Uimhir 26 de 1928
ACHT NA nUACHTARLANN, 1928.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tailte agus Talmhaíochta;
cialluíonn an focal “an Chuideachta” Cuideachta na Déirí-Dheighleála, Teoranta;
cialluíonn an focal “cumann” cumann atá cláruithe fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, agus dar cuspóir im, uachtar, no tora eile déiríochta do dhéanamh;
cialluíonn an focal “an Roinn” Roinn Talmhaíochta agus Cheárd-Oideachais na hÉireann; agus
foluíonn an focal “uachtarlann” aon mhonarcha no gléasra chun torthaí no fo-thorthaí bainne do dhéanamh no aon stáisiún no depot chun bainne ar a staid nádúrtha do bhailiú.
Dlighfar íoc as nua-sholáthairtí bainne.
2.—(1) I gcás in ar dineadh uachtarlann no cuideachta 'na raibh uachtarlann dá cuid féin aici do cheannach (roimh rith an Achta so no dá éis sin) le hairgead do sholáthruigh an tOireachtas, dlighfidh gach éinne 'na mbeidh uachtarlann ar siúl aige agus a gheibheann (roimh rith an Achta so no dá éis sin) soláthar bainne (dá ngairmtear nua-sholáthar bainne san Acht so) o dhuine do sholáthruigh bainne don uachtarlainn sin aon uair tar éis an 22adh lá d'Fheabhra, 1927, dlighfe sé suim cholna a háireofar sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo maraon le hús do réir an ráta agus ón dáta a luaidhtear anso in dhiaidh seo d'íoc do réir an Achta so leis an gCuideachtain maran fé Chó-aontú leis an gCuideachtain, sa bhfuirm atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no sa bhfuirm atá curtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do fuair sé an nua-sholáthar bainne sin.
(2) An tsuim cholna is iníoctha ag éinne leis an gCuideachtain fén alt so ar scór nua-sholáthar bhainne, déanfidh an Roinn í d'fháil amach agus do dheimhniú do réir na bhforálacha so a leanas, sé sin le rá:—
(a) toghfidh agus ceapfidh an Roinn, maidir leis an duine sin, an bhliain ina ndéanfar an togha no bliain éigin roimhe sin nár luatha in aon chás ná an bhliain 1927;
(b) gheobhaidh an Roinn amach an lá sa bhliain a ceapfar amhlaidh a fuair an duine sin an chaindíocht bhainne ba mhó (dá ngairmtear caindíocht an tsár-lae san Acht so) dá bhfuair sé ar scór an nua-sholáthair bhainne sin ach ní bheidh an lá san ina lá do tháinig tar éis lá ná raibh an duine sin ullamh ar sholáthairtí bainne do ghlaca;
(c) ceapfidh an Roinn an lá (dá ngairmtear lá an aistrithe san Acht so) do haistríodh an nua-sholáthar bainne sin ón uachtarlainn sin go dtí an duine sin agus isé lá a ceapfar do ghnáth ná an lá a fuair an duine sin an nua-sholáthar bainne sin mar an gcéad uair, ach féadfidh an Roinn in aon chás áirithe aon lá roimhe sin do cheapa nár luatha ná sé mhí roimh an lá san a fuarthas an nua-sholáthar bainne sin mar an gcéad uair amhlaidh;
(d) déanfidh an Roinn an tsuim cholna san is iníoctha ag an duine sin leis an gCuideachtain d'áireamh do réir ráta púint in aghaidh gach galúin iomláin de bhainne i gcaindíocht an tsár-lae;
(e) isé ús is iníoctha ag an duine sin leis an gCuideachtain ná ús ar an suim cholna san do réir ráta cúig go leith per cent. per annum o lá an aistrithe;
(f) tabharfidh an Roinn amach don Chuideachtain deimhniú (dá ngairmtear deimhniú fiachais san Acht so) maidir leis an duine sin, ag deimhniú méid na suime colna san is iníoctha ag an duine sin leis an gCuideachtain fén alt so agus ag demhniú an ráta ar a mbeidh agus an dáta o n-a mbeidh ús ar an suim cholna san iníoctha ag an duine sin leis an gCuideachtain fén alt so.
(3) Beidh gach deimhniú fiachais a thabharfidh an Roinn amach fén alt so ina fhianaise dho-chlaoite ar gach ní a tabharfar le tuisgint ann a bheith á dheimhniú ann.
Deimhnithe fiachais maidir le daoine nách cumainn.
3.—(1) Nuair a bheidh deimhniú fiachais maidir le héinne nách cumann tabhartha amach go cuibhe don Chuideachtain ag an Roinn féadfidh an Chuideachta fógra i dtaobh tabhairt-amach an deimhnithe sin maraon le cóip den deimhniú san (istigh sa bhfógra san no mar scríbhinn ar leithligh) do sheirbheáil tríd an bpost ar an duine sin agus i gcionn seacht lá o sheirbheáil an fhógra san agus na cóipe sin den deimhniú dlighfidh an duine sin, mara mbeidh no sa mhéid ná beidh saoirse aige fén alt so, an tsuim cholna a bheidh luaidhte sa deimhniú san d'íoc leis an gCuideachtain maraon le hús uirthi do réir ráta cúig go leith per cent. per annum o lá an aistrithe mar a bheidh sé luaidhte sa deimhniú san go dtí n-a híoc agus féadfidh an Chuideachta an méid sin do bhaint de mar fhiacha gnáth-chonnartha.
(2) Nuair a sheirbheáilfidh an Chuideachta ar éinne fén alt so fógra i dtaobh tabhairt amach deimhnithe fhiachais maraon le cóip den deimhniú san, má thugann an duine sin don Chuideachtain, laistigh de sheacht lá tar éis na seirbheála san, fógra go bhfuil sé chun scur den nua-sholáthar bhainne le n-a mbaineann an deimhniú fiachais sin do ghlaca agus má scuireann sé, laistigh den seacht lá san, den nua-sholáthar bhainne sin do ghlaca, ansan faid ná beidh sé ag glaca an nua-sholáthair bhainne sin beidh an duine sin saor o fhiachas íoctha na suime colna a luaidhtear sa deimhniú san no an úis ar an suim sin ach má ghlacann sé an nua-sholáthar bainne sin arís ina dhiaidh sin beidh deire leis an saoirse sin agus tiocfa sé láithreach fé fhiachas íoctha na suime colna san maraon le hús ar an suim sin o lá an aistrithe do réir an Achta so fé is ná beadh sé saor amhlaidh riamh.
Deimhnithe fiachais maidir le cumainn.
4.—(1) Nuair a bheidh deimhniú fiachais maidir le cumann tabhartha amach go cuibhe don Chuideachtain ag an Roinn déanfidh an Chuideachta láithreach fógra i dtaobh tabhairtamach an deimhnithe sin maraon le cóip den deimhniú san (istigh sa bhfógra san no mar scríbhinn ar leithligh) do sheirbheáil tríd an bpost ar an gcumann san agus leis sin tiocfidh agus beidh an cumann san fé fhiachas an tsuim cholna agus an t-ús a bheidh luaidhte sa deimhniú san d'íoc leis an gCuideachtain sa tslí seo a leanas, sé sin le rá, an tsuim cholna san d'íoc ina hocht dtráthchoda bliantúla có-ionanna 'na mbeidh an chéad tráthchuid acu iníoctha an 1adh lá den chéad Mhí na Samhna tar éis tabhairtamach an deimhnithe sin maraon le hús ar an suim cholna san do réir ráta cúig go leith per cent. per annum o lá an aistrithe go dtí dáta an íoctha, agus 'na mbeidh na tráthchoda eile acu iníoctha an 1adh lá de Mhí na Samhna gach bliain de sna seacht mbliana ina dhiaidh sin maraon le hús do réir an ráta roimhráite o íoc na tráthchoda roimhe sin ar an méid den tsuim cholna a bheidh de thurus na huaire gan íoc.
(2) Nuair a thiocfidh cumann fé fhiachas fén alt so suim cholna d'íoc ina tráthchoda leis an gCuideachtain, ansan—
(a) má bhíonn aon tráthchuid den tsórt san den tsuim cholna san no aon ús uirthi gan íoc ar feadh triocha lá tar éis an céanna do theacht dlite, no
(b) má eiríonn an cumann san as a ghnó, no
(c) má dintar ordú no má rithtear rún speisialta no neaghnáth chun gnó an chumainn sin do chríochnú, no
(d) má theipeann ar an gcumann san feidhmiú no cólíona do dhéanamh ar aon cheann áirithe d'fhorálacha an chéad ailt eile den Acht so a bheidh air d'fheidhmiú no do chólíona,
tiocfidh iomlán na suime colna san a bheidh an uair sin gan íoc, tiocfa sé, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, chun bheith iníoctha láithreach maraon le hús air do réir an ráta roimhráite agus tiocfidh gach urrús ar an suim cholna san chun bheith ionchurtha i bhfeidhm láithreach.
Cumainn do thabhairt fiachscaireanna amach.
