[EN]

Uimhir 26 de 1937.


[EN]

ACHT CHUN PRAGHSANNA DO RIALÚ, 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN PRAGHSANNA EARRAÍ DO RIALÚ.

[12adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht chun Praghsanna do Rialú, 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an abairt “earra indiúité” aon earra do bheadh, dá n-iomportáltaí í, ionchurtha fé dhiúité chustum ar í d'iomportáil;

[EN]

cialluíonn an abairt “earra shrianta” aon earra go ndeintear le dlí toirmeasc no srian do chur le n-a hiomportáil;

[EN]

foluíonn an abairt “sreath coinníoll” coinníoll amháin;

[EN]

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire leis an Acht so;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

Earraí do gheobhfar ar mhodh an chíos-cheannaigh.

3.—Má thógann duine aon earra ar cíos fé chó-aontú tré n-a bhforáltar gurb eisean únaer na hearra san ar é d'íoc méid áirithe tráth-choda, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, an duine ó n-ar tógadh an earra san ar cíos dá díol leis agus tuigfear, chun na críche sin, an díol san do thárlachtaint ar an dáta ar a ndearnadh an có-aontú san.

[EN]

Ciontaí.

4.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

[EN]

(2) Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le haontú aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí no oifigeach eile den chólucht chorpruithe sin no dhó no gur cuireadh san in usacht tré aon fhaillí ar thaobh éinne acu san, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach freisin sa chionta san agus féadfar é do chúiseamh agus do phionósú dá réir sin.

[EN]

Rialacháin ghenerálta.

5.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh maidir le héinní no le haon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Dháil Éireann.

6.—Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe no an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san.

[EN]

An tAcht chun Praghsanna do Rialú, 1932, d'athghairm.

7.—Athghairmtear leis seo an tAcht chun Praghsanna do Rialú, 1932 (Uimh. 33 de 1932).

[EN]

Costaisí.

8.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile bhainfidh leis an Acht so do chur i bhfeidhm.

CUID II.

Coimisiun Praghsanna agus Rialuitheoir Praghsanna.

[EN]

Coimisiún Praghsanna do bhunú.

9.—(1) Chó luath tar éis tosach feidhme an Achta so agus a bheidh caoi ann chuige sin, bunófar Coimisiún (dá ngairmtear an Coimisiún san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coimisiún Praghsanna, chun na bhfeidhmeanna ceaptar don Choimisiún leis an Acht so do chólíonadh.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an Achta so, beidh an Coimisiún có-dhéanta de thrí baill (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so) a ainmneoidh an tAire o am go ham do réir mar is gá.

[EN]

(3) Beidh gach gnáth-bhall, maran éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse, nach sia ná cúig bliana, a cheapfaidh an tAire le linn é d'ainmniú ach beidh sé ion-ath-ainmnithe.

[EN]

(4) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh do ghnáth-bhall a thabhairt mar bhreith air é do bheith gnó-bhriste, no go ndéanfa sé socrú no réiteach le n-a fhiach-éilitheoirí, no go ndaorfaidh cúirt údaráis inniúla chun príosúntachta no chun pian-tseirbhíse é, no go scuirfe sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no go mbeidh sé as láthair o gach suidhe den Choimisiún ar feadh tréimhse thrí mhí gan cead ón Aire, beidh sé dí-cháilithe chun bheith i seilbh oifige gnáth-bhaill.

[EN]

(5) Pé uair a chífear don Aire ná beidh ar chumas gnáth-bhaill den Choimisiún a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh go ceann tamaill de dheascaibh breoiteachta no mar gheall ar leor-réasún eile, féadfaidh an tAire duine do cheapadh chun gníomhú mar ghnáth-bhall ar feadh pé tréimhse (nach sia ná faid an mhí-chumais sin) is ceart dar leis agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar ghnáth-bhall den Choimisiún beidh sé, ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é, ina ghnáth-bhall den Choimisiún in ionad an ghnáth-bhaill sin a céad-luaidhtear.

[EN]

10.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, chun crícheanna aon fhiosrúcháin áirithe bheidh le déanamh ag an gCoimisiún, pé daoine agus pé méid daoine (nach gnáth-bhaill) is oiriúnach leis do cheapadh chun gníomhú mar bhaill bhreise den Choimisiún.

[EN]

(2) Gach ball breise ceapfar amhlaidh beidh sé ina bhall den Choimisiún chun crícheanna an fhiosrúcháin dá gceapfar é.

[EN]

Cathaoirleach an Choimisiún.

11.—(1) Ceapfaidh an tAire duine de sna gnáth-bhaill chun bheith ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún agus beidh an gnáthbhall a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar Chathaoirleach den tsórt san faid is toil leis an Aire é.

[EN]

(2) Má bhíonn Cathaoirleach an Choimisiúin as láthair o aon tsuidhe den Choimisiún, ceapfaidh na baill den Choimisiún a bheidh i láthair ag an suidhe sin duine de sna baill sin chun gníomhú mar Chathaoirleach ag an suidhe sin.

[EN]

Luach saothair ball an Choimisiúin.

12.—Féadfar pé luach saothair agus liúntaisí ar a gcinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid d'íoc le haon bhall den Choimisiún.

[EN]

Srian le duine ag á bhfuil leas gníomhú mar bhall.

13.—Pé uair a bheidh fiosrúchán á dhéanamh fén Acht so ag an gCoimisiún i dtaobh praghais earra áirithe, agus a bheidh leas phearsanta ag aon bhall den Choimisiún in aon ghnó ina mbíonn an earra san á díol, cuirfidh an ball san in úil don Aire cad is saghas agus cad is méid dá leas agus, mara n-údaruighidh an tAire dhó san do dhéanamh, ní ghníomhóidh sé mar bhall den Choimisiún chun crícheanna an fhiosrúcháin sin.

[EN]

Dleathacht imeachta an Choimisiúin.

14.—Ní bheidh imeachta an Choimisiúin nea-dhleathach de dheascaibh aon fholúntais do bheith imeasc na mball ná de dheascaibh aon lochta do bheith ag baint le ceapadh aon bhaill.

[EN]

Rialuitheoir Praghsanna.

15.—(1) Chó luath tar éis tosach feidhme an Achta so agus a bheidh caoi ann chuige sin, ceapfaidh an tAire duine (dá ngairmtear an Rialuitheoir san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Rialuitheoir Praghsanna.

