Uimhir 26 de 1942.
ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[15adh Mi na Nodlag, 1942.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Teidil, 1942, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, do ghairm den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus den Acht so le chéile.
Mínithe agus léiriú.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt.
(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san, beidh leis, san Acht so, an bhrí ceaptar dó amhlaidh.
Gearr-theideal an Phríomh-Achta.
3.—Féadfar an Registration of Title Act, 1891, do ghairm den Phríomh-Acht, sé sin le rá, den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, in ionad an teidil sin.
Teideal Choiste na-Rialacha d'athrú.
4.—Bhéarfar Coiste na Rialacha um Chlárú Teidil ar an gcoiste do bunuíodh le halt 73 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, in ionad an teidil a ceaptar dó leis an alt san.
Athghairm.
5.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Costais.
6.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais féna raghfar chun an tAcht so do riaradh.
CUID II.
Udarais Chlarathachta agus a nOifigigh.
An Clárathóir Teideal.
7.—(1) Ceapfar an Clárathóir Teideal ag an Riaghaltas agus beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Riaghaltas.
(2) Ní ceapfar éinne chun bheith ina Chlárathóir Teideal mara mbeidh sé, tráth a cheaptha, ina abhcóide no ina atúrnae agus ocht mbliana ar a laghad tugtha aige ag cleachtadh a ghairme.
(3) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so is tuigthe seirbhís abhcóide no atúrnae i bpost sa Stát-Sheirbhís do bheith ina cleachtadh gairme aige.
(4) Fé réir an duine ceapfar chuice do bheith ina shláinte tráth a cheaptha is oifig inphinsin do réir na nAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire oifig an Chlárathóra Teideal, agus féadfár pé aoisliúntas agus liúntais eile agus pé aiscí do dheonadh don Chlárathóir Teideal ar dhul as oifig dó, no dá ionadaidhe pearsanta dlíthiúil ar fháil bháis dó, dob indeonta don Chlárathóir Teideal san fé na hAchtanna san dá mb'amhlaidh a bheadh sé ceaptha chun stát-sheirbhís bhuan na hÉireann maille le deimhniú o Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse.
(5) Beidh gach Clárathóir Teideal i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.
(6) Raghaidh an Clárathóir Teideal as oifig nuair a shlánóidh cúig bliana seascad d'aois ach féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, an aois sin chun dul as oifig do shíneadh, i gcás aon Chlárathóra Teideal áirithe, go haois ar bith nach mó ná seachtó bliain.
(7) An duine ceapfar fén alt so chun bheith ina Chlárathóir Teideal féadfaidh an Riaghaltas é cheapadh freisin chun bheith ina Chlárathóir Dintiúirí agus, má ceaptar é amhlaidh, bhéarfar an Clárathóir Dintiúirí agus Teideal mar ainm air, ach leanfaidh na forálacha san roimhe seo den alt so de bhaint leis mar do bhainfeadh dá leanadh sé de bheith ina Chlárathóir Teideal amháin.
(8) Ní bheidh éifeacht feasta ag an méid sin d'alt 8 de reacht Éireannach do ritheadh roimh an Aondacht sa 6adh bliain de réimeas na Bainríona Anne, caibidil a dó, dar teideal “an Act for the Publick Registering of all Deeds, Conveyances and Wills”, etc., arna leasú le halt 2 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832. lena n-achtuítear go raghaidh an Clárathoir Dintiúirí agus na clárathóirí conganta, roimh thosnú dhóibh ar dhualgais a n-oifigí fé seach, fé bhanna, gach duine fé leith aca, sa tslí agus sa tsuim a luaidhtear sa chéanna.
Oifigigh údarás clárathachta.
8.—(1) Beidh ag gabháil leis an bpríomh-oifig agus le gach oifig áitiúil pé oifigigh agus seirbhísigh, agus pé méid díobh, a mheasfaidh an tAire o am go ham, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith riachtanach.