5.—(1) Nuair a bheidh deimhniú fiachais maidir le cumann tabhartha amach don Chuideachtain ag an Roinn fén Acht so, beidh sé dleathach don chumann san, agus má cheanglann agus nuair a cheanglóidh an Chuideachta air é déanfidh an cumann san, scaireanna sa chumann san (dá ngairmtear fiach-scaireanna san alt so) darb ainmluach punt an ceann do thabhairt amach don tsoláthróir bhainne gur tugadh an deimhniú fiachais sin amach i dtaobh a sholáthair bhainne agus an méid scaireanna den tsórt san a bheidh le tabhairt amach amhlaidh d'aon tsoláthróir den tsórt san áireofar iad do réir trí scaireanna no do réir pé méid os a chionn san de sna scaireanna san a cheanglóidh an Chuideachta ar an gcumann a thabhairt amach in aghaidh gach bó is leis an soláthróir sin an uair sin mar a dheimhneoidh an Roinn an méid sin.
(2) Beidh fiach-scaireanna a tabharfidh cumann amach do réir an ailt seo ar fáil don Chuideachtain mar urrús air go bhfaghfar thar n-ais ón gcumann san an tsuim cholna agus an t-ús (dá ngairmtear le chéile sa bhfo-alt so na fiacha) a bheidh luaidhte sa deimhniú fiachais agus gur mar gheall ortha a tugadh na fiachscaireanna san amach agus chuige sin beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—
(a) tuigfar gur dhin an cumann san aisíoc na bhfiach sa tslí a foráltar leis an Acht so do chur mar mhuirear ar chaipital na bhfiach-scaireanna san;
(b) faid a bheidh aon chuid de sna fiacha gan íoc déanfidh an cumann, tré oiread so an galún do bhaint as praghas an bhainne a cheannóidh sé o shealbhóir na bhfiach-scaireanna san no i pé slí eile a shocróidh sé pé méid do ghlaoch isteach gach bliain dá mbeidh an uair sin gan glaoch isteach do chaipital na bhfiachscaireanna san, is gá chun soláthar do dhéanamh chun suim na tráthchoda de sna fiacha agus an úis ortha a bheidh dlite an bhliain sin d'íoc leis an gCuideachtain;
(c) déanfar gach airgead a glaodhfar isteach amhlaidh d'íoc isteach i gcuntas fé leith i gcó-ainmneacha na Cuideachtan agus an chumainn sin, agus cuirfar é chun an tráthchuid de sna fiacha agus an t-ús d'íoc leis an gCuideachtain fé mar agus nuair a bheid iníoctha fén Acht so agus chun na críche sin amháin;
(d) go dtí go mbeidh na fiacha íoctha go hiomlán ní dhéanfidh an cumann san aon ghlaoch ar chaipital na bhfiachscaireanna san ach na glaoite a ceangailtear anso roimhe seo do dhéanamh ná ní dhéanfa sé aon chuid d'aon tsuim a gheobhfar ar scór aon ghlaoigh den tsórt deiridh sin a luaidhtear do chur chun aon chríche eile seachas na fiacha do laigheadú;
(e) ar thárla d'éinní de sna nithe 'na mbeidh fuighlach neamh-íoctha cholann na bhfiach iníoctha díreach ar thárla dho, déanfidh an cumann san, má cheanglann an Chuideachta air é, a mbeidh an uair sin gan glaoch isteach de chaipital na bhfiach-scaireanna san do ghlaoch isteach láithreach, no pé méid de is gá (i dteanta aon airgid eile leis an gcumann san a bheidh ar fáil chuige sin agus aon tsuime a bheidh an uair sin i gcreidiúint don chuntas fé leith sin sna có-ainmneacha san) chun an tsuim iomlán a bheidh gan íoc ar scór na bhfiach an uair sin d'aisíoc leis an gCuideachtain agus déanfa sé an t-airgead a gheobha sé ar scór na nglaoite sin d'íoc isteach sa chuntas fé leith sin chun é do chur chun an tsuim a bheidh dlite ar scór na bhfiach an uair sin d'íoc leis an gCuideachtain agus chuige sin amháin.
Có-aontuithe sa bhfuirm atá sa Chéad Sceideal do dhleathú.
6.—Aon chó-aontú (a foluítear sa bhfocal “có-aontú a dleathuítear leis an Acht so” san Acht so) a bheidh sa bhfuirm no do réir bhrí na fuirme atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do dineadh, roimh rith an Achta so no dá éis sin, idir an Chuideachta agus cumann beidh sé agus (i gcás aon chó-aontú den tsórt san do dineadh roimh rith an Achta so) tuigfar go raibh sé riamh dleathach agus dá réir sin faisnéistear leis seo go mbeidh ag an gcumann san o dháta an chó-aontuithe sin amach agus (más roimh rith an Achta so do dineadh an có-aontú san) go dtuigfar go raibh riamh aige ón dáta san, d'ainneoin éinní atá san Industrial and Provident Societies Act, 1893, agus i rialacha an chumainn sin, comhacht chun gach gníomh agus rud do dhéanamh agus gach scríbhinn do chríochnú is gá no is ceart chun téarmaí an chó-aontuithe sin do chur i bhfeidhm.
Có-aontuithe sa bhfuirm atá sa Dara Sceideal do dhleathú.
7.—Aon chó-aontú (a foluítear sa bhfocal “có-aontú a dleathuítear leis an Acht so” san Acht so) a bheidh sa bhfuirm no do réir bhrí na fuirme atá curtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do dineadh, roimh rith an Achta so no dá éis sin, idir an Chuideachta agus cumann beidh sé agus (i gcás aon chó-aontú den tsórt san do dineadh roimh rith an Achta so) tuigfar go raibh sé riamh dleathach agus dá réir sin faisnéistear leis seo go mbeidh ag an gcumann san o dháta an chó-aontuithe sin amach agus (más roimh rith an Achta so do dineadh an có-aontú san) go dtuigfar go raibh riamh aige ón dáta san, d'ainneoin éinní atá san Industrial and Provident Societies Act, 1893, agus i rialacha an chumainn sin, comhacht chun gach gníomh agus rud do dhéanamh agus gach scríbhinn do chríochnú is gá no is ceart chun téarmaí an chó-aontuithe sin do chur i bhfeidhm.
Có-aontuithe sa bhfuirm atá sa Tríú Sceideal do dhleathú.
8.—Aon chó-aontú (a foluítear sa bhfocal “có-aontú a dleathuítear leis an Acht so” san Acht so) a bheidh sa bhfuirm no do réir bhrí na fuirme atá curtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do dineadh, roimh rith an Achta so no dá éis sin, idir an Roinn agus cumann beidh sé agus (i gcás aon chó-aontú den tsórt san do dineadh roimh rith an Achta so) tuigfar go raibh sé riamh dleathach agus dá réir sin faisnéistear leis seo go mbeidh ag an gcumann san o dháta an chó-aontuithe sin amach agus (más roimh rith an Achta so do dineadh an có-aontú san) go dtuigfar go raibh riamh aige ón dáta san, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Industrial and Provident Societies Act, 1893, agus i rialacha an chumainn sin, comhacht chun gach gníomh agus rud do dhéanamh agus gach scríbhinn do chríochnú is gá no is ceart chun téarmaí an chó-aontuithe sin do chur i bhfeidhm.
Diúltú do scaireanna do ghlaca i gcumann.
9.—(1) I gcás ina mbeidh sé ceangailte ar chumann leis an Acht so no fé, no le có-aontú a dleathuítear leis an Acht so, scaireanna do thabhairt amach d'éinne agus ina dtabharfa sé na scaireanna san amach don duine sin dá réir sin agus ina ndiúltóidh an duine sin no ina leigfe sé thairis na scaireanna san no cuid de sna scaireanna san do ghlaca, ní bheidh sé dleathach don chumann san aon tsoláthar bainne do ghlaca ón duine sin faid a leanfidh an diúltú no an fhaillí sin.
(2) Má ghlacann cumann soláthar bainne o éinne contrárdha don alt so beidh an cumann san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air agus ina theanta san fíneáil eile nách mó ná dhá phunt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.
Soláthar bainne o scaireánach i gcumann eile.
10.—(1) I gcás ina mbeidh sé ceangailte ar chumann leis an Acht so no fé, no le có-aontú a dleathuítear leis an Acht so, scaireanna do thabhairt amach d'éinne agus ina dtabharfa sé na scaireanna san amach dá réir sin, ansan, pe'ca ghlacfidh an duine sin na scaireanna san no ná glacfidh, ní bheidh sé dleathach d'aon chumann eile, gan aontú na Roinne i scríbhinn, aon tsoláthar bainne do ghlaca ón duine sin.
(2) Má ghlacann cumann soláthar bainne o éinne contrárdha don alt so beidh sé dleathach don Roinn fógra i scríbhinn do sheirbheáil tríd an bpost ar an gcumann san á cheangal ar an gcumann san scur de sholáthar bhainne do ghlaca ón duine sin agus má dhineann an cumann san, tar éis seacht lá o sheirbheáil an fhógra san do bheith caithte, soláthar bainne do ghlaca ón duine sin beidh an cumann san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air agus ina theanta san fíneáil eile nách mó ná dhá phunt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.
(3) Nuair is deimhin leis an Roinn, maidir le héinne dar thug cumann fiach-scaireanna amach fé údarás alt 5 den Acht so, go mbeadh sé fé aon éagcóir no cruatan nea-réasúnta tré bhainne do sholáthar no tré leanúint de bhainne do sholáthar don chumann san, féadfidh an Roinn a údarú d'aon chumann eile soláthar bainne do ghlaca ón duine sin.