[EN]

(2) Beidh an Rialuitheoir i seilbh oifige ar pé téarmaí agus bhéarfar luach saothair dó do réir pé rátaí agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(3) Pé uair a bheidh an Rialuitheoir as láthair go sealadach o n-a dhiúité toisc cúise ar bith féadfaidh an Coimisiún oifigeach don Choimisiún d'ainmniú chun dualgaisí an Rialuitheora do chólíonadh le linn dó bheith as láthair amhlaidh, agus, faid a bheidh an Rialuitheoir as láthair amhlaidh, beidh comhachta uile an Rialuitheora ag an oifigeach a ceapfar amhlaidh agus tuigfear. chun crícheanna an Achta so, gurb é an Rialuitheoir é.

[EN]

Rialacháin i gcóir imeachta an Choimisiúin.

16.—(1) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin do dhéanamh o am go ham chun a n-imeachta do rialú agus féadfaid, leis na rialacháin sin, socrú do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an quorum ag aon suidhe den Choimisiún;

[EN]

(b) amanna agus áiteanna suidheanna an Choimisiúin;

[EN]

(c) na daoine dá dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Choimisiúin;

[EN]

(d) an fhuirm agus an tslí ina gcuirfear nithe fé bhráid an Choimisiúin agus ina dtabharfar fianaise dhóibh agus go sonnrách, ce'ca viva voce no i scríbhinn a cuirfear na nithe sin fé n-a mbráid agus a bhéarfar an fhianaise sin dóibh;

[EN]

(e) daoine chuir nithe fé bhráid an Choimisiúin, no thug fianaise don Choimisiún, i scríbhinn do theacht i láthair chun a gceistnithe no a gcros-cheistnithe viva voce;

[EN]

(f) éinne do leigint isteach chun suidheanna an Choimisiúin no do dhúnadh amach uatha;

[EN]

(g) pé nithe chífear don Choimisiún do bheith riachtnach no oiriúnach chun a ngnótha do dhéanamh sa cheart.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag rialacháin a déanfar fén alt so mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leo.

[EN]

(3) Aon rialacháin a rinneadh fé alt 17 den Acht chun Praghsanna do Rialú. 1932 (Uimh. 33 de 1932), agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so tuigfear iad do dhéanamh fén alt so agus féadfar iad do cheiliúradh no do leasú dá réir sin agus leanfaid i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar iad amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

[EN]

Comhachta an Choimisiúin.

17.—(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Choimisiún fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an gCoimisiún gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le trial aicsin, agus beidh gairm ar n-a sighniú ag duine no níos mó de bhaill an Choimisiúin có-ionann agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta a bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

[EN]

(2) Má thárlann d'éinne—

[EN]

(a) faillí do thabhairt i dteacht i láthair an Choimisiúin agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

[EN]

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Coimisiún air do réir dlí a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht agus fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Coimisiún air do réir dlí a thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt go gceanglóidh an Coimisiún air do réir dlí í fhreagairt, no

[EN]

(c) éinní eile do dhéanamh ba dhísbeagadh cúirte dá mba chúirt bhreithiúnais an Coimisiún agus comhacht aige chun daoine no chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte,

[EN]

féadfaidh an Coimisiún cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an chúirt sin, tar éis pé fiorsrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa chúirt sin do dhísbeagadh.

[EN]

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Choimisiúin chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

[EN]

Fógra i dtaobh fiosrúchán a dhéanfaidh an Coimisiún agus nithe chuirfidh daoine ag á mbeidh leas fé bhráid an Choimisiúin.

18.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisiún fiosrúchán fé Chuid III den Acht so cuirfidh an Coimisiún fé ndeár go bhfoillseofar san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is dóich leis an gCoimisiún do bheith oiriúnach fógra á rá go bhfuiltear chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh.

[EN]

(2) Ar fhógra d'fhoillsiú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh éinne, ar a shon féin no mar ionadaí, ní do chur fé bhráid an Choimisiúin maidir le habhar an fhiosrúcháin le n-a mbaineann an fógra san.

[EN]

Suidheanna príobháideacha den Choimisiún.

19.—Féadfaidh an Coimisiún, más rogha leo féin é, aon tsuidhe no cuid de shuidhe do bheith acu go príobháideach agus déanfar an tagairt sa chéad alt ina dhiaidh seo do shuidhe phríobháideach den Choimisiún do léiriú mar thagairt do shuidhe no do chuid de shuidhe den Choimisiún a bheidh acu go príobháideach.

[EN]

Toirmeasc ar eolas do nochtadh.

20.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne is ball den Choimisiún no is oifigeach don Choimisiún aon eolas ná beidh ar fáil aige ach amháin de bhuadh na gcomhacht chun eolas d'fháil a bronntar ar an gCoimisiún no ar chigire leis an Acht so do nochtadh d'éinne seachas ball den Choimisiún no oifigeach don Choimisiún o n-a dteastóidh an t-eolas san chun crícheanna a dhualgas.

[EN]

(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne (seachas ball den Choimisiún no oifigeach don Choimisiún) a bheidh i láthair ag suidhe príobháideach den Choimisiún aon colas a gheobha sé tré bheith i láthair ag an suidhe sin agus is eolas ná beidh ar fáil ach amháin de bhuadh na gcomhacht chun colas d'fháil a bronntar ar an gCoimisiún no ar chigire leis an Acht so do nochtadh do dhuine ar bith.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse sé mhí no más rogha leis an gCúirt é an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(4) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le haon eolas do nochtadh—

[EN]

(a) don Aire i dtuarasgabháil (nach tuarasgabháil bhliantúil) no i gconbharsáid eile ón gCoimisiún, no

[EN]

(b) chun crícheanna imeachta dlí bheidh bunuithe no beifear ar aigne do bhunú fén Acht so.

[EN]

Tuarasgabhála bliantúla ón gCoimisiún.

21.—Déanfaidh an Coimisiún, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana, tuarasgabháil ghenerálta ar imeachta an Choimisiúin fén Acht so do thabhairt don Aire, agus cuirfidh an tAire fé ndeár gach tuarasgabháil ghenerálta den tsórt san a gheobha sé do leagadh láithreach fé bhráid Dháil Éireann.

[EN]

Leanúint d'fhiosruitheáirithe atá ar siúl fé láthair.

