Uimhir 26 de 1926.
ACHT NA BIOTÁILLE NEAMH-AIBIDHE (SRIANADH), 1926.
[25adh Meitheamh, 1926.]
Leathnú ar an sriantacht atá le seachada biotáille neamhaibidhe.
1.—Fé réir forálacha an Achta so léireofar an Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí—
(a) na focail “at least five years” do chur i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht san in ionad na bhfocal “at least three years” atá sa bhfo-alt san anois, agus
(b) mír (c) den phrovíso a ghabhann leis an bhfo-alt san (1) d'alt 1 do leigint ar lár.
Faoiseamh maidir le rum iomportálta.
2.—(1) D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá san Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, mar a leasuítear leis an Acht so é, ach fé réir íoc pé diúitéthe (más ann dóibh) a bheidh forchurtha de thurus na huaire ag an Oireachtas agus fé réir chólíona pé coiníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim, féadfar, faid a bheidh an t-alt so i bhfeidhm, rum iomportálta do sheachada chun é chaitheamh sa bhaile má bhí sé i stóras ar feadh tréimhse trí mblian ar a laighead.
(2) Beidh an t-alt so i bhfeidhm go ceann dhá bhliain o am rithte an Achta so agus (mara mbuanuítear le hordú fén alt so é) ní níos sia ná san.
(3) Féadfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú a déanfar le linn an t-alt so do bheith i bhfeidhm (pe'ca de bhua an fho-ailt sin roimhe seo é no de bhua ordú fén bhfo-alt so), an t-alt so do bhuanú i bhfeidhm ar feadh aon tréimhse nách sia ná bliain ón lá a raghadh an t-alt so in éag mara mbeadh an t-ordú san, agus má dintar aon ordú den tsórt san amhlaidh leanfidh an t-alt so i bhfeidhm dá réir sin.
(4) Gach ordú a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an orduithe sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin.
Caomhaint do pháirtithe le connartha atá anois ann.
3.—Má dintar tré oibriú an Achta so aon pháirtí le connra atá ann le linn rithte an Achta so do chosc maidir le hiomlán a oblagáidí fén gconnra san no cuid acu do chólíona déanfar, de bhua an Achta so, é do shaora o cheangal an chonnartha san sa mhéid go gcoiscthear amhlaidh é.
Gearr-theideal agus luadh.
4.—(1) Féadfar Acht na Biotáille Neamh-aibidhe (Srianadh), 1926, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar Achtanna na Biotáille Neamh-aibidhe (Srianadh), 1915 agus 1926, do ghairm den Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, agus den Acht so le chéile.