[EN]

Uimhir 26 de 1954.


[EN]

AN tACHT EADRÁNA, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSUITHE MAIDIR LE hEADRÁNA.

[9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráireach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht Eadrána, 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin fo-alt (2) d'alt 12 agus Cuid V) i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1955.

[EN]

(3) Tiocfaidh fo-alt (2) d'alt 12 agus Cuid V den Acht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Rialtas.

[EN]

Léiriú i gcoitinne.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “comhaontú eadrána” comhaontú scríofa chun easaontais atá ann nó a bheas ann a chur chun eadrána pé acu a hainmnítear nó nach n-ainmnítear eadránaí sa chomhaontú;

[EN]

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1927” an Coinbhinsiún um Dhámhachtana Eadrána Coigríche a Chur i bhFeidhm a rinneadh sa Ghinéibh an 26ú lá de Mheán Fómhair, 1927, agus atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

[EN]

ciallaíonn “an dáta feidhme” an 1ú lá d'Eanáir, 1955;

[EN]

ciallaíonn “Prótacal 1923” an Prótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1923, agus atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

[EN]

(a) Aire Stáit,

[EN]

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

[EN]

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

[EN]

(d) na Coimisinéirí Ioncaim;

[EN]

folaíonn “reachta na dtréimhsí” aon achtachán a chuireas tórainn leis an tréimhse chun aon imeachta áirithe a thionscnamh.

[EN]

(2) Folaíonn tagairtí san Acht seo do dhámhachtain tagairtí do dhámhachtain eatramhach.

[EN]

Tionscnamh eadrána.

3.—(1) Chun críocha an Achta seo agus chun críche reacht na dtréimhsí amhail mar bhainid le headrána agus chun críche ailt 496 den Merchant Shipping Act, 1894, arna leasú le halt 46 den Acht seo, measfar eadráin a thionscnamh nuair a dhéanfas páirtí amháin sa chomhaontú eadrána fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile á cheangal air nó orthu eadránaí a cheapadh nó comhthoiliú le headránaí a cheapadh nó, i gcás an comhaontú eadrána dá fhoráil gur faoi eadráin duine a hainmnítear nó a sonraítear sa comhaontú a cuirfear an díospóid, á cheangal air nó orthu an díospóid a chur faoi bhráid an duine a bheas ainmnithe nó sonraithe amhlaidh.

[EN]

(2) (a) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil—

[EN]

(i) trína sheachadadh don duine ar a bhfuil sé le seirbheáil,

[EN]

(ii) trína fhágaint ag an áit sa Stát inar gnáth cónaí ar an duine sin nó gnó á sheoladh aige,

[EN]

(iii) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a díreofar chun an duine sin ag an áit sa Stát inar gnáth cónaí air nó gnó á sheoladh aige,

[EN]

(iv) ar aon mhodh eile a foráltar sa chomhaontú eadrána.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar, i gcás cuideachtan atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, gnó a bheith á sheoladh aici ina hoifig chláraithe sa Stát, agus measfar, i gcás gach comhluchta chorpraithe eile agus gach comhluchta neamhchorpraithe, gnó a bheith á sheoladh aige ina phríomh-oifig nó ina phríomháit ghnótha sa Stát.

[EN]

Ceangal a bheith ar údaráis Stáit.

4.—Bainfidh an Chuid seo, Cuid II (ach amháin fo-alt (2) d'alt 12) agus Cuid III den Acht seo le headráin faoi chomhaontú eadrána a mbeidh údarás Stáit ina pháirtí ann.

[EN]

Eadrána áirithe d'eisiamh.

5.—D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní bhaineann an tAcht seo—

[EN]

(a) le headráin faoi chomhaontú á fhoráil go gcuirfear chun eadrána, nó go socrófar trí eadráin, aon cheist i dtaobh téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó luach saothair aon fhostaithe, lena n-áirítear daoine ar fostú ag an Stát nó ag údaráis áitiúla nó faoin Stát nó faoi údaráis áitiúla, ná

[EN]

(b) le headráin faoi alt 70 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 (Uimh. 26 de 1946).

[EN]

Feidhm Choda II agus III.

6.—(1) Ní dhéanfaidh Cuid II den Acht seo difir d'aon eadráin faoi chomhaontú eadrána a tionscnadh roimh an dáta feidhme, ach beidh feidhm aici maidir le haon eadráin a tionscnófar ar an dáta feidhme nó dá éis faoi chomhaontú eadrána a rinneadh roimh an dáta feidhme.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh Cuid III den Acht seo difir d'aon eadráin faoi aon Acht eile a tionscnadh roimh an dáta feidhme, ach beidh feidhm aici maidir le haon eadráin a tionscnófar ar an dáta feidhme nó dá éis faoi aon Acht eile a ritheadh roimh an dáta feidhme nó a rithfear air nó dá éis.

[EN]

Pionós mar gheall ar fhianaise bhréagach a thabhairt.

7.—Aon duine a dhéanfas, le linn a cheistithe faoi mhionn nó faoi dhearbhasc os comhair eadránaí nó moltóra nó in aon mhionnscríbhinn in imeachta os comhair eadránaí nó moltóra, fianaise bhréagach a thabhairt go toiliúil agus go héillí nó aon ní bréagach a mhionnú nó a dhearbhasc go toiliúil agus go héillí, dlífear, ar a chiontú ann, na pionóis a ghabhas le mionnú éithigh go toiliúil agus go héillí a chur air.

[EN]

Athghairm.

8.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm (ach amháin maidir le headrána faoi chomhaontuithe eadrána a tionscnadh roimh an dáta feidhme) a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

(2) Forléireofar mar thagairt don Acht seo aon tagairt in aon achtachán nó ionstraim d'aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo.

CUID II.

Eadráin faoi Chomhaontuithe Eadrána.

[EN]

Údarás eadránaithe agus moltóirí a bheith do-chúlghairmthe.

9.—Ní féidir, ach amháin le cead na Cúirte, údarás an eadránaí nó an mholtóra a ceapfar le comhaontú eadrána nó dá bhuaidh a chúlghairm mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú.

[EN]

Bás páirtí.

10.—(1) Ní thabharfaidh bás aon pháirtí i gcomhaontú eadrána go mbeidh an comhaontú sin urscaoilte maidir leis an duine marbh ná le haon pháirtí eile, ach sa chás sin féadfaidh ionadaithe pearsanta an duine mhairbh é a chur i bhfeidhm nó féadfar é a chur i bhfeidhm ina gcoinne.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh bás aon pháirtí a cheap éadránaí go mbeidh údarás an eadránaí sin cúlghairmthe.

[EN]

(3) Ní measfar go ndéanann aon ní san alt seo difir d'oibriú aon achtacháin nó rialach dlí a ndéantar dá bhuaidh aon cheart caingin a mhúchadh trí bhás duine.

[EN]

Forála i gcás féimheachta.

11.—(1) San alt seo ciallaíonn an focal “sannaí” an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus folaíonn sé an sannaí (más ann) a roghnós na creidiúnaithe chun gníomhú leis an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

[EN]

(2) I gcás comhaontú eadrána a bheith ina chuid de chonradh a mbeidh féimheach ina pháirtí ann, beidh an comhaontú, mura séanfaidh an sannaí nó an t-iontaobhaí i bhféimheacht an conradh, inchurtha i bhfeidhm aige nó ina choinne, a mhéid a bhaineas sé le haon easaontas a éireos as an gconradh sin nó i ndáil leis.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go raibh duine ar breithníodh féimheach é ina pháirtí i gcomhaontú eadrána sarar thosnaigh an fhéimheacht, agus

[EN]

(b) gur gá aon ní lena mbaineann an comhaontú a chinneadh i ndáil leis na himeachta féimheachta nó chun críocha na n-imeacht sin, agus

[EN]

(c) gur cás é nach mbaineann fo-alt (2) den alt seo leis,

[EN]

ansin, féadfaidh aon pháirtí eile sa chomhaontú nó an sannaí nó, le toiliú an choiste iniúchta, an t-iontaobhaí i bhféimheacht ordú d'iarraidh ar an gcúirt ag a bhfuil dlínse sna himeachta féimheachta á ordú an ní atá i gceist a chur chun eadrána do réir an chomhaontuithe agus féadfaidh an chúirt sin, más dóigh léi ag féachaint d'imthosca uile an cháis gur cóir an ní sin a chinneadh trí eadráin, ordú a dhéanamh dá réir sin.

[EN]

Cumhacht chun bac a chur ar imeachta i gcás comhaontú eadrána a bheith déanta.