22.—I gcás—

[EN]

(a)   (i) ina ndearna an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le halt 23 den Acht chun Praghsanna do Rialú, 1932 (Uimh. 33 de 1932), an Coimisiún (dá ngairmtear an Seana-Choimisiún Praghsanna san alt so), do bunuíodh fé alt 9 den Acht san, do cheapadh chun fiosrú puiblí do dhéanamh chun crícheanna ailt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932), agus

[EN]

  (ii) an fiosrú puiblí sin do bheith ar feitheamh le linn tosach feidhme an Achta so, no

[EN]

(b) fiosrúchán fé alt 24 no fé alt 41 den Acht chun Praghsanna do Rialú, 1932, adubhradh, do bheith ar feitheamh le linn tosach feidhme an Achta so,

[EN]

leanfaidh an Coimisiún den fhiosrú phuiblí sin no den fhiosrúchán san (pe'ca aca é) agus tuigfear gur fiosrúchán praghais ag an gCoimisiún fé Chuid III den Acht so é, agus aon nithe no rudaí bheidh déanta ag an Seana-Choimisiún Praghsanna tuigfear gurb iad an Coimisiún do rinne iad fén Acht so.

CUID III.

Fiosruchain Phraghais agus Orduithe Praghais.

[EN]

Fiosrúcháin i dtaobh praghas earraí.

23.—(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a iarraidh ar an gCoimisiún fiosrú do dhéanamh i dtaobh na bpraghas a héilítear ar carra.

[EN]

(2) Féadfaidh an Coimisiún, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ach fé réir iad do thabhairt fógra roimh ré don Aire i dtaobh iad do bheith ar intinn san do dhéanamh, a bheartú le rún fiosrú do dhéanamh i dtaobh na bpraghas a héilítear ar earra.

[EN]

(3) Má iarrann an tAire ar an gCoimisiún fiosrú do dhéanamh i dtaobh na bpraghas a héilítear ar earra no má bheartuíonn an Coimisiún le rún fiosrú do dhéanamh i dtaobh na bpraghas a héilítear ar earra déanfaidh an Coimisiún fiosrúchán (dá ngairmtear fiosrúchán praghais san Acht so) i dtaobh na bpraghas a héilítear ar an gcineál no ar na cineálacha san (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an gCoimisiún) den earra san a chinnfidh an Coimisiún ar an gcéanna do dhíol, fén sreath no fé sna sreathanna san de choinníollacha (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an gCoimisiún) a chinnfidh an Coimisiún, sa líomatáiste no sna líomatáistí sin a chinnfidh an Coimisiún.

[EN]

(4) Nuair a bheidh éinní no aon rud á mhíniú no á chinneadh ag an gCoimisiún fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo chun crícheanna fiosrúcháin phraghais déanfaidh an Coimisiún do réir aon orduithe, maidir le saghas agus scóip an fhiosrúcháin sin, a bhéarfaidh an tAire uaidh, pe'ca roimh an bhfiosrúchán san é no le n-a linn.

[EN]

(5) Féadfaidh an Coimisiún, i gcúrsa fiosrúcháin phraghais i dtaobh na bpraghas a héilítear ar aon chineál d'earra, an fiosrúchán praghais sin do chur i mbaint le haon earra eile gurb é a hiomlán, no aon chuid di, is príomh-tháthchuid no aon-táthchuid na hearra san a céad-luaidhtear dar leis an gCoimisiún.

[EN]

(6) Más rud é, i gcúrsa fiosrúcháin i dtaobh na bpraghas a héilítear ar aon chineál d'earra, go bhfeictear don Choimisiún go bhfuil na praghsanna gheibheann táirgtheoirí i Saorstát Éireann ar aon earra eile (is toradh talmhaíochta no bun-abhar) gurb é a hiomlán no aon chuid di is príomh-tháthchuid no aon-táthchuid na hearra san a céad-luaidhtear dar leis an gCoimisiún, go bhfuilid ró-íseal, ag féachaint do chostas táirgthe na hearra eile sin, féadfaidh an Coimisiún tuarasgabháil speisialta do chur chun an Aire i dtaobh an scéil agus pé molta do dhéanamh inti sin is oiriúnach leo.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire, le linn fiosrúchán praghais do bheith ar siúl, a iarraidh ar an gCoimisiún gan leanúint níos sia den fhiosrúchán san, agus déanfaidh an Coimisiún do réir aon iarratais den tsórt san.

[EN]

Tuarasgabhála ón gCoimisiún i gcás gan na praghsanna bheith ró-árd.

24.—Másé bheidh i bhfiosrúchán praghais, ar fad no i bpáirt, ná fiosrúchán i dtaobh na bpraghas a héilítear ar chineál áirithe d'earra ar n-a dhíol fé shreath áirithe de choinníollacha, agus gurb é tuairim an Choimisiúin ná fuil na praghsanna san ró-árd, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfidh an Coimisiún tuarasgabháil chun an Aire ina leagfaid amach an tuairim sin acu;

[EN]

(b) más earra indiúité no earra shrianta an cineál san den earra san agus go mbaineann an sreath san de choinníollacha le díola dheineann daoine dheineann no tháirgeann é Saorstát Éireann leagfar amach freisin sa tuarasgabháil sin na hathruithe tháinig ar na praghsanna san ar feadh tréimhse áirithe.

[EN]

Tuarasgabhála ón gCoimisiún i gcás na praghsanna bheith ró-árd.

25.—(1) Másé bheidh i bhfiosrúchán praghais, ar fad no i bpáirt, ná fiosrúchán i dtaobh na bpraghas a héilítear ar chineál áirithe d'earra ar n-a dhíol fé shreath áirithe de choinníollacha, agus gurb é tuairim an Choimisiúin go bhfuil na praghsanna san ró-árd, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfidh an Coimisiún tuarasgabháil chun an Aire ina leagfaid amach—

[EN]

(i) an tuairim sin acu agus na fáthanna atá léi;

[EN]

(ii) a dtuairim maidir le haon bhaint do bheith leis na praghsanna san ag aon chó-aontú no cur-le-chéile chun cur isteach ar iomaíocht trádála no gan a bheith;

[EN]

(iii) a dtuairim maidir leis an bpraghas chun ar cheart na praghsanna san do laigheadú agus na fáthanna atá acu leis an tuairim sin;

[EN]

(iv) a molta maidir leis an slí is fearr chun an laigheaduithe sin do chur i bhfeidhm;

[EN]

(v) pé nithe eile (más ann dóibh) is ceart dar leis an gCoimisiún, no go mbeidh an tAire tar éis a iarraidh ortha tuarasgabháil do thabhairt ina dtaobh;

[EN]

(b) má mholann an Coimisiún don Aire ordú praghais do dhéanamh maidir leis an gcineál san den earra san, beidh ina dtuarasgabháil freisin—

[EN]

(i) dréacht den ordú bheartuithe, agus

[EN]

(ii) i gcás go socrófar leis an dréacht san gurb é bheidh sa phraghas mhaximum a luadhfar ann ná praghas atharuitheach a bheidh ag brath ar phraghas aon earra eile, gurb é a hiomlán no aon chuid di, dar leis an gCoimisiún, is príomh-tháthchuid no aontáthchuid na hearra san a céad-luaidhtear, ráiteas á rá cad is praghas réasúnta, dar leis an gCoimisiún, ar an earra eile sin;

[EN]

(c) má mholann an Coimisiún don Aire ordú praghais (srian le brabús) do dhéanamh maidir leis an gcineál san den earra san beidh dréacht den ordú bheartuithe ina dtuarasgabháil freisin.