(4) Aon chumann a bheidh údaruithe ag an Roinn soláthar bainne do ghlaca o dhuine dar thug cumann eile fiach-scaireanna amach fén Acht so dlighfe sé pé cuid a shocróidh an Roinn de sna fiacha gur tugadh na fiach-scaireanna san amach ina n-aghaidh d'íoc leis an gCuideachtain agus déanfar laigheadú dá réir sin ar an méid de sna fiacha san a bheidh ag an gCuideachtain fós ar an gcumann do chuaidh fé sna fiacha san.
(5) Cuirfar ar nea-mbrí a mbeidh gan glaoch isteach d'fhiachscaireanna do thug cumann amach do dhuine 'na dtabharfidh an Roinn údarás i dtaobh a sholáthair bhainne d'aon chumann eile fé fho-alt (3) den alt so agus raghaidh an nea-mbríochaint sin in éifeacht ón dáta ar ar tugadh an t-údarás san.
(6) Féadfidh cumann a gheobhaidh soláthar bainne fé údarás na Roinne mar a socruítear le fo-alt (3) den alt so agus déanfidh an cumann san má cheanglann agus nuair a cheanglóidh an Roinn air é scaireanna is fiú punt an ceann do réir a n-ainmluacha do thabhairt amach don té o n-a bhfachtar an soláthar san, pé méid acu a dheimhneoidh an Roinn do bheith chó mór ar fad do réir a n-ainmluacha, á n-áireamh go dtí an punt is goire, leis an méid a bheidh gan glaoch isteach de sna fiach-scaireanna gur dineadh ina thaobh fiachas an duine sin do chur ar nea-mbrí do réir fo-alt (5) den alt so.
Deire leis an teora atá le seilbh scaireanna.
11.—D'ainneoin éinní atá san Industrial and Provident Societies Act, 1893, no i rialacha cumainn, féadfidh ball den chumann san leas scaireanna is mó ná dhá chéad punt do bheith aige sa chumann, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh an bhreis sin aige do bharr scaireanna do bheith aige do thug an cumann san amach fén Acht so no dá réir no fé aon chó-aontú a dleathuítear leis an Acht so.
Féadfidh cumainn dul in urrús ar chumainn eile.
12.—Pé uair a bheidh an Roinn tar éis aon airgead do thabhairt ar iasacht do chumann pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin, beidh comhacht ag aon chumann eile agus, i gcás aon airgid do tugadh ar iasacht amhlaidh roimh rith an Achta so, tuigfar go raibh comhacht riamh aige dul in urrús ar aisíoc an airgid sin leis an Roinn.
Toirmeasc ar uachtarlanna d'fháil ná do bhunú gan ceadúnas chuige sin.
13.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne—
(a) uachtarlann d'fháil, tré n-a ceannach ná ar aon tslí eile, a bheidh, le linn í d'fháil amhlaidh, á hoibriú agus ar siúl mar uachtarlainn, ná
(b) uachtarlann do bhunú in aon áitreabh ná beidh gnó uachtarlainne ar siúl ann le linn an bhunuithe sin,
mara ndinidh an duine sin an uachtarlann san d'fháil no do bhunú fé cheadúnas agus dá réir a dheon an tAire don duine sin chuige sin fén alt so.
(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne uachtarlann do chimeád ar siúl do fuair no do bhunuigh sé féin no éinne eile contrárdha don alt so.
(3) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas chun uachtarlann áirithe d'fháil a bheidh á hoibriú agus ar siúl an uair sin mar uachtarlainn no ceadúnas chun uachtarlann do bhunú in aon áitreabh áirithe do dheona d'éinne agus féadfidh an tAire pé coiníollacha a cheangal le haon cheadúnas den tsórt san is dó leis is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san.
(4) Má dhineann éinne uachtarlann d'fháil, do bhunú, no do chimeád ar siúl contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile nách mó ná deich bpuint in aghaidh gach lá a leanfar den chionta san.
(5) I gcás ina leathnófar gnó uachtarlainne tré shaghas, tré bhrainse no tré roinn ghnótha uachtarlainne ná beidh ar siúl san uachtarlainn sin an uair sin do chur leis, tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur uachtarlann ar leithligh an saghas, an bhrainse, no an roinn ghnótha san agus bainfidh an t-alt so leis dá réir sin.
(6) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar uachtarlann do bheith á bunú ag duine nuair a osclóidh an duine sin an uachtarlann san chun gnó uachtarlainne do dhéanamh inti.
Toirmeasc ar uachtarlanna áirithe do chimeád ar siúl gan ceadúnas chuige sin.
14.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne tar éis mí do bheith caithte o rith an Achta so uachtarlann le n-a mbaineann an t-alt so do chimeád ar siúl mara n-údaruítear don duine sin san do dhéanamh le ceadúnas a dheonfidh an tAire fén alt so.
(2) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas chun uachtarlann áirithe le n-a mbaineann an t-alt so do chimeád ar siúl do dheona d'éinne fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) a luadhfidh an tAire sa cheadúnas san.
(3) Má chimeádann éinne uachtarlann ar siúl contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus ina theanta san fíneáil eile nach mó ná cúig puint fhichead in aghaidh gach lá a leanfar den chionta.
(4) Baineann an t-alt so le haon uachtarlainn gur dineadh, an ladh lá d'Eanair, 1928, no dá éis sin, agus roimh rith an Achta so, í d'oscailt den chéad uair chun gnó uachtarlainne do dhéanamh inti no í d'ath-oscailt chun gnó uachtarlainne do dhéanamh tar éis tréimhse ina raibh an gnó san gan bheith á dhéanamh inti agus baineann sé fós le haon uachtarlainn gur leathnuíodh a gnó, an 1adh lá d'Eanair, 1928, no dá éis sin, agus roimh rith an Achta so, tré shaghas, tré bhrainse no tré roinn ghnótha uachtarlainne ná raibh ar siúl san uachtarlainn sin an uair sin do chur leis.
Breacacháin, etc., uachtarlann d'iniúcha.
15.—(1) Ar a cheangal san air d'oifigeach don Roinn chun crícheanna an Achta so, déanfidh gach éinne bheidh i gcúram uachtarlainne do réir bhrí an Achta so gach breacachán, leabhar agus scríbhinn eile a bheidh ina chimeád aige agus a bhaineann leis an uachtarlainn sin do thaisbeáint don oifigeach san agus leigint don chigire sin iad do scrúdú agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do thógaint asta.
(2) Má theipeann ar éinne forálacha an ailt seo do chólíona no má dhiúltuíonn sé d'iad do chólíona, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.
Comhachta cigirí.
16.—(1) Einní no aon rud a cheanglann an tAcht so (lasmuich den alt so) ar an Roinn no a údaruíonn sé dhi do dhéanamh féadfidh cigire don Roinn é dhéanamh agus nuair a déanfar amhlaidh é tuigfar chun crícheanna an Achta so gurb í an Roinn do dhin é.
(2) Aon scríbhinn a thabharfidh le tuisgint gur thug an Roinn amach í fén Acht so agus a thabharfidh le tuisgint í bheith sighnithe ag cigire don Roinn thar ceann na Roinne déanfar, gan cruthúnas ar shighniú an chigire sin ná ar a údarás chun gníomhú mar chigire den tsórt san, í do ghlaca i bhfianaise i ngach cúirt bhreithiúnais mar scríbhinn den tsórt san go dtí go gcruthófar a mhalairt.
(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire don Roinn” cigire don Roinn dá n-údaróidh an Roinn go speisialta no go generálta gníomhú mar chigire chun crícheanna an Achta so.
Rialacháin.
17.—Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní a eireoidh fén Acht so agus go generálta chun an tAcht so do chur in éifeacht.
Costaisí.
18.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an Roinn i bhfeidhmiú an Achta so.
Gearr-theideal.
19.—Féadfar Acht na nUachtarlann, 1928, do ghairm den Acht so.
CEAD SCEIDEAL.
FUIRM CHO-AONTUITHE CHUN AITREABH, ETC., DO CHEANNACH.