(2) Gach oifigeach agus seirbhíseach a bheidh ag gabháil leis an bpríomh-oifig no le haon oifig áitiúil beidh sé i seilbh a phuist ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.
Údarás clárathachta áitiúil.
9.—(1) Fé réir stiúrtha agus urláimhe an Chlárathóra Teideal i dtaobh na nithe sin a bheidh orduithe, beidh gach oifig áitiúil fé bhainistighe agus urláimh chlárathóra chontae na contae ina mbeidh an oifig áitiúil sin, agus is san Oifig Chúirte Cuarda sa chontae sin agus don chontae sin a déanfar gnó na hoifige áitiúla san.
(2) Is údarás clárathachta áitiúil chun crícheanna an Phríomh-Achta gach clárathóir contae (seachas an clárathóir contae do chontae-bhuirg agus contae Bhaile Atha Cliath) agus, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (7) d'alt 4 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí atá san Acht san no san Acht so don údarás clárathachta áitiúil mar thagairtí don chlárathóir chontae (seachas an clárathóir contae do chontae-bhuirg agus contae Bhaile Atha Cliath).
(3) Chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so lean faidh contae Chorcaighe agus contae-bhuirg Chorcaighe de bheith ina n-aon chontae amháin.
(4) Is fé réir forálacha fo-ailt (3) d'alt 11 den Acht so bheidh éifeacht ag an alt so.
Comhachta údarás clárathachta d'fheidhmiú.
10.—(1) Na comhachta agus na dualgais a bronntar no forchuirtear ar phríomh-údarás clárathachta leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so no fé cheachtar aca féadfar iad uile no aon cheann díobh d'fheidhmiú agus do chólíonadh ag pé oifigeach no oifigigh eile bheidh ag gabháil leis an bpríomh-oifig agus a údaróidh an tAire chuige sin o am go ham.
(2) Na comhachta agus na dualgais a bronntar no forchuirtear ar aon údarás clárathachta áitiúil leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so no fé cheachtar aca féadfar iad uile no aon cheann díobh d'fheidhmiú agus do chólíonadh ag pé oifigeach no oifigigh eile bheidh ag gabháil leis an oifig áitiúil iomchuibhe agus a údaróidh an tAire chuige sin o am go ham.
(3) Is tuigthe fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht (d'ainneoin é d'athghairm leis an Acht so) do bheith leasuithe amhail o theacht i bhfeidhm do Chuid I den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), tríd an abairt “The Minister for Justice” do chur in ionad na habairte “The Land Judge” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin ann, agus dá réir sin gach ainmniú do rinne an tAire, tar éis teacht i bhfeidhm don Chuid sin I agus roimh dháta an Achta so do rith, ar oifigeach, do bhí sa phríomh-oifig no ag gabháil léi, chun é d'fheidhmiú agus do chólíonadh comhacht agus dualgas an phríomh-údaráis chlárathachta no ar oifigeach, do bhí in oifig áitiúil no ag gabháil léi, chun é d'fheidhmiú agus do chólíonadh dualgas an údaráis chlárathachta áitiúil beidh sé, agus is tuigthe go raibh sé riamh, déanta go bailidhe fén bhfo-alt san (1) arna leasú amhlaidh, agus ní bheidh éinní do rinne aon oifigeach den tsórt san de bhuadh aon ainmnithe den tsórt san neambailidhe ná ionchonspóidte ar an bhforas go raibh an t-ainmniú san nea-mbailidhe.
Gníomhartha daoine áirithe do dhéanamh bailidhe.
11.—(1) Gach duine a bhfuil a ainm leagtha amach sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so is tuigthe ina thaobh, amhail ón dáta a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san, é do bheith ceaptha go bailidhe agus go héifeachtúil fé fho-alt (5) d'alt 4 den Phríomh-Acht, arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha, chun é do dhéanamh urláimhe agus bainistighe fén bhfo-alt san ar an oifig áitiúil sa chontae luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san.