[EN]

(2) Másé bheidh i bhfiosrúchán praghais, ar fad no i bpáirt, ná fiosrúchán i dtaobh na bpraghas a héilítear ar chineál áirithe d'earra (is earra indiúité no is earra shrianta no is earra indiúité agus srianta) ar n-a dhíol fén sreath so leanas de choinníollacha, eadhon, ag daoine dheineann no tháirgeann é i Saorstát Éireann, agus gurb é tuairim an Choimisiúin go bhfuil na praghsanna san ró-árd, beidh feidhm ag na forálacha so leanas, i dteanta na bhforálacha luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, maidir le tuarasgabháil an Choimisiúin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) luadhfar sa tuarasgabháil sin na hatharuithe tháinig ar na praghsanna san ar feadh tréimhse áirithe;

[EN]

(b) más earra indiúité an cineál san den earra san ach nach earra shrianta é, luadhfar sa tuarasgabháil sin freisin—

[EN]

(i) an praghas do bhéarfadh iomportálaí air, dar leis an gCoimisiún, dá ndeintí é d'iomportáil go díreach ón té do rinne no do tháirg é agus é do sheachadadh, agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha air, i mbanna in áit áirithe iomportála i Saorstát Éireann;

[EN]

(ii) an é tuairim an Choimisiúin gur mhaith an rud é an diúité custum is iníoctha air do laigheadú agus, másé, cadé méid an laigheaduithe sin;

[EN]

(c) más earra indiúité an cineál san den earra san agus gur earra shrianta freisin é, luadhfar san tuarasgabháil sin freisin—

[EN]

(i) an praghas do bhéarfadh iomportálaí air, dar leis an gCoimisiún, dá mba rud é nárbh earra shrianta é agus go ndéanfaí é d'iomportáil go díreach ón té do rinne no do tháirg é agus é do sheachadadh, agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha air, i mbanna in áit áirithe iomportála i Saorstát Éireann;

[EN]

(ii) an é tuairim an Choimisiúin gur mhaith an rud é an diúité custum is iníoctha air do laigheadú agus, másé, cadé méid an laigheaduithe sin;

[EN]

(iii) an é tuairim an Choimisiúin gur mhaith an rud é atharú do dhéanamh ar na srianta atá le n-a iomportáil agus, másé, cadé méid an atharuithe sin;

[EN]

(d) más earra shrianta an cineál san den earra san ach nach earra indiúité é, luadhfar sa tuarasgabháil sin freisin—

[EN]

(i) an praghas do bhéarfadh iomportálaí air, dar leis an gCoimisiún, dá mba rud é nárbh earra shrianta é agus go ndéanfaí é d'iomportáil go díreach ón té do rinne no do tháirg é agus é do sheachadadh, agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha air, in áit áirithe iomportála i Saorstát Éireann;

[EN]

(ii) an é tuairim an Choimisiún gur cheart atharú do dhéanamh ar na srianta atá le n-a iomportáil agus, másé, cadé méid an atharuithe sin.

[EN]

Tuarasgabhála ón gCoimisiún d'fhoillsiú.

26.—Féadfaidh an tAire aon tuarasgabháil no aon chuid d'aon tuarasgabháil a bhéarfaidh an Coimisiún dó fén gCuid seo den Acht so d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.

[EN]

Orduithe praghais.

27.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh le hordú (dá ngairmtear ordú praghais san Acht so) a shocrú, maidir le hearra, cadé an praghas maximum ar a bhféadfar cineál áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) den earra san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta i líomatáiste áirithe ar n-a dhíol no ar n-a thairisgint chun a dhíolta fén sreath no na sreathanna san de choinníollacha (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) a luadhfar san ordú san, agus féadfaidh praghsanna deifriúla do shocrú amhlaidh maidir le sreathanna deifriúla den tsórt san de choinníollacha.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú praghais a déanfar i dtaobh earra, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh baint a bheith ag an ordú praghais sin le níos mó ná aon chineál amháin den earra san, agus, sa chás san, féadfaidh forálacha deifriúla do bheith ann maidir leis an gcineál san den earra san;

[EN]

(b) isé líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san ná Saorstát Éireann go léir no aon chuid áirithe dhe;

[EN]

(c) foillseofar an t-ordú san san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta;

[EN]

(d) luadhfar san ordú san an dáta ar a mbeidh sé le teacht i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil:

[EN]

(e) féadfaidh an tAire, le hordú fén mír seo, an t-ordú praghais sin do cheiliúradh no do leasú, agus bainfidh forálacha míreanna (c) agus (d) den fho-alt so le gach ordú déanfar fén mír seo.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú praghais maidir le hearra ar bith, féadfaidh, más oiriúnach leis é, na nithe seo leanas do dhéanamh leis an ordú san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a dhearbhú, maidir le hearra ar bith eile gurb é a hiomlán no aon chuid di is príomh-tháthchuid no aontáthchuid na hearra san a céad-luaidhtear dar leis. gurb í bheidh, chun crícheanna an orduithe phraghais sin, ina príomh-tháthchuid den earra san a céadluaidhtear;

[EN]

(b) aon phraghas maximum a bheidh san ordú san a cheapadh ina phraghas atharuitheach a bheidh ag brath, sa tslí forálfar leis an ordú praghais sin, ar an bpraghas a bheidh, de bhuadh an chéad ailt ina dhiaidh seo, ina riail-phraghas de thurus na huaire ar an earra eile sin.