CO-AONTU E SEO do dineadh an lá de
idir Cuideachta na Déirí-dheighleála, Teoranta, ag á bhfuil a hoifig chláruithe ag 42-43 Faithche Stiabhna, Baile Atha Cliath (dá ngairmtear na díoltóirí anso ina dhiaidh seo, focal a tuigfar a fholuíonn a comharbaí agus a sannaithe i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é), don chéad leith, agus
Cumann do hionchorparuíodh fén Industrial and Provident Societies Act, 1893 (dá ngairmtear an Cumann Ceannuitheach anso ina dhiaidh seo, focal a tuigfar a fholuíonn a chomharbaí agus a shannaithe i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é), don leith eile: DE BHRÍ gur dhin an Irish Agricultural Organsiation Society, Limited, sa bhliain 1926, d'fhonn cabhruithe le Gnó na Déiríochta in Éirinn, margánaíocht do thionnseain chun gnó agus cúramaí an Condensed Milk Company of Ireland (1924), Limited, agus an Newmarket Dairy Company, Limited, do cheannach i dtreo is go gcuirfí deire le huachtarlanna nár ghá agus go dtiocfadh tairbhe do Ghnó na Déiríochta dá bharr san: AGUS DE BHRÍ nárbh fhéidir don Irish Agricultural Organisation Society, Limited, sin ceannach den tsórt san do dhéanamh le hairgead as a chistí féin agus gur iarr sé dá réir sin ar Rialtas Shaorstáit Éireann soláthar cuibhe do dhéanamh chun an gnó agus na cúramaí sin do cheannach, rud do thoiligh an Rialtas san go cuibhe a dhéanamh: AGUS DE BHRÍ gur hionchorparuíodh na díoltóirí go cuibhe fé sna hAchtanna Cuideachtan chun a chur in usacht gnó agus cúramaí an dá Chuideachtan san do riar agus do roinnt ar Chomhar-Chumainn Uachtarlainne toghtha, agus go bhfuil ar tugadh amach de chaipital an dá Chuideachtan san ar seilbh anois ag na Díoltóirí no ar iontaoibh dóibh: AGUS DE BHRÍ go bhfuil na Díoltóirí ag déanamh gach ní is gá chun an Condensed Milk Company of Ireland (1924), Limited, sin agus an Newmarket Dairy Company, Limited, sin do scaoile láithreach: AGUS DE BHRÍ go bhfuil
Teoranta (dá ngairmtear an Chuideachta anso ina dhiaidh seo)
i seilbh an áitreibh dá ngairmtear agus atá
suidhte i fé Léas dar dáta an
lá de áitreabh atá fe chíos bhliantúil
£ : AGUS DE BHRÍ gur bheartuigh Coiste Bainistí an Chumainn Cheannuithigh, le rún dar dáta an
lá de go gceannódh an Cumann Ceannuitheach an t-áitreabh san maraon leis an ngléasra, na córacha, na hárthaí, an troscán, etc., ann agus an soláthar bainne atá ag gabháil leis, agus fós an dea-thoil a bhaineann leis, ar phraghas no ar shuim £ , an tsuim sin do bheith iníoctha ina hocht dtráthchoda bliantúla, maraon le hús simplí nár mhó ná 5½ per cent. per annum ar an méid do bheadh de thurus na huaire gan íoc, agus go n-urrófí an praghas ceannuigh sin le muirear no le morgáiste, agus go ndéanfadh an Cumann Ceannuitheach scaireanna in aghaidh suim an airgid cheannuigh sin do thabhairt amach do sna soláthróirí do gheobhadh an Cumann Ceannuitheach mar adubhradh, agus go ndéanfí an méid do bheadh iníoctha ar na scaireanna do tabharfí amach amhlaidh do chur i leataoibh chun an praghas ceannuigh sin d'íoc: AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Cumann Ceannuitheach ullamh agus go dtógann sé air féin leis seo scaireanna do thabhairt amach do sna daoine uile a sholáthruigh bainne cheana don Chuideachtain sa líomatáiste sin agus do tháinig agus a thiocfidh chun bheith ina mbaill den Chumann Cheannuitheach: ANOIS CO-AONTUITEAR LEIS SEO mar leanas:—
1. Có-aontuíonn na Díoltóirí AN MEID SEO UILE, eadhon,
do dhíol
no a chur fé ndeár go ndéanfidh
(dá ngairmtear an Chuideachta anso roimhe seo agus anso ina dhiaidh seo) no a Scaoilteoir an méid sin do dhíol leis an gCumann Ceannuitheach agus có-aontuíonn an Cumann Ceannuitheach an méid sin do cheannach ar na téarmaí agus ar na coiníollacha a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.
2. Ar na nithe a ceannófar beidh an mheaisínteacht, an gléasra, na córacha, an troscán agus an áirnéis eile, doghluaiste agus so-ghluaiste, atá san áitreabh san, an soláthar bainne atá ag gabháil leis, agus fós dea-thoil an ghnótha a dintar ann.
3. Isé an praghas ceannuigh sin £ comaoine an
cheannuigh sin, agus íocfidh an Cumann Ceannuitheach an praghas ceannuigh sin ina ocht dtráthchoda có-ionanna bliantúla a bheidh iníoctha sa tslí a taisbeántar anso ina dhiaidh seo maraon le hús simplí do réir ráta £5 10s. 0d. per cent. per annum ar an méid a bheidh de thurus na huaire gan íoc agus urrófar íocaíochta na dtráthchuid agus an úis sin do sna Díoltóirí mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.
4. Déanfidh an Cumann Ceannuitheach cumhnant an t-airgead ceannuigh sin, maraon le hús air mar adubhradh, d'íoc leis na
Díoltóirí ón lá de ina ocht dtráthchoda có-ionanna bliantúla, agus beidh an chéad tráthchuid acu
dlite an lá de agus beidh na
híocaíochta ina dhiaidh sin dlite an lá de
gach bliain ina dhiaidh sin agus i dteanta gach tráthchoda íocfar an t-ús uile a bheidh dlite go dáta íoctha na tráthchoda san.
5. In aon chás acu so a leanas tiocfidh iomlán a mbeidh gan íoc an uair sin den airgead cheannuigh agus an t-ús uile air chun bheith iníoctha láithreach agus tiocfidh gach urrús air chun bheith ionchurtha i bhfeidhm láithreach:—
(a) Má bhíonn aon tráthchuid den cholainn no den ús, no aon chuid di, gan íoc ar feadh triocha lá tar éis í theacht dlite.
(b) Má eiríonn an Cumann Ceannuitheach as a ghnó.
(c) Má dintar ordú no má rithtear rún speisialta no neaghnáth chun deire do chur leis an gCumann Ceannuitheach.
(d) Má bhriseann an Cumann Ceannuitheach aon cheann de sna cumhnantaí, de sna có-aontuithe, no de sna forálacha a bheidh in aon mhorgáiste, muirear no có-aontú a déanfar idir an Cumann Ceannuitheach agus na Díoltóirí agus a bheidh air d'fhorchimeád agus do chólíona.
6. Urrófar an praghas ceannuigh sin agus an t-ús air le céadmhorgáiste no céad-mhuirear ar na áitreabh san a díoltar, agus isiad na Díoltóirí a ullamhóidh an morgáiste sin agus beidh pé comhachta agus forálacha ann agus beidh sé i pé fuirm a éileoidh na Díoltóirí agus a bheidh réasúnta, agus críochnófar é díreach tar éis an t-áitreabh do bheith curtha in áirithe don Chumann Cheannuitheach. Cuirfidh an Cumann Ceannuitheach an t-áitreabh fé árachas in aghaidh a chaillte tré theine i suim
£ , ar a laighead, in oifig le n-a mbeidh na Díoltóirí sásta, i gcó-ainmneacha na nDíoltóirí agus an Chumainn Cheannuithigh.
7. Mar urrús bhreise ar íoc an airgid cheannuigh agus an úis, cuirfidh an Cumann Ceannuitheach muirear aisíoc an phraghais cheannuigh sin ar chaipital na scaireanna a tabharfar amach mar adubhradh anso roimhe seo, agus déanfidh an Cumann Ceannuitheach cumhnant agus có-aontú go ndéanfidh an Cumann Ceannuitheach, faid a bheidh aon chuid den airgead cheannuigh sin gan íoc, tré oiread so an galún do bhaint as praghas an bhainne a cheannóidh sé o shealbhóirí na scaireanna san no ar pé slí eile a shocróidh an Cumann Ceannuitheach, pé méid do ghlaoch isteach gach bliain, dá mbeidh an uair sin gan glaoch isteach den chaipital san na scaireanna san, is gá chun soláthar do dhéanamh chun an tráthchuid a bheidh dlite an bhliain sin d'íoc leis na Díoltóirí. An t-airgead a bainfar as praghas an bhainne amhlaidh ar scór na nglaoite sin íocfar isteach i gcuntas fé leith é i gcó-ainmneacha na nDíoltóirí agus an Chumainn Cheannuithigh agus cuirfar é chun na tráthchoda den airgead cheannuigh agus den ús d'íoc leis na Díoltóirí fé mar agus nuair a thiocfid iníoctha leo mar adubhradh agus chun na críche sin amháin. Go dtí go mbeidh an tráthchuid deiridh agus gach tráthchuid roimhe sin den tsuim iomláin is iníoctha leis na Díoltóirí fén scríbhinn seo agus gach ús ortha aisíoctha go hiomlán ní dhéanfidh an Cumann Ceannuitheach aon ghlaoite in aon chor ar chaipital na scaireanna san ach amháin mar adubhradh ná aon chuid d'aon tsuim a gheobhfar ar scór aon ghlaoigh a déanfar do réir na bhforálacha san roimhe seo do chur chun aon chríche eile seachas chun laigheaduithe na suime iomláine is iníoctha leis na Díoltóirí fén scríbhinn seo. Ach ar thárla d'éinní dá luaidhtear i Mír 5 de seo, déanfidh an Cumann Ceannuitheach, má cheanglann na Díoltóirí air é, a mbeidh an uair sin gan glaoch isteach de chaipital na scaireanna san do ghlaoch isteach láithreach, no pé méid de is gá, i dteanta aon airgid eile leis an gCumann Ceannuitheach a bheidh ar fáil chuige sin agus aon tsuime a bheidh an uair sin i gcreidiúint don chóchuntas adubhradh, chun an tsuim iomlán a bheidh gan íoc an uair sin ar scór an airgid cheannuigh agus an úis a bheidh dlite do sna Díoltóirí fén scríbhinn seo agus dá bua d'aisíoc leis na Díoltóirí agus déanfa sé an t-airgead a gheobhfar ar scór na nglaoite sin d'íoc isteach sa chó-chuntas adubhradh chun é do chur chun an tsuim a bheidh dlite an uair sin ar scór an airgid cheannuigh agus an úis d'íoc leis na Díoltóirí agus chuige sin amháin. Isiad na Díoltóirí a ullamhóidh an muirear san ar chaipital na scaireanna san agus beidh pé comhachta agus forálacha ann agus beidh sé i pé fuirm a éileoidh na Díoltóirí agus a bheidh réasúnta, agus críochnófar é díreach tar éis an t-áitreabh do bheith curtha in áirithe don Chumann Cheannuitheach.