(2) Aon ghníomh no rud do rinne duine ar bith a bhfuil a ainm leagtha amach sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar an dáta no tar éis an dáta a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san agus roimh dháta an Achta so do rith i bhfeidhmiú, no i bhfeidhmiú uirchiallta, feidhmeanna no dualgaisí údaráis chlárathachta áitiúil fén bPríomh-Acht sa chontae luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san, ní bheidh sé nea-mbailidhe ná neamh-éifeachtúil ná ionchonspóidte ar an bhforas amháin ná raibh an duine sin ceaptha go bailidhe chun bheith ina údarás clárathachta áitiúil sa chontae sin.
(3) Is dleathach do gach duine a bhfuil a ainm leagtha amach sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so leanúint, tar éis dáta an Achta so do rith, de bheith ag feidhmiú feidhmeanna agus dualgaisí an údaráis chlárathachta áitiúil sa chontae luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san go dtí go dtárlóidh pé ní aca so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—
(a) an tAire do chur deire, le scríbhinn féna láimh, le ceart an duine sin chun na feidhmeanna agus na dualgaisí sin d'fheidhmiú, no
(b) an duine sin d'fháil bháis no é do thabhairt suas a chirt chun na feidhmeanna agus na dualgaisí sin d'fheidhmiú, no
(c) dhá mhí dhéag, no pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais in aon chás áirithe, do bheith caithte o dháta an Achta so do rith,
agus, ar an dáta ar a dtárlóidh pé ní aca san is túisce thárlóidh, tiocfaidh an clárathóir contae don chontae sin chun bheith agus beidh feasta ina údarás clárathachta áitiúil don chontae sin fé réim agus do réir ailt 9 den Acht so.
CUID III.
Leasuithe Iomdha ar an bPriomh-Acht.
Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú maidir le síor-chíosa.
12.—I gcás aon tsíor-chíos no ionoidhreacht nea-chorpordha eile, is saor-shealbhaíocht agus é ar seilbh i ngrós, do bheith ag teacht as aon talamh cláruithe saor-sheilbhe no ag déanamh deifre dhó, ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 19 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcíos no an ionoidhreacht san, sé sin le rá:—
(a) ní thiocfaidh d'únaeracht an tailimh sin do chlárú fén bPríomh-Acht, pé aca cláruithe no gan clárú fén bPríomh-Acht don chíos no don ionoidhreacht san mar ualach ar an gcéanna, aon dintiúir no scríbhinn eile bhaineann leis an teideal chun an chíosa no na hionoidhreachta san (seachas an dintiúir no an scríbhinn eile lenar bunuíodh an cíos no an ionoidhreacht san) do shaoradh o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí;
(b) i gcás únaeracht an chíosa no na hionoidhreachta san do chlárú fén bPríomh-Acht i gclár arna choimeád fé alt 54 den Acht san saorfaidh an clárú san, ar dháta a dhéanta agus ón dáta san amach agus pé faid ina dhiaidh sin a bheidh an cíos no an ionoidhreacht san cláruithe amhlaidh, aon dintiúir no scríbhinn eile, arna chólánú no arna theacht i ngníomh tar éis dáta an chláruithe sin agus a bhaineann leis an teideal chun an chíosa no na hionoidhreachta san, o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí;
(c) ní thiocfaidh d'únaeracht an chíosa no na hionoidhreachta san do chlárú mar a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so go saorfar o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí aon dintiúir no scríbhinn eile bhaineann leis an teideal chun aon tsíor-chíosa no ionoidhreachta nea-chorpordha eile (dá ngairmtear an cíos no an ionoidhreacht uachtarach san sa mhír seo) is saor-shealbhaíocht agus a thagann as an gcíos no an ionoidhreacht san no dhéanann deifir dó ar shlí eile seachas an dintiúir no an scríbhinn eile lenar bunuíodh an cíos no an ionoidhreacht uachtarach san.
Forálacha breise i dtaobh muirear cláruithe.