[EN]

(4) Pé uair—

[EN]

(a) a bheidh ordú praghais i bhfeidhm, agus

[EN]

(b) a ceapfar praghas leis an ordú san ar a bhféadfar cineál d'earra do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san ar n-a dhíol no ar n-a thairisgint chun a dhíolta fé shreath áirithe de choinníollacha,

[EN]

ansan, gach duine dhéanfaidh aon chineál den tsórt san den earra san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin, fén sreath san de choinníollacha, ar phraghas is mó ná an praghas maximum san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air, másé an chéad chionta fén alt so aige é, agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Fo-orduithe d'orduithe praghais.

28.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú praghais maidir le haon earra agus go ndearbhóidh leis an ordú san go mbeidh aon earra eile, chun crícheanna an orduithe phraghais sin, ina príomhtháthchuid den earra san a céad-luaidhtear, déanfaidh, sara dtagaidh an t-ordú praghais sin i bhfeidhm, ordú (dá ngairmtear fo-ordú san alt so) agus féadfaidh, ina dhiaidh sin pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, san do dhéanamh ag ceapadh pé praghais is ceart dar leis chun bheith, chun crícheanna an orduithe phraghais sin, ina riail-phraghas ar an earra eile sin, agus an praghas a ceapfar amhlaidh le haon fho-ordú den tsórt san isé bheidh, faid a leanfaidh an fo-ordú san i bhfeidhm, ina riailphraghas ar an earra eile sin chun crícheanna an orduithe phraghais sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, fo-ordú ar bith do cheiliúradh.

[EN]

(3) Déanfar gach fo-ordú agus gach ordú ag ceiliúradh fo-orduithe d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus luadhfar ann an dáta ar a mbeidh sé le teacht i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a fhoillsithe san Iris Oifigiúil.

[EN]

Iarrataisí o mhion-díoltóirí chun orduithe praghais do leasú.

29.—Pé uair—

[EN]

(a) a déanfar ordú praghais ag ceapadh an phraghais mhaximum ar a bhféadfar cineál áirithe d'earra do dhíol i líomatáiste áirithe nuair is ina mhion-choda díolfar é, agus

[EN]

(b) a dhéanfaidh duine 'na mbíonn an cineál san den earra san á dhíol aige ina mhion-choda sa líomatáiste sin a iarraidh ar an Aire, an t-ordú praghais sin do leasú tríd an bpraghas maximum san do mhéadú ar an bhforas gur mhéaduigh praghas mhór-dhíolta an chiníl sin den earra san o rinneadh an t-ordú praghais sin,

[EN]

déanfaidh an tAire, mara ndeine sé an méid sin den ordú san a bhainfidh leis an bpraghas maximum san do cheiliúradh no do leasú do réir an iarratais sin, a iarraidh láithreach ar an gCoimisiún fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an iarratais sin, agus déanfaidh an Coimisiún an fiosrúchán san agus tuairisceoid a thoradh don Aire chó luath agus is féidir é.

[EN]

Orduithe praghais (srian le brabús).

30.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú praghais (srian le brabús) san Acht so) do dhéanamh maidir le hearra á thoirmeasc cineál áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) den earra san do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta ar n-a dhíol no ar n-a thairisgint chun a dhíolta i líomatáiste áirithe fé shreath áirithe de choinníollacha (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire ach ní hi slí go mbainfid le duine dheineann an cineál san den earra san a dhíol no a thairisgint chun a dhíolta) ar phraghas is mó ná an tsuim airgid a bheidh có-ionann leis an bpraghas a rinne a té dhíol é no an té bheidh ar intinn é dhíol d'íoc air maraon le percentáiste áirithe den phraghas san, agus féadfar percentáistí deifriúla den tsórt san do luadh san ordú san maidir le sreathanna deifriúla den tsórt san de choinníollacha.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú praghais (srian le brabús) a déanfar i dtaobh earra, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an t-ordú san baint le níos mó ná aon chineál amháin den earra san, agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla do bheith ann i dtaobh gach ciníl fé leith den tsórt san den earra san;

[EN]

(b) isé líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san ná Saorstát Éireann go léir no aon chuid áirithe dhe;

[EN]

(c) foillseofar an t-ordú san san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta;

[EN]

(d) luadhfar san ordú san an dáta ar a mbeidh sé le teacht i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil;

[EN]

(e) féadfaidh an tAire, le hordú fén mír seo, an t-ordú praghais (srian le brabús) san do cheiliúradh no do leasú, agus bainfidh forálacha míreanna (c) agus (d) den fho-alt so le gach ordú déanfar fén mír seo.

[EN]

(3) Más rud é, pé uair agus faid a bheidh ordú praghais (srian le brabús) i bhfeidhm, go ndéanfaidh duine ar bith éinní contrárdha don ordú san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

[EN]

Earraí is abhar d'orduithe praghais agus d'orduithe praghais (srian le brabús) do dhíol do réir meáchainte no tomhais.

31.—Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a thoirmeasc, le haon ordú praghais no ordú praghais (srian le brabús), an cineál d'earra no aon chineál amháin no níos mó de sna cineálacha d'earra le n-a mbaineann an t-ordú san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san ach amháin do réir na meáchaintí no na dtomhas caighdeánach san agus na n-aonad san a luadhfar san ordú san agus má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don toirmeasc san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Srian le horduithe do dhéanamh.

32.—(1) Ní dhéanfaidh an tAire ordú praghais ná ordú praghais (srian le brabús) maidir le haon chineál no cineálacha d'earra mara mbeidh an Coimisiún tar éis a mholadh dhó an t-ordú san a dhéanamh ach nuair a bheidh an t-ordú san á dhéanamh ag an Aire ní bheidh ceangailte air éifeacht a thabhairt do théarmaí ná d'aon cheann de théarmaí an mholta san.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon ordú praghais ná aon ordú praghais (srian le brabús) maidir le haon earra go mbeidh comhachta reachtúla chun praghsanna do cheapadh infheidhmithe ina taobh de thurus na huaire ag aon Aire eile no duine eile, gan toiliú an Aire eile no an duine eile sin (do réir mar a bheidh).

[EN]

Comhachta cigirí.

