Sócmhainní Dochta

I.   Sócmhainní doláimhsithe

1. Costais forbraíochta

2. Lamháltais, paitinní, ceadúnais, trádmharcanna agus cearta agus sócmhainní dá samhail (1)

3. Cáilmheas (2)

4. Íocaíochtaí ar cuntas

II.  Sócmhainní inláimhsithe

1. Talamh agus foirgnimh

2. Gléasra agus innealra

3. Daingneáin, feistis, uirlisí agus trealamh

4. Íocaíochtaí ar cuntas agus sócmhainní atá á bhfoirgniú

III. Sócmhainní airgeadais

1. Scaireanna i ngrúpchuideachtaí

2. Iasachtaí le grúpchuideachtaí

3. Scaireanna i gcuideachtaí gaolmhara

4. Iasachtaí le cuideachtaí gaolmhara

5. Infheistíochtaí eile seachas iasachtaí

6. Iasachtaí eile

7. Scaireanna sa chuideachta féin (3)

B.  Sócmhainní Reatha

I.   Stoic

1. Bunábhair agus earraí inchaite

2. Obair ar láimh

3. Earraí críochnaithe agus earraí le hathdhíol

4. Íocaíochtaí ar cuntas

II.  Féichiúnaithe (4)

1. Féichiúnaithe trádála

2. Méideanna atá dlite de ghrúpchuideachtaí

3. Méideanna atá dlite de chuideachtaí gaolmhara

4. Féichiúnaithe eile

5. Scairchaipiteal glaoite nach bhfuil íoctha

6. Réamhíocaíochtaí agus ioncam faibhrithe

III. Infheistíochtaí

1. Scaireanna i ngrúpchuideachtaí

2. Scaireanna sa chuideachta féin (3)

3. Infheistíochtaí eile

IV. Airgead sa bhanc agus airgead ar láimh

Dliteanais

A.  Caipiteal agus cúlchistí

I.   Scairchaipiteal glaoite (9)

II.  Cuntas scairphréimhe

III. Cúlchiste athluachála

IV. Cúlchistí eile

1. An cúlchiste fuascailte caipitil

2. Cúlchiste le haghaidh scaireanna sa chuideachta féin

3. Cúlchistí dá bhforáiltear leis na hairteagail chomhlachais

4. Cúlchistí eile

V.  Cuntas sochair agus dochair

B.  Soláthairtí le haghaidh dliteanas agus muirear

1. Pinsin agus oibleagáidí eile

2. Cánachas, lena n-áirítear cánachas iarchurtha

3. Soláthairtí eile

C.  Creidiúnaithe (10)

1. Iasachtaí bintiúir (5)

2. Iasachtaí bainc agus rótharraingtí bainc

3. Íocaíochtaí a fuarthas ar cuntas (6)

4. Creidiúnaithe trádála

5. Billí malairte is iníoctha

6. Méideanna atá dlite do ghrúpchuideachtaí

7. Méideanna atá dlite do chuideachtaí gaolmhara

8. Creidiúnaithe eile lena n-áirítear cáin agus leas sóisialach (7)

9. Méideanna faibhrithe agus ioncam iarchurtha (8)

NÓTAÍ AR NA FOIRMLÍ DO CHLÁR COMHARDAITHE

(1) Lamháltais, paitinní, ceadúnais, trádmharcanna agus cearta agus sócmhainní dá samhail

(Foirmlí 1 agus 2, ítimí A.I.2)

Ní dhéanfar méideanna i leith sócmhainní a áireamh i gclár comhardaithe cuideachta faoin ítim seo ach amháin sa chás—

(a) go bhfuarthas na sócmhainní ar chomaoin luachmhar agus nach gceanglaítear iad a thaispeáint faoi cháilmheas, nó

(b) gurbh í an chuideachta féin a chruthaigh na sócmhainní atá i gceist.

(2) Cáilmheas

(Foirmlí 1 agus 2, ítimí A.I.3)

Ní áireofar méideanna in ionannas cáilmheasa ach amháin sa mhéid gur ar chomaoin luachmhar a fuarthas an cáilmheas.

(3) Scaireanna sa chuideachta féin

(Foirmlí 1 agus 2, ítimí A.III.7 agus B.III.2)

Déanfar luach ainmniúil na scaireanna atá á sealbhú a thaispeáint ar leithligh.

(4) Féichiúnaithe

(Foirmlí 1 agus 2, ítimí B.II.1 go 6)

Déanfar an méid a bheidh dlite tar éis bliana amháin ar a laghad a thaispeáint ar leithligh maidir le gach ítim a áirítear faoi fhéichiúnaithe.

(5) Iasachtaí bintiúir

(Foirmle 1, ítim C.1 agus F.1 agus Foirmle 2, ítim C.1)

Taispeánfar ar leithligh méid aon iasachtaí inchomhshóite.

(6) Íocaíochtaí a fuarthas ar cuntas

(Foirmle 1, ítimí C.3 agus F.3 agus Foirmle 2, ítim C.3)

Déanfar íocaíochtaí a fuarthas ar cuntas orduithe a thaispeáint maidir le gach ceann de na hítimí seo sa mhéid nach dtaispeántar iad mar asbhaintí ó stoic.

(7) Creidiúnaithe eile lena n-áirítear cáin agus leas sóisialach

(Foirmle 1, ítimí C.8 agus F.8 agus Foirmle 2, ítim C.8)

Déanfar an méid le haghaidh creidiúnaithe maidir le cánachas agus leas sóisialach a thaispeáint ar leith ón méid le haghaidh creidiúnaithe eile agus, maidir le cánachas, déanfar na méideanna atá ar áireamh maidir le cáin ioncaim is iníoctha ar dhíolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, aon cháin ioncaim eile, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha agus aon cháin eile a lua ar leithligh.

(8) Méideanna faibhrithe agus ioncam iarchurtha

(Foirmle 1, ítimí C.9 agus F.9 agus Foirmle 2, ítim C.9)

Déanfar an méid atá ar áireamh san ítim seo maidir le deontais Rialtais, is é sin le rá, deontais a thug an Rialtas nó a tugadh thar a cheann, a thaispeáint ar leithligh i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, mura dtaispeántar ar leithligh é sa chlár comhardaithe.

(9) Scairchaipiteal glaoite

(Foirmle 1, ítim H.I agus Foirmle 2, ítim A.I)

Déanfar méid an scairchaipitil leithroinnte agus méid an scairchaipitil ghlaoite a bheidh íoctha a thaispeáint ar leithligh.

(10) Creidiúnaithe

(Foirmle 2, ítimí C.1 go 9)

Déanfar méideanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin agus tar éis bliana amháin a thaispeáint ar leithligh maidir le gach ceann de na hítimí seo agus taispeánfar a gcomhiomlán ar leithligh maidir leis na hítimí seo go léir.

FOIRMLÍ DO CHUNTAS SOCHAIR AGUS DOCHAIR

Foirmle 1 (14)

1. Láimhdeachas

2. Costas Díolachán (11)

3. Brabús Comhlán nó Caillteanas Comhlán

4. Costais dáilte (11)

5. Costais riaracháin (11)

6. Ioncam oibriúcháin eile

7. Ioncam ó scaireanna i ngrúpchuideachtaí

8. Ioncam ó scaireanna i gcuideachtaí gaolmhara

9. Ioncam ó shócmhainní airgeadais eile (12)

10. Ús eile is infhaighte agus ioncam eile dá samhail (12)

11. Méideanna a díscríobhadh ó shócmhainní airgeadais agus ó infheistíochtaí atá á sealbhú mar shócmhainní reatha

12. Ús is iníoctha agus muirir eile dá samhail (13)

13. Cáin ar bhrabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí

14. Brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí tar éis cánach

15. Ioncam urghnách

16. Muirir urghnácha

17. Brabús nó caillteanas urghnách

18. Cáin ar bhrabús nó caillteanas urghnách

19. Cánacha eile nach dtaispeántar faoi na hítimí roimhe seo

20. Brabús nó caillteanas don bhliain airgeadais

FOIRMLÍ DO CHUNTAS SOCHAIR AGUS DOCHAIR

Foirmle 2

1. Láimhdeachas

2. Athrú ar stoic earraí críochnaithe agus ar obair ar láimh

3. Obair chaipitlithe na cuideachta féin

4. Ioncam oibriúcháin eile

5. (a) Bunábhair agus earraí inchaite

(b) Muirir sheachtracha eile

6. Costais foirne:

(a) Pá agus tuarastail

(b) Costais leasa shóisialaigh

(c) Costais eile pinsin

7. (a) Díluachadh agus méideanna eile a díscríobhadh ó shócmhainní dochta inláimhsithe agus doláimhsithe

(b) Méideanna eisceachtúla a díscríobhadh ó shócmhainní reatha

8. Muirir oibriúcháin eile

9. Ioncam ó scaireanna i ngrúpchuideachtaí

10. Ioncam ó scaireanna i gcuideachtaí gaolmhara

11. Ioncam ó shócmhainní airgeadais eile (12)

12. Ús eile is infhaighte agus ioncam eile dá samhail (12)

13. Méideanna a díscríobhadh ó shócmhainní airgeadais agus ó infheistíochtaí atá á sealbhú mar shócmhainní reatha

14. Ús is iníoctha agus muirir eile dá samhail (13)

15. Cáin ar bhrabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí

16. Brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí tar éis cánach

17. Ioncam urghnách

18. Muirir urghnácha

19. Brabús nó caillteanas urghnách

20. Cáin ar bhrabús nó caillteanas urghnách

21. Cánacha eile nach dtaispeántar faoi na hítimí roimhe seo

22. Brabús nó caillteanas don bhliain airgeadais

FOIRMLÍ DO CHUNTAS SOCHAIR AGUS DOCHAIR

Foirmle 3 (14)

A. Muirir

1. Costas díolachán (11)

2. Costais dáilte (11)

3. Costais riaracháin (11)

4. Méideanna a díscríobhadh ó shócmhainní airgeadais agus ó infheistíochtaí atá á sealbhú mar shócmhainní reatha

5. Ús is iníoctha agus muirir eile dá samhail (13)

6. Cáin ar bhrabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí

7. Brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí tar éis cánach

8. Muirir urghnácha

9. Cáin ar bhrabús nó caillteanas urghnách

10. Cánacha eile nach dtaispeántar faoi na hítimí roimhe seo

11. Brabús nó caillteanas don bhliain airgeadais

B. Ioncam

1. Láimhdeachas

2. Ioncam oibriúcháin eile

3. Ioncam ó scaireanna i ngrúpchuideachtaí

4. Ioncam ó scaireanna i gcuideachtaí gaolmhara

5. Ioncam ó shócmhainní airgeadais eile (12)

6. Ús eile is infhaighte agus ioncam eile dá samhail (12)

7. Brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí tar éis cánach

8. Ioncam urghnách

9. Brabús nó caillteanas don bhliain airgeadais

FOIRMLÍ DO CHUNTAS SOCHAIR AGUS DOCHAIR

Foirmle 4

A. Muirir

1. Laghdú ar stoic earraí críochnaithe agus ar obair ar láimh

2. (a) Bunábhair agus earraí inchaite

(b) Muirir sheachtracha eile

3. Costais foirne:

(a) Pá agus tuarastail

(b) Costais leasa shóisialaigh

(c) Costais eile pinsin

4. (a) Díluachadh agus méideanna eile a díscríobhadh ó shócmhainní dochta inláimhsithe agus doláimhsithe

(b) Méideanna eisceachtúla a díscríobhadh ó shócmhainní reatha

5. Muirir oibriúcháin eile

6. Méideanna a díscríobhadh ó shócmhainní airgeadais agus ó infheistíochtaí atá á sealbhú mar shócmhainní reatha

7. Ús is iníoctha agus muirir eile dá samhail (13)

8. Cáin ar bhrabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí

9. Brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí tar éis cánach

10. Muirir urghnácha

11. Cáin ar bhrabús nó caillteanas urghnách

12. Cánacha eile nach dtaispeántar faoi na hítimí roimhe seo

13. Brabús nó caillteanas don bhliain airgeadais

B. Ioncam

1. Láimhdeachas

2. Méadú ar stoic earraí críochnaithe agus ar obair ar láimh

3. Obair chaipitlithe na cuideachta féin

4. Ioncam oibriúcháin eile

5. Ioncam ó scaireanna i ngrúpchuideachtaí

6. Ioncam ó scaireanna i gcuideachtaí gaolmhara

7. Ioncam ó shócmhainní airgeadais eile (12)

8. Ús eile is infhaighte agus ioncam eile dá samhail (12)

9. Brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí tar éis cánach

10. Ioncam urghnách

11. Brabús nó caillteanas don bhliain airgeadais

NÓTAÍ AR NA FOIRMLÍ DO CHUNTAS SOCHAIR AGUS DOCHAIR

(11) Costas díolachán: Costais dáilte: Costais riaracháin

(Foirmle 1, ítimí 2, 4 agus 5 agus Foirmle 3, ítimí A.1, 2 agus 3)

Luafar na méideanna seo tar éis aon soláthairtí is gá le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach sócmhainní a bheith curtha i gcuntas.

(12) Ioncam ó shócmhainní airgeadais eile: ús eile is infhaighte agus ioncam eile dá samhail

(Foirmle 1, ítimí 9 agus 10; Foirmle 2, ítimí 11 agus 12; Foirmle 3, ítimí B.5 agus 6; Foirmle 4, ítimí B.7 agus 8)

Déanfar ioncam agus ús a dhíorthaigh ó ghrúpchuideachtaí a thaispeáint ar leith ó ioncam agus ús a dhíorthaigh ó gach foinse eile.

(13) Ús is iníoctha agus muirir eile dá samhail

(Foirmle 1, ítim 12; Foirmle 2, ítim 14; Foirmle 3, ítim A.5; Foirmle 4, ítim A.7)

Déanfar an méid is iníoctha le grúpchuideachtaí a thaispeáint ar leithligh.

(14) Foirmlí 1 agus 3

Déanfar méideanna aon soláthairtí le haghaidh díluachadh agus laghdú ar luach sócmhainní dochta inláimhsithe agus doláimhsithe, atá le taispeáint faoi ítimí 7 (a) agus A.4 (a), faoi seach, i bhFoirmlí 2 agus 4, a nochtadh i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais in aon chás ar faoi threoir Fhoirmle 1 nó Fhoirmle 3 a ullmhaítear an cuntas sochair agus dochair.

Cuid II

RIALACHA UM CHOSTAS BUNAIDH I nDÁIL LE CUNTAIS A THARRAINGT SUAS

Réamhráiteach

4. Faoi réir Chuid III den Sceideal seo, déanfar na méideanna a bheidh le háireamh maidir leis na hítimí go léir a thaispeántar i gcuntais chuideachta a chinneadh de réir na rialacha atá leagtha amach sna míreanna seo a leanas den Chuid seo.

SÓCMHAINNÍ DOCHTA

Rialacha ginearálta

5. Faoi réir aon soláthair le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach arna dhéanamh de réir mhír 6 nó 7 den Sceideal seo, is é méid a bheidh le háireamh maidir le haon sócmhainn dhocht, a praghas ceannaigh nó a costas táirgthe.

6. I gcás aon sócmhainne doichte a bhfuil teorainn lena saol eacnamúil úsáideach, déanfar—

(a) méid a praghais ceannaigh nó a costais táirgthe, nó

(b) i gcás ina meastar go mbeidh iarmharluach ag aon sócmhainn den sórt sin an tráth a bheidh deireadh lena saol eacnamúil úsáideach, méid a praghais ceannaigh nó a costais táirgthe, lúide an t-iarmharluach measta sin,

a laghdú de sholáthairtí le haghaidh díluachadh arna ríomh d'fhonn an méid sin a dhíscríobh go rianúil thar thréimhse shaol eacnamúil úsáideach na sócmhainne.

7. (1) I gcás go mbeidh laghdú tagtha ar luach sócmhainne airgeadais is de thuairisc atá le háireamh faoi ítim A.III i gceachtar de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo, féadfar soláthairtí a dhéanamh do laghdú luacha maidir léi agus féadfar an méid atá le háireamh maidir léi a laghdú dá réir sin; agus déanfar aon soláthairtí den sórt sin nach dtaispeántar ar leithligh sa chuntas sochair agus dochair a nochtadh (ar leithligh nó san iomlán) i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

(2) Déanfar soláthairtí le haghaidh laghdú luacha maidir le haon sócmhainn dhocht ar tháinig laghdú ar a luach más dócha gur buanlaghdú a bheidh sa laghdú sin ar a luach (bíodh nó ná bíodh teorainn lena saol eacnamúil úsáideach) agus déanfar an méid atá le háireamh maidir léi a laghdú dá réir sin; agus déanfar aon soláthairtí den sórt sin nach dtaispeántar ar leithligh sa chuntas sochair agus dochair a nochtadh (ar leithligh nó san iomlán) i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

(3) I gcás na cúiseanna dá ndearnadh aon soláthar de réir fhomhír (1) nó (2) den mhír seo a bheith scortha d'fheidhm a bheith acu go feadh méid ar bith, déanfar an soláthar sin a chúlscríobh a mhéid nach gá a thuilleadh é; agus déanfar aon mhéideanna a bheidh cúlscríofa de réir na fomhíre seo agus nach dtaispeántar sa chuntas sochair agus dochair a nochtadh (ar leithligh nó san iomlán) i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

Rialacha chun ítimí áirithe de shócmhainní dochta a chinneadh

8. (1) D'ainneoin ítim maidir le “costais forbraíochta” a bheith ar áireamh faoi “sócmhainní dochta” sna foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo, ní fhéadfar méid a áireamh i gclár comhardaithe cuideachta maidir leis an ítim sin ach amháin in imthosca speisialta.

(2) Má bhíonn méid ar áireamh i gclár comhardaithe cuideachta maidir le costais forbraíochta, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais—

(a) an tréimhse ar thairsti a bhfuil méid na gcostas sin, mar a caipitlíodh i dtosach iad, á dhíscríobh, nó le díscríobh, agus

(b) na cúiseanna ar ar caipitlíodh na costais atá i gceist.

9. (1) Is faoi réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo a bheidh feidhm ag míreanna 5 go 7 den Sceideal seo i ndáil le cáilmheas (in aon chás ina n-áirítear cáilmheas mar shócmhainn).

(2) Faoi réir fhomhír (3) den mhír seo, déanfar méid na comaoine i leith aon cháilmheasa a fuair cuideachta a laghdú de sholáthairtí le haghaidh díluachadh arna ríomh d'fhonn an méid sin a dhíscríobh go rianúil thar thréimhse arna roghnú ag stiúrthóirí na cuideachta.

(3) Ní faide an tréimhse a roghnófar ná saol eacnamúil úsáideach an cháilmheasa atá i gceist.

(4) In aon chás ina ndéantar aon cháilmheas a fuair cuideachta a thaispeáint nó a áireamh mar shócmhainn i gclár comhardaithe na cuideachta, nochtfar, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, an tréimhse a roghnaíodh chun an chomaoin i leith an cháilmheasa sin a dhíscríobh agus na cúiseanna ar ar roghnaíodh an tréimhse sin.

SÓCMHAINNÍ REATHA

10. Faoi réir mhír 11 den Sceideal seo, is é méid a bheidh le háireamh maidir le haon sócmhainn reatha, a praghas ceannaigh nó a costas táirgthe.

11. (1) Más lú glanluach inréadaithe aon sócmhainne reatha ná a praghas ceannaigh nó a costas táirgthe, is é méid a bheidh le háireamh maidir leis an tsócmhainn sin an glanluach inréadaithe.

(2) I gcás na cúiseanna dá ndearnadh aon soláthar le haghaidh laghdú luacha faoi fhomhír (1) den mhír seo a bheith scortha d'fheidhm a bheith acu go feadh méid ar bith, déanfar an soláthar sin a chúlscríobh a mhéid nach gá a thuilleadh é.

ILGHNÉITHEACH

An bhreis atá ag airgead dlite thar luach a fuarthas, a bheith ina hítim sócmhainne

12. (1) I gcás inar mó an méid is inaisíoctha ar aon fhiach atá dlite de chuideachta ná luach na comaoine a fuarthas san idirbheart ba bhun leis an bhfiach, féadfar méid na difríochta a áireamh mar shócmhainn.

(2) I gcás méid den sórt sin a bheith ann—

(a) déanfar é a dhíscríobh de mhéideanna réasúnta gach bliain agus beidh sé díscríofa go hiomlán sula n-aisíocfar an fiach; agus

(b) mura ndéantar an méid nach bhfuil díscríofa a thaispeáint mar ítim ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta, nochtfar é i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

Sócmhainní a áireamh de réir méid sheasta

13. (1) Faoi réir fhomhír (2) den mhír seo, aon sócmhainní a bheidh le háireamh—

(a) i measc sócmhainní dochta cuideachta faoin ítim “sócmhainní inláimhsithe”, nó

(b) i measc sócmhainní reatha cuideachta faoin ítim “bunábhair agus earraí inchaite”,

féadfar iad a áireamh de réir cainníochta seasta agus luacha sheasta.

