Uimhir 26 de 1999
ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. |
Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna
An Chomhairle: Forálacha Ginearálta
12. | Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna a bhunú. |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | Achomhairc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne bailíochtú a dhiúltú nó a tharraingt siar. |
18. |
Údarás a Tharmligean
19. | |
20. |
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna
An Chomhairle: Forálacha Ginearálta
21. | Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna a bhunú. |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | Achomhairc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne bailíochtú a dhiúltú nó a tharraingt siar. |
28. |
Údarás a Tharmligean
29. | |
30. |
Cairteacha
31. |
Leasú ar Acht 1992
32. |
Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a dhíscaoileadh, etc.
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
38. | |
39. |
Ollscoileanna
Ról na nOllscoileanna
40. |
Ollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997
41. | |
42. |
Cosaint d'Fhoghlaimeoirí
43. | |
44. | |
45. | |
46. | Faisnéis a bheidh le tabhairt ag an soláthraí: rochtain, aistriú agus forchéimniú. |
47. |
Forálacha Ginearálta
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | |
53. | Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa. |
54. | |
55. | |
56. | |
57. | |
58. | |
59. | |
60. | |
61. | |
62. | |
63. | |
64. | |
65. | |
66. |
Comhaltas agus Cruinnithe
An Príomhfheidhmeannach
Aoisliúntas
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990 | |
Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993 | 1993, Uimh. 8 |
An tAcht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992 | 1992, Uimh. 15 |
Na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992 agus 1994 | |
An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 | 1997, Uimh. 2 |
An tAcht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979 | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vic., c. 93 |
Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 go 1999 | |
Acht na nOllscoileanna, 1997 | 1997, Uimh. 24 |
Uimhir 26 de 1999
ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO BHUNÚ STRUCHTÚIR RIARACHÁIN CHUN CÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA A FHORBAIRT, A AITHINT AGUS A DHÁMHACHTAIN SA STÁT; DO BHUNÚ ÚDARÁS NÁISIÚNTA CÁILÍOCHTAÍ NA hÉIREANN, CHOMHAIRLE NA nDÁMHACHTAINÍ BREISOIDEACHAIS AGUS OILIÚNA AGUS CHOMHAIRLE NA nDÁMHACHTAINÍ ARDOIDEACHAIS AGUS OILIÚNA AGUS DO MHÍNIÚ A bhFEIDHMEANNA; DO DHÍSCAOILEADH CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS; D'AISGHAIRM AN ACHTA UM CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS, 1979; DO LEASÚ ACHT NA gCOLÁISTÍ TEICNIÚLA RÉIGIÚNACHA, 1992, AGUS AN ACHTA UM ÁISEANNA SAOTHAIR, 1987, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.
[13 Iúil, 1999]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.
(3) (a) Déanfar Caibidil IV de Chuid IV agus, a mhéid a bhaineann siad leis an gCaibidil sin, an t-alt seo agus alt 2 a fhorléiriú i dteannta Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 go 1999, mar aon ní amháin, agus folófar iad sa chomhlua “Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 go 1999”.
(b) Féadfar na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992 go 1999, a ghairm de na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992 agus 1994, de Chuid V agus, a mhéid a bhaineann siad leis an gCuid sin, den alt seo agus d'alt 2, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
(c) Féadfar Achtanna na nOllscoileanna, 1997 agus 1999, a ghairm d'Acht na nOllscoileanna, 1997, de Chuid VI agus, a mhéid a bhaineann siad leis an gCuid sin, den alt seo agus d'alt 2, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
(d) Féadfar na hAchtanna um Áiseanna Saothair, 1987 agus 1999, a ghairm den Acht um Áiseanna Saothair, 1987, d'alt 62 agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, den alt seo agus d'alt 2, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “rochtain” an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí clár oideachais agus oiliúna a thosú tar éis dóibh aitheantas a fháil d'eolas, do scil nó d'inniúlacht a bheidh bainte amach;
ciallaíonn “Acht 1992” Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992;
ciallaíonn “Acht 1997” Acht na nOllscoileanna, 1997;
ciallaíonn “dámhachtain” dámhachtain a bhronnann, a dheonaíonn nó a thugann comhlacht dámhachtana agus lena dtaifeadtar go bhfuil caighdeán eolais, scile nó inniúlachta bainte amach ag foghlaimeoir, agus folóidh tagairtí san Acht seo do “dámhachtain” tagairtí do “dámhachtain bhreisoideachais agus oiliúna” nó do “dámhachtain ardoideachais agus oiliúna”;
ciallaíonn “comhlacht dámhachtana” comhlacht a dhéanann damhachtainí;
ciallaíonn “CERT” an chuideachta dar teideal “CERT, an Ghníomhaireacht Oiliúna Turasóireachta Stáit”, a corpraíodh ar an 7ú lá de Shamhain, 1963;
ciallaíonn “cairt” cairt de chuid forais aitheanta dá dtagraítear in alt 31;