13.—I gcás duine do chlárú (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin) fé alt 40 den Phríomh-Acht mar únaer ar mhuirear ar thalamh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas mar bhreis ar fhorálacha an ailt sin, sé sin le rá:—
(a) ar an airgead colna bheidh urruithe ag an muirear do theacht chun bheith dlite féadfaidh únaer cláruithe an mhuirir no a ionadaidhe pearsanta iarratas do dhéanamh ar shlí achmair chun na Cúirte ag lorg seilbh an tailimh no aon choda den talamh, agus ar an iarratas san d'éisteacht féadfaidh an Chúirt, má mheasann san do bheith ceart, a ordú go dtabharfaí seilbh an tailimh no na coda san de don iarratasóir, agus ar an iarratasóir d'fháil seilbhe an tailimh no na coda san de is tuigthe gur morgáistidhe i seilbh é;
(b) ar dhuine a mbeidh an muirear aistrithe chuige óna únaer cláruithe do chlárú, fé fho-alt (6) den alt san 40, mar únaer ar an talamh, is glanadh san ar an muirear agus ar gach estát, leas, ualach agus iontráil is íochtaraighe ná an muirear.
Srian maidir le deimhniú talmhan do bheith i gcoimeád únaera chláruithe muirir.
14.—(1) Ní bheidh únaer cláruithe muirir i dteideal, de bhíthin amháin é bheith ina únaer ar an muirear san, seilbh do bheith aige ar an deimhniú talmhan i leith an tailimh chláruithe ar a mbeidh an muirear san.
(2) Ní bheidh brí feasta le haon choinníoll i dtaobh muirir chláruithe ar thalamh (pé aca roimh an muirear san do bhunú no dá éis sin do rinneadh é) tréna bhforáltar go mbeidh an deimhniú talmhan i leith an tailimh sin i gcoimeád únaera chláruithe an mhuirir sin.
Neambríochaint ar choinníollacha áirithe i gconnartha chun talamh cláruithe do dhíol no do mhuirearú.
15.—Ní bheidh brí feasta le haon choinníoll i gconnradh chun talamh cláruithe do dhíol no do mhuirearú no chun muirear cláruithe ar thalamh chláruithe d'aistriú a choiscfeadh ar an gceannuitheoir no ar an muirearthóir beartuithe no ar an aistridhe beartuithe (do réir mar a bheidh) iarrata do dhéanamh i dtaobh ualaighe i gcoitinne no i dtaobh aon ualaigh áirithe do dhéanfadh deifir don talamh san de bhuadh ailt 47 den Phríomh-Acht.
Ualaighe breise dhéanfaidh deifir do thalamh chláruithe gan iad do bheith cláruithe.
16.—Beidh ar gach talamh cláruithe, i dteanta na n-ualaighe bheidh air de bhuadh ailt 47 den Phríomh-Acht, pé ualach aca so leanas a bheidh ag déanamh deifre don talamh san de thurus na huaire, pé aca cláruithe do na hualaighe sin no nach eadh, sé sin le rá:—
(a) síor-chíos bliantúil (dá ngairmtear an cíos uachtarach san alt so) is uachtaraighe ná cíos eile den tsórt san (dá ngairmtear an cíos cláruithe san alt so) arna chlárú mar ualach ar thalamh chláruithe agus is iníoctha go príomhdha, i dtaca leis an talamh cláruithe agus an cíos cláruithe sin de, as an gcíos cláruithe do shaoradh an tailimh sin;
(b) na cumhnaint agus na coinníollacha bheidh sa dintiúir no sa scríbhinn eile lenar bunuíodh an cíos uachtarach sa mhéid go ndéanann na cumhnaint agus na coinníollacha san deifir don talamh san.
Fógra i dtaobh iontaobhas.
17.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so, ní hiontrálfar sa chlár fógra i dtaobh aon iontaobhais a bheidh ann maidir le talamh cláruithe.
(2) D'ainneoin éinní atá in alt 63 den Phríomh-Acht, is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh don údarás clárathachta ionstruim do ghlacadh chun críche clárathachta d'ainneoin fógra i dtaobh iontaobhais do bheith san ionstruim sin.