(2) Tá feidhm ag fomhír (1) den mhír seo maidir le sócmhainní de chineál a athshuitear go leanúnach, i gcás—

(a) nach bhfuil a luach iomlán ina luach ábhartha maidir le staid ghnóthaí na cuideachta a mheasúnú, agus

(b) nach dtagann athrú ábhartha ar a gcainníocht, ar a luach ná ar a gcomhdhéanamh.

Praghas ceannaigh nó costas táirgthe a chinneadh

14. (1) Cinnfear praghas ceannaigh sócmhainne trí aon chostais a ghabh lena fáil a chur leis an bpraghas a íocadh iarbhír.

(2) Cinnfear costas táirgthe sócmhainne trí mhéid na gcostas a thabhaigh an chuideachta, agus is inchurtha go díreach i leith tháirgeadh na sócmhainne sin, a chur le praghas ceannaigh na mbunábhar agus na n-earraí inchaite a úsáideadh.

(3) Ina theannta sin féadfar na nithe seo a leanas a áireamh i gcostas táirgthe sócmhainne—

(a) cion réasúnach de na costais a thabhaigh an chuideachta agus nach inchurtha ach go neamhdhíreach i leith tháirgeadh na sócmhainne sin a mhéid amháin a bhaineann siad leis an tréimhse táirgthe, agus

(b) ús ar chaipiteal a fuarthas ar iasacht d'fhonn táirgeadh na sócmhainne sin a mhaoiniú, a mhéid a fhaibhríonn sé i leith na tréimhse táirgthe:

Ar choinníoll, áfach, i gcás a thagann faoi réim chlásal (b) den fhomhír seo, go nochtfar i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais gur cuireadh an t-ús san áireamh le linn costas na sócmhainne sin a bheith á chinneadh.

(4) I gcás sócmhainní reatha, ní cead costais dáilte a áireamh i gcostais táirgthe.

15. (1) Faoi réir an agúis a luaitear san fhomhír seo, féadfar praghas ceannaigh nó costas táirgthe—

(a) aon sócmhainní a bheidh le háireamh faoi aon ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe cuideachta faoin ítim ginearálta “stoic”, agus

(b) aon sócmhainní is sócmhainní idirmhalartacha (lena n-áirítear infheistíochtaí),

a chinneadh trí aon cheann de na modhanna a luaitear i bhfomhír (2) den mhír seo a fheidhmiú i ndáil le haon sócmhainní den sórt sin ar den aicme chéanna iad.

Ní foláir modh a roghnú is dóigh leis na stiúrthóirí a bheith iomchuí ag féachaint do dhálaí na cuideachta.

(2) Is iad seo a leanas na modhanna sin:

(a) an modh ar a dtugtar “isteach i dtosach, amach i dtosach” (FIFO),

(b) meánphraghas ualaithe, agus

(c) aon mhodh eile atá ar aon dul le haon cheann de na modhanna a luaitear thuas.

(3) Más rud é, i gcás aon chuideachta—

(a) go mbeifear tar éis praghas ceannaigh nó costas táirgthe sócmhainí atá le háireamh faoi aon ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe na cuideachta a chinneadh trí aon mhodh a cheadaítear leis an mír seo a fheidhmiú, agus

(b) go bhfuil difríocht ábhartha idir an méid a thaispeántar maidir leis an ítim sin agus an méid comhroghnach cuí a thugtar ina dhiaidh seo sa mhír seo,

nochtfar méid na difríochta sin i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

(4) Faoi réir fhomhír (5) den mhír seo, chun críocha fhomhír (3) (b) den mhír seo, is é an méid comhroghnach cuí, i ndáil le haon ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe cuideachta, an méid a bheadh taispeánta maidir leis an ítim sin dá mbeadh sócmhainní d'aon aicme, atá ar áireamh faoin ítim sin de réir méid arna chinneadh le haon mhodh a cheadaítear leis an mír seo, curtha san áireamh, ina ionad sin, de réir a gcostas athshuímh amhail ar dháta an chláir chomhardaithe.

(5) Féadfar an méid comhroghnach cuí a chinneadh faoi threoir an phraghais ceannaigh iarbhír, nó an chostais táirgthe iarbhír, is déanaí roimh dháta an chláir chomhardaithe de shócmhainní d'aon aicme atá ar áireamh faoin ítim atá i gceist in ionad é a chinneadh faoi threoir a gcostais athshuímh amhail ar an dáta sin, ach ní dhéanfar amhlaidh ach amháin i gcás inar dóigh le stiúrthóirí na cuideachta gur modh níos iomchuí an chéad mhodh acu sin i gcás sócmhainní den aicme sin.

(6) Chun críche na míre seo, measfar gur sócmhainní idirmhalartacha sócmhainní de thuairisc ar bith mura féidir, tríd is tríd, sócmhainní den tuairisc sin a idirdhealú óna chéile.

An méid bunaidh a luadh a chur isteach i gcás nach eol an praghas nó an costas

16. I gcás nach mbeidh aon taifead ann ar phraghas ceannaigh nó costas táirgthe aon sócmhainne de chuid cuideachta, ná ar aon phraghas, caiteachas nó costais is iomchuí chun a praghas ceannaigh nó a costas táirgthe a chinneadh de réir mhír 14 den Sceideal seo nó nach féidir aon taifead den sórt sin a fháil gan chaiteachas míréasúnach nó moill mhíréasúnach, glacfar leis, chun críocha mhíreanna 5 go 11 den Sceideal seo, gurb é a praghas ceannaigh nó a costas táirgthe an luach a cuireadh síos di sa taifead is luaithe ar a luach atá ar fáil agus a rinneadh ar an dáta, nó tar éis an dáta, a fuair nó a tháirg an chuideachta í.

Cuid III

RIALACHA COMHROGHNACHA I nDÁIL LE CUNTAIS A THARRAINGT SUAS

Réamhráiteach

17. (1) Na rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh a ghairtear ina dhiaidh seo sa Sceideal seo de na rialacha atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal seo.

(2) Na rialacha díluachta a ghairtear ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Sceideal seo de na rialacha sin, cé is moite de mhíreanna 4, 9 agus 13 go 16; agus aon tagairtí ina dhiaidh seo sa Sceideal seo do na rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh ní fholaíonn siad na rialacha díluachta mar atá feidhm acu de bhua mhír 20 den Sceideal seo.

18. Faoi réir mhíreanna 20 go 22 den Sceideal seo, féadfar na méideanna a bheidh le háireamh i leith sócmhainní d'aon tuairisc a luaitear i mír 19 den Sceideal seo a chinneadh ar aon bhonn a luaitear amhlaidh.

Rialacha cuntasaíochta comhroghnacha

19. (1) Féadfar sócmhainní dochta doláimhsithe, seachas cáilmheas, a áireamh de réir a gcostais reatha.

(2) Féadfar sócmhainní dochta inláimhsithe a áireamh de réir margadhluacha arna chinneadh amhail mar a bhí ar an dáta is déanaí a luacháladh iad nó de réir a gcostais reatha.

(3) Féadfar sócmhainní dochta airgeadais a áireamh—

(a) de réir margadhluacha arna chinneadh amhail mar a bhí ar an dáta is déanaí a luacháladh iad; nó

(b) de réir luacha arna chinneadh ar aon bhonn is dóigh leis na stiúrthóirí a bheith iomchuí ag féachaint do dhálaí na cuideachta,

ach ní foláir, sa chás deiridh sin, sonraí faoin modh luachála a úsáideadh agus faoi na cúiseanna ar ar úsáideadh é a nochtadh i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

(4) Féadfar infheistíochtaí d'aon tuairisc a bheidh le háireamh faoi ítim B.III i gceachtar de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo a áireamh de réir a gcostais reatha.

(5) Féadfar stoic a áireamh de réir a gcostais reatha.

Feidhmiú na rialacha díluachta

20. (1) I gcás go ndéantar luach aon sócmhainne de chuid cuideachta a chinneadh ar aon bhonn a luaitear i mír 19 den Sceideal seo, is é an luach sin an méid a bheidh le háireamh maidir leis an tsócmhainn sin i gcuntais na cuideachta nó (de réir mar is gá) beidh an luach sin mar phointe tosaigh chun an méid sin a chinneadh, in ionad phraghas ceannaigh nó chostas táirgthe na sócmhainne sin nó aon luach a cinneadh amhlaidh roimhe sin don tsócmhainn sin; agus beidh feidhm dá réir sin ag na rialacha díluachta i ndáil le haon sócmhainn den sórt sin ach tagairt don luach is déanaí a cinneadh don tsócmhainn sin ar aon bhonn a luaitear sa mhír sin 19 a chur in ionad aon tagairt dá praghas ceannaigh nó dá costas táirgthe.

(2) An méid coigeartaithe a ghairtear ina dhiaidh seo sa mhír seo de mhéid aon soláthair le haghaidh díluachadh a cheanglaítear i gcás aon sócmhainne doichte le mír 6 nó 7 den Sceideal seo mar atá feidhm aige de bhua fhomhír (1) den mhír seo; agus méid an chostais bhunaidh a ghairtear de mhéid aon soláthair a cheanglófaí leis an mír sin i gcás na sócmhainne sin de réir na rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh.

(3) I gcás feidhm a bheith ag fomhír (1) den mhír seo i ndáil le haon sócmhainn dhocht féadfaidh sé, maidir le haon soláthar le haghaidh díluachadh i leith na sócmhainne sin—

(a) a bheidh ar áireamh in aon ítim a thaispeántar sa chuntas sochair agus dochair i leith méideanna arna ndíscríobh ó shócmhainní den tuairisc atá i gceist; nó

(b) a bheidh curtha i gcuntas nuair a bheifear ag lua aon ítime arna taispeáint amhlaidh a cheanglaítear, le nóta (11) de na nótaí ar na foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo, a lua tar éis aon soláthairtí is gá le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach sócmhainní atá ar áireamh fúithi a bheith curtha i gcuntas,

gurb é méid an chostais bhunaidh é in ionad an méid choigeartaithe:

Ar choinníoll, más é atá i méid an tsoláthair le haghaidh díluachadh méid an chostais bhunaidh, go ndéanfar méid na difríochta idir an dá mhéid a thaispeáint ar leithligh sa chuntas sochair agus dochair nó i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

Faisnéis bhreise i gcás imeacht ó na rialacha um chostas bunaidh

21. (1) Tá feidhm ag an mír seo i gcás ina ndearnadh na méideanna atá le háireamh maidir le sócmhainní a bheidh cuimsithe in aon ítimí a thaispeántar i gcuntais chuideachta a chinneadh ar aon bhonn a luaitear i mír 19 den Sceideal seo.