ciallaíonn “príomhfheidhmeannach” príomhfheidhmeannach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, a cheapfar faoi alt 50, agus folaíonn sé duine a bheidh ag gníomhú san oifig sin nó ag comhlíonadh dualgas príomhfheidhmeannaigh i gcás go mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí déanamh amhlaidh;
ciallaíonn “ráta críochnúcháin” an líon foghlaimeoirí a chríochnaíonn clár oideachais agus oiliúna arna shloinneadh mar chéatadán den líon foghlaimeoirí a thosaigh an clár lena mbaineann;
ciallaíonn “fostaí”, i ndáil le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, duine a bheidh fostaithe ag aon cheann acu in aon cháil, agus folaíonn sé oifigeach d'aon cheann acu;
ciallaíonn “an Foras” an Foras Áiseanna Saothair;
tá le “creat cáilíochtaí” an bhrí a shanntar dó le halt 7;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;
ciallaíonn “breisoideachas agus oiliúint” oideachas agus oiliúint, seachas bunoideachas nó iar-bhunoideachas nó ardoideachas agus oiliúint, a gcinneann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann faoi alt 10 gur breisoideachas agus oiliúint é;
ciallaíonn “Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna” an comhlacht a bhunaítear faoi alt 12;
ciallaíonn “ardoideachas agus oiliúint” oideachas agus oiliúint, seachas bunoideachas nó iar-bhunoideachas nó breisoideachas agus oiliúint, a gcinneann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann faoi alt 10 gur ardoideachas agus oiliúint é;
ciallaíonn “Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna” an comhlacht a bhunaítear faoi alt 21;
ciallaíonn “príomhfheidhmeannach eatramhach” duine a cheapfaidh an tAire chun bheith ina phríomhfheidhmeannach eatramhach nó ina príomhfheidhmeannach eatramhach ar chomhlacht iomchuí faoi alt 51;
ciallaíonn “foghlaimeoir” duine a bhfuil eolas, scil nó inniúlacht á bhaint amach nó á baint amach nó bainte amach aige nó aici;
ciallaíonn “Aire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta;
ciallaíonn “Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais” an comhlacht ad hoc faoin ainm sin arna bhunú ag an Aire;
ciallaíonn “Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann” an comhlacht a bhunaítear faoi alt 5;
ciallaíonn “an Bord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta” an comhlacht arna bhunú ag CERT agus ag an Aire chun dámhachtainí a dhéanamh maidir le cláir oideachais agus oiliúna a bhaineann le turasóireacht;
folaíonn “oifigeach”, i ndáil le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh—
(a) an príomhfheidhmeannach,
(b) duine is oifigeach do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais díreach roimh thosach feidhme Chaibidil V de Chuid IV, agus
(c) cibé fostaithe eile a chinnfidh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, ó am go ham;
ciallaíonn “clár oideachais agus oiliúna” aon phróiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí eolas, scil nó inniúlacht a bhaint amach agus folaíonn sé cúrsaí staidéir nó teagaisc, printíseachtaí, oiliúint agus fostaíocht agus forléireofar tagairtí do “clár” dá réir sin;
ciallaíonn “forchéimniú” an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí aistriú ó chlár oideachais agus oiliúna amháin go dtí clár eile nuair atá gach clár ar chaighdeán níos airde ná an clár roimhe;
ciallaíonn “soláthraí cláir oideachais agus oiliúna” duine nó comhlacht a dhéanann clár oideachais agus oiliúna a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích agus forléireofar tagairtí do “soláthraí” dá réir sin;
ciallaíonn “forais aitheanta” na forais a shonraítear in alt 24;
ciallaíonn “riachtanais speisialta oideachais agus oiliúna” riachtanais oideachais agus oiliúna foghlaimeoirí atá faoi mhíchumas;
ciallaíonn “Teagasc” Teagasc—an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia;
ciallaíonn “aistriú” an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí aistriú ó chlár oideachais agus oiliúna amháin go dtí clár eile tar éis dóibh aitheantas a fháil d'eolas, do scil nó d'inniúlacht a bheidh bainte amach;
ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás um Ard-Oideachas;
ciallaíonn “ollscoil” ollscoil a shonraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 4(1) d'Acht na nOllscoileanna, 1997;
ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína ndeimhneoidh comhlacht dámhachtana dó féin go bhféadfaidh foghlaimeoir eolas, scil nó inniúlacht a bhaint amach chun críche dámhachtana arna déanamh ag an gcomhlacht dámhachtana agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “coiste gairmoideachais” coiste arna bhunú faoi alt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt d'alt, do Chaibidil nó do Chuid, is tagairt í d'alt, do Chaibidil nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,
(c) aon tagairt do Sceideal, is tagairt í do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus
(d) ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
Caiteachais.
3.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Cuspóirí an Achta.