8. Có-aontuíonn an Cumann Ceannuitheach leis na Díoltóirí leis seo atharuithe do dhéanamh ar a rialacha agus nithe do chur leo, fé mar a cheanglóidh na Díoltóirí air agus a bheidh réasúnta, chun socrú do dhéanamh i gcóir na nithe seo a leanas:—
(1) Chun forálacha na scríbhinne seo do chur in éifeacht agus chun íoc an airgid cheannuigh sa tslí ar a gcó-aontuítear anso roimhe seo d'urrú.
(2) Chun a chur in áirithe sa mhéid gur dleathach é gur leis an gCumann Ceannuitheach amháin a dhíolfidh baill bainne.
(3) Chun rialáil do dhéanamh i dtaobh cé méid Gnáth-Scair a bheidh ag baill.
(4) Chun glaoite ar scaireanna ball d'íoc tré bhaint as an bpraghas is iníoctha leo ar bhainne a sholáthróid.
(5) Chun Scaireanna Urraíochta Iasachta do thabhairt amach mar urrús bhreise ar íoc an airgid cheannuigh agus an úis maran leor in aghaidh suim an airgid cheannuigh na scaireanna nua a tabharfar amach do bhaill nua.
(6) Chun rialáil do dhéanamh ar chomhacht Choiste an Chumainn Cheannuithigh aistriú scaireanna do cheadú.
(7) Chun ceapa iniúchóirí agus maoin-áireamhach agus aontú na Roinne Tailte agus Talmhaíochta le ceaptha den tsórt san do rialáil.
(8) Chun iniúchta agus maoin-áirmhe do chur ar siúl.
Bainfidh na hatharuithe agus na breiseanna san leis na daoine uile a sholáthruigh bainne cheana don áitreabh is abhar don chó-aontú so agus do tháinig no a thiocfidh chun bheith ina mbaill den Chumann Cheannuitheach, agus fanfid i bhfeidhm go dtí go mbeidh an t-airgead ceannuigh do connruíodh anso roimhe seo d'íoc agus gach ús air íoctha leis na Díoltóirí.
9. Tá an t-áitreabh ar seilbh
10. Ar chríochnú an chó-aontuithe seo sínfidh na Díoltóirí chun na gCeannuitheoirí na scríbhinní seo a leanas agus na scríbhinní seo amháin, eadhon:—
11. Glacfidh an Cumann Ceannuitheach le teideal na Cuideachtan chun an áitreibh, an tsoláthair bhainne, agus na dea-thoile gan cuardach ná fiosrú mar theideal is maith agus is leor ar gach slí agus ní dhéanfa sé aon chur i gcoinnibh ná éileamh ina thaobh in aon phuínte ná ní in aon chor.
12. Críochnófar an ceannach an lá de
agus beidh an Cumann Ceannuitheach ar an dáta san i dteideal an t-áitreabh do chur in áirithe dhóibh sa cheart agus an soláthar bainne do shanna dhóibh sa cheart. Ní éileoidh an Cumann Ceannuitheach aontú o éinne ach amháin o Scaoilteoir na Cuideachtan agus o sna Díoltóirí sa Leithliú chuige, agus ní dhéanfa sé aon chur i gcoinnibh ar an scór gur cheart gur pháirtí éinne eile agus nách ea. Déanfidh an Cumann Ceannuitheach ar a gcostas féin gach estát dleathach a bheidh amuich, más aon cheann é, d'fháil amach agus do thabhairt isteach agus ní bheidh na Díoltóirí fé aon oblagáid ina thaobh san.
13. Sa Leithliú don Chumann Cheannuitheach beidh cumhnant ón gCumann Ceannuitheach cíosa agus cumhnantaí an Léasa d'íoc, d'fhorchimeád agus do chólíona agus na Díoltóirí do shlánú ortha, agus cumhnant eile go ndéanfidh an Cumann Ceannuitheach na Díoltóirí do chimeád slán i gcomhnaí maidir leis na connartha no leis na horduithe, 'na sannófar a dtairbhe, agus ar gach imeacht, costas, damáiste, éileamh, íocaíocht, agus fiachas de bhíthin nea-chólíona no neamh-fheidhmiú na gconnartha no na n-orduithe sin uile agus fé seach.
14. D'ainneoin aon deifríochtaí no atharuithe in ainmneacha, i gcaindíochtaí, i dtomhais, i dteoranta, i dteora-thacaí, no eile, admhóidh an Cumann Ceannuitheach gurb ionann an t-áitreabh agus an t-áitreabh a luaidhtear sna daingniúcháin ar an bhfianaise air a gheobhfar tríd an tuairisc sa chó-aontú so do chur i gcó-mheas leis na daingniúcháin agus leis na pleananna (más ann dóibh) a ghabhann leis.
15. Creidthear agus tuigfar go bhfuil an t-áitreabh tuairiscithe go ceart maidir le sealbhaíocht, le caindíocht no eile, agus díoltar é fé réir gach cíosa agus íocaíochta, agus fé réir gach ní a ghabhann le sealbhaíocht, le cirt shlí, agus le cirt agus éasáidí eile (más ann dóibh) a dhineann deifir don chéanna; agus má fachtar amach aon earráid, mí-ráiteas, no fágaint-ar-lár sna mioninnste ar an áitreabh mar a tuairiscítear sa chó-aontú so é, no in aon cheann de sna scríbhinní teidil, ní chuirfidh san an díol ar nea-mbrí ná ní bheidh sé ina scór chun na nDíoltóirí do lomháil aon chúitimh ann.
16. Gach proifit as an ngnó agus as an áitreabh go dtí an dáta a socruítear chun an ceannach do chríochnú agus gach íocaíocht ina dtaobh go dtí an dáta céanna (agus fiachaisí d'áireamh a gheobhfar amach agus fé n-ar chuathas roimh an dáta san maidir leis an ngnó san ach nár glanadh) beid dá gcuid féin no glanfar iad, pe'ca aca é, ag na Díoltóirí, agus ón dáta socruithe glanfidh an Cumann Ceannuitheach gach íocaíocht agus cailliúint (agus gach fiachas agus íocaíocht d'áireamh a eireoidh as aon chonnartha agus geallúintí nár críochnuíodh agus fós gach éileamh tar éis an dáta san maidir le gach connra agus geallúint do críochnuíodh) agus beidh gach cíos agus proifit (agus na fáltaisí as an ngnó d'áireamh) dá chuid féin ag an gCumann Ceannuitheach; agus más gá é cionroinnfar na cíosa, na proifití, agus na híocaíochta chun críche na forála so. Ach ní tabharfar feidhm-sheilbh ná feidhm-ghlaca na gcíos ná na bproifití don Chumann Cheannuitheach go dtí go mbeidh an ceannach críochnuithe. Más rud é, ar aon chúis in aon chor seachas faillí thoiliúil na nDíoltóirí, ná críochnófar an ceannach ar ná roimh an dáta a socruítear chun a chríochnuithe íocfidh an Cumann Ceannuitheach leis na Díoltóirí gach costas agus caithteachas fé n-ar chuaidh na Díoltóirí i gcimeád an ghnótha san ar siúl sa tréimhse idir an dáta a socruítear chun an ceannach do chríochnú agus dáta a chríochnuithe dáiríribh, agus ní bheidh sé i dteideal aon chúitimh i moill no eile na nDíoltóirí, ach beidh an coiníoll so gan dochar do chirt na nDíoltóirí fé aon choiníoll eile acu so.
17. Go dtí go gcríochnófar an ceannach dáiríribh coinneoidh na Díoltóirí seilbh an áitreibh agus an ceart chun stiúra agus bainistí an ghnótha do rialú ach beidh san gan dochar don fhoráil atá anso roimhe seo i dtaobh leithreasú proifití agus i dtaobh fiachais in íocaíochtaí agus i gcailliúintí. Mara gcríochnuítear an ceannach ar an lá a socruítear, cimeádfidh na Díoltóirí an gnó ar siúl go dtí an dáta ar a gcríochnófar an ceannach dáiríribh, chun tairbhe don Chumann Cheannuitheach agus ar a bhfionntar agus ar a gcostas san amháin i ngach slí (agus tuarastal an Bhainisteora d'áireamh).