(2) Nochtfar, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, na hítimí lena mbaineann agus an bonn luachála a úsáideadh chun méideanna na sócmhainní atá i gceist i gcás gach ítim den sórt sin a chinneadh.

(3) I gcás gach ítime lena mbaineann (seachas stoic) i gclár comhardaithe, déanfar—

(a) na méideanna inchomórtais arna gcinneadh de réir na rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh, nó

(b) na difríochtaí idir na méideanna sin agus na méideanna comhréireacha a thaispeántar iarbhír sa chlár comhardaithe maidir leis an ítim sin,

a thaispeáint ar leithligh sa chlár comhardaithe nó i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

(4) I bhfomhír (3) den mhír seo, na tagairtí, i ndáil le haon ítim, do na méideanna inchomórtais arna gcinneadh mar a luaitear ansin is tagairtí iad—

(a) don mhéid comhiomlán a cheanglófaí a thaispeáint maidir leis an ítim sin dá ndéanfaí na méideanna atá le háireamh maidir leis na sócmhainní go léir a bheidh cuimsithe san ítim sin a chinneadh de réir na rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh, agus

(b) do mhéid comhiomlán na soláthairtí carnacha le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach a cheadófaí nó a cheanglófaí le linn na méideanna sin a bheith á gcinneadh de réir na rialacha sin.

Cúlchiste athluachála

22. (1) Maidir le haon chinneadh a dhéanamh ar luach sócmhainne cuideachta ar aon bhonn a luaitear i mír 19 den Sceideal seo, déanfar méid aon bhrabúis nó caillteanais a eascraíonn ón gcinneadh sin (tar éis lamháltas a dhéanamh, más iomchuí, d'aon soláthairtí le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach a rinneadh ar shlí seachas faoi threoir an luacha a cinneadh amhlaidh agus ar aon choigeartuithe ar aon soláthairtí den sórt sin a rinneadh ag féachaint don chinneadh sin) a chreidiúnú nó (de réir mar a bheidh) a fhéichiúnú do chúlchiste ar leithligh (dá ngairtear “an cúlchiste athluachála” sa mhír seo).

(2) Tá feidhm ag fomhír (1) den mhír seo i ndáil le haon chinneadh ar luach sócmhainne cuideachta a dhéantar roimh thosach feidhme na míre seo mar atá feidhm aici maidir le haon chinneadh den sórt sin a dhéanfar ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(3) Déanfar méid an chúlchiste athluachála a thaispeáint i gclár comhardaithe na cuideachta faoi fho-cheannteideal ar leithligh sa suíomh atá tugtha don ítim “cúlchiste athluachála” i bhFoirmle 1 nó 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo.

(4) Laghdófar an cúlchiste athluachála a mhéid nach mbeidh, i dtuairim stiúrthóirí na cuideachta, gá a thuilleadh, chun críche na mbeartas cuntasaíochta a bheidh in úsáid ag an gcuideachta, leis na méideanna a bheidh chun creidmheasa an chúlchiste; ach ní fhéadfar méid a aistriú ón gcúlchiste go dtí an cuntas sochair agus dochair ach amháin más rud é—

(a) gur muirearaíodh an méid atá i gceist ar an gcuntas sin roimhe sin, nó

(b) gurb ionann é agus brabús réadaithe.

(5) Déanfar an chaoi ar déileáladh, chun críocha cánachais, le méideanna a creidiúnaíodh nó a féichiúnaíodh don chúlchiste athluachála a nochtadh i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

Cuid IV

FAISNÉIS A CHEANGLAÍTEAR A THABHAIRT I NÓTAÍ A BHEIDH AG GABHÁIL LE CUNTAIS

Réamhráiteach

23. (1) Aon fhaisnéis a cheanglaítear ar aon chuideachta a thabhairt leis na forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo, ní foláir í a thabhairt i nóta bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta (mura mbeidh sí tugtha sna cuntais féin).

(2) Féadfaidh nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta a bheith sna cuntais féin nó i ndoiciméad ar leithligh a bheidh i gceangal leis na cuntais.

24. Luafar na beartais chuntasaíochta lenar ghlac an chuideachta le linn di na méideanna a chinneadh a bhí le háireamh maidir le hítimí a thaispeántar sa chlár comhardaithe agus le linn di brabús nó caillteanas na cuideachta a chinneadh (lena n-áirítear na beartais sin i leith díluachadh agus laghdú ar luach sócmhainní).

Faisnéis is forlíonadh ar an gclár comhardaithe

25. Ceanglaítear, le míreanna 26 go 37 den Sceideal seo, faisnéis a thabhairt a dhéanann forlíonadh ar an bhfaisnéis a thugtar maidir le haon ítimí áirithe a thaispeántar sa chlár comhardaithe nó atá ábhartha thairis sin chun staid chúrsaí na cuideachta a mheasúnú ag féachaint don fhaisnéis a thugtar amhlaidh.

Scairchaipiteal agus bintiúir

26. (1) Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas maidir le scairchaipiteal na cuideachta—

(a) an scairchaipiteal údaraithe, agus

(b) i gcás scaireanna de bhreis agus aicme amháin a bheith leithroinnte, líon agus luach ainmniúil comhiomlán na scaireanna de gach aicme ar leith a leithroinneadh.

(2) I gcás aon chuid den scairchaipiteal leithroinnte ar scaireanna infhuascailte í, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas—

(a) an dáta is luaithe agus an dáta is déanaí ar a bhfuil cumhacht ag an gcuideachta na scaireanna sin a fhuascailt,

(b) cibé acu a chaithfear na scaireanna sin a fhuascailt in aon chás nó a dhlífear iad a fhuascailt de rogha na cuideachta, agus

(c) cibé acu atá nó nach bhfuil aon phréimh iníoctha tráth fuascailte (agus, má tá, cén phréimh í).

27. Má leithroinn an chuideachta aon scaireanna i rith na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas—

(a) an chúis ar a ndearnadh an leithroinnt,

(b) na haicmí scaireanna a leithroinneadh, agus

(c) maidir le gach aicme scaireanna, an uimhir a leithroinneadh, luach ainmniúil comhiomlán na scaireanna sin agus an chomaoin a fuair an chuideachta i leith na leithroinnte.

28. (1) Má d'eisigh an chuideachta aon bhintiúir i rith na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas—

(a) an chúis ar a ndearnadh an eisiúint,

(b) na haicmí bintiúr a eisíodh, agus

(c) maidir le gach aicme bintiúr, an méid a eisíodh agus an chomaoin a fuair an chuideachta i leith na heisiúna.

(2) Tabharfar freisin sonraí faoi aon bhintiúir fhuascailte a bhfuil sé de chumhacht ag an gcuideachta iad a ath-eisiúint.

(3) I gcás aon cheann de bhintiúir na cuideachta a bheith á shealbhú ag ainmnitheach nó iontaobhaí don chuideachta, luafar méid ainmniúil na mbintiúr agus an méid a luaitear i ndáil leo sna taifid chuntasaíochta a choimeádann an chuideachta de réir alt 147 den Phríomh-Acht.

Sócmhainní Dochta

29. (1) Maidir le gach ítim a thaispeántar, nó a thaispeánfaí murach alt 4 (6) (b) den Acht seo, faoin ítim ghinearálta “sócmhainní dochta” i gclár comhardaithe na cuideachta, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas—

(a) na méideanna iomchuí maidir leis an ítim sin amhail mar a bhí ar dháta thosach na bliana airgeadais agus ar dháta an chláir chomhardaithe, faoi seach,

(b) an éifeacht a bhí leis na nithe seo a leanas ar aon mhéid a thaispeántar sa chlár comhardaithe maidir leis an ítim sin, eadhon—

(i) aon athbhreithniú ar an méid a thugtar maidir le haon sócmhainní atá ar áireamh faoin ítim sin ar athbhreithniú é a rinneadh le linn na bliana sin ar aon bhonn a luaitear i mír 19 den Sceideal seo,

(ii) aon sócmhainní a fuarthas i rith na bliana sin,

(iii) aon sócmhainní a diúscraíodh i rith na bliana sin, agus

(iv) aon sócmhainní de chuid na cuideachta a aistríodh chuig an ítim sin, nó ón ítim sin, i rith na bliana sin.

(2) An tagairt i bhfomhír (1) (a) den mhír seo do na méideanna iomchuí maidir le haon ítim amhail mar a bhí ar aon dáta a luaitear ansin, is tagairt í do mhéideanna a fhreagraíonn do na méideanna comhiomlána arna gcinneadh amhail ar an dáta sin, maidir le sócmhainní a bheidh le háireamh faoin ítim sin—

(a) ar bhonn an phraghais ceannaigh nó an chostais táirgthe (arna gcinneadh de réir mhíreanna 14 agus 15 den Sceideal seo,) nó

(b) ar aon bhonn a luaitear i mír 19 den Sceideal seo

(ach gan aon soláthairtí le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach a chur i gcuntas i gceachtar cás).

(3) Maidir le gach ítim a thagann faoi réir fhomhír (1) den mhír seo, luafar freisin—

(a) méid carnach na soláthairtí le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach sócmhainní atá ar áireamh faoin ítim sin amhail mar a bhí ar gach dáta a luaitear i bhfomhír (1) (a) den mhír seo,

(b) méid aon soláthairtí den sórt sin a rinneadh i leith na bliana airgeadais lena mbaineann,

(c) méid aon choigeartuithe a rinneadh i leith aon soláthairtí den sórt sin i rith na bliana sin de thoradh aon sócmhainní a dhiúscairt, agus

(d) méid aon choigeartuithe eile a rinneadh i leith aon soláthairtí den sórt sin i rith na bliana sin.

30. I gcás aon sócmhainní dochta de chuid na cuideachta (seachas infheistíochtaí liostaithe) a bheith ar áireamh faoi aon ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe na cuideachta de réir méid arna chinneadh ar aon bhonn a luaitear i mír 19 den Sceideal seo, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas—

(a) na blianta (sa mhéid go mbeidh siad ar eolas ag na stiúrthóirí) inar luacháladh na sócmhainní go leithleach agus na luachanna leithleacha, agus

(b) i gcás sócmhainní a luacháladh i rith na bliana airgeadais, ainmneacha na ndaoine a luacháil iad nó sonraí i dtaobh na gcáilíochtaí a bhí acu chun sin a dhéanamh agus (i gceachtar cás) na boinn luachála a úsáideadh.