4.—(1) Is iad seo a leanas cuspóirí an Achta seo:
(a) caighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a bhunú agus a fhorbairt;
(b) cáilíocht an bhreisoideachais agus na hoiliúna agus an ardoideachais agus na hoiliúna a chur chun cinn;
(c) córas a sholáthar chun dámhachtainí oideachais agus oiliúna a chomheagrú agus a chur i gcomparáid;
(d) nósanna imeachta le haghaidh aistriú agus forchéimniú a chur chun cinn agus a chothabháil;
(e) foghlaim ar feadh an tsaoil a éascú trí rochtain agus deiseanna a chur chun cinn do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais agus oiliúna acu;
(f) aitheantas d'eolas, do scil nó d'inniúlacht a bheidh bainte amach trí thaighde, trí oideachas aosach agus leanúnach agus trí oiliúint agus fostaíocht, a chur chun cinn;
(g) cuidiú le réadú beartas náisiúnta agus cuspóirí náisiúnta oideachais agus oiliúna agus, go háirithe, le freastal do na riachtanais oideachais agus oiliúna atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí;
(h) comhoibriú a chur chun cinn idir soláthraithe clár oideachais agus oiliúna agus an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí;
(i) aitheantas lasmuigh den Stát do dhámhachtainí arna ndéanamh ag comhlachtaí sa Stát, agus aitheantas sa Stát do dhámhachtainí arna ndéanamh ag comhlachtaí lasmuigh den Stát, a chur chun cinn;
(j) ag féachaint do thraidisiúin soláthraithe oideachais agus oiliúna, éagsúlacht in oideachas agus in oiliúint a chur chun cinn idir breisoideachas agus oiliúint agus ardoideachas agus oiliúint agus laistigh de gach aon cheann acu sin; agus
(k) cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus, go háirithe, go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge, agus cuidiú le cultúir shainiúla na hÉireann a chur chun cinn.
(2) Déanfaidh gach comhlacht agus duine a mbeidh baint aige nó aici leis an Acht seo a chur i ngníomh, le linn dóibh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú, aird a thabhairt ar na cuspóirí a shonraítear i bhfo-alt (1).
CUID II
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann a bhunú.
5.—(1) Beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó, i mBéarla, the National Qualifications Authority of Ireland (dá ngairtear “an tÚdarás Cáilíochtaí” san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.
(2) Beidh an tÚdarás Cáilíochtaí ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aige agus féadfar é a agairt ina ainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
Comhaltas an Údaráis Cáilíochtaí.
6.—(1) 14 chomhalta a bheidh ar an Údarás Cáilíochtaí.
(2) Is iad seo a leanas comhaltaí an Údaráis Cáilíochtaí—
(a) cathaoirleach an Údaráis Cáilíochtaí,
(b) príomhfheidhmeannach an Údaráis Cáilíochtaí,
(c) beirt a bheidh ainmnithe ag an Aire, ar duine atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'eagraíochtaí pobail agus saorálacha, duine amháin acu,
(d) duine amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,
(e) cathaoirleach Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna,
(f) cathaoirleach Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna,
(g) duine amháin a bheidh ainmnithe ag ollscoileanna,
(h) duine amháin atá, i dtuairim an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí,
(i) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Forfás,
(j) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Cónaidhm Ghnó agus Fostóirí na hÉireann,
(k) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus
(l) beirt a bheidh ainmnithe de réir fho-alt (3).
(3) Faoi réir fho-alt (1), déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí beirt ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí a ainmniú ina gcomhaltaí, agus is duine ag a bhfuil taithí idirnáisiúnta a bhaineann leis na feidhmeanna sin a bheidh i nduine amháin ar a laghad acu sin.
(4) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal maidir leis an Údarás Cáilíochtaí.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ainmniúchán a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) nó (3).
(6) I gcás go ndéanfar ainmniúchán faoi fho-alt (2) nó (3), tabharfar aird ar a inmhianaithe atá sé cothromaíocht chuí inscne a bheith ann agus i gcás níos mó ná ainmniúchán amháin a bheith ag duine nó ag comhlacht faoin alt seo, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad.
Cuspóirí an Údaráis Cáilíochtaí.
7.—Is iad seo a leanas cuspóirí an Údaráis Cáilíochtaí:
(a) creat a bhunú agus a chothabháil, ar creat é chun cáilíochtaí a fhorbairt, a aithint agus a dhámhachtain sa Stát (dá ngairtear “creat cáilíochtaí” san Acht seo), agus a bheidh bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí;
(b) caighdeáin a bhunú maidir le dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna, agus dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna, Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus ollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997, agus cothabháil agus feabhsú na gcaighdeán sin a chur chun cinn; agus
(c) rochtain, aistriú agus forchéimniú a chur chun cinn agus a éascú.
Feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí.