(3) Ní déanfar ná ní tuigthe go ndearnadh riamh, de bhíthin amháin an t-údarás clárathachta d'fháil ionstruime (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) chun críche clárathachta, deifir d'éinne aca so leanas le fógra i dtaobh aon iontaobhais san ionstruim sin no i dtaobh aon iontaobhais arna theacht as nithe san ionstruim sin, sé sin le rá:—
(a) an t-údarás clárathachta;
(b) aistridhe cláruithe a mbeifear tar éis an talamh cláruithe lena mbaineann an ionstruim sin d'aistriú chuige ar chomaoin luachmair;
(c) únaer cláruithe muirir ar an talamh san is muirear arna bhunú i ngeall le comaoin luachmhair;
(d) duine adeir leas do bheith aige sa talamh san is leas arna bhunú i ngeall le comaoin luachmhair agus é cláruithe mar ualach ar an talamh san.
(4) San alt so foluíonn an focal “iontaobhas” iontaobhais ráite, iontaobhais iontuigthe agus iontaobhais inléirithe.
Daoine nach slán meabhair agus daoine lagmheabhracha.
18.—(1) Duine nach slán meabhair ach ná beidh dearbhtha ag cúistiún é bheith amhlaidh, féadfar ionadaíocht do dhéanamh dó, chun gach ceann no aon cheann de chrícheanna an Phríomh-Achta, ag an duine (más ann) a bheidh ceaptha mar choiste no caomhnóir dó fén Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, no, i gcás gan aon choiste no caomhnóir den tsórt san do bheith ceaptha amhlaidh, ag caomhnóir a cheapfaidh an Chúirt.
(2) Duine lag-mheabhrach a bheidh neamh-inniúil go sealadach ar a ghnóthaí do bhainistighe, féadfar ionadaíocht do dhéanamh-dó, chun gach ceann no aon cheann de chrícheanna an Phríomh-Achta, ag an duine (más ann) a bheidh ceaptha mar chaomhnóir dó fé alt 103 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, no, i gcás gan aon chaomhnóir den tsort san do bheith ceaptha amhlaidh, ag caomhnóir a cheapfaidh an Chúirt.
Cuid IV den Phríomh-Acht do leathnú.
19.—D'ainneoin éinní atá in alt 83 den Phríomh-Acht, bainfidh Cuid IV den Acht san le talamh cláruithe saor-sheilbhe a ndearnadh no a ndéanfar tráth ar bith, roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin, airgead do réimhíoc fé na hAchtanna um Thithe Beaga Comhnaithe d'Fháil, 1899 go 1931, chun a cheannuithe.
Comhacht do sheiceadúirí cruthúnacha chun talamh cláruithe do dhíol no d'aistriú gan údarás ón gCúirt.
20.—I gcás probháid uachta no ionstruime tiomanta eile do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin) do roinnt daoine, no do dhuine amháin, de dhaoine iomdha bheidh ainmnithe in éineacht mar sheiceadúirí (pé aca bheidh comhacht chruthúnachta curtha ar cosnamh don tseiceadúir no na seiceadúirí eile no ná beidh), féadfaidh an seiceadúir no na seiceadúirí dá mbeidh an phromháid sin deonta talamh cláruithe lena mbaineann Cuid IV den Príomh-Acht do dhíol no d'aistriú, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 86 den Acht san, gan údarás ón gCúirt agus beidh an díol no an t-aistriú san chó héifeachtúil agus do bheadh dá dtoilíodh na daoine go léir a bheidh ainmnithe mar sheiceadúirí leis.
Duine i dteideal talamh i gcomharbas do chlárú tar éis sé bliana do bheith caithte.