Sócmhainní airgeadais agus infheistíochtaí a shealbhaítear mar shócmhainní reatha

31. (1) Maidir le méid gach ítime a thaispeántar, nó a thaispeánfaí murach alt 4 (6) (b) den Acht seo, i gclár comhardaithe na cuideachta faoi na hítimí ginearálta “sócmhainní airgeadais” nó “infheistíochtaí a shealbhaítear mar shócmhainní reatha”, luafar—

(a) cén méid den mhéid sin is inchurtha síos d'infheistíochtaí liostaithe, agus

(b) cén méid d'aon mhéid is inchurtha síos amhlaidh arb inchurtha síos é d'infheistíochtaí a bhfuil liostáil ar stocmhargadh aitheanta tugtha dóibh agus cén méid is inchurtha síos d'infheistíochtaí liostaithe eile.

(2) I gcás go bhfuil méid aon infheistíochtaí liostaithe luaite maidir le haon ítim de réir fhomhír (1) (a) den mhír seo, luafar freisin na méideanna seo a leanas—

(a) margadhluach comhiomlán na n-infheistíochtaí sin i gcás go bhfuil difríocht idir é agus an méid a luaitear amhlaidh, agus

(b) margadhluach agus luach stocmhargaidh aon infheistíochtaí i gcás go nglactar leis, chun críocha na gcuntas, gurb airde an chéad luach ná an dara luach.

Cúlchistí agus soláthairtí

32. (1) I gcás go n-aistrítear aon mhéid—

(a) chuig aon chúlchistí nó uathu, nó

(b) chuig aon soláthairtí le haghaidh dliteanas agus muirear, nó

(c) ó aon soláthar le haghaidh dliteanas agus muirear ar shlí seachas chun na críche dar bunaíodh an soláthar,

agus go dtaispeántar, nó go dtaispeánfaí murach alt 4 (6) (b) den Acht seo, na cúlchistí nó na soláthairtí mar ítimí ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta, tabharfar an fhaisnéis a luaitear i bhfomhír (2) den mhír seo maidir le comhiomlán na gcúlchistí nó na soláthairtí atá áireamh san ítim chéanna.

(2) Is í an fhaisnéis sin—

(a) méid na gcúlchistí nó na soláthairtí amhail mar a bhí ar dháta thosach na bliana airgeadais agus ar dháta an chláir chomhardaithe, faoi seach,

(b) aon mhéid a aistríodh chuig na cúlchistí nó na soláthairtí, nó uathu, i rith na bliana sin, agus

(c) foinse agus feidhm, faoi seach, aon mhéideanna a aistríodh amhlaidh.

(3) Tabharfar sonraí i dtaobh gach soláthair atá ar áireamh san ítim “soláthairtí eile” i gclár comhardaithe na cuideachta in aon chás ina mbaineann méid an tsoláthair sin le hábhar.

Soláthar le haghaidh cánachais

33. Luafar méid aon soláthair le haghaidh cánachais seachas cánachas iarchurtha.

Sonraí i dtaobh féichiúnais

34. (1) Maidir le gach ítim a thaispeántar faoi “creidiúnaithe” i gclár comhardaithe na cuideachta luafar—

(a) méid comhiomlán aon fhiach atá áireamh faoin ítim sin agus is iníoctha nó is inaisíoctha ar shlí seachas i dtráthchodanna agus a bheidh le híoc nó le haisíoc tar éis dheireadh na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá direach i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais,

(b) méid comhiomlán aon fhiach atá ar áireamh amhlaidh agus is iníoctha nó is inaisíoctha i dtráthchodanna a mbeidh aon cheann acu le híoc i ndiaidh dheireadh na tréimhse sin,

(c) méid comhiomlán aon fhiach atá ar áireamh faoin ítim sin agus a mbeidh aon urrús tugtha ina leith, agus

(d) léiriú ar an gcineál urrús a tugadh amhlaidh,

agus, i gcás fiach a thagann faoi réim chlásal (b) den fhomhír seo, déanfar méid comhiomlán na dtráthchodanna a bheidh le híoc tar éis dheireadh na tréimhse sin a nochtadh freisin le haghaidh gach ítime den sórt sin.

(2) Aon tagairtí i bhfomhír (1) den mhír seo d'ítim a thaispeántar faoi “creidiúnaithe” i gclár comhardaithe na cuideachta folaíonn siad, i gcás ina ndéantar idirdhealú sa chlár comhardaithe idir méideanna a bheidh le híoc le creidiúnaithe laistigh de bhliain amháin agus tar éis breis agus bliain amháin—

(a) in aon chás a thagann faoi réim fhomhír (1) (a) den mhír seo, tagairtí d'ítim a thaispeántar faoin dara aicme díobh sin, agus

(b) in aon chás a thagann faoi réim fhomhír (1) (d) den mhír seo, tagairtí d'ítim a thaispeántar faoi cheachtar de na haicmí sin,

agus folaíonn tagairtí d'ítimí a thaispeántar faoi “creidiúnaithe” tagairtí d'ítimí a thaispeánfaí faoin gceannteideal sin, murach alt 4 (6) (b) den Acht seo.

35. Má bhíonn aon dochtdíbhinní carnacha ar scaireanna na cuideachta i riaráiste, luafar—

(a) méid na riaráistí, agus

(b) tréimhse riaráiste na ndíbhinní nó, má tá breis agus aicme amháin ann, tréimhse riaráiste gach aicme díobh.

Ráthaíochtaí agus oibleagáidí airgeadais eile

36. (1) Tabharfar sonraí faoi aon mhuirear ar shócmhainní na cuideachta chun dliteanais aon duine eile a urrú, lena n-áirítear, más indéanta é, an méid a urraíodh.

(2) Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas maidir le haon dliteanas teagmhasach eile nár soláthraíodh dó—

(a) méid nó méid measta an dliteanais sin,

(b) a ghné dhlíthiúil, agus

(c) an bhfuil aon urrús luachmhar tugtha ag an gcuideachta i ndáil leis an dliteanas sin agus, má tá, cén t-urrús é.

(3) Luafar, más indéanta é—

(a) méid nó méid measta comhiomlán na gconarthaí le haghaidh caiteachais chaipitiúil, sa mhéid nach mbeidh soláthar déanta dó, agus

(b) méid nó méid measta comhiomlán aon chaiteachais chaipitiúil a bheidh údaraithe ag na stiúrthóirí ach nach mbeidh conradh déanta ina leith.

(4) Tabharfar sonraí:

(a) i dtaobh aon oibleagáidí pinsin atá ar áireamh faoi aon soláthar a thaispeántar i gclár comhardaithe na cuideachta, agus

(b) aon oibleagáidí den sórt sin nach bhfuil aon soláthar déanta dóibh,

agus, i gcás go mbaineann aon oibleagáid den sórt sin go hiomlán nó go páirteach le pinsin is iníoctha le hiarstiúrthóirí de chuid na cuideachta, tabharfar sonraí ar leithligh i dtaobh na hoibleagáide sin sa mhéid go mbaineann sí le pinsin den sórt sin.

(5) Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas freisin:

(a) cineál gach scéime pinsin a oibríonn an chuideachta nó a oibrítear thar a ceann lena n-áirítear faisnéis i dtaobh cé acu is scéim shochair shonraithe nó scéim ranníoca shonraithe, nó nach ea, gach scéim acu,

(b) cé acu atá gach scéim den sórt sin maoinithe go seachtrach nó maoinithe go hinmheánach,

(c) cé acu a dhéantar nó nach ndéantar aon chostais agus dliteanais phinsin a mheasúnú de réir comhairle ó achtúire atá cáilithe go gairmiúil agus, má tá, an dáta a ndearnadh an luacháil achtúireachta iomchuí is déanaí,

(d) cé acu atá nó nach bhfuil aon luacháil achtúireachta den sórt sin ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal agus má tá, cén áit.

(6) Tabharfar sonraí chomh maith i dtaobh aon oibleagáidí airgeadais eile—

(a) nach bhfuil soláthar déanta dóibh, agus

(b) is oibleagáidí atá ábhartha chun staid chúrsaí na cuideachta a mheasúnú.

(7) Aon oibleagáidí a thagann faoi réim aon cheann de na fomhíreanna roimhe seo agus a ndeachthas fúthu thar ceann nó chun tairbhe—

(a) aon chuideachta sealbhaíochta nó comh-fhochuideachta don chuideachta, nó

(b) aon fhochuideachta don chuideachta,

luafar iad ar leith ó na hoibleagáidí eile a thagann faoi réim na fomhíre sin (agus déanfar freisin oibleagáidí a thagann faoi réim chlásal (a) den fhomhír seo a lua ar leith ó na hoibleagáidí a thagann faoi réim chlásal (b) den fhomhír seo).

Nithe ilghnéitheacha

37. (1) Tabharfar sonraí faoi aon chás ina ndéantar praghas ceannaigh nó costas táirgthe aon sócmhainne a chinneadh den chéad uair faoi mhír 16 den Sceideal seo.

(2) Déanfar méid comhiomlán aon iasachtaí neamhíoctha a cheadaítear le halt 60 den Phríomh-Acht, arna leasú le hAcht 1983 (seachas iasachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (13) (a) den alt sin) a thaispeáint, agus déanfar iasachtaí a cheadaítear le míreanna (b) agus (c) den fho-alt sin (13) a léiriú ar leithligh.

(3) Luafar an méid comhiomlán atá molta lena dháileadh ar mhodh díbhinne.

Faisnéis is forlíonadh ar an gcuntas sochair agus dochair

38. Ceanglaítear, le míreanna 39 go 43 den Chuid seo, faisnéis a thabhairt a dhéanann forlíonadh ar an bhfaisnéis a thugtar maidir le haon ítimí áirithe a thaispeántar sa chuntas sochair agus dochair nó a thugann sonraí thairis sin faoi ioncam nó caiteachas na cuideachta nó faoi imthosca a dhéanann difear do na hítimí a thaispeántar sa chuntas sochair agus dochair.

Ráiteas ar leithligh i dtaobh ítimí áirithe ioncaim agus caiteachais

39. (1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den mhír seo, luafar gach ceann de na méideanna a luaitear i bhfomhíreanna (2) go (6) den mhír seo.