8.—(1) Is iad feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí gach rud is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh de réir an Achta seo chun cuspóirí an Údaráis Cáilíochtaí a chur ar aghaidh.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí—
(a) na beartais agus na critéir ar a mbunófar an creat cáilíochtaí a bhunú,
(b) oibriú an chreata cáilíochtaí a athbhreithniú, ag féachaint do na cuspóirí a shonraítear in alt 7,
(c) nósanna imeachta a bhunú, i gcomhairle le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna agus le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna acu agus déanfaidh sé na nósanna imeachta sin a athbhreithniú ó am go ham,
(d) na nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú a bheidh le cur i ngníomh ag soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a chinneadh agus foilseoidh sé na nósanna imeachta sin i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí,
(e) a chinntiú, i gcomhairle le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus le hollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997, go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír (d) á gcur i ngníomh acu,
(f) a éascú d'ollscoileanna na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír (d) a chur i ngníomh agus comhairle a thabhairt dóibh ina thaobh sin, agus cur i ngníomh na nósanna imeachta sin ag ollscoileanna a athbhreithniú, i gcomhairle leis an Údarás, ó am go ham agus in aon chás uair amháin ar a laghad gach cúig bliana, agus torthaí aon athbhreithnithe den sórt sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis,
(g) dul i gcomhairle leis an Aire nó le haon Aire eile, de réir mar a bheidh, agus comhairle a thabhairt dó nó di, maidir le cibé nithe i ndáil lena fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile nó is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, agus
(h) (i) idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí lasmuigh den Stát a dhéanann dámhachtainí oideachais agus oiliúna chun go n-éascófar aitheantas sa Stát do dhámhachtainí oideachais agus oiliúna a dhéanann na comhlachtaí sin, agus
(ii) aitheantas lasmuigh den Stát do dhámhachtainí oideachais agus oiliúna a thugtar sa Stát a éascú.
(3) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí an méid seo a leanas, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh—
(a) cuirfidh sé é féin ar an eolas i dtaobh na riachtanas oideachais, oiliúna, scileanna agus cáilíochtaí atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear an leibhéal eolais, scileanna nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí, agus déanfaidh sé cleachtais a fhreastalaíonn do na riachtanais sin a chur chun cinn in oideachas agus oiliúint,
(b) cuirfidh sé é féin ar an eolas i dtaobh cleachtas lasmuigh den Stát maidir le nithe is iomchuí i leith a fheidhmeanna,
(c) tabharfaidh sé éifeacht do na beartais a bhaineann le hoideachas agus le hoiliúint a ndéanfaidh an tAire, nó aon Aire eile le comhaontú an Aire, iad a bhunú ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, agus fógra a thabhairt ina dtaobh don Údarás Cáilíochtaí, agus
(d) rachaidh sé i gcomhairle, de réir mar is cuí leis, le hollscoileanna, le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, le forais aitheanta, leis an bhForas, le CERT, le Teagasc, leis an mBord Iascaigh Mhara, le forais oideachais nó oiliúna arna mbunú ag coiste gairmoideachais, le soláthraithe eile oideachais agus oiliúna, le daoine, nó le comhlachtaí daoine, atá ionadaitheach d'fhostaithe soláthraithe oideachais agus oiliúna nó atá ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí, leis an Údarás, leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, agus breithneoidh an tÚdarás Cáilíochtaí tuairimí, más ann, na gcomhlachtaí sin chun na nósanna imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) a chinneadh.
Athbhreithniú ag an Údarás Cáilíochtaí.
9.—(1) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh a feidhmeanna ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus féadfaidh sé cibé moltaí is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí i ndáil leis an gcomhlíonadh sin a chur faoi bhráid na Comhairle lena mbaineann.
(2) Déanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna na moltaí, más ann, a dhéanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí faoi fho-alt (1) a chur i ngníomh.
(3) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (1) a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis.
Cinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí.
10.—(1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí na nithe seo a leanas a chinneadh—
(a) an ardoideachas agus oiliúint, nó breisoideachas agus oiliúint, é aon chlár áirithe oideachais agus oiliúna, nó
(b) an ar leibhéal dámhachtana breisoideachais agus oiliúna, nó ar leibhéal dámhachtana ardoideachais agus oiliúna, atá an caighdeán eolais, scile nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoir chun críocha dámhachtana.
(2) Le linn cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1), beidh aird ag an Údarás Cáilíochtaí, de réir mar is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí—
(a) ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann, nó
(b) ar an gcaighdeán eolais, scile nó inniúlachta a bheidh bainte amach ag foghlaimeoir, cibé slí inar baineadh amach é, nó
(c) ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann agus ar an gcaighdeán eolais, scile nó inniúlachta a bheidh bainte amach ag foghlaimeoir, cibé slí inar baineadh amach é.