33.—(1) Má bhíonn ordú praghais maidir le cineál ar bith d'earra i bhfeidhm in aon líomatáiste ag ceapadh an phraghais mhaximum ar a bhféadfar aon chineál d'earra do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta ar n-a dhíol fé shreath áirithe de choinníollacha, féadfaidh cigire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh, sa líomatáiste sin, ina mbíonn díol an chiníl sin den earra san fén sreath san de choinníollacha ar siúl;

[EN]

(b) a cheangal ar an duine ag á mbíonn an gnó san ar siúl a rá cadé an praghas ar a ndíolann sé an cineál san den earra san;

[EN]

(c) a cheangal ar an duine sin aon leabhair agus scríbhinní do thaisbeáint a bheidh ina sheilbh no ar fáil aige agus ina mbeidh iontrála i dtaobh méideanna den chineál san den earra san do díoladh;

[EN]

(d) na leabhair agus na scríbhinní sin d'iniúchadh, agus cóipeanna dhíobh do dhéanamh agus sleachta do thógaint asta.

[EN]

(2) Má bhíonn ordú praghais (srian le brabús) maidir le cineál ar bith d'earra i bhfeidhm in aon líomatáiste, féadfaidh cigire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh, se líomatáiste sin, ina mbíonn gnó ar siúl ag éinne le n-a mbainfidh an toirmeasc a bheidh san ordú san;

[EN]

(b) a cheangal ar an duine sin a rá cadé an praghas ar a ndíolann sé an cineál san den earra san;

[EN]

(c) a cheangal ar an duine sin aon leabhair agus scríbhinní do thaisbeáint a bheidh ina sheilbh no ar fáil aige agus is dóich leis an gcigire sin is gá chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag cólíonadh an orduithe sin no ná fuiltear;

[EN]

(d) na leabhair agus na scríbhinní sin d'iniúchadh agus do scrúdú agus cóipeanna dhíobh do dhéanamh agus sleachta do thógaint asta.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go dteipfidh ar éinne no go ndiúltóidh éinne, ar a gceanglóidh cigire go dleathach fén alt so a rá cadé an praghas ar a ndíolann sé aon chineál d'earra, déanamh do réir an cheangail sin, no

[EN]

(b) go ndiúltóidh éinne ar a gceanglóidh cigire go dleathach fén alt so aon scríbhinn no leabhar do thaisbeáint, an scríbhinn no an leabhar san do thaisbeáint, no

[EN]

(c) go mbacfaidh no go gcoiscfidh éinne cigire ar bith agus eisean ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar chigire leis an alt so,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

CUID IV.

An Iomarca d'eileamh ar Earrai na Baineann Orduithe Praghais leo.

[EN]

Srian le himeachta fé Chuid IV.

34.—Ní dhéanfaidh an Rialuitheoir ní ná rud ar bith ná ní dhéanfaidh deimhniú amach fén gCuid seo den Acht so maidir le praghas aon earra go mbeidh comhachta reachtúla chun praghsanna do cheapadh infheidhmithe ina taobh de thurus na huaire ag éinne eile mara mbeidh sé údaruithe i scríbhinn ag an duine eile sin chun an ní no an ruda san do dhéanamh no chun an deimhnithe sin a dhéanamh amach.

[EN]

Mion-innste ar earraí ceannófar.

35.—(1) Má dheineann duine go mbíonn gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige earra ar bith, gur mó ná dhá scilling a praghas, do dhíol i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san, ansan, má cheanglann an ceannuitheoir san air uair an díola, seachadfaidh an duine sin ar an láthair sin don cheannuitheoir ráiteas i scríbhinn ina mbeidh na mion-innste seo leanas alos an chiníl sin den earra san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tuairisc ar an earra;

[EN]

(b) más do réir meáchainte no tomhais do díoladh an earra, a meáchaint ghlan no a tomhas glan, do réir mar a bheidh;

[EN]

(c) más do réir lín do díoladh an earra, an líon;

[EN]

(d) an tsuim do héilíodh ar an earra.

[EN]

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith no má fhaillíonn no má dhiúltann déanamh do réir an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phunt do chur air.

[EN]

Gcaráin i dtaobh an iomarca d'éileamh.

36.—(1) Féadfaidh éinne gearán (dá ngairmtear gearán sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh leis an Rialuitheoir á rá go ndearna duine go mbíonn gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige cineál d'earra do dhíol leis no do thairisgint chun a dhíolta leis ar phraghas ró-árd i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh gearán bhéarfaidh don Rialuitheoir na mion-innste sin a theastóidh ón Rialuitheoir chun a chur ar a chumas a chinneadh ce'ca is ceart no nach ceart fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an ghearáin sin.

[EN]

(3) Féadfar gearán a dhéanamh leis an Rialuitheoir tré n-a dhéanamh le haon oifigeach eile don Choimisiún a cheapfaidh an Coimisiún chun gearáin a ghlacadh thar ceann an Rialuitheora.

[EN]

Gearáin do chur fé bhráid chigirí chun fiosrúchán do dhéanamh ina dtaobh.

37.—Ar fháil gearáin don Rialuitheoir cuirfe sé an gearán san fé bhráid chigire chun fiosrúchán do dhéanamh ina thaobh fén gCuid seo den Acht so maran rud é—

[EN]

(a) gurb é a thuairim gur gearán suaibhreosach an gearán san, no

[EN]

(b) go dteipfidh ar an duine dhéanfaidh an gearán san an t-eolas san maidir leis an ngearán do thabhairt don Rialuitheoir a theastóidh ón Rialuitheoir, no

[EN]

(c) go mbeadh na nithe uile agus fé seach adeirtear sa ghearán san, go mbeidís, dá gcruthuítí iad, ina gcionta fé alt 27 (a bhaineann le horduithe praghais) no fé alt 30 (a bhaineann le horduithe praghais (srian le brabús)) den Acht so.

[EN]

Cigirí do dhéanamh fiosrúcháin i dtaobh gearán.

38.—(1) Pé uair a cuirfear gearán fé bhráid chigire fén alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh an cigire sin fiosrúchán i dtaobh an ghearáin sin agus ar a fhiosrúchán do bheith críochnuithe aige tuairisceoidh a thoradh san don Rialuitheoir.

[EN]

(2) Chun crícheanna fiosrúcháin i dtaobh gearáin féadfaidh cigire, ar a údarás chun gníomhú mar chigire do thaisbeáint, a chur mar cheangal—

[EN]

(a) ar an duine do rinne an gearán is abhar don fhiosrúchán san colas a bhaineann leis an ngearán do thabhairt dó, pé colas a theastóidh uaidh do réir réasúin agus atá ag an duine sin no atá ar chumas an duine sin d'fháil gan dul fé chostas nea-réasúnta;

[EN]

(b) ar an díoltóir a luaidhtear sa ghearán san colas a bhaineann leis an ngearán do thabhairt dó, pé colas a theastóidh uaidh do réir réasúin agus atá ag an díoltóir sin no atá ar chumas an dioltóra san d'fháil gan dul fé chostas nea-réasúnta;

[EN]

(c) ar dhuine ar bith eile, go mbíonn gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige agus a dheineann an cineál d'earra le n-a mbaineann an gearán san do dhíol i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san, an t-eolas san do thabhairt dó theastóidh uaidh do réir réasúin i dtaobh an phraghais íocann an duine sin ar an gcineál san d'earra agus i dtaobh an phraghais ar a ndíolann an duine sin an cineál san d'earra.