(2) Méid an úis ar na nithe seo a leanas nó aon mhuirir dá samhail ina leith—

(a) iasachtaí bainc agus rótharraingtí bainc, mar aon le hiasachtaí a tugadh don chuideachta (seachas iasachtaí bainc agus rótharraingtí bainc) agus—

(i) is inaisíoctha ar shlí seachas i dtráthchodanna agus a bheidh le haisíoc roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá díreach i ndiaidh dheireadh bhliain airgeadais na cuideachta, nó

(ii) is inaisíoctha i dtráthchodanna a mbeidh an tráthchuid deiridh díobh le híoc roimh dheireadh na tréimhse sin, agus

(b) iasachtaí d'aon chineál eile a tugadh don chuideachta.

Ní bhaineann an fhomhír seo le hús nó le muirir ar iasachtaí leis an gcuideachta ó ghrúpchuideachtaí, ach, cé is moite de sin, baineann sí le hús nó muirir ar gach iasacht, bíodh nó ná bíodh sí tugtha ar urrús bintiúr.

(3) Na méideanna faoi seach a cuireadh ar fáil chun scairchaipiteal a fhuascailt agus chun iasachtaí a fhuascailt.

(4) An méid ioncaim ó infheistíochtaí liostaithe agus neamhliostaithe.

(5) Méid luach saothair na n-iniúchóirí (lena n-áirítear aon suimeanna a d'íoc an chuideachta maidir le costais na n-iniúchóirí).

(6) Méideanna comhiomlána díolaíochtaí stiúrthóirí agus cúiteamh a íocadh le stiúrthóirí agus le hiarstiúrthóirí maidir le cailliúint oifige.

Sonraí i dtaobh cánach

40. (1) Luafar an bonn ar a ríomhtar an muirear cánach corparáide, cánach ioncaim agus cánachais eile ar bhrabúis (cibé acu is iníoctha laistigh nó lasmuigh den Stát).

(2) Tabharfar sonraí i dtaobh aon imthosca speisialta a dhéanann difear don dliteanas i leith cánachais ar bhrabús, ar ioncam nó ar ghnóchain chaipitiúla don bhliain airgeadais lena mbaineann nó don dliteanas i leith cánachais ar bhrabús, ar ioncam nó ar ghnóchain chaipitiúla do bhlianta airgeadais dá éis sin.

(3) Luafar méid an mhuirir i leith cánach corparáide, cánach ioncaim agus cánachais eile ar bhrabús nó ar ghnóchain chaipitiúla, a mhéid a mhuirearaítear ar ioncam iad, lena n-áirítear cánachas is iníoctha lasmuigh den Stát ar bhrabúis (agus idirdhealú á dhéanamh, más indéanta é, idir cáin chorparáide agus cánachas eile).

Déanfar na méideanna sin a lua ar leithligh maidir le gach méid de na méideanna a thaispeántar, nó a thaispeánfaí murach alt 4 (6) (b) den Acht seo, faoi na hítimí seo a leanas sa chuntas sochair agus dochair, is é sin le rá, “cáin ar bhrabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí” agus “cáin ar bhrabús nó caillteanas urghnách”.

Sonraí i dtaobh láimhdeachais

41. (1) Más rud é, i gcaitheamh na bliana airgeadais, gur sheol an chuideachta gnó de dhá aicme nó níos mó a bhfuil, i dtuairim na stiúrthóirí, difríocht mhór eatarthu, luafar, maidir le gach aicme (agus tuairisc á thabhairt ar an aicme) méid an láimhdeachais is inchurtha i leith na haicme sin.

(2) Más rud é, i gcaitheamh na bliana airgeadais, go ndearna an chuideachta riar ar mhargaí a bhfuil, i dtuairim na stiúrthóirí, difríocht mhór eatarthu, luafar freisin méid an láimhdeachais is inchurtha i leith gach margaidh den sórt sin.

San fhomhír seo ciallaíonn “margadh” margadh a bhfuil a theorainneacha socraithe ar mhodh geografach.

(3) Nuair a bheifear, chun críocha na míre seo, ag déanamh anailísiú ar fhoinse (ó thaobh gnó de nó ó thaobh margaidh de) láimhdeachais, beidh aird ag stiúrthóirí na cuideachta ar an gcaoi ina n-eagraítear gníomhaíochtaí na cuideachta.

(4) Chun críche na míre seo—

(a) áireofar mar aicme amháin aicmí gnó nach bhfuil, i dtuairim na stiúrthóirí, difríocht mhór eatarthu, agus

(b) áireofar mar mhargadh amháin margaí nach bhfuil, i dtuairim na stiúrthóirí, difríocht mhór eatarthu,

agus aon mhéideanna is inchurtha go cuí i leith aicme gnó amháin nó (de réir mar a bheidh) margaidh amháin, ach nach méideanna iad a bhaineann le hábhar, féadfar iad a áireamh sa mhéid a luaitear maidir le haicme eile.

(5) I gcás go ndéanfaí, i dtuairim na stiúrthóirí, dochar mór do leasanna na cuideachta dá nochtfaí aon fhaisnéis a cheanglaítear leis an mír seo, ní gá an fhaisnéis sin a nochtadh ach ní mór a lua nach bhfuil an fhaisnéis sin á nochtadh.

Sonraí i dtaobh foirne

42. (1) Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas maidir le fostaithe na cuideachta—

(a) an meánlíon daoine a bhí i bhfostaíocht na cuideachta sa bhliain airgeadais, agus

(b) an meánlíon daoine a bhí i bhfostaíocht laistigh de gach earnáil daoine i bhfostaíocht na cuideachta.

(2) Maidir leis na daoine go léir a bhí i bhfostaíocht na cuideachta i rith na bliana airgeadais agus a chuirtear i gcuntas le linn an líon bliantúil iomchuí a bheith á chinneadh chun críocha fhomhír (1) (a) den mhír seo, luafar chomh maith na méideanna seo a leanas, faoi seach—

(a) méideanna comhiomlána an phá agus na dtuarastal a íocadh nó is iníoctha leis na daoine sin maidir leis an mbliain sin,

(b) méideanna comhiomlána na gcostas leasa shóisialaigh a thabhaigh an chuideachta thar a gceann, agus

(c) méideanna comhiomlána na gcostas pinsin eile a tabhaíodh amhlaidh,

ach amháin a mhéid a bheidh na méideanna sin, nó aon mhéid díobh, luaite sa chuntas sochair agus dochair.

(3) Na hearnálacha daoine i bhfostaíocht na cuideachta ar faoina dtreoir a chinnfear an uimhir a cheanglaítear a nochtadh le fomhír (1) (b) den mhír seo, is é a bheidh iontu cibé earnálacha a roghnóidh na stiúrthóirí, ag féachaint don chaoi ina n-eagraítear gníomhaíochtaí na cuideachta.

(4) (a) Chun críocha chlásail (a) agus (b) d'fhomhír (1) den mhír seo, déanfar an meánlíon daoine i bhfostaíocht cuideachta a chinneadh tríd an líon bliantúil iomchuí a roinnt ar an méid seachtainí i mbliain airgeadais na cuideachta.

(b) Chun críocha na fomhíre seo, cinnfear an líon bliantúil iomchuí trí na huimhreacha seo a leanas a fhionnadh maidir le gach seachtain i mbliain airgeadais na cuideachta lena mbaineann—

(i) i gcás an chlásail sin (a), an líon daoine a bhí i bhfostaíocht faoi chonarthaí seirbhíse ag an gcuideachta an tseachtain sin (cibé acu ar feadh na seachtaine nó nach ea), agus

(ii) i gcás an chlásail sin (b), an líon daoine san earnáil áirithe sin daoine a bhí i bhfostaíocht amhlaidh,

agus, i gceachtar cás, trí na huimhreacha seachtainiúla go léir a shuimiú.

Nithe ilghnéitheacha

43. (1) I gcás ina mbeidh aon mhéid a bhaineann le haon bhliain airgeadais roimhe sin ar áireamh in aon ítim sa chuntas sochair agus dochair, luafar an éifeacht a bhí leis sin.

(2) Tabharfar sonraí faoi aon ioncam urghnách nó muirir urghnácha a d'eascair sa bhliain airgeadais.

(3) Luafar an éifeacht a bhí le haon idirbhearta atá eisceachtúil ó thaobh méide nó tarlachtainte d'ainneoin go dtagann siad faoi réim ghnáthghníomhaíochtaí na cuideachta.

(4) Luafar aon mhéid a caitheadh ar thaighde agus forbairt sa bhliain airgeadais agus aon mhéid atá geallta le haghaidh taighde agus forbartha i mblianta dá éis sin.

(5) I gcás go ndéanfaí, i dtuairim na stiúrthóirí, dochar mór do leasanna na cuideachta dá nochtfaí aon fhaisnéis a cheanglaítear le fomhír (4) den mhír seo, ní gá an fhaisnéis sin a nochtadh ach ní mór a lua nach bhfuil an fhaisnéis sin á nochtadh.

Ginearálta

44. (1) I gcás aon suimeanna a ainmníodh i dtosach in airgeadraí coigríche a bheith curtha i gcuntas faoi aon ítimí a thaispeántar sa chlár comhardaithe nó sa chuntas sochair agus dochair, luafar an bonn ar ar aistríodh na suimeanna sin go hairgeadra na hÉireann.

(2) Maidir le gach ítim i gclár comhardaithe nó i gcuntas sochair agus dochair a bheadh, murach é a bheith san áireamh i nóta a ghabhann leis na cuntais, taispeánta san fhoirmle do chlár comhardaithe nó do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo agus a roghnaíodh de bhun alt 4 den Acht seo, taispeánfar chomh maith, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, an méid comhréireach don bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain lena mbaineann na cuntais, agus i gcás nach méid inchomórtais an méid comhréireach—

(a) mar gheall ar athrú sa bheartas cuntasaíochta sa bhliain airgeadais, nó

(b) mar gheall ar earráid bhunúsach sna cuntais i mbliain airgeadais roimhe sin,

coigeartófar é agus tabharfar sonraí i dtaobh an choigeartaithe agus na cúiseanna a bhí leis.

(3) Níl feidhm ag fomhír (2) den mhír seo i ndáil le haon mhéid a luaitear de bhua mhíreanna 29 agus 32 den Sceideal seo.

Cuid V

FORÁLACHA SPEISIALTA I gCÁS INAR CUIDEACHTA SHEALBHAÍOCHTA NÓ FOCHUIDEACHTA CUIDEACHTA

Cuntais na cuideachta féin

45. (1) Tá feidhm ag an gCuid seo i gcás inar cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, bíodh nó ná bíodh sí féin ina fochuideachta do chomhlacht corpraithe eile, ach níl feidhm ag míreanna 54 agus 55 den Sceideal seo maidir le cuideachta phríobháideach a bhaineann leas as alt 154 den Phríomh-Acht ná le cuideachta atá, i ndeireadh a bliana airgeadais, ina fochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile atá corpraithe sa Stát.