(3) Measfar, mura gcinnfidh an tÚdarás Cáilíochtaí a mhalairt faoi fho-alt (1), gur breisoideachas agus oiliúint é aon chlár oideachais agus oiliúna a dtagann de go mbaineann foghlaimeoirí amach caighdeán eolais, scile nó inniúlachta nach airde ná an leibhéal ar dá réir a rinne Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais damhachtainí roimh an 3ú lá de Mhárta, 1999.
Deontais.
11.—(1) Déanfaidh an tAire deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc gach bliain leis an Údarás Cáilíochtaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí deontas nó deontais, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, a íoc gach bliain le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, as airgead a bheidh faighte aige faoi fho-alt (1).
(3) Is ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí a dhéanfar íocaíocht faoi fho-alt (2) le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.
CUID III
Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna
Caibidil 1
An Chomhairle: Forálacha Ginearálta
Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna a bhunú.
12.—(1) Beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó, sa Bhéarla, the Further Education and Training Awards Council (dá ngairtear “an Chomhairle” sa Chuid seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
(3) Measfar gur dámhachtain a rinne an Chomhairle aon dámhachtain bhreisoideachais agus oiliúna ó Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais, ó Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ón bhForas, ón mBord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta nó ó Theagasc a rinneadh roimh thosach feidhme na Coda seo.
(4) Féadfaidh an Chomhairle, go ceann tréimhse cúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint i gcás gur deimhin léi—
(a) go raibh, roimh thosach feidhme na Coda seo, nó
(b) go mbeadh, murach tosach feidhme na Coda seo,
an clár oideachais agus oiliúna lena mbaineann bailíochtaithe ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais, ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ag an bhForas, ag an mBord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta nó ag Teagasc chun dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint.
Comhaltas na Comhairle.
13.—(1) 18 gcomhalta a bheidh ar an gComhairle.
(2) Is iad seo a leanas comhaltaí na Comhairle—
(a) cathaoirleach na Comhairle,
(b) príomhfheidhmeannach na Comhairle,
(c) príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna,
(d) beirt a bheidh ainmnithe ag an Aire,
(e) beirt a bheidh ainmnithe ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,
(f) beirt atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'fhorais oideachais nó oiliúna arna mbunú agus arna gcothabháil ag coiste gairmoideachais,
(g) duine amháin atá, i dtuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí atá rannpháirteach i gcláir bhreisoideachais agus oiliúna,
(h) duine amháin atá, i dtuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ionadaitheach d'fhostaithe de chuid soláthraithe clár breisoideachais agus oiliúna,
(i) duine amháin a bheidh ainmnithe ag CERT,
(j) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Teagasc,
(k) duine amháin a bheidh ainmnithe ag an bhForas,
(l) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Cónaidhm Ghnó agus Fostóirí na hÉireann,
(m) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus
(n) beirt a ainmneofar de réir fho-alt (3).
(3) Faoi réir fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle beirt ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle a ainmniú ina gcomhaltaí, agus is duine ag a bhfuil taithí idirnáisiúnta iomchuí a bhaineann leis na feidhmeanna sin a bheidh i nduine amháin ar a laghad acu sin.
(4) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal maidir leis an gComhairle.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ainmniúchán a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) nó (3).
(6) I gcás go ndéanfar ainmniúchán faoi fho-alt (2) nó (3), tabharfar aird ar a inmhianaithe atá sé cothromaíocht chuí inscne a bheith ann agus i gcás níos mó ná ainmniúchán amháin a bheith ag duine nó ag comhlacht faoin alt seo, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad.
Feidhmeanna na Comhairle.
14.—(1) Is iad seo a leanas feidhmeanna na Comhairle:
(a) beartais agus critéir a bhunú agus a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí léi—
(i) maidir le dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus
(ii) maidir le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a bhailíochtú,
agus na beartais agus na critéir sin a athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach cúig bliana;
(b) caighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a chinneadh, ar caighdeáin iad a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí—
(i) sula bhféadfaidh an Chomhairle, nó soláthraí cláir oideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 19, dámhachtain bhreisoideachais agus oiliúna a dhéanamh, nó
(ii) a iarrfaidh ar an gComhairle aitheantas a thabhairt do dhámhachtain a bheidh déanta ag comhlacht seachas an Chomhairle nó soláthraí a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 19;
(c) dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint, ar dámhachtainí iad a bheidh tugtha nó le tabhairt do dhaoine a dhéanfaidh iarratas ar na damhachtainí sin agus a mbeidh, i dtuairim na Comhairle, an caighdeán arna chinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) bainte amach acu;
(d) faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht clár oideachais agus oiliúna a ndéantar nó a n-aithnítear dámhachtainí ina leith faoi mhír (c);
(e) a chinntiú go ndéanfaidh—
(i) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a gcláir a bhailíochtú faoi alt 15, agus
(ii) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chucu faoi alt 19,
nósanna imeachta a bhunú chun foghlaimeoirí a mheasúnú, ar nósanna imeachta iad a bheidh cóir agus i gcomhréir lena chéile agus é mar chuspóir leo caighdeáin arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) a chomhlíonadh;
(f) dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna na Comhairle a chur chun cinn;
(g) a éascú don Údarás Cáilíochtaí agus cabhrú leis a fheidhmeanna a chomhall;
(h) dul i gcomhairle leis an Aire nó le haon Aire eile, de réir mar a bheidh, agus comhairle a thabhairt dó nó di, maidir le cibé nithe i ndáil lena feidhmeanna a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile nó is cuí leis an gComhairle, agus eolas a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí i dtaobh aon chomhchomhairle agus aon chomhairle den sórt sin, agus
(i) na gníomhartha nó na nithe sin go léir a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a feidhmeanna a fheidhmiú.