12.—(1) Má thionscnann aon pháirtí i gcomhaontú eadrána, nó aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí sin nó faoi, aon imeachta in aon chúirt i gcoinne aon pháirtí eile sa chomhaontú nó i gcoinne aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí eile sin nó faoi maidir le haon ní ar comhaontaíodh é a chur chun eadrána, féadfaidh aon pháirtí sna himeachta sin, aon tráth tar éis láithriú agus roimh aon phléadála a sheachadadh nó aon bhearta eile a dhéanamh sna himeachta, a iarraidh ar an gcúirt sin bac a chur ar na himeachta, agus, más deimhin leis an gcúirt sin nach bhfuil leorchúis ann chun gan an ní sin a chur chun eadrána do réir an chomhaontuithe agus go raibh an t-iarratasóir, an tráth a tionscnadh na himeachta, agus go bhfuil sé fós, ullamh agus toilteanach gach ní a dhéanamh is gá chun go seolfaí an eadráin go cuí, féadfaidh sí ordú a dhéanamh ag cur bac ar na himeachta.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, má dhéanann aon pháirtí i dtarchur chun eadrána de bhun comhaontuithe lena mbaineann Prótacal 1923, nó aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí sin nó faoi, aon imeachta dlí a thionscnamh in aon chúirt i gcoinne aon pháirtí eile sa tarchur, nó i gcoinne aon duine a bheas ag éileamh tríd an bpáirtí eile sin nó faoi, maidir le haon ní a comhaontaíodh a chur chun eadrána, féadfaidh aon pháirtí sna himeachta dlí sin, aon tráth tar éis láithriú agus roimh aon phléadála a sheachadadh nó aon bhearta eile a dhéanamh sna himeachta, a iarraidh ar an gcúirt sin bac a chur ar na himeachta, agus mura deimhin leis an gcúirt sin go bhfuil an comhaontú nó an eadráin ó fheidhm nó nach féidir dul ar aghaidh leis nó nach bhfuil iarbhír aon díospóid idir na páirtithe maidir leis an ní a comhaontaíodh a chur chun eadrána déanfaidh sí ordú ag cur bac ar na himeachta.

[EN]

Saincheisteanna idirphléadála a chur chun eadrána.

13.—Má tugtar faoiseamh i bhfoirm idirphléadála agus gur dóigh leis an gCúirt go mbaineann comhaontú eadrána, inar páirtithe na héilitheoirí, leis na nithe atá i gceist sna héilimh áirithe, féadfaidh an Chúirt a ordú gur do réir an chomhaontuithe a cinnfear an tsaincheist idir na héilitheoirí.

Eadránaithe agus Moltóirí.

[EN]

Eadráin ag eadránai aonair.

14.—Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, mura bhforáltar modh eile eadrána ann, foráil a bheith ann gur ag eadránaí aonair a bheas an eadráin le déanamh.

[EN]

Cumhacht ag na páirtithe, i gcásanna áirithe, folúntas a líonadh.

15.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go bhforálann comhaontú eadrána gur ag beirt eadránaí, a gceapfaidh gach aon pháirtí, duine acu, a bheas an eadráin le déanamh, agus

[EN]

(b) go ndiúltóidh ceachtar de na headránaithe a ceapfar gníomhú, nó go mbeidh sé éagumasach ar ghníomhú, nó go n-éagfaidh sé,

[EN]

ansin, mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú, féadfaidh an páirtí a cheap an t-eadránaí a dhiúltós amhlaidh gníomhú, nó a bheas éagumasach amhlaidh ar ghníomhú nó a éagfas, eadránaí nua a cheapadh ina ionad.

[EN]

(2) (a) Más rud é—

[EN]

(i) go bhforálann comhaontú eadrána gur ag beirt eadránaí, a gceapfaidh gach aon pháirtí duine acu, a bheas an eadráin le déanamh, agus

[EN]

(ii) ar easaontas a chur chun eadrána den tsórt sin, go mainneoidh páirtí amháin eadránaí a cheapadh, mar eadránaí bunaidh nó mar eadránaí ionaid faoi fho-alt (1) den alt seo, go ceann seacht lá glan tar éis don pháirtí eile, ar é do cheapadh a eadránaí, fógra a sheirbheáil ar an bpáirtí a rinne an mhainneachtaint á iarraidh air an ceapachán a dhéanamh,

[EN]

ansin, mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú, féadfaidh an páirtí a bhfuil eadránaí ceaptha aige an t-eadránaí sin a cheapadh chun gníomhú mar eadránaí aonair san eadráin agus beidh a dhámhachtain sin ina ceangal ar an dá pháirtí amhail is dá mba d'aon-toil a ceapadh é.

[EN]

(b) Féadfaidh an Chúirt aon cheapachán faoi mhír (a) den fho-alt seo a chur ar ceal.

[EN]

Moltóirí.

16.—(1) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, más ag beirt eadránaí atá an eadráin le déanamh, foráil a bheith ann go gceapfaidh an bheirt eadránaí moltóir go díreach tar éis iad féin a bheith ceaptha.

[EN]

(2) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann, má sheachadann na headránaithe d'aon pháirtí sa chomhaontú eadrána, nó don mholtóir, fógra i scríbhinn á rá nach féidir leo aontú le chéile, go bhféadfaidh an moltóir láithreach ionad na n-eadránaithe a ghlacadh san eadráin, ach ní forléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar ní a choiscfeas ar an moltóir suí i dteannta na n-eadránaithe agus an fhianaise d'éisteacht.

[EN]

(3) Aon tráth tar éis moltóir a cheapadh, pé slí ina gceapfar é, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas aon pháirtí san eadráin agus d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin sa chomhaontú eadrána, a ordú go nglacfaidh an moltóir ionad na n-eadránaithe san eadráin agus sin amhail is dá mba eadránaí aonair é.

[EN]

Comhaontuithe chun triúr eadránaí a bheith ann.

17.—(1) Má fhorálann comhaontú eadrána gur ag triúr eadránaí a bheas an eadráin le déanamh, a gceapfaidh gach aon pháirtí duine acu agus a mbeidh an tríú duine le ceapadh ag an mbeirt a cheap na páirtithe, beidh éifeacht ag an gcomhaontú, amhail is dá bhforáladh sé gur moltóir, agus nach é an tríú eadránaí, a bhí le ceapadh ag an mbeirt eadránaí a cheap na páirtithe.

[EN]

(2) Má fhorálann comhaontú eadrána gur ag triúr eadránaí, a ceapfar ar shlí seachas mar luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, a bheas an eadráin le déanamh, beidh dámhachtain aon bheirte de na headránaithe ina dámhachtain cheangailteach.

[EN]

Cumhacht ag an gCúirt i gcásanna áirithe eadránaí nó moltóir a cheapadh.

18.—In aon chás acu seo a leanas—

[EN]

(a) más rud é—

[EN]

(i) go bhforálann comhaontú eadrána gur ag eadránaí aonair a bheas an eadráin le déanamh, agus

[EN]

(ii) nach mbeidh na páirtithe go léir, tar éis easaontais d'éirí, ar comhthoil lena chéile faoi cheapadh eadránaí;

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) go ndiúltóidh eadránaí a bheas ceaptha gníomhú nó go mbeidh sé éagumasach ar ghníomhú nó go n-éagfaidh sé, agus

[EN]

(ii) nach léir as an gcomhaontú eadrána go rabhthas ar intinn an folúntas d'fhágaint gan líonadh, agus

[EN]

(iii) nach líonfaidh na páirtithe an folúntas;

[EN]

(c) más rud é go mbeidh de chead ag na páirtithe nó ag beirt eadránaí moltóir nó an tríú eadránaí a cheapadh agus nach gceapfaid é;

[EN]

(d) más rud é go mbeidh ceangailte ar bheirt eadránaí moltóir a cheapadh agus nach gceapfaid é;

[EN]

(e) más rud é—

[EN]

(i) go ndiúltóidh moltóir a bheas ceaptha, nó an tríú eadránaí a bheas ceaptha, gníomhú, nó go mbeidh sé éagumasach ar ghníomhú nó go n-éagfaidh sé, agus

[EN]

(ii) nach léir as an gcomhaontú eadrána go rabhthas ar intinn an folúntas d'fhágaint gan líonadh, agus

[EN]

(iii) nach líonfaidh na páirtithe nó na headránaithe an folúntas,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(1) féadfaidh aon pháirtí fógra scríofa a sheirbheáil ar na páirtithe eile nó ar na headránaithe, do réir mar bheas, chun eadránaí, moltóir nó an tríú eadránaí a cheapadh nó, do réir mar bheas, chun comhthoiliú faoi cheapadh eadránaí, moltóra nó an tríú eadránaí,

[EN]

(2) Mura ndéantar an ceapachán laistigh de sheacht lá glan tar éis an fógra a sheirbheáil, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an pháirtí a thug an fógra, eadránaí, moltóir nó an tríú eadránaí a cheapadh, a mbeidh na cumhachta céanna aige chun gníomhú san eadráin agus dámhachtain a dhéanamh a bheadh aige dá mba le comhthoiliú na bpáirtithe uile a ceapadh é.