18. Gan cruthúnas ar theideal ná ar údarás an té do thug uaidh iad d'éileamh, glacfar na hadmhála ar na cíosa deiridh a tháinig dlite go dtí an dáta a socruítear chun an ceannach do chríochnú mar fhianaise dho-chlaoite ar chólíona agus ar fhorchimeád na gcumhnant agus na gcoiníoll sa Léas fé n-a bhfuil an céanna ar seilbh, agus ar íoc gach cíosa do tháinig dlite, agus ar chólíona agus ar fhorchimeád na gcumhnant agus na gcoiníoll uile atá sa Léas Uachtarach (más ann do), no ar aon bhrise (pe'ca brise leanúnach é no nách ea) do dineadh ar aon chumhnant no coiníoll do bheith curtha i leataoibh go héifeachtúil go dtí críochnú an cheannuigh dáiríribh.
19. Cionroinnfar an t-airgead ceannuigh idir na páirtithe chun
críche an diúité stampa mar leanas, eadhon—£ a bheidh in aghaidh praghas an áitreibh, an tsoláthair bhainne, agus na
dea-thola san agus £ a bheidh in aghaidh praghas na háirnéise so-ghluaiste is ion-aistrithe tré n-a seachada.
20. Más rud é, tré n-a theip ar an gCumann Ceannuitheach aon cheann de sna coiníollacha so do chólíona, ná beidh an ceannach críochnuithe ar an dáta a socruítear chun a chríochnuithe, beidh cead ag na Díoltóirí an díol leis an gCumann Ceannuitheach do chur ar neamh-ní agus an t-áitreabh d'ath-dhíol; déanfidh an Cumann Ceannuitheach cúiteamh sa chailliúint (más ann di) a thiocfidh as an ath-dhíol san agus sna costaisí uile a bhainfidh leis agus íocfa sé an céanna mar dhamáiste shocruithe, agus aon mhéadú ar an bpraghas de bharr an athdhíola san beidh sé dá gcuid féin ag na Díoltóirí.
21. Gach gníomh no rud a bheidh de bhua na scríbhinne seo ceangailte ar na Díoltóirí do dhéanamh no do chólíona, tuigfar chun crícheanna an chó-aontuithe seo gur dhineadar no gur chólíonadar é má dhin no má chólíon Scaoilteoir na Cuideachtan é.
I bhFIANAISE air sin tá na Díoltóirí tar éis a séala corparáide do chur air seo agus tá an Cumann Ceannuitheach, do
réir rúin o n-a Choiste dar dáta an lá de 192 , tar éis a shéala do chur air seo an lá agus an bhliain atá scríbhte i dtosach na scríbhinne seo.
SEALA. | ||
Do séaluíodh agus do seachadadh ag an | ................................. | |
gCuideachta san na Déirí-Dheighleála, | ................................. | Stiúrthóirí. |
Teoranta, ina bhfianaise seo | ......................................................Rúnaí. | |
SEALA. | ||
Do séaluíodh agus do seachadadh ag an | ................................. | Baill den |
Choiste. | ||
.................. ............. | ................................. | |
sin ina bhfianaise seo | ||
................. ............. | ............. ........................................Rúnaí. |
36
DARA SCEIDEAL.
FUIRM CHO-AONTUITHE CHUN SOLATHAR BAINNE DO CHEANNACH.
CO-AONTU E SEO do dineadh an lá de
IDIR CUIDEACHTA NA DEIRI-DHEIGHLEALA, TEOR-ANTA, ag á bhfuil a hoifig chláruithe ag 42-43 Faithche Stiabhna, Baile Atha Cliath (dá ngairmtear na Díoltóirí anso ina dhiaidh seo, focal a tuigfar a fholuíonn a comharbaí agus a sannaithe i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é), don chéad leith, agus Cumann do hionchorparuíodh fén Industrial and Provident Societies Act, 1893 (dá ngairmtear an Cumann Ceannuitheach anso ina dhiaidh seo, focal a tuigfar a fholuíonn a chomharbaí agus a shannaithe i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é), don leith eile: DE BHRÍ gur dhin an Irish Agricultural Organisation Society, Limited, sa bhliain 1926, d'fhonn cabhruithe le Gnó na Déiríochta in Éirinn, margánaíocht do thionnscain chun gnó agus cúramaí an Condensed Milk Company of Ireland (1924), Limited, agus an Newmarket Dairy Company, Limited, do cheannach i dtreo is go gcuirfí deire le huachtarlanna nár ghá agus go dtiocfadh tairbhe do Ghnó san na Déiríochta dá bharr san: AGUS DE BHRÍ nárbh fhéidir don Irish Agricultural Organisation Society, Limited, sin ceannach den tsórt san do dhéanamh le hairgead as a chistí féin agus gur iarr sé dá réir sin ar Rialtas Shaorstáit Éireann soláthar cuibhe do dhéanamh chun an gnó agus na cúramaí sin do cheannach, rud do thoiligh an Rialtas san go cuibhe a dhéanamh: AGUS DE BHRÍ gur hionchorparuíodh na Díoltóirí go cuibhe fé sna hAchtanna Cuideachtan chun a chur in usacht gnó agus cúramaí an dá Chuideachtan san do riar agus do roinnt ar Chomhar-Chumainn Uachtarlainne toghtha, agus go bhfuil ar tugadh amach de chaipital an dá Chuideachtan san ar seilbh anois ag na Díoltóirí no ar iontaoibh dóibh: AGUS DE BHRÍ go bhfuil na Díoltóirí ag déanamh gach ní is gá chun an Condensed Milk Company of Ireland (1924), Limited, sin agus an Newmarket Dairy Company, Limited, sin do scaoile láithreach: AGUS DE BHRÍ gur dhin na Díoltóirí, de bhua na nithe uile a luaidhtear anso roimhe seo, an soláthar bainne o uachtarlanna nár ghá agus do bhí go dtí san dá gcuid féin ag an Condensed Milk Company of Ireland (1924), Limited, no ag an Newmarket Dairy Company, Limited (dá ngairmtear na Cuideachtana anso ina dhiaidh seo) sa líomatáiste in aice leis an gCumann Ceannuitheach, agus cuid den tsoláthar bhainne o uachtarlanna nár cheannuigh an Cumann Ceannuitheach o sna Cuideachtana, ná o cheachtar acu, do chur ar fáil chun san do thabhairt don Chumann Cheannuitheach: AGUS DE BHRÍ gur bheartuigh Coiste Bainistí an Chumainn Cheannuithigh, le rún dar dáta an lá de 192 , go n-íocfadh an Cumann Ceannuitheach leis na Díoltóirí praghas ar an soláthar bainne sin do réir ráta £1 an galún den tsoláthar san mar a bhí sé ar an sár-lá sa bhliain , an íocaíocht san do dhéanamh tré ocht dtráthchoda bliantúla, maraon le hús simplí nár mhó ná 5½ per cent. per annum ar an méid do bheadh de thurus na huaire gan íoc, agus go ndéanfadh an Cumann Ceannuitheach scaireanna in aghaidh suim an airgid cheannuigh sin do thabhairt amach do sna soláthróirí do gheobhadh an Cumann Ceannuitheach mar adubhradh, agus go ndéanfí an méid do bheadh iníoctha ar na scaireanna do tabharfí amach amhlaidh do chur i leataoibh chun an praghas ceannuigh sin d'íoc: ACH i gcás ina dtiocfadh cruatan no obair nea-chuibhe no éagcóir as scaireanna do thabhairt amach amhlaidh, féadfidh na páirtithe chun an chó-aontuithe seo a iarraidh ar Chigirí na Roinne Tailte agus Talmhaíochta a dheimhniú cé méid scair ba cheart a thabhairt amach agus cé hiad na soláthróirí gur cheart iad do thabhairt amach dóibh agus beidh an deimhniú san gan aon dul thairis agus ina cheangal idir na páirtithe: AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Cumann Ceannuitheach ullamh agus go dtógann sé air féin leis seo scaireanna do thabhairt amach do sna daoine uile a sholáthruigh bainne cheana do sna Cuideachtana no do cheachtar díobh sa líomatáiste sin agus do tháinig no a thiocfidh chun bheith ina mbaill den Chumann Cheannuitheach: ANOIS CO-AONTUI-TEAR LEIS SEO mar leanas:—
1. Có-aontuíonn na Díoltóirí an soláthar bainne sin do dhíol no a chur fé ndeár go ndéanfidh na Cuideachtana no a Scaoilteoirí é do dhíol leis an gCumann Ceannuitheach agus có-aontuíonn an Cumann Ceannuitheach é do cheannach ar na téarmaí agus ar na coiníollacha a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.
2. Déanfar amach praghas ceannuigh an tsoláthair bhainne sin ina dhiaidh seo, mar a foráltar anso ina dhiaidh seo leis an gcó-aontú so, agus íocfidh an Cumann Ceannuitheach an praghas ceannuigh sin ina ocht dtráthchoda có-ionanna bliantúla a bheidh iníoctha sa tslí a taisbeántar anso ina dhiaidh seo maraon le hús simplí do réir ráta £5 10s. 0d. per cent. annum ar an méid a bheidh de thurus na huaire gan íoc agus urrófar íocaíochta na dtráthchuid agus an úis sin do sna Díoltóirí mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.