(2) Déanfaidh an Chomhairle an méid seo a leanas, le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh—
(a) rachaidh sí i gcomhairle, de réir mar is cuí léi, le soláthraithe breisoideachais agus oiliúna nó le daoine nó comhlachtaí eile,
(b) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, cuirfidh sí í féin ar an eolas i dtaobh cleachtas lasmuigh den Stát maidir le nithe is iomchuí i leith a feidhmeanna,
(c) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, cuirfidh sí í féin ar an eolas i dtaobh na riachtanas oideachais, oiliúna, scileanna agus cáilíochtaí atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear an leibhéal eolais, scileanna nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí, agus déanfaidh sí cleachtais a fhreastalaíonn do na riachtanais sin a chur chun cinn i mbreisoideachas agus oiliúint, agus
(d) cinnteoidh sí go ndéanfaidh—
(i) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a gcláir a bhailíochtú faoi alt 15, agus
(ii) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chucu faoi alt 19,
nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8(2) (d) a chur i ngníomh.
(3) Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh—
(a) ar sholáthraí clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a chláir a bhailíochtú faoi alt 15, nó
(b) ar sholáthraí clár oideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 19,
cabhrú leis an gComhairle teacht ar thuairim i dtaobh an bhfuil an caighdeán arna chinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) d'fho-alt (1), arb é an caighdeán é chun dámhachtain bhreisoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint faoi mhír (c) den fho-alt sin, bainte amach ag duine.
An Chomhairle do bhailíochtú clár.
15.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh soláthraí cláir oideachais agus oiliúna iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle go ndéanfaí an clár sin a bhailíochtú.
(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) agus fho-alt (3), déanfaidh forais aitheanta, an Foras, CERT, Teagasc, an Bord Iascaigh Mhara, aon fhoras oideachais nó oiliúna arna bhunú agus arna chothabháil ag coiste gairmoideachais agus aon scoil a sholáthraíonn iar-bhunoideachas, iarratas chuig an gComhairle faoi fho-alt (1) go ndéanfadh an Chomhairle na cláir bhreisoideachais agus oiliúna go léir a sholáthraíonn siad, a eagraíonn siad nó a thugann siad i gcrích a bhailíochtú, seachas na cláir sin a sholáthraítear mar ghníomhaíocht fhóillíochta nó áineasa agus nach mbeartaítear go leanfadh dámhachtain faoin Acht seo astu.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le clár breisoideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtain a dhéanamh ina leith tarmligthe chuig soláthraí faoi alt 19.
(c) Más rud é go mbeidh foras aitheanta tar éis comhshocraíochtaí a dhéanamh faoi alt 5(1)(b) d'Acht 1992, ní bheidh feidhm ag mír (a), ach sin faoi réir chomhaontú na Comhairle agus an Údaráis Cáilíochtaí, maidir le clár breisoideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an foras aitheanta sin go ceann cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, a chinnfidh an Chomhairle le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí.
(3) I gcás go ndéanfaidh soláthraí (“an chéad soláthraí a luaitear”) clár breisoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí eile (“an dara soláthraí a luaitear”) a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an chéad soláthraí a luaitear i gcomhairle leis an dara soláthraí a luaitear sula ndéanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú faoi fho-alt (1) nó (2).
(4) Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas faoi fho-alt (1) nó (2) a fháil—
(a) clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, i gcás gur deimhin léi go bhfreagraíonn an clár lena mbaineann do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a) (ii) d'alt 14(1), nó
(b) bailíochtú a dhiúltú.
(5) Maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a), áireofar orthu, ach ní gá gurb é amháin a bheidh i gceist iontu, coinníollacha a cheanglaíonn ar an soláthraí lena mbaineann—
(a) comhoibriú agus cabhrú leis an gComhairle, agus leis an Údarás Cáilíochtaí i gcás gur cuí sin, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh,
(b) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 14(1)(e) a bhunú,
(c) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 14(2)(d) a chur i ngníomh, agus
(d) cibé faisnéis a éileoidh an Chomhairle ó am go ham d'fhonn feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar.
Bailíochtú a tharraingt siar.
16.—(1) Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, athbhreithniú a dhéanamh ar chlár oideachais agus oiliúna arna bhailíochtú faoi alt 15.