21.—Más deimhin leis an gCúirt, ar éisteacht iarratais o dhuine adeir é bheith i dteideal é chlárú mar únaer ar thalamh cláruithe saor-sheilbhe lena mbaineann Cuid IV den Phríomh-Acht i gcomharbas do dhuine mharbh ba lán-únaer ar an talamh san,—
(a) sé bliana ar a laghad do bheith caithte ón uair d'éag an duine ba lán-únaer, agus
(b) ionadaithe pearsanta an únaera san do bheith tar éis bháis no do bheith lasmuich den dlighinse,
féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é agus d'ainneoin éinní atá in alt 87 den Phríomh-Acht, an t-iarratasóir do shaoradh óna bheith air tuille ionadaíochta don lán-únaer mharbh do bhunú no fógra do thabhairt dá ionadaithe pearsanta, agus féadfaidh a ordú go gclárófaí an t-iarratasóir mar únaer ar an talamh.
Cúiteamh mar gheall ar earráid no fallsú no calaois i gclár.
22.—(1) Baineann an t-alt so le cailliúint a bhainfidh do dhuine ar bith—
(a) mar gheall ar an gCúirt do cheartú aon earráide i gclár a bheidh déanta ag údarás clárathachta no ag aon oifigeach leis agus a ceartófar fén bPríomh-Acht arna leasú leis an Acht so, no
(b) mar gheall ar aon earráid (pé aca ráiteas earráideach no tuairisc earráideach no fágaint-ar-lár no eile í agus pé aca i gclár di no i mapa clárlainne dá mbeidh tagairt i gclár) a bheidh déanta ag an údarás clárathachta no ag aon oifigeach leis agus ná beidh ceartuithe ag an gCúirt, no
(c) mar gheall ar éinní do bheith iontrálta i gclár no fágtha ar lár ann gur fallsú no calaois do thug no do chuir fé ndear é iontráil no é fhágaint ar lár, no
(d) mar gheall ar aon earráid i gcuardach oifigiúil a bheidh déanta ag an údarás clárathachta no ag aon oifigeach leis.
(2) I gcás cailliúint lena mbaineann an t-alt so do bhaint d'aon duine agus gan gníomh no faillighe no teip i bpáirt an duine sin no a ghníomhaire do bheith ina aon-chúis no ina chúis substainteach leis an gcailliúint sin, beidh an duine sin agus, fós, éinne a mbeidh teideal ag teacht chuige ón duine sin, i dteideal cúiteamh d'fháil sa chailliúint sin do réir an ailt seo.
(3) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an cúiteamh uile bheidh le n-íoc fén alt so.
(4) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach éileamh ar chúiteamh fén alt so, sé sin le rá:—
(a) déanfar an t-éileamh sa tslí orduithe chun an phríomhúdaráis chlárathachta agus bhéarfar fógra ina thaobh don Aire Airgeadais;
(b) bhéarfaidh an príomh-údarás clárathachta breith ar an éileamh agus ní bheidh dul thar an mbreith sin, marab amhlaidh a bheidh an tAire Airgeadais no an t-éilitheoir mí-shásta leis an mbreith sin agus, sa chás san, féadfaidh ceachtar páirtí athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun na Cúirte;
(c) ní dhéanfaidh an príomh-údarás clárathachta aon éileamh do bhreithniú tar éis sé bliana do bheith caithte ón uair d'fhás an ceart chun cúitimh marab amhlaidh a bhí an duine a bhí i dteideal éileamh a dhéanamh fé mhí-chumas ar bheith caithte do na sé bliana san agus, sa chás san, ní déanfar an t-éileamh do bhreithniú tar éis bheith caithte do dhá bhliain ón uair do tháinig deire leis an míchumas, ach féadfar athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun na Cúirte i gcoinnibh na breithe a bhéarfaidh an príomh-údarás clárathachta ag diúltadh no ag géilleadh d'éileamh fén mír seo;
(d) chun crícheanna na míre deiridh sin roimhe seo is tuigthe gur fhás an ceart chun cúitimh—
(i) maidir le haon estát no leas i seilbh, ar an dáta ar a ndearnadh an clárú ba bhun leis an gcailliúint a mbeidh an cúiteamh á éileamh ina taobh, no
(ii) maidir le haon estát no leas in iarmhar no in athorba, ar an dáta ar a dtiocfadh an t-estát no an leas san i seilbh mara mbeadh an clárú san adubhradh;
(e) ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an Chúirt ar athchomharc fé aon cheann de na míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus beidh an bhreith sin ina ceangal ar na páirtithe uile san athchomharc.