3. Chó luath is bheidh sé caothúil di déanfidh an Roinn Tailte agus Talmhaíochta, tré n-a Cigirí no tré n-a Cigire, a fháil amach agus a dheimhniú cadé an nua-sholáthar bainne do fuair an Cumann Ceannuitheach, de bhrí na nithe roimhráite, o sholáthróirí d'uachtarlanna nár ghá no d'uachtarlanna nár cheannuigh Cumann Ceannuitheach an Newmarket Dairy Company no an Condensed Milk Company (1924), Limited, no ceachtar acu fé seach, agus a dheimhniú ina theanta san cé méid galún do fuarthas ar an sár-la sa bhliain o sna soláthróirí sin na gCuideachtan san no ceachtar acu fé seach. Có-aontuíonn an dá pháirtí chun na scríbhinne seo glaca leis an mbreith agus leis an deimhniú san mar nithe atá ina gceangal deiridh do-scaoilte eatorra agus tuigfar gurb é is praghas ceannuigh ar an soláthar do fuair an Cumann Ceannuitheach mar adubhradh, soláthar a tuigfar a cheannuigh an Cumann Ceannuitheach san o sna Díoltóirí, ná suim chó mór le £1 ar gach galún den tsoláthar a deimhníodh a fuair na Cuideachtana no ceachtar acu o sna soláthróirí roimhráite ar an sár-lá sa bhliain sin : ACH más rud é, laistigh de lá tar éis an deimhniú san d'fháil, go cuirfidh an Cumann Ceannuitheach i gcoinnibh an praghas ceannuigh d'áireamh ar an slí sin thuas, ansan deimhneoidh an Roinn sin, tré n-a Cigirí no tré n-a Cigire, méid an soláthair bhainne do fuair an Cumann Ceannuitheach san o sna soláthróirí nua san ar an sár-lá sa bhliain , agus nuair a soláthrófar an dara deimhniú san beidh sé ina cheangal deiridh idir na páirtithe chun na scríbhinne seo mar a có-aontuítear leis seo, agus ansan tuigfar gurb é is praghas ceannuigh ar an soláthar do fuair an Cumann Ceannuitheach mar adubhradh ná suim chó mór le £1 ar gach galún den tsoláthar a deimhníodh a fuair an Cumann Ceannuitheach ar an sár-lá sa bhliain.
4. Déanfidh an Cumann Ceannuitheach cumhnant an t-airgead ceannuigh sin, maraon le hús air mar adubhradh, d'íoc leis na
Díoltóirí ón lá de ina ocht dtráthchoda có-ionanna bliantúla, agus beidh an chéad tráthchuid acu dlite
an 1adh lá de Mhí na Samhna, , agus beidh na híocaíochta ina dhiaidh sin dlite an 1adh lá de Mhí na Samhna gach bliain ina dhiaidh sin agus i dteanta gach tráthchoda íocfar an t-ús uile a bheidh dlite go dáta íoctha na tráthchoda san.
5. In aon chás acu so a leanas tiocfidh iomlán a mbeidh gan íoc an uair sin den airgead cheannuigh agus an t-ús uile air chun bheith iníoctha láithreach agus tiocfidh gach urrús air chun bheith ionchurtha i bhfeidhm láithreach:—
(a) Má bhíonn aon tráthchuid den cholainn no den ús, no aon chuid di, gan íoc ar feadh triocha lá tar éis í theacht dlite.
(b) Má eiríonn an Cumann Ceannuitheach as a ghnó.
(c) Má dintar ordú no má rithtear rún speisialta no neaghnáth chun deire do chur leis an gCumann Ceannuitheach.
(d) Má bhriseann an Cumann Ceannuitheach aon cheann de sna cumhnantaí, de sna có-aontuithe, no de sna forálacha a bheidh in aon mhorgáiste no có-aontú a déanfar idir an Cumann Ceannuitheach agus na Díoltóirí agus a bheidh air d'fhorchimeád agus do chólíona.
6. Mar urrús ar íoc an airgid cheannuigh agus an úis, cuirfidh an Cumann Ceannuitheach muirear aisíoc an phraghais cheannuigh sin ar chaipital na scaireanna a tabharfar amach mar adubhradh anso roimhe seo, agus déanfidh an Cumann Ceannuitheach cumhnant agus có-aontú go ndéanfidh an Cumann Ceannuitheach, faid a bheidh aon chuid den airgead cheannuigh sin gan íoc, tré oiread so an galún do bhaint as praghas an bhainne a cheannóidh sé o shealbhóirí na scaireanna san no ar pé slí eile a shocróidh an Cumann Ceannuitheach, pé méid do ghlaoch isteach gach bliain, dá mbeidh an uair sin gan glaoch isteach den chaipital san na scaireanna san, is gá chun soláthar do dhéanamh chun an tráthchuid a bheidh dlite an bhliain sin d'íoc leis na Díoltóirí. An t-airgead a bainfar as praghas an bhainne amhlaidh ar scór na nglaoite sin íocfar isteach i gcúntas fé leith é i gcó-ainmneacha na nDíoltóirí agus an Chumainn Cheannuithigh, agus cuirfar é chun na tráthchoda den airgead cheannuigh agus den ús d'íoc leis na Díoltóirí fé mar agus nuair a thiocfid iníoctha leo mar adubhradh agus chun na críche sin amháin. Go dtí go mbeidh an tráthchuid deiridh agus gach tráthchuid roimhe sin den tsuim iomláin is iníoctha leis na Díoltóirí fén scríbhinn seo agus gach ús ortha aisíoctha go hiomlán ní dhéanfidh an Cumann Ceannuitheach aon ghlaoite in aon chor ar chaipital na scaireanna san ach amháin mar adubhradh ná aon chuid d'aon tsuim a gheobhfar ar scór aon ghlaoigh a déanfar do réir na bhforálacha san roimhe seo do chur chun aon chríche eile seachas chun laigheaduithe na suime iomláine is iníoctha leis na Díoltóirí fén scríbhinn seo. Ach ar thárla d'éinní dá luaidhtear i Mír 5 de seo, déanfidh an Cumann Ceannuitheach, má cheanglann na Díoltóirí air é, a mbeidh an uair sin gan glaoch isteach de chaipital na scaireanna san do ghlaoch isteach láithreach, no pé méid de is gá, i dteanta aon airgid eile leis an gCumann Ceannuitheach a bheidh ar fáil chuige sin agus aon tsuime a bheidh an uair sin i gcreidiúint don chó-chuntas adubhradh, chun an tsuim iomlán a bheidh gan íoc an uair sin ar scór an airgid cheannuigh agus an úis a bheidh dlite do sna Díoltóirí fén scríbhinn seo agus dá bua d'aisíoc leis na Díoltóirí agus déanfa sé an t-airgead a gheobhfar ar scór na nglaoite sin d'íoc isteach sa chó-chuntas adubhradh chun é do chur chun an tsuim a bheidh dlite an uair sin ar scór an airgid cheannuigh agus an úis d'íoc leis na Díoltóirí agus chuige sin amháin. Isiad na Díoltóirí a ullamhóidh an muirear san ar chaipital na scaireanna san agus beidh pé comhachta agus forálacha ann agus beidh sé i pé fuirm a éileoidh na Díoltóirí agus a bheidh réasúnta, agus críochnófar é díreach tar éis an t-áitreabh do bheith curtha in áirithe don Chumann Cheannuitheach.
7. Có-aontuíonn an Cumann Ceannuitheach leis na Díoltóirí leis seo atharuithe do dhéanamh ar a rialacha agus nithe do chur leo, fé mar a cheanglóidh na Díoltóirí air agus a bheidh réasúnta, chun socrú do dhéanamh i gcóir na nithe seo a leanas:—
(1) Chun forálacha na scríbhinne seo do chur in éifeacht agus chun íoc an airgid cheannuigh sa tslí ar a gcó-aontuítear anso roimhe seo d'urrú.
(2) Chun a chur in áirithe sa mhéid gur dleathach é gur leis an gCumann Ceannuitheach amháin a dhíolfidh baill bainne.
(3) Chun rialáil do dhéanamh i dtaobh cé méid Gnáth-Scair a bheidh ag baill.
(4) Chun glaoite ar scaireanna ball d'íoc tré bhaint as an bpraghas is iníoctha leo ar bhainne a sholáthróid.
(5) Chun Scaireanna Urraíochta Iasachta do thabhairt amach mar urrús bhreise ar íoc an airgid cheannuigh agus an úis maran leor in aghaidh suim an airgid cheannuigh na scaireanna nua a tabharfar amach do bhaill nua.
(6) Chun rialáil do dhéanamh ar chomhacht Choiste an Chumainn Cheannuithigh aistriú scaireanna do cheadú.
(7) Chun ceapa iniúchóirí agus maoin-áireamhach agus aontú na Roinne Tailte agus Talmhaíochta le ceaptha den tsórt san do rialáil.
(8) Chun iniúchta agus maoin-áirmhe do chur ar siúl.
Bainfidh na hatharuithe agus na breiseanna san leis na daoine uile a sholáthruigh bainne cheana do sna Cuideachtana no do cheachtar díobh agus do tháinig no a thiocfidh chun bheith ina mbaill den Chumann Cheannuitheach agus fanfid i bhfeidhm go dtí go mbeidh an t-airgead ceannuigh do connruíodh anso roimhe seo d'íoc agus gach ús air íoctha leis na Díoltóirí.