(2) I gcás inar cuideachta shealbhaíochta cuideachta nó inar fochuideachta í do chomhlacht corpraithe eile agus go n-áirítear in aon ítim a cheanglaítear le Cuid I den Sceideal seo a thaispeáint i gclár comhardaithe na cuideachta, i ndáil le grúpchuideachtaí, na méideanna seo a leanas—

(a) méideanna is inchurtha i leith déileálacha le haon chuideachta shealbhaíochta, nó le haon chomh-fhochuideachta, de chuid na cuideachta, nó i leith leasanna in aon chuideachta den sórt sin, nó

(b) méideanna is inchurtha i leith déileálacha le haon fhochuideachta don chuideachta nó i leith leasanna in aon chuideachta den sórt sin,

déanfar na méideanna comhiomlána a thagann faoi réim mhíreanna (a) agus (b) den fhomhír seo, faoi seach, a thaispeáint mar ítimí ar leithligh tríd an ítim iomchuí sa chlár comhardaithe a fhoroinnt, nó i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta.

46. (1) Faoi réir fhomhír (2) den mhír seo, i gcás inar cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, déanfar uimhir, tuairisc agus méid na scaireanna sa chuideachta, agus na mbintiúr de chuid na cuideachta, atá á sealbhú ag a fochuideachtaí nó a n-ainmnithigh a nochtadh i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta.

(2) Níl feidhm ag fomhír (1) den mhír seo i ndáil le haon scaireanna nó bintiúir—

(a) a bhfuil baint ag an bhfochuideachta leo mar ionadaí pearsanta, nó

(b) a bhfuil baint aici leo mar iontaobhaí:

Ar choinníoll, sa chás deiridh sin, nach bhfuil ag an gcuideachta ná ag fochuideachta don chuideachta leas tairbhiúil faoin iontaobhas, seachas ar mhodh urrúis amháin chun críocha idirbhirt a rinne sí i ngnáthchúrsa gnó ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht.

Cuntais chomhdhlúite cuideachta sealbhaíochta agus fochuideachtaí

47. Faoi réir mhír 49 den Sceideal seo, is é a bheidh sa chlár comhardaithe agus sa chuntas sochair agus dochair comhdhlúite an fhaisnéis atá sna cláir chomhardaithe agus sna cuntais sochair agus dochair ar leithligh de chuid na cuideachta sealbhaíochta agus na bhfochuideachtaí lena ndéileáiltear sna cuntais chomhdhlúite, ach sin fara aon choigeartuithe, más ann, is dóigh le stiúrthóirí na cuideachta sealbhaíochta is gá.

48. (1) Faoi réir mhíreanna 49 go 51 den Sceideal seo agus Chuid VI den Sceideal seo, déanfaidh na cuntais chomhdhlúite, agus an fhaisnéis sin á tabhairt, ceanglais an Sceidil seo agus ceanglais eile Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a chomhlíonadh, a mhéid is indéanta sin, ionann is dá mba chuntais fíorchuideachta iad.

(2) Ní dochar an mhír seo d'aon cheanglas de chuid Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a bhaineann (ar shlí seachas de bhua mhír 47 den Sceideal seo agus fhomhír (1) den mhír seo) le grúpchuntais.

49. Ní bheidh feidhm, de bhua mhíreanna 47 agus 48 den Sceideal seo, ag na forálacha seo a leanas chun críche na gcuntas comhdhlúite—

(a) ailt 191 agus 192 den Phríomh-Acht, agus

(b) míreanna (iii) agus (iv) d'alt 16 (1) den Acht seo.

50. (1) D'ainneoin mhír 48 den Sceideal seo, féadfaidh na cuntais chomhdhlúite arna n-ullmhú ag cuideachta shealbhaíochta déileáil, de rogha na stiúrthóirí, le hinfheistíocht ag aon chomhalta den ghrúpa i scaireanna aon chomhlachta chorpraithe eile tríd an modh cuntas aíochta cothromais in aon chás ina ndealraíonn sé do stiúrthóirí na cuideachta sealbhaíochta go bhfuil ceangal chomh dlúth sin idir an comhlacht corpraithe eile sin agus aon chomhalta den ghrúpa go bhfuil sé cóir an modh sin a úsáid nuair a bheifear ag déileáil le hinfheistíochtaí ag an gcomhalta sin nó ag aon chomhalta eile den ghrúpa i scaireanna an chomhlachta chorpraithe eile sin.

(2) Sa mhír seo, aon tagairtí don ghrúpa, i ndáil le cuntais chomhdhlúite arna n-ullmhú ag cuideachta shealbhaíochta, is tagairtí iad don chuideachta shealbhaíochta agus do na fochuideachtaí lena ndéileáiltear sna cuntais.

51. Féadfar míreanna 5 go 7 agus 9 den Sceideal seo a fheidhmiú ar aon mhéid a thaispeántar sa chlár comhardaithe comhdhlúite maidir le cáilmheas a thagann i gceist tráth an chomhdhlúite.

52. I ndáil le haon fhochuideachtaí don chuideachta shealbhaíochta nach ndéileáiltear leo sna cuntais chomhdhlúite, beidh feidhm ag míreanna 45 agus 46 den Sceideal seo chun críche na gcuntas sin ionann is dá mba chuntais fíorchuideachta, arbh fhochuideachtaí di iad, na cuntais sin.

Grúpchuntais nach n-ullmhaítear mar chuntais chomhdhlúite

53. In aon ghrúpchuntais nach n-ullmhaítear mar chuntais chomhdhlúite, agus in aon nótaí a bheidh ag gabháil leis na cuntais sin, tabharfar an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear a thabhairt i gcuntais chomhdhlúite de bhua mhíreanna 47 go 51 den Sceideal seo, nó tabharfar a samhail d'fhaisnéis.

Forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu

54. (1) Tá feidhm ag an mír seo i gcás gur cuideachta shealbhaíochta cuideachta agus—

(a) nach n-ullmhaíonn sí grúpchuntais, nó

(b) go n-ullmhaíonn sí grúpchuntais nach ndéileálann le fochuideachta amháin nó níos mó di,

agus aon tagairtí sa mhír seo d'fhochuideachtaí, léifear iad, i gcás a thagann faoi réim chlásal (b) den fhomhír seo, mar thagairtí do cibé fochuideachtaí don chuideachta lena mbaineann atá fágtha as an áireamh sna grúpchuntais.

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den fhomhír seo, tabharfar, i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta—

(a) na cúiseanna nach ndéileáiltear le fochuideachtaí i ngrúpchuntais, agus

(b) ráiteas ina dtaispeánfar aon agúis a bhí i dtuarascáil iniúchóirí na bhfochuideachtaí ar a gcuntais dá mblianta airgeadais faoi seach dar críoch i gcomhthráth le bliain airgeadais na cuideachta nó lena linn, agus aon nóta nó cosaint atá sna cuntais sin chun aird a tharraingt ar ní a mbeadh, murach an nóta nó an chosaint, tagairt déanta dó go cuí in agús den sórt sin, sa mhéid nach bhfuil an ní is ábhar don agús nó don nóta cuimsithe i gcuntais na cuideachta féin agus go mbaineann sé le hábhar ó thaobh a comhaltaí de.

(3) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den mhír seo, déanfar méid comhiomlán infheistíocht uile na cuideachta sealbhaíochta i scaireanna na bhfochuideachtaí a lua i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta tríd an modh luachála cothromais.

(4) Sa mhéid nach mbeidh fáil ar aon fhaisnéis a cheanglaítear, le haon cheann de na forálacha roimhe seo den mhír seo, a bheith luaite i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta, tabharfar, ina ionad sin, ráiteas á rá sin i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais sin.

(5) Más rud é, in aon chás a thagann faoi réim fhomhír (1) (b) den mhír seo, gur cuntais chomhdhlúite na grúpchuntais, déanfar tagairtí sna fomhíreanna roimhe seo den mhír seo do chuntais na cuideachta a léamh mar thagairtí do na cuntais chomhdhlúite.

55. I gcás fochuideachtaí a bheith ag cuideachta agus nár chríoch dá mblianta airgeadais i gcomhthráth le bliain airgeadais na cuideachta, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le gach fochuideachta den sórt sin (cibé acu a dhéileáiltear nó nach ndéileáiltear leo in aon ghrúpchuntais a ullmhaíonn an chuideachta) trí nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta nó (i gcás ina n-ullmhaítear grúpchuntais) leis na grúpchuntais, is é sin le rá—

(a) na cúiseanna gur dóigh le stiúrthóirí na cuideachta nár chóir do bhlianta airgeadais na bhfochuideachtaí críochnú i gcomhthráth le bliain airgeadais na cuideachta, agus

(b) na dátaí ar ar tháinig deireadh faoi seach leis na blianta airgeadais de chuid na bhfochuideachtaí is déanaí a chríochnaigh roimh dheireadh bhliain airgeadais na cuideachta nó na dátaí is luaithe agus is déanaí de na dátaí sin.

Cuid VI

FORÁLACHA SPEISIALTA I gCÁS INAR CUIDEACHTA INFHEISTÍOCHTA CUIDEACHTA

56. (1) Ní bheidh feidhm ag mír 22 den Sceideal seo maidir le méid aon bhrabúis nó caillteanais a eascraíonn ó luach aon infheistíochtaí de chuid cuideachta infheistíochta a chinneadh ar aon bhonn a luaitear i mír 19 (3) den Sceideal seo.

(2) Aon soláthairtí a dhéantar de bhua fhomhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo i gcás cuideachta infheistíochta maidir le haon infheistíochtaí sócmhainne doichte, ní gá iad a mhuirearú ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta más rud é—

(a) go muirearaítear iad i gcoinne aon chuntais chúlchiste dár creidiúnaíodh aon mhéid a eisiatar, le fomhír (1) den mhír seo, ó cheanglais na míre sin 22, nó

(b) go dtaispeántar iad mar ítim ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta faoin bhfo-cheannteideal “cúlchistí eile”.

(3) Chun críocha na míre seo mar atá feidhm aici i ndáil le haon chuideachta, ciallaíonn “infheistíocht sócmhainne doichte” aon sócmhainn a bheidh le háireamh faoi aon ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe na cuideachta faoin bhforoinn “sócmhainní airgeadais” faoin ítim ghinearálta “sócmhainní dochta”.