(2) Tar éis athbhreithniú faoi fho-alt (1), i gcás gurb é tuairim na Comhairle—
(a) maidir le clár oideachais agus oiliúna arna bhailíochtú faoi alt 15, nach bhfreagraíonn sé a thuilleadh do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 14(1), nó
(b) nach bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi mhír (a) d'alt 15(4) á gcomhlíonadh, nó
(c) go bhfuil forais réasúnacha eile ann chun a bailíochtú a tharraingt siar,
déanfaidh an Chomhairle, le fógra i scríbhinn, a tuairim agus na fáthanna atá leis an tuairim sin a chur in iúl do sholáthraí an chláir lena mbaineann agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an soláthraí uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle i ndáil leis an tuairim sin tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don soláthraí an fógra a fháil.
(3) Más rud é, tar éis mí amháin a bheith caite ó sheirbheáil an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuig an gComhairle a bhreithniú, gurb é sin tuairim na Comhairle i gcónaí, féadfaidh sí a bailíochtú i leith an chláir lena mbaineann a tharraingt siar, le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an soláthraí, ó cibé dáta is cuí léi agus ag féachaint do leasanna na bhfoghlaimeoirí lena mbaineann agus go dtí gur deimhin léi—
(a) go bhfreagraíonn an clár lena mbaineann do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 14(1), nó
(b) go bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi mhír (a) d'alt 15(4) á gcomhlíonadh, nó
(c) nach ann a thuilleadh do na forais, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), chun bailíochtú a tharraingt siar,
cibé acu is cuí.
Achomhairc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne bailíochtú a dhiúltú nó a tharraingt siar.
17.—(1) I gcás go ndiúltóidh an Chomhairle clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú faoi alt 15 nó go dtarraingeoidh sí siar a bailíochtú i leith cláir faoi alt 16, féadfaidh soláthraí an chláir lena mbaineann achomharc i gcoinne an diúltaithe sin nó na tarraingthe siar sin a dhéanamh chuig an Údarás Cáilíochtaí agus féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle—
(a) cinneadh na Comhairle a dhaingniú, nó
(b) cinneadh na Comhairle a neamhniú agus a chinneadh féin a chur in ionad chinneadh na Comhairle.
(2) Déanfaidh an Chomhairle de réir cinnidh a dhéanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí faoi fho-alt (1)(b).
Dearbhú cáilíochta.
18.—(1) Faoi réir fho-alt (6), a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Coda seo agus cibé tráthanna eile is cuí leis an gComhairle tar éis dul i gcomhairle leis an soláthraí lena mbaineann, déanfaidh soláthraí cláir oideachais agus oiliúna—
(a) a bhfuil an Chomhairle tar éis a chlár a bhailíochtú faoi alt 15, nó
(b) a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh i leith an chláir sin tarmligthe chuige faoi alt 19,
ag féachaint do nósanna imeachta láithreacha, más ann, nósanna imeachta a bhunú le haghaidh dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích mar chuid den chlár lena mbaineann a fheabhsú tuilleadh agus a chothabháil agus comhaontóidh sé na nósanna imeachta sin leis an gComhairle.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), áireofar ar na nósanna imeachta a bhunófar faoin bhfo-alt sin—
(a) meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta, agus de réir mar a ordóidh an Chomhairle ó am go ham, ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann, lena n-áirítear meastóireacht ag daoine atá inniúil ar chomparáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ina leith sin,
(b) foghlaimeoirí do dhéanamh meastóireachta ar an gclár sin, agus
(c) meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann leis an gclár sin,
agus déanfar foráil leo maidir le fionnachtana a éireoidh as cur chun feidhme na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an gComhairle.
(3) Breithneoidh an Chomhairle na fionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme agus féadfaidh sí moltaí a chur faoi bhráid sholáthraí an chláir lena mbaineann agus cuirfidh an soláthraí sin na moltaí sin i ngníomh.
(4) Déanfaidh an Chomhairle, ó am go ham agus de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, athbhreithniú, i gcomhairle le soláthraí cláir oideachais agus oiliúna, ar éifeachtacht na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) agus ar chur i ngníomh, ag an soláthraí lena mbaineann, na bhfionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme.
(5) Déanfaidh an Chomhairle, maidir le torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (4)—
(a) tuarascáil a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí ina dtaobh, agus
(b) iad a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí,
agus cuirfidh sí tuairimí, más ann, ó sholáthraí an chláir lena mbaineann san áireamh sa tuarascáil agus san fhoilseachán.
(6) I gcás go ndéanfaidh soláthraí (“an chéad soláthraí a luaitear”) clár breisoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí eile (“an dara soláthraí a luaitear”) a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh an chéad soláthraí a luaitear, i dteannta na gceanglas a shonraítear i bhfo-alt (1), a mhéid a bhaineann na nósanna imeachta atá le bunú faoin bhfo-alt sin leis an gcuid sin den chlár a sholáthraíonn an dara soláthraí a luaitear, na nósanna imeachta sin a chomhaontú leis an dara soláthraí a luaitear.