8. Glacfidh an Cumann Ceannuitheach le teideal na gCuideachtan chun an tsoláthair bhainne sin, gan cuardach ná fiosrú, mar theideal is maith agus is leor ar gach slí agus ní dhéanfa sé aon chur i gcoinnibh ná éileamh ina thaobh in aon phuínte ná ní in aon chor.
9. Críochnófar an ceannach an lá de
agus beidh an Cumann Ceannuitheach ar an dáta san i dteideal an soláthar bainne do shanna dhóibh sa cheart. Ní éileoidh an Cumann Ceannuitheach aontú o éinne ach amháin o Scaoilteoirí na gCuideachtan agus o sna Díoltóirí sa tsanna chuige, agus ní dhéanfa sé aon chur i gcoinnibh ar an scór gur cheart gur pháirtí éinne eile agus nách ea.
10. Go dtí go gcríochnófar an ceannach dáiríribh ní tabharfar seilbh an tsoláthair bhainne sin ná an chíosa ná bproifití a eiríonn as don Chumann Cheannuitheach, agus go dtí an dáta san cimeádfidh na Díoltóirí ar siúl chun a dtairbhe agus a mbuntáiste féin an gnó le n-a ngabhann an soláthar bainne sin. Más rud é, ar aon chúis in aon chor seachas faillí thoiliúil na nDíoltóirí, ná críochnófar an ceannach ar ná roimh an dáta a socruítear chun a chríochnuithe íocfidh an Cumann Ceannuitheach leis na Díoltóirí ús, ar an tráthchuid den airgead cheannuigh is iníoctha ar an dáta san, do réir ráta 6 per cent. per annum ón dáta san go dtí go mbeidh an ceannach críochnuithe maraon le gach costas agus caithteachas fé n-ar chuaidh na Díoltóirí i gcimeád an ghnótha san ar siúl sa tréimhse idir an dáta a socruítear chun an ceannach do chríochnú agus dáta a chríochnuithe dáiríribh agus ní bheidh sé i dteideal aon chúitimh i moill no eile na nDíoltóirí, ach beidh an coiníoll so gan dochar do chirt na nDíoltóirí fé aon choiníoll eile acu so.
11. Más rud é, tré n-a theip ar an gCumann Ceannuitheach aon cheann de sna coiníollacha so do chólíona, ná beidh an ceannach críochnuithe ar an dáta a socruítear chun a chríochnuithe, beidh cead ag na Díoltóirí an díol leis an gCumann Ceannuitheach do chur ar neamh-ní agus an soláthar bainne sin d'athdhíol; déanfidh an Cumann Ceannuitheach cúiteamh sa chailliúint (más ann di) a thiocfidh as an ath-dhíol san agus sna costaisí uile a bhainfidh leis agus íocfa sé an céanna mar dhamáiste shocruithe, agus aon mhéadú ar an bpraghas de bharr an ath-dhíola san beidh sé dá gcuid féin ag na Díoltóirí.
12. Gach gníomh no rud a bheidh, de bhua na scríbhinne seo, ceangailte ar na Díoltóirí do dhéanamh no do chólíona, tuigfar chun crícheanna an chó-aontuithe seo gur dhineadar no gur chólíonadar é má dhin no má chólíon Scaoilteoirí na gCuideachtan no na Cuideachtan é.
I bhFIANAISE air sin tá na Díoltóirí tar éis a séala corparáide do chur air seo agus tá an Cumann Ceannuitheach,
do réir rúin o n-a Choiste dar dáta an lá de
192 , tar éis a shéala do chur air seo an lá agus an bhliain atá scríbhte i dtosach na scríbhinne seo.
Do séaluíodh agus do seachadadh ag na | SEALA. | |
Díoltóirí ina bhfianaise seo | .... ............ ............. | Stiúrthóirí. |
..... ........................... | ||
...... ........................... | Rúnaí. | |
|
|
|
Do séaluíodh agus do seachadadh ag an gCumann Ceannuitheach | SEALA. | |
ina bhfianaise seo | ..... .............................. | Baill den Choiste. |
..... ............................. | ||
..... ............................ | Rúnaí. |
TRIU SCEIDEAL.
FUIRM CHO-AONTUITHE I gCOIR IASACHTA ON ROINN.
CO-AONTU E SEO do dineadh an lá de
19
IDIR Comhar Teoranta
ag á bhfuil a oifig chláruithe i
i gContae
(dá ngairmtear an Cumann anso ina dhiaidh seo, focal a fholóidh a chomharbaí agus a shannaithe leis i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é) don chéad leith agus ROINN TALMHAíOCHTA AGUS CHEÁRD-OIDEACHAIS NA hÉIREANN (dá ngairmtear an Roinn anso ina dhiaidh seo, focal a fholóidh na comharbaí agus na sannaithe leis i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é) don leith eile: DE BHRÍ gur mhian leis an gCumann a ghnó do leathnú agus gur iarr sé dá réir sin ar an Roinn suim £ do roimh-íoc leis chun a chur ar a chumas do thógáil agus do chórú i i gContae AGUS DE BHRÍ gur chó-aontuigh an Roinn an tsuim sin do roimh-íoc ar na téarmaí agus ar an slí seo a leanas ANOIS DEARBHUITEAR AGUS CO-AONTUITEAR LEIS SEO ag na páirtithe agus eatorra mar leanas:—
1. Roimh-íocfidh an Roinn suim £ leis an
gCumann i pé tráthchoda agus i pé tráthanna a shocróidh an Roinn, suim a chumhnantann an Cumann agus a thógann sé air
féin leis seo a chaitheamh ar
do thógáil agus do chórú i
do réir a n-éileoidh an Roinn agus chun sástachta don Roinn.
2. Cumhnantann an Cumann leis seo an tsuim sin d'aisíoc leis an Roinn ina seacht dtráthchoda có-ionanna bliantúla maraon le hús simplí ar an méid a bheidh dlite de thurus na huaire do réir ráta 5½ per cent. per annum agus na tráthchoda san d'íoc
an lá de gach bliain, ag tosnú sa bhliain
, go dtí go mbeidh an t-iomlán aisíoctha.
3. Mar urrús ar an aisíoc san cumhnantann an Cumann leis seo mar leanas:—
(a) Go gcríochnóidh sé láithreach i bhfabhar don Roinn céad-mhorgáiste dleathach ar an áitreabh san a thógfa sé mar adubhradh, morgáiste a ullamhóidh an Roinn ar chostas an Chumainn agus ina mbeidh gach comhacht, foráil agus clás is dó leis an Roinn is oiriúnach, agus cumhnantann an Cumann leis seo go dtaisbeánfa sé teideal maith dleathach chun an áitreibh sin a chuirfe sé fé mhorgáiste mar adubhradh.
(b) Go ndéanfa sé i dteanta an mhorgáiste sin, fé mar agus nuair a ghlaodhfidh an Roinn air é dhéanamh, scairchaipital breise do chruinniú o n-a sheana-bhaill no o pé baill nua a bheidh ar fáil do tríd an san do thógáil, agus ná beidh méid an scair-chaipitail nua san níos lú ná suim £ agus í Roinnte ina Gnáth-scaireanna de Phunt an ceann, agus go ndéanfar gach airgead a gheobhaidh an Cumann as an scair-chaipital nua san do chur i leataoibh don Roinn agus d'íoc láithreach léi chun an roimh-íoc san do laigheadú. Tabharfar amach an scair-chaipital nua san fé réir glaoite do réir tráthchodacha le n-a mbeidh an Roinn sásta no neachtar aca fé réir íoca tré bhaint as praghas soláthairtí bainne o sna baill nua ach gan na laigheaduithe sin do dhul thar pingne fén bpunt, fé mar is rogha leis an gCumann. Déanfar gach airgead a gheobhaidh an Roinn ar scór an scair-chaipitail bhreise sin do chur i gcreidiúint don mhéid de sna fiacha colna a bheidh an uair sin dlite agus gan íoc agus déanfar na híocaíochta bliantúla a bheidh le n'íoc do laigheadú dá réir sin.
(c) Go gcríochnóidh sé pé dintiúir ceangailteach cumhnanta is dó leis an Roinn is gá chun an t-airgead a gheobhfar ón scair-chaipital nua san d'urrú don Roinn, agus go gcuirfe sé isteach ina chuid rialacha aon rialacha no clásanna breise is gá chun dleathacht do thabhairt do chimeád seilbh an scair-chaipitail sin chun aisíoctha an roimh-íoca san sa tslí roimhráite.
4. Co-aontuíonn an Cumann leis seo go ndéanfidh a bhaill Rún Generálta do rith láithreach ina mbeidh agus le n-a ndaingneofar téarmaí an Chó-aontuithe seo.
I bhFIANAISE air sin táthar tar éis séala an Chumainn sin, agus é teistithe do réir rialacha an Chumainn sin, do chur air seo an lá agus an bhliain atá scríbhte i dtosach na scríbhinne seo.
SEALA. | |
.................................................... | Baill den Choiste. |
.................................................... | |
..........................................................Rúnaí. |