[EN]

(3) Má dhiúltann no má fhaillíonn duine ar bith aon colas do thabhairt do chigire éileoidh sé go dleathach fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Deimhnithe praghais.

39.—(1) Má bheireann cigire tuarasgabháil don Rialuitheoir maidir le gearán do cuireadh fé n-a bhráid chun fiosrúchán do dhéanamh ina thaobh agus másé tuairim an Rialuitheora, tar éis na tuarasgabhála san do bhreithniú, go bhfuil cúis mhaith leis an ngearán san, féadfaidh an Rialuitheoir, le toiliú an Choimisiúin, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú praghais san Acht so) do dhéanamh amach sa bhfuirm orduithe, agus na mion-innste orduithe ann, á dheimhniú cadé an praghas is praghas reasúnta, dar leis an Rialuitheoir, ar an gcineál den carra dob abhar don ghearán ar n-a dhíol ag an díoltóir le n-a mbaineann an gearán san i líomatáiste áirithe (ina mbeidh an áit ina ndearnadh an díol dob abhar don ghearán san) fé choinníollacha den tsamhail fé n-a ndearnadh an díol dob abhar don ghearán san, agus seirbheálfaidh cóip den deimhniú san ar an díoltóir sin.

[EN]

(2) Fanfaidh gach deimhniú praghais i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar é.

[EN]

(3) Féadfaidh an Rialuitheoir, le toiliú an Choimisiúin, deimhniú praghais d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.

[EN]

(4) Féadfaidh an Rialuitheoir, le toiliú an Choimisiúin, deimhniú praghais do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(5) Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Rialuitheoir deimhniú praghais do leasú i pé slí is oiriúnach leo no é cheiliúradh agus déanfaidh an Rialuitheoir do réir aon iarratais den tsórt san.

[EN]

(6) Má deintear ordú praghais maidir le cineál d'earra ar n-a dhíol no ar n-a thairisgint chun a dhíolta i líomatáiste áirithe fé shreath de choinníollacha, ansan, gach deimhniú praghais a bhainfidh leis an gcineál san den carra san ar n-a dhíol no ar n-a thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin fé shreath de choinníollacha den tsamhail chéanna scuirfe sé de bheith i bhfeidhm.

[EN]

(7) Féadfar cóip de dheimhniú praghais do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine bheidh ainmnithe ann no tré n-a chur tríd an bpost chláruithe chun an duine sin san áitreibh ina mbíonn gnó ar siúl aige.

[EN]

Ciontaí maidir le deimhnithe praghais.

40.—(1) Pé uair—

[EN]

(a) a bheidh deimhniú praghais maidir le cineál d'earra i bhfeidhm de thurus na huaire, agus

[EN]

(b) a deimhneofar leis an deimhniú san praghas do bheith ina phraghas reasúnta le héileamh ar an gcineál san den earra san ar n-a dhíol sa líomatáiste le n-a mbainfidh an deimhniú san fé sna coinníollacha bheidh luaidhte sa deimhniú san, agus

[EN]

(c) a bheidh cóip den deimhniú san seirbheálta go cuibhe ar an duine bheidh ainmnithe ann,

[EN]

ní bheidh sé dleathach don duine sin an cineál san den earra san do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin fé sna coinníollacha san ar phraghas is mó ná an praghas san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) Má deintear, in aon imeachta mar gheall ar chionta fén alt so, deimhniú praghais do thabhairt i láthair a bheireann le tuisgint é bheith fé láimh an Rialuitheora, beidh san ina fhianaise prima facie ar an deimhniú san do bheith déanta go dleathach ar gach slí agus ar é bheith fé láimh an Rialuitheora.

[EN]

(4) Ní déanfar imeachta mar gheall ar chionta fén alt so do bhunú ach le toiliú an Choimisiúin.

CUID V.

Liostai de Phraghsanna Mion-Diola do Thaisbeaint i Siopai Mion-Diola.

[EN]

Molta maidir le liostaí de phraghsanna do thaisbeáint i siopaí mion-díola.

41.—(1) Féadfaidh an Coimisiún tuarasgabháil (dá ngairmtear tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt don Aire á rá gurb é a dtuairim go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an tAire do dhéanamh orduithe fén gCuid seo den Acht so á cheangal ar gach duine bhíonn ag mion-díol aon chiníl no cineálacha áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an gCoimisiún) d'earra áirithe in aon áit i Saorstát Éireann no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann (fé mar a luadhfar sa tuarasgabháil sin) liost ar a mbeidh praghas mion-díola gach ciníl fé leith den earra san do thaisbeáint san áitreabh ina mbíonn an gnó san ar siúl ag an duine sin.

[EN]

(2) Féadfaidh tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna baint le níos mó ná aon earra amháin.

[EN]

(3) Luadhfar i ngach tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna—

[EN]

(a) na fáthanna atá le tuairim an Choimisiúin go raghadh sé chun leasa na publíochta an t-ordú is abhar don tuarasgabháil do dhéanamh;

[EN]

(b) gach cineál fé leith den earra no de sna hearraí le n-ar cheart baint do bheith ag an ordú beartuithe;

[EN]

(c) an dáta mholann an Coimisiún chun an orduithe bheartuithe do theacht i bhfeidhm, agus ré an orduithe sin;

[EN]

(d) an líomatáiste mholann an Coimisiún gur cheart an t-ordú beartuithe do bhaint leis;

[EN]

(e) an tslí mholann an Coimisiún is ceart a chur mar cheangal leis an ordú beartuithe an liost de phraghsanna do thaisbeáint.

[EN]

Orduithe praghas mion-díola taisbeáint).

42.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú praghas mion-díola (taisbeáint) sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh á cheangal ar gach duine bhíonn ag mion-díol aon chiníl no cineálacha áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) d'earra áirithe in aon líomatáiste áirithe liost ar a mbeidh praghas mion-díola gach ciníl fé leith den earra san do thaisbeáint, sa tslí a héilítear leis an ordú san, in aon áitreabh, feithicil, stalla, both, no seastán eile ina mbíonn an gnó san ar siúl aige sa liomatáiste sin.