57. Aon dáileadh a dhéanann cuideachta infheistíochta agus a laghdaíonn méid a glansócmhainní go dtí méid is lú ná comhiomlán a scairchaipitil ghlaoite agus a cúlchistí neamhindáilte, nochtfar é i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta.

58. Déileálfar le cuideachta mar chuideachta infheistíochta chun críocha na Coda seo i ndáil le haon bhliain airgeadais de chuid na cuideachta más rud é—

(a) gur chuideachta infheistíochta í, de réir bhrí Chuid IV d'Acht 1983, i gcaitheamh na bliana sin uile,

(b) nach raibh sí, tráth ar bith i rith na bliana sin, toirmiscthe le halt 47 den Acht sin, ó dháileadh a dhéanamh.

59. I gcás gur cuideachta shealbhaíochta aon chuideachta atá i dteideal tairbhe a bhaint as aon fhoráil atá sa Chuid seo, déanfar an tagairt i mír 48 den Sceideal seo do chuntais chomhdhlúite do chomhlíonadh ceanglas Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a fhorléiriú, i ndáil le cuntais chomhdhlúite na cuideachta sin, mar thagairt do na ceanglais sin sa mhéid amháin—

(a) go mbaineann siad le cuntais leithleacha na cuideachta sin, agus

(b) go mbaineann siad, ar shlí seachas de bhua mhíreanna 47 agus 48 den Sceideal seo, le haon ghrúpchuntais a ullmhaíonn an chuideachta sin.

Cuid VII

LÉIRIÚ AR AN SCEIDEAL

Sócmhainní dochta nó reatha

60. Chun críocha an Sceidil seo, measfar gur sócmhainní dochta sócmhainní cuideachta má bheartaítear iad a úsáid ar bhonn leanúnach i ngníomhaíochtaí na cuideachta, agus measfar gur sócmhainní reatha aon sócmhainní nach mbeartaítear a úsáid amhlaidh.

Dáta an chláir chomhardaithe

61. Chun críocha an Sceidil seo, ciallaíonn “dáta an chláir chomhardaithe”, i ndáil le clár comhardaithe, an dáta arb amhail air a ullmhaíodh an clár comhardaithe.

Caipitliú

62. Aon tagairtí sa Sceideal seo d'aon obair nó costais a chaipitliú is tagairtí iad do dhéileáil leis an obair nó leis na costais sin mar shócmhainn dhocht.

Comh-fhochuideachta

63. Chun críocha an Sceidil seo, déileálfar le comhlacht corpraithe mar chomh-fhochuideachta do chomhlacht corpraithe eile más fochuideachtaí iad araon don chomhlacht corpraithe céanna ach nach fochuideachta aon cheann acu don cheann eile.

Grúpchuideachtaí

64. Chun críocha an Sceidil seo, ciallaíonn “grúpchuideachta”, i ndáil le haon chuideachta, aon chomhlacht corpraithe is fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta don chuideachta sin, nó is fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin.

Rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh

65. Déanfar tagairtí sa Sceideal seo do na rialacha cuntasaíochta um chostas bunaidh a léamh de réir mhír 17 den Sceideal seo.

Infheistíochtaí liostaithe

66. Sa Sceideal seo ciallaíonn “infheistíochtaí liostaithe” infheistíocht ar tugadh liostú di ar stocmhargadh aitheanta laistigh den Stát nó ar aon stocmhargadh iomráiteach lasmuigh den Stát.

Iasachtaí

67. Chun críocha an Sceidil seo, measfar go ndlífear iasacht a íoc, agus measfar go ndlífear tráthchuid d'iasacht a íoc, ar an dáta is luaithe ar a bhféadfadh an t-iasachtóir aisíocaíocht nó (de réir mar a bheidh) íocaíocht a éileamh dá bhfeidhmeodh sé na roghanna agus na cearta go léir atá ar fáil dó.

Ábharthacht

68. Aon mhéideanna nach bhfuil ábhartha i gcomhthéacs áirithe aon fhorála den Sceideal seo féadfar neamhaird a thabhairt orthu chun críocha na forála sin.

Soláthairtí

69. (1) Aon tagairtí sa Sceideal seo do sholáthairtí le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach sócmhainní is tagairtí iad d'aon mhéid a dhíscríobhtar chun soláthar do dhíluachadh nó laghdú ar luach sócmhainní.

(2) Sna foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo, aon tagairt do dhíluachadh sócmhainní d'aon tuairisc, nó do mhéideanna a dhíscríobhtar uathu, is tagairt í d'aon soláthar le haghaidh díluachadh nó laghdú ar luach sócmhainní den tuairisc sin.

70. Aon tagairtí sa Sceideal seo do sholáthairtí le haghaidh dliteanas nó muirear is tagairtí iad d'aon mhéid a choinnítear mar mhéid is gá le réasún chun soláthar a dhéanamh d'aon dliteanas nó caillteanas is dóigh a thabhófar, nó a thabhófar go cinnte ach nach bhfuiltear cinnte cé mhéid a bheidh ann nó cén dáta a eascróidh sé.

Praghas ceannaigh

71. Aon tagairtí sa Sceideal seo (cibé caoi a shainítear iad) do phraghas ceannaigh sócmhainne cuideachta nó aon bhunábhar nó earraí inchaite a úsáidtear ag táirgeadh aon sócmhainne den sórt sin, léifear iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon chomaoin (cibé acu in airgead nó ar shlí eile) a thug an chuideachta i leith na sócmhainne sin nó i leith na n-ábhar nó na n-earraí inchaite sin (de réir mar is gá sa chás).

Brabúis réadaithe

72. Gan dochar—

(a) d'fhorléiriú aon abairte eile faoi threoir (más iomchuí) prionsabal cuntasaíochta nó cleachtais chuntasaíochta a bhfuil glactha leo, nó

(b) d'aon fhoráil shonrach chun déileáil le brabúis d'aon tuairisc mar bhrabúis réadaithe,

dearbhaítear leis seo, d'fhonn amhras a sheachaint, maidir le tagairtí sa Sceideal seo do bhrabúis réadaithe, i ndáil le cuntais chuideachta, gur tagairtí iad do cibé brabúis de chuid na cuideachta a bheidh le háireamh mar bhrabúis réadaithe chun críocha na gcuntas sin de réir prionsabail a bhfuil glactha leo go ginearálta maidir le brabúis réadaithe a chinneadh chun críocha cuntasaíochta tráth ullmhaithe na gcuntas sin.

Cuideachtaí gaolmhara

73. (1) Chun críocha an Sceidil seo, ciallaíonn “cuideachta ghaolmhar”, i ndáil le haon chuideachta, aon chomhlacht corpraithe (seachas comhlacht is grúpchuideachta i ndáil leis an gcuideachta sin) a bhfuil leas caipitiúil cáilitheach ar bhonn fadtéarma ag an gcuideachta sin ann chun ranníoc i leith gníomhaíochtaí na cuideachta sin a áirithiú trí aon rialú nó tionchar a eascraíonn ón leas sin a fheidhmiú.

(2) Sa mhír seo—

ciallaíonn “leas caipitiúil cáilitheach”, i ndáil le haon chomhlacht corpraithe, leas i scaireanna atá cuimsithe i scairchaipiteal cothromais an chomhlachta chorpraithe sin ar d'aicme iad lena ngabhann cearta chun vótáil, i ngach imthosca, ag cruinnithe ginearálta den chomhlacht corpraithe sin;

tá le “scairchaipiteal cothromais” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Phríomh-Acht.

(3) Más rud é—

(a) go sealbhaíonn cuideachta leas caipitiúil cáilitheach i gcomhlacht corpraithe, agus

(b) gurb ionann luach ainmniúil aon scaireanna den sórt sin sa chomhlacht corpraithe sin atá á sealbhú ag an gcuideachta sin ar de chineál iad a luaitear i bhfomhír (2) den mhír seo agus fiche faoin gcéad nó níos mó de luach ainmniúil na scaireanna go léir sa chomhlacht corpraithe sin ar de chineál iad a luaitear i bhfomhír (2) den mhír seo,

toimhdeofar gur ar an mbonn agus chun na críche a luaitear i bhfomhír (1) den mhír seo a shealbhaíonn sí an leas sin mura suífear a mhalairt.

Costais foirne

74. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “costais leasa shóisialaigh” aon ranníoc ag cuideachta i leith aon scéime stáit is scéim leasa shóisialaigh, slándála sóisialaí nó pinsin nó i leith ciste nó comhshocraíochta den sórt sin a bhfuil baint aige le scéim den sórt sin, agus ciallaíonn “leas sóisialach” aon scéim, ciste nó comhshocraíocht den sórt sin;

folaíonn “costais phinsin” aon ranníocaí eile ag cuideachta chun críocha aon scéime pinsin a bunaíodh chun pinsin a chur ar fáil do dhaoine atá fostaithe ag an gcuideachta, aon suimeanna a cuireadh i leataobh chun na críche sin agus aon mhéideanna a d'íoc an chuideachta i leith pinsean agus nach raibh curtha i leataobh amhlaidh roimhe sin;

agus déanfar aon mhéid a luaitear maidir le ceachtar de na hítimí thuas nó maidir leis an ítim “pá agus tuarastail” i gcuntas sochair agus dochair cuideachta a chinneadh faoi threoir íocaíochtaí a rinneadh nó costais a tabhaíodh i leith na ndaoine go léir a bhí fostaithe ag an gcuideachta i rith na bliana airgeadais lena mbaineann agus a chuirfear i gcuntas nuair a bheidh an líon bliantúil iomchuí á chinneadh chun críocha mhír 42 (1) (a) den Sceideal seo.

Láimhdeachas

75. Chun críocha an Sceidil seo, ciallaíonn “láimhdeachas” i ndáil le haon chuideachta, na méideanna a dhíorthaigh ó sholáthar earraí agus seirbhísí a thagann faoi réim ghnáthghníomhaíochtaí na cuideachta, tar éis na méideanna seo a leanas a asbhaint—

(a) lascainí trádála,

(b) cáin bhreisluacha, agus

(c) aon chánacha eile atá bunaithe ar na méideanna a dhíorthaigh amhlaidh.

Fochuideachtaí ar Lán-Úinéireacht

76. Measfar, chun críocha an Sceidil seo, comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta ar lán-úinéireacht ag comhlacht corpraithe eile dá measfaí é bheith amhlaidh chun críocha alt 150 den Phríomh-Acht.