Finnéithe, Urrús i leith Costas, Follasú Doiciméad, etc.

[EN]

Cumhachta oadránaithe agus moltóirí maidir le finnéithe.

19.—(1) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann go raghaidh na páirtithe san eadráin, agus gach duine a bheas ag éileamh tríothu faoi seach, faoi cheistiú, faoi réir aon agóide dlíthiúla, ag an eadránaí nó ag an moltóir, faoi mhionn nó faoi dhearbhasc, maidir leis na nithe a bheas faoi dhíospóid, agus go ndéanfaid, faoi réir aon agóide dlíthiúla, gach doiciméad (seachas doiciméid nárbh fhéidir a chur faoi deara iad a thabhairt ar aird ar chaingean a bheith á thriail a bheas ina seilbh nó faoina n-urláimh faoi seach, agus a héileofar nó a hiarrfar, a thabhairt ar aird os comhair an eadránaí nó an mholtóra, agus go ndéanfaid gach ní eile a cheanglós an t-eadránaí nó an moltóir orthu le linn na n-imeacht san eadráin.

[EN]

(2) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann gur faoi mhionn nó faoi dhearbhasc a ceisteofar na finnéithe san eadráin más cuí leis an eadránaí nó leis an moltóir é.

[EN]

(3) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, beidh de chumhacht ag eadránaí nó moltóir na páirtithe agus na finnéithe in eadráin faoin gcomhaontú a chur faoi mhionn nó dearbhasc a ghlacadh uathu.

[EN]

Cumhacht ag páirtithe in eadráin a ordú d'fhinnéithe freastal dhéanamh.

20.—Féadfaidh aon pháirtí in eadráin faoi chomhaontú eadrána agra a dhéanamh i leith orduithe faoi ghné eascaire subpoena ad testificandum nó eascaire subpoena duces tecum, ach ní cuirfear faoi deara d'aon duine faoi aon ordú den tsórt sin aon doiciméad a thabhairt ar aird nach bhféadfaí a chur faoi deara dhó é a thabhairt aird ar chaingean a bheith á thriail.

[EN]

Cumhacht ag an gCúirt a ordú do phríosúnach freastal mar fhinné.

21.—Féadfaidh an chúirt a ordú go n-eiseofar ordú faoi ghné eascaire habeas corpus ad testificandum chun príosúnach a thabhairt i láthair lena cheistiú os comhair eadránaí nó moltóra.

[EN]

Orduithe ag an gCúirt maidir le hurrús i leith costas, follasú doiciméad, etc.

22.—(1) Beidh ag an gCúirt, chun críche agus i leith eadrána, cumhacht chun orduithe a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) urrús i leith costas;

[EN]

(b) doiciméid agus agarcheisteanna d'fhollasú agus d'iniúchadh;

[EN]

(c) fianaise a thabhairt trí mhionnscríbhinn;

[EN]

(d) aon fhinné a cheistiú faoi mhionn os comhair oifigigh don Chúirt nó os comhair aon duine eile, agus coimisiún nó iarratas d'eisiúint chun finné a cheistiú lasmuigh den dlínse;

[EN]

(e) aon earraí is ábhar don eadráin a chaomhaint, a choimeád ar feadh eatraimh nó a dhíol;

[EN]

(f) urrús a thabhairt i leith an mhéid a bheas faoi dhíospóid san eadráin;

[EN]

(g) aon mhaoin nó rud a choinneáil, a chaomhaint nó d'iniúchadh is ábhar don eadráin nó a bhféadfadh aon cheist a bheith ann ina thaobh san eadráin, agus údarás a thabhairt chun aon chríche acu sin adúradh d'aon daoine dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh a bheas i seilbh aon pháirtí san eadráin, nó údarás a thabhairt aon tsamplaí a thógaint, nó aon bhreathnadóireacht a dhéanamh nó aon turgnamh a thriail is gá nó is fóirstineach chun eolas nó fianaise iomlán d'fháil; agus

[EN]

(h) urghairí eatramhacha nó ceapadh glacadóra,

[EN]

amhail mar atá aici chun críche agus i leith caingin nó ábhair sa Chúirt.

[EN]

(2) Ní measfar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo do dhéanamh dochair d'aon chumhacht a bheas dílsithe in eadránaí nó i moltóir chun orduithe a dhéanamh maidir le haon ábhar dá luaitear sa bhfo-alt sin.

Forála maidir le Dámhachtana.

[EN]

An tráth chun dámhachtain a dhéanamh.

23.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) d'alt 36 den Acht seo agus faoi réir aon ní contrártha dhó sin sa chomhaontú eadrána, beidh de chumhacht ag eadránaí nó ag moltóir dámhachtain a dhéanamh aon tráth.

[EN]

(2) Féadfar an tórainn, más aon tórainn é, a bheas leis an tréimhse chun dámhachtain a dhéanamh, pé acu faoin Acht seo nó ar shlí eile é, a chur siar ó am go ham le hordú ón gCúirt nó le comhaontú i scríbhinn idir na páirtithe, pé acu beifear nó nach mbeifear tar éis dul thar an tórainn sin.

[EN]

Eadránaí nó moltóir a scor mura ndéana sé an eadráin le luas réasúnach.

24.—(1) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas aon pháirtí in eadráin, eadránaí nó moltóir a scor mura gcroma sé ar an eadráin, agus dul ar aghaidh leis an eadráin agus dámhachtain a dhéanamh, le luas réasúnach.

[EN]

(2) Ní bheidh eadránaí ná moltóir a scoirfeas an Chúirt faoi fho-alt (1) den alt seo i dteideal aon luach saothair d'fháil i leith a sheirbhísí.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo folaíonn an abairt “dul ar aghaidh leis an eadráin”, mura féidir le beirt eadránaí comhaontú, fógra ina thaobh sin a thabhairt do na páirtithe agus don mholtóir.

[EN]

Damhachtana eatramhacha.

25.—Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann go bhféadfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, más cuí leis é, dámhachtain eatramhach a dhéanamh.

[EN]

Sainchomhlíonadh.

26.—Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, foráil a bheith ann go mbeidh ag an eadránaí nó ag an moltóir an chumhacht chéanna atá ag an gCúirt chun sainchomhlíonadh aon chonartha d'ordú nach conradh a bhaineas le talamh nó le haon leas i dtalamh.

[EN]

Dámhachtana le bheith críochnaitheach.

27.—Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, i gcás foráil den tsórt sin a bheith infheidhme maidir leis an eadráin, measfar foráil a bheith ann go mbeidh an dámhachtain a dhéanfas an t-eadránaí nó an moltóir ina dámhachtain chríochnaitheach agus ina ceangal ar na páirtithe agus ar na daoine a bheas ag éileamh fúthu faoi seach.

[EN]

Cumhacht chun tuathail a cheartu.

28.—Mura bhfuil a mhalairt sainráite sa chomhaontú eadrána, beidh de chumhacht ag an eadránaí nó ag an moltóir ceartú a dhéanamh i ndámhachtain ar aon dearmad nó earráid chléireachais a tháinig as aon tuathal nó easnamh a tharla de thionóise.

Costais, Táillí agus Us.

[EN]

Costais eadrána agus dámhachtana a bheith do réir roghan an eadránaí nó an mholtóra.

29.—(1) Mura bhfuil a mhalairt sainráite i gcomhaontú eadrána, measfar foráil a bheith ann gur do réir roghan an eadránaí nó an mholtóra a bheas costais na headrána agus na dámhachtana agus go bhféadfaidh seisean a ordú cé leis a n-íocfar, cé hé a íocfas agus cad é an modh ar a n-íocfar na costais sin nó aon chuid díobh agus go bhféadfaidh sé, le toiliú na bpáirtithe, méid na gcostas a bheas le n-íoc amhlaidh nó aon choda díobh d'fhómhas nó a shocrú agus go bhféadfaidh costais a dhámhachtain a bheas le n-íoc amhail idir aturnae agus cliant.