(5) I gcás cúiteamh d'íoc fén alt so le héinne—
(a) beidh sé ionúsáidte chun glanta aon eirí a bheidh ar estát no leas an duine sin sa talamh no sa mhuirear a mbeidh an cúiteamh iníoctha ina thaobh, agus
(b) beidh ag an Aire Airgeadais an ceart céanna chun méid an chúitimh sin do bhaint d'aon duine ba chúis leis an gcailliúint no do thairbhigh di do bheadh ag an duine dar bhain an chailliúint dá mba dhíobháil arbh é an duine sin a céad-luaidhtear ba chúis léi an chailliúint.
An ciste árachais d'fhoirceannadh agus é d'íoc isteach sa Stát-Chiste.
23.—(1) Chó luath agus a bheidh caothúil tar éis dáta an Achta so do rith déanfar an ciste árachais d'fhoirceannadh agus, chuige sin, déanfaidh iontaobhaithe an chiste sin gach ní is gá chun na suncálanna ina mbeidh an ciste sin suncálta an tráth san do mhalairtiú ar airgead agus chun toradh glan an mhalairtithe sin agus aon airgead eile bheidh sa chiste d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dhó sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
(2) Ní bheidh éifeacht feasta ag an méid sin de na Rialacha Clárathachta Talmhan, 1937 (R. & O. R., Uimh. 264 de 1937), a fhorálann go n-íocfar le hiontaobhaithe an chiste árachais cion den tsuim iomlán do gheobhfar as stampaí Oifig Chlárathachta na Talmhan do dhíol, agus in ionad aon táillí árachais breise is iníoctha fé na Rialacha san d'íoc leis na hiontaobhaithe sin is amhlaidh a déanfar, faid a bheidh na Rialacha san i ngníomh, iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dhó sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “an ciste árachais” an ciste árachais do bunuíodh fé alt 92 den Phríomh-Acht.
Toirmeasc de dhruim earráid d'fhionnachtain.
24.—(1) Aon uair a chífear don údarás chlárathachta earráid is féidir do cheartú do bheith déanta i gclárú sa chlár, féadfaidh an t-údarás clárathachta pé toirmeasc d'iontráil sa chlár, in aghaidh deighleála leis an talamh no an muirear dá ndéanfaidh an earráid sin deifir, is dóigh leis is ceart chun an Prímh-Chiste do chosaint ar éilithe ar chúiteamh alos cailliúna do thárlódh de chionn cláruithe a déanfaí tar éis an earráid sin d'fhionnachtain agus roimh í cheartú.
(2) Ní dhéanfaidh aon toirmeasc a hiontrálfar sa chlár fén alt so deifir d'aon chlárú a bheidh ar feitheamh in Oifig Chlárathachta na Talmhan tráth an toirmisc sin d'iontráil ná ní dhéanfa sé críochnú an chláruithe sin do chosc.
(3) Aon uair a dhéanfaidh an t-údarás clárathachta toirmeasc d'iontráil fén alt so, cuirfidh fógra i dtaobh an toirmisc sin agus i dtaobh na hearráide gur mar gheall uirthi do hiontráladh é chun gach duine a bhfeicfear ón gclár an earráid sin do dhéanamh deifre dhó agus chun gach duine eile (más ann) a bheidh orduithe.
Alt 67 den Phríomh-Acht do leathnú.
25.—Beidh na comhachta do bheirtear don údarás chlárathactha le halt 67 den Phríomh-Acht infheidhmithe ní hamháin i gcás iarratais chun únaer tailimh do chlárú ach fós aon uair is gá don údarás chlárathachta, i gcúrsa a dhualgas, iniúchadh do dhéanamh i dtaobh an teidil chun tailimh chláruithe no chun muirir ar thalamh chláruithe, agus nuair a feidhmeofar na comhachta san ar aon ócáid den tsórt san sroichfid chun, agus beid infheidhmithe i dtaobh, aon dintiúir no uacht no scríbhinn eile do thabhairt ar áird is gá, dar leis an údarás clárathachta, do thabhairt ar áird chun críche an iniúchta san.