[EN]

(2) Féadfaidh ordú praghas mion-díola (taisbeáint) baint le níos mó ná carra amháin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so ordú praghas mion-díola (taisbeaint) do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(4) Déanfar gach ordú praghas mion-díola (taisbeáint) fén alt so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus luadhfar ann an dáta (ná beidh níos luatha ná deich lá tar éis dáta a fhoillsithe san Iris Oifigiúil) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh an tAire ordú praghas mion-diola (taisbeáint) maidir le haon chineál d'earra mara bhfaighe sé tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna alos an chiníl sin den earra san ach nuair a bheidh an t-ordú san á dhéanamh ag an Aire ní bheidh téarmaí ná aon cheann de théarmaí na tuarasgabhála san ina cheangal air.

[EN]

Ciontaí maidir le horduithe praghas mion-díola (taisbeáint).

43.—Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar ordú praghas mion-díola (taisbeáint) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no má theipeann air no má fhaillíonn sé déanamh do réir orduithe den tsórt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID VI.

Foralacha Ilghneitheacha.

[EN]

Tuairisceáin o dhaoine dhíolann earraí.

44.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil

[EN]

(a) á rá go bhfuil ar intinn acu bheith ag faire, ar feadh aon tréimhse áirithe, ar na praghsanna bheidh á n-éileamh in aon líomatáiste no líomatáistí ar aon chineál no cineálacha (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leo) d'earra do dhíol fé aon tsreath no sreathanna de choinníollacha (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leo), agus

[EN]

(b) á cheangal ar gach duine bhíonn ag gabháil sa líomatáiste no sna líomatáistí sin do ghnó ina ndeintear aon díola den tsórt san tuairisceán ina mbeidh na mion-innste sin, maidir leis na praghsanna gheibhtear de bharr na ndíol san, a luadhfar sa bhfógra san do chur go tráthrialta chun an Choimisiúin i rith na tréimhse sin.

[EN]

(2) Pé uair fhoillseoidh an Coimisiún fógra fén alt so beidh gach duine ar a dteipfidh tuairisceán do chur chun an Choimisiúin a ceangalófar air leis an bhfógra san a chur chúcha, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

An Coimisiún d'fhoillsiú eolais dtaobh praghas.

45.—Féadfaidh an Coimisiún pé eolas d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leo i dtaobh praghsanna a héilítear go generálta i Saorstát Éireann no in aon líomatáiste no líomatáistí áirithe ar aon chineál no cineálacha d'earra do dhíol fé aon tsreath no sreathanna áirithe de choinníollacha.

[EN]

Cosnaimh reachtúla.

46.—(1) Má deintear duine, is fostóir no is príomhaire, do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fé alt 27 (a bhaineann le horduithe praghais) no fé alt 30 (a bhaineann le horduithe praghais (srian le brabús)) no fé alt 40 (a bhaineann le ciontaí maidir le deimhnithe praghais) den Acht so beidh sé ina chosnamh mhaith don duine sin ar an gcúiseamh san a chruthú—

[EN]

(a) go ndearna sé dícheall cuibhe chun déanamh na nithe adeirtear is cionta ann do chosc; agus

[EN]

(b) nach é féin a rinne na nithe adeirtear isiad an cionta san ann; agus

[EN]

(c) nach le n-a chead féin ná tré n-a fhaillí thoiliúil ná tré é dá scaoileadh thairis a rinneadh na nithe sin; agus

[EN]

(d) ar an ngairm do sheirbheáil air go dtug sé don chúisitheoir gach colas a bhí ar a chumas i dtaobh an duine do rinne na nithe sin.

[EN]

(2) Má deintear duine, is seirbhíseach no is fostaí. do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fé alt 27 (a bhaineann le horduithe praghais) no fé alt 30 (a bhaineann le horduithe praghais (srian le brabús)) no fé alt 40 (a bhaineann le ciontaí maidir le deimhnithe praghais) den Acht so, beidh sé ina chosnamh mhaith don duine sin ar an gcúiseamh san a chruthú—

[EN]

(a) go raibh sé ar fostú ag duine eile (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so); agus

[EN]

(b) gur i gcúrsa agus chun crícheanna na fostaíochta san a rinne sé na nithe adeirtear isiad an cionta san ann; agus

[EN]

(c) ná raibh sé ach ag géilleadh d'orduithe soiléire an fhostóra nuair a rinne sé na nithe sin; agus

[EN]

(d) ar an ngairm do sheirbheáil air go dtug sé uaidh gach eolas a bhí ar a chumas i dtaobh na nithe luaidhtear sna míreanna san roimhe seo.

[EN]

Eifeacht ordú fé Chuid III aguséifeacht deimhniú fé Chuid IV maídir le connartha atá ann cheana.

47.—(1) I gcás connartha chun earra ar bith do dhíol le n-a mbaineann ordú praghais no ordú praghais (srian le brabús) no deimhniú praghais do dhéanamh roimh dháta an orduithe no an deimhnithe sin do theacht i bhfeidhm agus gur tar éis an dáta san a bheidh an connradh san go léir no aon chuid de le cólíonadh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh éinní atá i gCuid III, ná i gCuid IV, den Acht so deifir don chonnradh san ná d'aon cheann dá théarmaí;

[EN]

(b) éinní déanfar fén gconnradh san tuigfear, chun crícheanna Coda III, no Coda IV, den Acht so, ach ní chun aon chríche eile, gur roimh an dáta san do rinneadh é.

[EN]

(2) I gcás tairisginte chun cineál ar bith d'earra do chur ar fáil ar phraghsanna áirithe i rith tréimhse áirithe do ghlacadh roimh dháta orduithe phraghais no orduithe phraghais (srian le brabús) no deimhnithe phraghais a bhaineann leis an gcineál san den earra san do theacht i bhfeidhm agus é bheith ceangailte do réir dlí, fé réir forálacha na tairisginte sin, ar neach déanta na tairisginte sin pé caindíochtaí den chineál san den earra san a chur ar fáil a hordófar uaidh o am go ham i rith na tréimhse sin, tuigfear gach connradh dá ndeintear deifir tré ordú i gcóir an chiníl sin den earra san i rith na tréimhse sin agus tar éis an dáta san. tuigfear chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so gur roimh an dáta san do rinneadh é.