[EN]

(2) Má hordaítear le dámhachtain aon chostais d'íoc, ansin, mura ndéanfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, le toiliú na bpáirtithe, méid na gcostas sin d'fhómhas nó a shocrú—

[EN]

(a) is ag Máistir Fómhais a bheas na costais le fómhas agus le cinneadh,

[EN]

(b) beidh feidhm maidir leis na costais a bheas le fómhas agus le cinneadh amhlaidh ag an nós imeachta chun fómhas d'fháil agus ag rialacha, rialacháin agus scálaí costas na Cúirte i leith fómhais agus i leith athbhreithnithe ar fhómhas amhail is dá mba bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt an dámhachtain.

[EN]

Forála áirithe maidir le costais i gcomhaontuithe eadrána a bheith ar neamhní.

30.—(1) Aon fhoráil a bheas i gcomhaontú eadrána á fhoráil go n-íocfaidh na páirtithe nó aon pháirtí sa chomhaontú sin i gcás ar bith a gcostas nó a chostas féin i leith na headrána nó aon choda dhi nó i leith na dámhachtana nó aon choda dhi, beidh sí ar neamhní, agus beidh éifeacht ag an gCuid seo i gcás comhaontuithe eadrána ina mbeidh aon fhoráil den tsórt sin amhail is nach mbeadh an fhoráil sin ann.

[EN]

(2) Ní bhéarfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo go mbeidh aon fhoráil den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin neamhbhailí nuair is cuid í de chomhaontú chun díospóid a tharchur chun eadrána a tharla sara ndearnadh an comhaontú sin.

[EN]

Iarratas chun an eadránaí nó an mholtóra ag iarraidh orduithe maidir le costais i gcás gan foráil ina leith a bheith sa dámhachtain.

31.—Mura ndéantar sa dámhachtain aon fhoráil maidir le costais na headrána, féadfaidh aon pháirtí san eadráin, laistigh de cheithre lá déag tar éis an dámhachtain d'fhoilsiú nó de pé tréimhse is sia ná sin a ordós an Chúirt, iarratas a dhéanamh chun an eadránaí nó an mholtóra ar ordú a ordós cé a íocfas agus cé leis a n-íocfar na costais sin, agus air sin déanfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, tar éis dó éisteacht a thabhairt d'aon pháirtí ar mian leis éisteacht d'fháil, a dhámhachtain a leasú trí pé orduithe a chur léi is dóigh leis is cuí maidir le costais na headrána d'íoc.

[EN]

Feidhm ailt 3 den Legal Practitioners (Ireland) Act, 1876, maidir le costais aturnaethe in eadrána.

32.—Beidh feidhm ag alt 3 den Legal Practitioners (Ireland) Act, 1876 (a thugas cumhacht do chúirt a mbeidh aon imeacht éistithe nó ar feitheamh os a comhair íoc costas aturnaethe a mhuirearú ar mhaoin a gnóthaíodh nó a caomhnadh san imeacht) amhail is dá mba imeacht sa Chúirt a bheadh in eadráin, agus féadfaidh an Chúirt dearbhuithe agus orduithe a dhéanamh dá réir sin.

[EN]

Táille eadránaí nó moltóra d'fhómas.

33.—(1) Má tharlann in aon chás go ndiúltóidh eadránaí nó moltóir a dhámhachtain a thabhairt mura n-íoctar leis na táillí a éileos sé, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas d'fháil chuige sin, a ordú don eadránaí nó don mholtóir an dámhachtain a thabhairt don iarratasóir ar an iarratasóir d'íoc na dtáillí a héilíodh isteach sa Chúirt, agus a ordú freisin go ndéanfaidh Máistir Fómhais na táillí a héilíodh d'fhómhas agus go n-íocfar leis an eadránaí nó leis an moltóir mar tháillí, as an airgead a híocadh isteach sa Chúirt, pé suim a cinnfear a bheith réasúnach de thoradh an fhómhais agus go n-íocfar iarmhéid an airgid, má bhíonn ann, leis an iarratasóir.

[EN]

(2) Féadfaidh aon pháirtí san eadráin iarratas chun críche an ailt seo a dhéanamh, mura rud é go mbeidh na táillí a héilíodh socruithe le comhaontú i scríbhinn idir an páirtí sin agus an t-eadránaí nó an moltóir.

[EN]

(3) Féadfar fómhas táillí faoin alt seo d'athbhreithniú amhail mar féadtar fómhas costas d'athbhreithniú.

[EN]

(4) Beidh an t-eadránaí nó an moltóir i dteideal láithriú agus éisteacht d'fháil le linn aon fhómhais nó aon athbhreithnithe ar fhómhas faoin alt seo.

[EN]

Us ar dhámhachtana.

34.—Mura n-ordaítear a mhalairt sa dámhachtain, beidh ús le n-íoc, amhail ó dháta na dámhachtana, ar shuim a hordófar d'íoc le dámhachtain, agus sin ar aon-ráta le fiach breithiúnais.

[EN]

Cásanna Speisialta, Dámhachtana a Tharchur agus a chur ar ceal, Eadránaí nó Moltóir a Scor agus Faoiseamh a thabhairt i gcás gan Eadránaí a bheith neamhchlaon nó i gcás Ceisteanna Calaoise a bheith ann.

[EN]

Sonrú cáis ag eadránaí nó ag moltóir.

35.—(1) Féadfaidh eadránaí nó moltóir, agus déanfaidh sé má ordaíonn an Chúirt dó é,—

[EN]

(a) aon cheist dlí a éireos i gcúrsa na headrána, nó

[EN]

(b) aon dámhachtain nó aon chuid de dhámhachtain,

[EN]

a shonrú i bhfoirm cháis speisialta le breith na Cúirte d'fháil air.

[EN]

(2) Féadfar cás speisialta maidir le dámhachtain eatramhach nó le ceist dlí a éireos i gcúrsa eadrána a shonrú, nó féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar sin a shonrú, d'ainneoin imeachta faoin eadráin a bheith fós ar feitheamh.

[EN]

Cumhacht na Cúirte chun dámhachtain a tharchur.

36.—(1) I ngach cás a cuirfear chun eadrána, féadfaidh an Chúirt ó am go ham na nithe, nó aon cheann de na nithe, a cuireadh chun eadrána a tharchur lena n-athbhreithniú ag an eadránaí nó ag an moltóir.

[EN]

(2) I gcás dámhachtain a tharchur amhlaidh, déanfaidh an t-eadránaí nó an moltóir a dhámhachtain, mura n-ordaí an t-ordú a mhalairt, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dáta an orduithe.

[EN]

Cumhacht na Cúirte chun eadránaí nó moltóir a scor de dheasca mí-iompair.

37.—Má bhí eadránaí nó moltóir mí-iomparach nó má rinne sé mí-stiúradh ar na himeachta, féadfaidh an Chúirt é a scor.

[EN]

Cumhacht na Cúirte chun dámhachtain a chur ar ceal de dheasca mí-iompair.

38.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go raibh eadránaí nó moltóir mí-iomparach nó go ndearna sé mí-stiúradh ar na himeachta, nó

[EN]

(b) go bhfuarthas eadráin nó dámhachtain go mícheart, féadfaidh an Chúirt an dámhachtain a chur ar ceal.

[EN]

(2) Má déantar iarratas chun dámhachtain a chur ar ceal, féadfaidh an Chúirt a ordú aon airgead is iníoctha faoin dámhachtain a thabhairt isteach sa Chúirt nó urrús a thabhairt ina leith ar shlí eile go dtí go gcinnfear an t-iarratas.

[EN]

Cumhacht na Cúirte chun faoiseamh a thabhairt i gcás gan an t-eadránaí a bheith neamhchlaon nó i gcás ceist chalaoise a bheith sa díospóid.

