Uimhir 26 de 1978
AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAIS ARDOIDEACHAIS), 1978
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar an Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968.
1.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras ceadaithe”:
“ciallaíonn ‘foras ceadaithe’ ollscoil, coláiste ollscoile, nó foras ardoideachais eile a mhéid a sholáthraíonn sé cúrsa nó cúrsaí nach giorra ná dhá bhliain de ré, is cúrsa nó cúrsaí a cheadaíonn an tAire de thuras na huaire chun críocha alt 2 den Acht seo.”
(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1974.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1978, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 agus 1978, a ghairm den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968, agus den Acht seo le chéile.
An tAcht dá dTagraítear | |