Alt 84 den Phríomh-Acht do leasú.
26.—I gcás talamh cláruithe saor-sheilbhe lena mbaineann Cuid IV den Phríomh-Acht do shocrú le huacht tiomantóra d'éag no éagfaidh tar éis dáta an Phríomh-Achta do rith (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) agus promháid an uachta san do dheonadh do dhá sheiceadúir no níos mó, beidh na seiceadúirí sin ina n-iontaobhaithe chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, maidir leis an socrú ar an talamh san do rinneadh leis an uacht san mara ndéantar no go dtí go ndéanfar iontaobhaithe chun crícheanna an tsocruithe sin do cheapadh leis an uacht san no ar shlí eile.
Mion-leasuithe ar an bPríomh-Acht.
27.—Déantar leis seo na páirteanna uile agus fé seach den Phríomh-Acht a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghbhann leis an Acht so do leasú sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne gach páirte fé leith aca san sa chéad cholún san.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Daoine is Tuigthe do bheith ina nUdarais Chlarathachta Áitiúla i gContaethe Airithe.
Ainm an Duine | An Dáta Iomchuibhe | Contae | |
Deirg M. Mac Giolla Mhártain | 3adh Feabhra, 1933. | Muineachán. | |
H. Turpin (Sóisear) | .. | 23adh Mí na Samhna, 1933. | Laoighis. |
Seán S. Colbárd | .. | 13adh Abrán, 1934. | Portláirge. |
AN DARA SCEIDEAL.
Mion-Leasuithe ar an bPriomh-Acht.
Na Páirteanna den Phríomh-Acht a Leasuítear | An Leasú | |
Alt 34, fo-alt (2) | .. | An focal “injury” do scriosadh amach agus an focal “injustice” do chur isteach ina ionad. |
Alt 35, fo-alt (4) | .. | Na focail “if the transferor shall so request” do scriosadh amach. |
Alt 37, mír (2) | .. | Na focail “or as limited owner” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “registered as full owner.” |
Alt 40, fo-alt (7) | .. | An focal “certificate” do scriosadh amach agus an focal “instrument” do chur isteach ina ionad. |
Alt 46, fo-alt (3) | .. | Na focail “date of such registry” do scriosadh amach agus na focail “date of such registration” do chur isteach ina n-ionad. |
Alt 53, fo-alt (1) | .. | An focal “court” do scriosadh amach agus na focail “registering authority” do chur isteach ina ionad. |
Alt 56 | .. | Na focail “and in each local office such maps for the county in which such office is situated” do scriosadh amach. |
Alt 58, fo-alt (1) | .. | Na focail “unregistered owner of adjoining lands” do scriosadh amach agus na focail “owner of adjoining unregistered land” do chur isteach ina n-ionad. |
Alt 71, fo-alt (1) | .. | Na focail “a separate column of” do scriosadh amach. |
Alt 84, fo-alt (1) | .. | Na focail “as full owner” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “vested in any person.” |
Alt 85, fo-alt (2) | Na focail “of law” do scriosadh as mír (a) agus an focal “laws” do chur isteach ina n-ionad. | |
AN TRIU SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
54 & 55 Vict., c. 66 | An Registration of Title Act, 1891. | Fo-ailt (5) agus (6) d'alt 4; ailt 5 go 7; fo-alt (1) d'alt 11; fo-ailt (2) agus (3) d'alt 22; mír (2) d'alt 25; alt 27; mír (d) d'alt 47; alt 63; fo-alt (2) d'alt 75; ailt 92 agus 93. |
9 Edw. VII, c. 36 | An Local Registration of Title (Ireland) Act, 1909. | An tAcht iomlán. |