39.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go bhforálann comhaontú idir aon pháirtithe go ndéanfar díospóidí a tharlós eatarthu feasta a chur chun eadránaí a hainmnítear nó a sonraítear sa chomhaontú, agus

[EN]

(b) tar éis díospóid a tharlachtain, go ndéanfaidh aon pháirtí, ar an bhforas nach bhfuil nó go mb'fhéidir nach mbeadh an t-eadránaí a hainmnítear, nó a sonraítear amhlaidh neamhchlaon, cead d'iarraidh ar an gCúirt údarás an eadránaí a chúlghairm nó urghaire d'iarraidh uirthi chun aon pháirtí eile nó an t-eadránaí a shrianadh ó dhul ar aghaidh leis an eadráin,

[EN]

ní foras chun an t-iarratas a dhiúltú gurbh eol, nó gur chóir gurbh eol, don pháirtí sin an tráth a rinne sé an comhaontú go mb'fhéidir nach mbeadh an t-eadránaí neamhchlaon toisc na bainte a bhí aige le haon pháirtí eile sa chomhaontú nó leis an ábhar a cuireadh chun eadrána.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go bhforálann comhaontú idir aon pháirtithe go ndéanfar díospóidí a tharlós eatarthu feasta a chur chun eadrána, agus

[EN]

(b) go mbeidh sé i gceist in aon díospóid a tharlós amhlaidh cé acu a bhí nó nach raibh aon pháirtí ciontach i gcalaois,

[EN]

beidh ag an gCúirt, a mhéid is gá é chun go bhféadfaidh an Chúirt an cheist a chinneadh, cumhacht chun a ordú go scoirfidh an comhaontú d'éifeacht a bheith aige agus cumhacht chun cead a thabhairt údarás aon eadránaí nó moltóra a ceapadh leis an gcomhaontú nó dá bhuaidh a chúlghairm.

[EN]

(3) In aon chás ina mbeidh de chumhacht ag an gCúirt, de bhuaidh an ailt seo, a ordú go scoirfidh aon chomhaontú eadrána d'éifeacht a bheith aige nó cead a thabhairt údarás aon eadránaí nó moltóra a chúlghairm, féadfaidh an Chúirt diúltú bac a chur ar aon chaingean a tionscnadh contrártha don chomhaontú.

[EN]

Cumhacht na Cúirte i gcás eadránaí a scor nó údarás eadránaí a chúlghairm.

40.—(1) Má scoireann an Chúirt eadránaí (nach eadránaí aonair) nó beirt eadránaí nó níos mó (i gcás nach iad na headránaithe uile iad) nó moltóir nach bhfuil tar éis cromadh ar an eadráin, féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí sa chomhaontú eadrána dá iarraidh sin, duine nó daoine a cheapadh chun gníomhú mar eadránaí nó mar eadránaithe nó mar mholtóir in ionad an duine nó na ndaoine a scoireadh amhlaidh.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go gcúlghairmfear le cead na Cúirte údarás an eadránaí nó na n-eadránaithe nó an mholtóra, nó

[EN]

(b) go scoirfidh an Chúirt eadránaí aonair nó na headránaithe uile nó moltóir atá tar éis cromadh ar an eadráin,

[EN]

féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí sa chomhaontú eadrána dá iarraidh sin,—

[EN]

(i) duine a cheapadh chun gníomhú mar eadránaí aonair in ionad an duine nó na ndaoine a scoireadh, nó

[EN]

(ii) a ordú go scoirfidh an comhaontú eadrána d'éifeacht a bheith aige maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána.

[EN]

(3) Beidh ag duine a cheapfas an Chúirt faoin alt seo mar eadránaí nó moltóir an chumhacht chéanna chun gníomhú san eadráin agus chun dámhachtain a dhéanamh a bheadh aige dá mba do réir téarmaí an chomhaontuithe eadrána a ceapfaí é.

[EN]

(4) I gcás ina bhforáltar (pé acu le foráil i gcomhaontú eadrána nó eile é) dámhachtain faoi chomhaontú eadrána a bheith ina réamhchoinníoll chun caingean a thionscnamh maidir le haon ní lena mbaineann an comhaontú, féadfaidh an Chúirt, má ordaíonn sí (faoin alt seo nó faoi aon achtachán eile) go scoirfidh an comhaontú d'éifeacht a bheith aige maidir le haon díospóid áirithe, a ordú ina theannta sin go scoirfidh an fhoráil i dtaobh dámhachtain a bheith ina réamhchoinníoll chun caingean a thionscnamh d'éifeacht a bheith aici maidir leis an díospóid sin.

Dámhachtain a Chur i bhFeidhm.

[EN]

Dámhachtain a chur i bhfeidhm.

41.—Féadfar le cead na Cúirte dámhachtain de bhun comhaontuithe eadrána a chur i bhfeidhm amhail mar cuirfí breithiúnas nó ordú sa chéill chéanna i bhfeidhm agus, má tugtar an cead sin, féadfar breithiúnas a thaifeadadh do réir téarmaí na dámhachtana.

Tórainn leis an Tréimhse chun Imeachta Eadrána a Thionscnamh.

[EN]

Feidhm reacht na dtréimhsí maidir le headráin faoi chomhaontuithe eadrána.

42.—Beidh feidhm maidir le headráin faoi chomhaontú eadrána ag reachta na dtréimhsí amhail mar atá feidhm acu maidir le caingin sa Chúirt.

[EN]

Ceart caingin maidir le nithe is gá do réir comhaontuithe eadrána a chur chun eadrána d'fhaibhriú, chun críocha reacht na dtréimhsí, i gcás ina bhforáltar sa chomhaontú eadráin a bheith ina réamhchoinníoll chun caingean a thionscnamh.

43.—D'ainneoin aon téarma i gcomhaontú eadrána darb éifeacht nach bhfaibhreoidh aon chúis chaingin maidir le haon ní is gá do réir an chomhaontuithe a chur chun eadrána go dtí go ndéanfar dámhachtain faoin gcomhaontú, measfar chun críocha reacht na dtréimhsí (pé acu ina bhfeidhm maidir le headrána nó le himeachta eile é) cúis chaingin d'fhaibhriú maidir le haon ní den tsórt sin an tráth d'fhaibhreodh sí mura mbeadh an téarma sin sa chomhaontú.

[EN]

Cumhacht na Cúirte chun tórainn na tréimhse a chur siar má chuireann sí dámhachtain ar ceal nó má ordaíonn sí go scoirfidh eadráin d'éifeacht a bheith aici.

44.—Má ordaíonn an Chúirt dámhachtain a chur ar ceal nó má ordaíonn sí, tar éis eadráin a thosnú, go scoirfidh an eadráin d'éifeacht a bheith aici maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána, féadfaidh an Chúirt a ordú ina theannta sin go bhfágfar an tréimhse idir tosnú na headrána agus dáta an orduithe ón gCúirt gan áireamh nuair a beifear ag ríomh na tréimhse a hordaítear le reachta na dtréimhsí chun na himeachta (ar a n-áirítear eadráin) maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána a thionscnamh.

[EN]

Cumhacht na Cúirte chun cur leis an tréimhse le haghaidh imeachta eadrána a thionscnamh má foráltar sa chomhaontú go ndéanfar éilimh d'urchosc mura dtionscantar na himeachta laistigh de thréimhse shonraithe.

45.—Más rud é—

[EN]

(a) go bhforálann téarmaí comhaontuithe chun díospóidí a tharlós feasta a chur chun eadrána go mbeidh aon éilimh lena mbaineann an comhaontú urchoiscthe mura dtugtar fógra chun eadránaí a cheapadh nó mura gceaptar eadránaí nó mura ndéantar beart éigin eile chun imeachta eadrána a thionscnamh laistigh de thréimhse a bheas socraithe leis an gcomhaontú, agus

[EN]

(b) go dtarlóidh díospóid lena mbaineann an comhaontú,

[EN]

féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi go dtiocfadh, in imthosca an cháis, cruatan neamhchuí mura ndéanadh sí é, pé méid aimsire is cuí léi a chur, ar pé téarmaí, más aon téarmaí é, is gá do réir ceartas an cháis, ach gan dochar d'alt 42 den Acht seo, leis an tréimhse a socraíodh amhlaidh, agus sin d'ainneoin an tréimhse sin a bheith caite.

[EN]

Leathnú ar alt 496 den Merchant Shipping Act, 1894.

46.—I bhfo-alt (3) d'alt 496 den Merchant Shipping Act, 1894 (ar gá dá réir suim a thaisc únaer earraí le sealbhóir calaidh d'aisíoc mura dtionscna an long-únaer imeachta dlí) forléireofar na tagairtí d'imeachta dlí mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'eadráin.

Téarmaí Orduithe.

[EN]

Téarmaí orduithe.

47.—(1) Féadfar aon ordú a dhéanfas cúirt faoin gCuid seo a dhéanamh ar pé téarmaí maidir le costais nó eile is dóigh leis an gCúirt sin a bheith cóir.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le hordú a déanfar faoi fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo.

CUID III.

Eadráin faoi Achta Eile.

[EN]

Feidhm Choda I agus II maidir le headrána faoi Achta eile.

48.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “na forála eiscithe” na forála seo a leanas den Acht seo, fo-alt (1) d'alt 10, alt 11, fo-alt (2) d'alt 12, agus ailt 13, 30, 39, 40, 45 agus 46.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag Coda I agus II den Acht seo (ach amháin na forála eiscithe) maidir le gach eadráin faoi aon Acht eile amhail is dá mba eadráin de bhun comhaontuithe eadrána í agus amhail is dá mba chomhaontú eadrána an tAcht eile sin, ach amháin a mhéid a bheas Cuid II den Acht seo ar neamhréir leis an Acht eile sin nó le haon rialacha nó nós imeachta a bheas údaraithe nó aitheanta leis an Acht eile sin.

CUID IV.

Eadráin faoi Ordú na Cúirte.

[EN]

Cumhacht na Cúirte agus na Cúirte Cuarda chun nithe a chur chun eadrána i gcásanna áirithe.

49.—(1) Má tharlann, in aon chúis nó ábhar (lena n-áirítear aon chúis nó ábhar a mbeidh údarás Stáit ina pháirtí ann, ach gan imeacht choiriúil ar agra an Ard-Aighne d'áireamh), gur cúrsaí cuntais an cheist nó cuid den cheist a bheas faoi dhíospóid, féadfaidh an Chúirt nó an Chúirt Chuarda tráth ar bith a ordú an chúis nó an t-ábhar uile nó aon cheist nó saincheist fíorais a éireos ann a thriail os comhair eadránaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe nó os comhair oifigigh don Chúirt nó don Chúirt Chuarda (do réir mar bheas) ar pé téarmaí maidir le costais nó eile is dóigh leis an gCúirt nó leis an gCúirt Chuarda (do réir mar bheas) a bheith cóir.

[EN]

(2) Forléireofar na tagairtí in ailt 50 agus 52 den Acht seo agus an chéad agus an dara tagairt in alt 51 den Acht seo don Chúirt mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Chúirt Chuarda.

[EN]

Cumhachta eadránaithe in eadrána faoi alt 49.

50.—(1) I ngach cás eadrána ag eadránaí faoi ordú ón gCúirt faoi alt 49 den Acht seo, measfar an t-eadránaí a bheith ina oifigeach don Chúirt agus, faoi réir rialacha cúirte, beidh aige pé údarás, agus déanfaidh sé an eadráin i pé slí, a ordós an Chúirt.

[EN]

(2) Is ionann agus fíorasc giúiré dámhachtain eadránaí in aon eadráin faoi alt 49 den Acht seo mura gcuire an Chúirt ar ceal í.

[EN]

(3) Cinnfidh an Chúirt an luach saothair a híocfar le haon eadránaí a gcuirfear aon ábhar chun eadrána aige faoi alt 49 den Acht seo.

[EN]

Cumhachta a bheith ag an gCúirt amhail mar atá aici in eadrána faoi chomhaontuithe eadrána.

51.—Beidh ag an gCúirt, maidir le headrána faoi ordú a dhéanfas an Chúirt faoi alt 49 den Acht seo, na cumhachta uile a bheirtear don Chúirt le Cuid II den Acht seo maidir le headrána faoi chomhaontuithe eadrána.

[EN]

Sonrú cáis le linn eadrána.

52.—Tráth ar bith le linn na n-imeacht faoin eadráin, féadfaidh eadránaí in aon eadráin faoi alt 49 den Acht seo, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an Chúirt é, aon cheist dlí a éireos le linn na headrána a shonrú i bhfoirm cháis speisialta le tuairim na Cúirte d'fháil air.

[EN]

Cumhachta na Cúirte Uachtaraí.

53.—Beidh ag an gCúirt Uachtarach na cumhachta uile a bheirtear don Chúirt leis an gCuid seo.

CUID V.

Dámhachtana Coigríche Airithe a Chur i bhFeidhm.

[EN]

“Dámhachtain choigríche”.

54.—(1) (a) Más deimhin leis an Rialtas aon Stát a dhaingnigh Coinbhinsiún 1927 a bheith tar éis na forála cómalartacha sin a dhéanamh a bhéarfas feidhm do Choinbhinsiún 1927 in aon chríoch a bhfuil Coinbhinsiún 1927 infheidhme maidir léi, féadfaidh sé, trí ordú, a dhearbhú—

[EN]

(i) an Stát sin a bheith ina pháirtí i gCoinbhinsiún 1927,

[EN]

(ii) an chríoch sin a bheith ina críoch lena mbaineann Coinbhinsiún 1927.

[EN]

(b) Féadfaidh an Rialtas le hordú aon ordú a rinneadh faoin bhfo-alt seo d'athrú nó a chúlghairm.

[EN]

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “dámhachtain choigríche” aon dámhachtain a déanfar tar éis tosach feidhme na Coda seo—

[EN]

(a) de bhun comhaontuithe i dtaobh eadrána lena mbaineann Prótacal 1923, agus

[EN]

(b) idir daoine—

[EN]

(i) a mbeidh duine acu faoi dhlínse Stát a dearbhaíodh le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith ina pháirtí i gCoinbhinsiún 1927, agus

[EN]

(ii) a mbeidh an duine eile faoi dhlínse Stáit eile den tsórt sin, agus

[EN]

(c) i gcríoch a dearbhaíodh le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith ina críoch lena mbaineann Coinbhinsiún 1927.

[EN]

Eifeacht dámhachtana coigríche.

55.—(1) Faoi réir forál na Coda seo, beidh dámhachtain choigríche inchurtha i bhfeidhm sa Stát trí chaingean nó sa tslí ina bhfuil dámhachtain eadránaí inchurtha i bhfeidhm de bhuaidh ailt 41 den Acht seo.

[EN]

(2) Measfar aon dámhachtain choigríche dob inchurtha i bhfeidhm faoin gCuid seo a bheith ina ceangal chun gach críche ar na daoine a ndearnadh eatarthu í, agus dá réir sin féadfaidh aon duine acu sin dul ina muinín mar chosaint, mar fhritháireamh nó eile in aon imeachta dlí sa Stát, agus forléireofar aon tagairtí sa Chuid seo do dhámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhul i muinín dámhachtana.

[EN]

Coinníollacha a bhaineas le dámhachtana coigríche a chur i bhfeidhm.

56.—(1) Ionas go mbeidh dámhachtain choigríche inchurtha i bhfeidhm faoin gCuid seo—

[EN]

(a) ní foláir í a bheith déanta de bhun comhaontuithe i dtaobh eadrána a bhí bailí faoin dlí a raibh sé faoina réir,

[EN]

(b) ní foláir í a bheith déanta ag an mbinse dar foráladh sa chomhaontú nó a bhí comhdhéanta mar chomhaontaigh na páirtithe,

[EN]

(c) ní foláir í a bheith déanta do réir an dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána,

[EN]

(d) ní foláir í a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach sa tír ina ndearnadh í,

[EN]

(e) ní foláir í a bheith ina dámhachtain maidir le ní is féidir go dleathach a chur chun eadrána faoi dhlí an Stáit,

[EN]

agus ní foláir gan é a bheith in aghaidh beartais phoiblí ná dlí an Stáit í a chur i bhfeidhm.

[EN]

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ní bheidh dámhachtain choigríche inchurtha i bhfeidhm faoin gCuid seo, más deimhin leis an gCúirt—

[EN]

(a) gur cuireadh an dámhachtain ar neamhní sa tír ina ndearnadh í, nó

[EN]

(b) nár tugadh don pháirtí a bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain a chur i bhfeidhm ina choinne fógra i dtaobh na n-imeacht eadrána luath go leor chun go bhféadfadh sé a chás a phlé nó go raibh an páirtí sin faoi éagumas dlíthiúil éigin agus nach raibh ionadaíocht chuí ar a shon, nó

[EN]

(c) nach ndéileálann an dámhachtain leis na ceisteanna uile a cuireadh chun eadrána nó go bhfuil breitheanna ann atá taobh amuigh de réim an chomhaontuithe i dtaobh eadrána.

[EN]

(3) Mura ndéileálann dámhachtain choigríche leis na ceisteanna uile a cuireadh chun eadrána, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, cur na dámhachtana i bhfeidhm a chur siar nó a ordú í a chur i bhfeidhm ar choinníoll go dtabharfaidh an duine a bheas ag iarraidh í a chur i bhfeidhm pé urrús is oiriúnach leis an gCúirt.

[EN]

(4) Má chruthaíonn an páirtí a bheas ag cur in aghaidh dámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm go bhfuil foras ann, seachas gan na dála a bheith mar sonraítear i míreanna (a) (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo nó na dála a bheith mar sonraítear i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo, a bheir teideal dó bailíocht na dámhachtana a chonspóid, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, diúltú an dámhachtain a chur i bhfeidhm, nó an éisteacht a chur ar atráth, go dtí tar éis deireadh pé tréimhse is leor do réir réasúin dar leis an gCúirt chun go bhféadfadh an páirtí sin na bearta ba ghá a dhéanamh le go gcuirfeadh an binse inniúil an dámhachtain ar neamhní.

[EN]

Fianaise.

57.—(1) Ní foláir don pháirtí a bheas ag iarraidh dámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm iad seo a leanas a thabhairt ar aird—

[EN]

(a) an dámhachtain bhunaidh nó cóip di arna fíordheimhniú go cuí mar is gá do réir dlí na tíre ina ndearnadh í, agus

[EN]

(b) fianaise á chruthú go bhfuil an dámhachtain ina dámhachtain chríochnaitheach, agus

[EN]

(c) pé fianaise is gá chun a chruthú gur dámhachtain choigríche an dámhachtain agus gur comhlíonadh na coinníollacha a sonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht seo.

[EN]

(2) I gcás aon doiciméad is gá a thabhairt ar aird faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith i dteanga seachas ceann de na teangacha oifigiúla, is é dualgas an pháirtí a bheas ag iarraidh an dámhachtain a chur i bhfeidhm tiontó a thabhairt ar aird a bheas deimhnithe bheith ina thiontó ceart ag gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta don tír lena mbaineann an páirtí sin nó a bheas deimhnithe a bheith ina thiontó ceart i pé slí eile is leor do réir dlí an Stáit.

[EN]

(3) Faoi réir forál an ailt seo, féadfar rialacha cúirte a dhéanamh faoi alt 36 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), arna leasú le halt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936), maidir leis an bhfianaise a bheas le tabhairt ar aird ag páirtí a bheas ag iarraidh dámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm faoin gCuid seo.

[EN]

An bhrí atá le “dámhachtain chríochnaitheach”.

58.—Chun críocha na Coda seo, ní measfar dámhachtain a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach má tá aon imeachta chun bailíocht na dámhachtana sin a chonspóid ar feitheamh sa tír inar ndearnadh í.

[EN]

Cosaint do chearta eile, etc.

59.—Ní bheidh aon ní sa Chuid seo ina ní—

[EN]

(a) a dhéanfas dochar d'aon chearta a bheadh ag aon duine chun aon dámhachtain a chur i bhfeidhm sa Stát nó a bheadh aige chun leas a bhaint sa Stát as dámhachtain dá mba nár hachtaíodh an Chuid seo, ná

[EN]

(b) a bhainfeas le haon dámhachtain a déanfar de bun comhaontuithe eadrána a bheas faoi réir dlí an Stáit.

AN CHEAD SCEIDEAL.

An Prótacal um Chlásail Eadrána a hOsclaíodh sa Ghinéibh an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1923.

Ailt 2(1) 12 (2) agus 54.

1. Aithníonn gach ceann de na Stáit Chonarthacha bailíocht chomhaontuithe pé acu le heasaontais atá ann nó a bheas ann a bhaineas sé idir páirtithe a bheas faoi seach faoi dhlínse Stát Conarthacha éagsúla trína gcomhaontaíonn na páirtithe i gconradh gach easaontas nó aon easaontas a tharchur chun eadrána a tharlós i ndáil leis an gconradh sin agus a bhainfeas le cúrsaí tráchtála nó le haon ní eile is féidir a shocrú trí eadráin, pé acu i dtír nach bhfuil aon cheann de na páirtithe faoina dlínse nó nach ea atá an eadráin le déanamh.

Forcoimeádann gach ceann de na Stáit chonarthacha aige féin an ceart chun an oblagáid a luaitear thuas a thórannú ionas nach mbainfidh sí ach le conartha a meastar a bheith ina gconartha tráchtála faoina dhlí náisiúnta féin. Bhéarfaidh aon Stát Conarthach a bhainfeas leas as an gceart sin fógra d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, i dtreo go gcuirfear sin in iúl do na Stáit Chonarthacha eile.

2. Is do réir mar thoileos na páirtithe, agus do réir dlí na tíre arb ina críoch a déanfar an eadráin, a bheas an nós imeachta i gcás eadrána, lena n-áirítear comhdhéanamh an bhinse eadrána.

Comhaontaíonn na Stáit Chonarthacha gach beart nósa imeachta d'éascú is gá a dhéanamh ina gcríocha féin, do réir na bhforál dá ndlí féin a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána a bhaineas le heasaontais atá ann.

3. Geallann gach Stát Conarthach go gcinnteoidh sé go bhfeidhmeoidh a údaráis do réir forál a dhlithe náisiúnta féin dámhachtana eadrána a déanfar ina chríoch féin faoi na hairteagail roimhe seo.

4. Ar dhíospóid a theacht faoina mbráid i dtaobh conartha a rinneadh idir daoine lena mbaineann Airteagal 1 agus ina bhfuil comhaontú eadrána, pé acu le heasaontais atá nó a bheas ann a bhaineas sé, ar comhaontú bailí é de bhuaidh an airteagail sin agus ar féidir é a chur in éifeacht, déanfaidh binsí na bPáirtithe Conarthacha díospóid na bpáirtithe, ar cheachtar acu dá iarraidh sin, a chur faoi bhreith na n-eadránaithe.

Ní dhéanfaidh sin dochar d'inniúlacht na mbinsí breithiúnais i gcás nach féidir dul ar aghaidh leis an gcomhaontú nó leis an eadráin nó i gcás iad a dhul ó fheidhm.

5. Déanfar daingniú ar an bPrótacal seo, a bheas ar oscailt lena shíniú ag gach Stát. Taiscfear na daingniúcháin a luaithe is féidir le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún, agus cuirfidh seisean an taisceadh sin in iúl do na Stát-Shíniúirí go léir.

6. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm a luaithe a taiscfear dhá dhaingniúchán. Ina dhiaidh sin beidh éifeacht aige, i gcás gach Stáit Chonarthaigh, mí tar éis don Ard-Rúnaí taisceadh daingniúcháin an Stáit sin a chur in iúl.

7. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Prótacal seo a shéanadh ar fhógra bliana a thabhairt. Is amhlaidh a déanfar an séanadh trí fhógra a seolfar chun Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, agus cuirfidh seisean láithreach cóipeanna den fhógra sin go dtí na Stát-Shíniúirí eile go léir agus inseoidh dóibh an dáta a fuarthas é. Beidh éifeacht ag an séanadh bliain tar éis an dáta a tugadh fógra ina thaobh don Ard-Rúnaí agus ní oibreoidh sé ach amháin maidir leis an Stát a thug an fógra.

8. Féadfaidh na Stáit Chonarthacha a dhearbhú nach dtugann glacadh an Phrótacail seo acu na críocha thíosluaite nó aon cheann áirithe acu faoina réim: is é sin le rá, a gcóilíneachtaí, a sealúchais nó a gcríocha thar lear, a gcoimircis nó na críocha atá faoi mhandáid acu.

Ina dhiaidh sin féadfaidh na Stáit sin glacadh ar leithligh leis an bPrótacal seo thar ceann aon chríche a heisceadh amhlaidh. Cuirfear an glacadh sin in iúl d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún a luaithe is féidir. Cuirfidh seisean an glacadh sin in iúl do gach Stát-Shíniúir. Beidh éifeacht ag an nglacadh sin mí tar éis don Ard-Rúnaí é a chur in iúl do gach Stát-Shíniúir.

Féadfaidh na Stáit Chonarthacha freisin séanadh ar leithligh a dhéanamh ar an bPrótacal thar ceann aon chríche dá dtagartar thuas. Baineann Airteagal 7 le séanadh den tsórt sin.

Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe den Phrótacal seo go dtí gach Stát Conarthach.

AN DARA SCEIDEAL.

An Coinbhinsiún um Dhámhachtanna Eadrána Coigríche a chur i bhfeidhm a rinneadh sa Ghinéibh an 26ú lá de Mheán Fómhair, 1927.

Ailt 2(1) agus 54.

Airteagal 1.

I gcríocha aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann an Coinbhinsiún seo, déanfar dámhachtain eadrána a rinneadh de bhun comhaontuithe, pé acu le heasaontais atá ann nó a bheas ann a bhaineas sé (dá ngairmtear “comhaontú i leith eadrána” anseo feasta) atá faoi réim an Phrótacail um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923, d'aithint mar dhámhachtain cheangailteach agus í a chur i bhfeidhm do réir rialacha nós imeachta na críche ina dtéitear i muinín na dámhachtana, ar choinníoll gur i gcríoch cheann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo a rinneadh an dámhachtain sin agus gur idir daoine atá faoi dhlínse cheann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha a rinneadh í.

Chun go n-aithneofaí nó go gcuirfí i bhfeidhm amhlaidh í, ní foláir ina theannta sin:

(a) An dámhachtain a bheith déanta de bhun comhaontuithe i leith eadrána atá bailí faoin dlí a bhaineas leis;

(b) Abhar na dámhachtana a bheith intsocruithe trí eadráin faoi dhlí na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana;

(c) An dámhachtain a bheith déanta ag an mBinse Eadrána dar foráladh sa chomhaontú i leith eadrána nó a bhí comhdhéanta mar chomhaontaigh na páirtithe agus do réir an dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána;

(d) An dámhachtain a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach sa tír ina ndearnadh í, sa chéill nach meastar í a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach más féidir opposition, appelpourvoi en cassation a thabhairt ina coinne (sna tíortha ina bhfuil foirmeacha nós imeachta den tsórt sin) nó má cruthaítear go bhfuil aon imeacht ar feitheamh chun bailíocht na dámhachtana a chonspóid;

(e) Gan aithint na dámhachtana ná a cur i bhfeidhm a bheith contrártha do bheartas poiblí ná do phrionsabail dlí na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul ina muinín.

Airteagal 2.

Fiú má comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 1 de seo, diúltófar an dámhachtain d'aithint agus a chur i bhfeidhm más deimhin leis an gCúirt:

(a) Gur cuireadh an dámhachtain ar neamhní sa tír ina ndearnadh í;

(b) Nár tugadh don pháirtí a bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain d'úsáid ina choinne fógra i dtaobh na n-imeachta eadrána luath go leor chun go bhféadfadh sé a chás a phlé; nó, toisc é a bheith faoi éagumas dlíthiúil, nach raibh ionadaíocht chuí ar a shon;

(c) Nach ndéileálann an dámhachtain leis na heasaontais a raibh beartaithe an comhaontú i leith eadrána do bhaint leo nó leis na heasaontais a thagas faoi réim a théarmaí nó gur tugadh breitheanna inti ar ábhair lasmuigh de réim an chomhaontuithe i leith eadrána.

Murar bhain an dámhachtain leis na ceisteanna uile a tarchuireadh chun an bhinse eadrána; ansin, más cuí leis é, féadfaidh údarás inniúil na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain d'aithint nó a chur i bhfeidhm aithint na dámhachtana nó a cur i bhfeidhm a chur siar nó sin a dheonadh faoi réir pé ráthaíochta a chinnfeas an t-údarás sin.

Airteagal 3.

Má chruthaíonn an páirtí a ndearnadh an dámhachtain ina choinne go bhfuil ann, faoin dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána, foras seachas na forais dá dtagartar in Airteagal 1 (a) agus (c) agus in Airteagal 2 (b) agus (c), a bheir teideal dó bailíocht na dámhachtana a chonspóid i gCúirt Dlí, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, aithint na dámhachtana nó a cur i bhfeidhm a dhiúltú, nó an breithniú air sin a chur ar atráth, agus tréimhse réasúnach a thabhairt don pháirtí sin chun go bhféadfadh an binse inniúil an dámhachtain a chur ar neamhní.

Airteagal 4.

Ní foláir don pháirtí a raghas i muinín dámhachtana nó a éileos í a chur i bhfeidhm na nithe seo a leanas, go sonrach, a chur ar fáil:

(1) An dámhachtain bhunaidh nó cóip di arna fíordheimhniú go cuí, mar is gá do réir dlí na tíre ina ndearnadh í;

(2) Fianaise dhoiciméad nó fianaise eile á chruthú go bhfuil an dámhachtain ina dámhachtain chríochnaitheach, mar mínítear in Airteagal 1 (d), sa tír ina ndearnadh í;

(3) Nuair is gá é, fianaise dhoiciméad nó fianaise eile á chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 1, mír 1 agus mír 2 (a) agus (c).

Féadfar tiontó d'iarraidh ar an dámhachtain agus ar na doiciméid eile a luaitear san Airteagal seo i dteanga oifigiúil na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana. Ní foláir an tiontó sin a bheith deimhnithe bheith ina thiontó ceart ag gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta don tír lena mbaineann an páirtí atá ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana nó ag tiontaitheoir mionnaithe don tír ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana.

Airteagal 5.

Ní bhainfidh forála na nAirteagal thuas d'aon pháirtí leasmhar an ceart chun leas a bhaint as dámhachtain eadrána sa tslí ina gceadaítear sin agus a mhéid a ceadaítear sin le dlí nó le conartha na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana sin.

Airteagal 6.

Ní bhaineann an Coinbhinsiún seo ach le dámhachtana eadrána a rinneadh tar éis teacht i bhfeidhm don Phrótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923.

Airteagal 7.

Déanfar daingniú ar an gCoinbhinsiún seo, a bheas ar oscailt lena shíniú ag síniúirí uile Phrótacail 1923 um Chlásail Eadrána.

Ní féadfar é a dhaingniú ach amháin thar ceann na gComhaltaí sin de Chumann na Náisiún, agus na Stát sin nach Comhaltaí, ar daingníodh Prótacal 1923 thar a gceann.

Taiscfear na daingniúcháin a luaithe is féidir le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún agus cuirfidh seisean an taisceadh sin in iúl do na síniúirí go léir.

Airteagal 8.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm trí mhí tar éis a dhaingnithe thar cheann dhá Ard-Pháirtí Chonarthacha. Ina dhiaidh sin beidh éifeacht aige, i gcás Ard-Pháirtí Chonarthaigh, trí mhí tar éis an daingniúchán thar a cheann a thaisceadh le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún.

Airteagal 9.

Féadfar an Coinbhinsiún seo a shéanadh thar ceann aon Chomhalta de Chumann na Náisiún nó aon Stáit nach Comhalta. Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún agus cuirfidh seisean láithreach cóip de a bheas deimhnithe bheith do réir mar cuireadh in iúl, chun na bPáirtithe Conarthacha eile go léir agus inseoidh dóibh san am céanna an dáta a fuair sé é.

Ní thiocfaidh an séanadh i bhfeidhm ach amháin maidir leis an Ard-Pháirtí Conarthach a chuir in iúl é ná go ceann bliana tar éis é a chur in iúl d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún.

Leanfaidh, ipso facto, séanadh an Choinbhinsiúin seo as séanadh an Phrótacail um Chlásail Eadrána.

Airteagal 10.

Mura luaitear go speisialta iad ní bhaineann an Coinbhinsiún seo le Cóilíneachta, Coimircis, ná críocha faoi ardfhlathúnas nó faoi mhandáid aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh.

Is féidir aon uair, trí dhearbhú a sheolfas ceann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha go dtí Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, feidhm a thabhairt don Choinbhinsiún seo maidir le ceann nó cinn de na Cóilíneachtaí, de na Coimircis (nó de na críocha lena mbaineann an Prótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923.

Beidh éifeacht ag an dearbhú sin trí mhí tar éis é a thaisceadh.

Féadfaidh na hArd-Pháirtithe Conarthacha aon uair an Coinbhinsiún a shéanadh i leith gach cinn nó aon chinn de na Cóilíneachtaí, na Coimircis nó na críocha dá dtagartar thuas. Baineann Airteagal 9 de seo leis an séanadh sin.

Airteagal 11.

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún cóip dheimhnithe den Choinbhinsiún seo go dtí gach Comhalta de Chumann na Náisiún, agus go dtí gach Stát nach Comhalta, a shíneos é.

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt. 8 (1).

Siosón agus Caibidil

Teideal nó Gearrtheideal.

Méid na hAthghairme.

(1)

(2)

(3)

10 Will. 3, c. 14. (Ir.).

An Act for determining differences by arbitration.

An tAcht iomlán.

3 & 4 Vic. c. 105.

The Debtors (Ireland) Act, 1840.

Ailt 63 agus 64.

19 & 20 Vic. c. 102.

The Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856.

Ailt 6 go 20.

40 & 41 Vic c. 57.

The Supreme Court of Judicature Act (Ireland), 1877.

In alt 60, na focail “the provisions contained in the sections of ‘ the Common Law Procedure Act (Ireland), 1856,’ in reference to arbitration shall apply to the High Court of Justice and the several divisions thereof, and the Judges of the same respectively, in the same manner as formerly to the Superior Courts of Common Law and the Judges of the same respectively.”