Caibidil II
Údarás a Tharmligean
Údarás chun dámhachtainí a dhéanamh a tharmligean.
19.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Foras, CERT nó Teagasc (dá ngairtear “soláthraí iomchuí” sa Chaibidil seo), de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an gComhairle an t-údarás chun dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh a tharmligean chuige.
(2) I gcás go ndéanfaidh soláthraí iomchuí clár breisoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí ar bith eile a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an soláthraí iomchuí i gcomhairle leis an soláthraí eile sin sula ndéanfaidh sé iarraidh faoi fho-alt (1) go ndéanfaí údarás chun dámhachtainí a dhéanamh i leith an chláir sin a tharmligean chuige.
(3) Ar iarraidh faoi fho-alt (1) a fháil, cinnfidh agus foilseoidh an Chomhairle, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí léi, critéir chun críocha an ailt seo agus déanfaidh sí athbhreithniú, de réir fho-alt (4)—
(a) ar oibriú agus bainistiú an tsoláthraí iomchuí lena mbaineann i ndáil le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(b) ar na cláir sin.
(4) Le linn di athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3), déanfaidh an Chomhairle nósanna imeachta arna gcomhaontú ó am go ham leis an Údarás Cáilíochtaí a chur i ngníomh agus áireofar ar na nósanna imeachta sin—
(a) meastóireacht ag an soláthraí iomchuí—
(i) ar oibriú agus bainistiú an tsoláthraí iomchuí lena mbaineann i ndáil le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(ii) ar na cláir sin,
(b) i gcás go mbeidh an Chomhairle, le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí, sásta le toradh na meastóireachta dá dtagraítear i mír (a), meastóireacht ina dhiaidh sin ag cibé daoine, ag a bhfuil eolas agus taithí áirithe a bhaineann le breisoideachas agus oiliúint, is cuí leis an gComhairle, lena n-áirítear daoine a bhfuil táithí idirnáisiúnta iomchuí acu, agus
(c) tuarascáil i dtaobh fhionnachtana na meastóireachtaí sin a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an gComhairle.
(5) I gcás gur deimhin leis an gComhairle, le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí, tar éis athbhreithniú faoi fho-alt (3)—
(a) go bhfreagraíonn oibriú agus bainistiú soláthraí iomchuí i ndáil le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(b) go bhfreagraíonn na cláir sin,
do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle, chun críocha an ailt seo, le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí, ansin féadfaidh an Chomhairle an t-údarás chun cibé damhachtainí breisoideachais agus oiliúna, a shonróidh an Chomhairle le fógra i scríbhinn chuig an soláthraí iomchuí lena mbaineann agus chuig an Údarás Cáilíochtaí, a dhéanamh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, a tharmligean chuig an soláthraí sin.
(6) Maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (5), áireofar orthu, ach ní gá gurb é amháin a bheidh i gceist iontu, coinníollacha a cheanglaíonn ar an soláthraí iomchuí—
(a) comhoibriú agus cabhrú leis an gComhairle, agus leis an Údarás Cáilíochtaí i gcás gur cuí sin, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh,
(b) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 14(1)(e) a bhunú,
(c) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 14(2)(d) a chur i ngníomh, agus
(d) cibé faisnéis a éileoidh an Chomhairle d'fhonn feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar.
(7) Déanfaidh an Chomhairle, d'fhonn na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a chinneadh, aird a thabhairt, go háirithe, ar chláir, más ann, dá dtagraítear i bhfo-alt (2).
Údarás tarmligthe a athbhreithniú agus a tharraingt siar.
20.—(1) Déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir mar is cuí léi agus in aon chás uair amháin ar a laghad gach cúig bliana, nó de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, athbhreithniú, ar cibé modh is cuí léi—
(a) ar oibriú agus bainistiú soláthraí iomchuí, a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 19, i ndáil le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(b) ar na cláir sin.
(2) I gcás gurb é tuairim na Comhairle, tar éis di athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (1)—
(a) (i) nach bhfreagraíonn oibriú nó bainistiú an tsoláthraí iomchuí lena mbaineann i ndáil le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, nó
(ii) nach bhfreagraíonn na cláir sin,
do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi alt 19(5), nó
(b) nach bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi alt 19(5) á gcomhlíonadh, nó
(c) go bhfuil forais réasúnacha eile ann chun go dtarraingeofaí siar an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh atá tarmligthe chuig an soláthraí sin faoi alt 19,
déanfaidh sí, le fógra i scríbhinn, a tuairim agus na fáthanna atá leis an tuairim sin a chur in iúl don soláthraí iomchuí lena mbaineann agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an soláthraí iomchuí uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle i ndáil leis an tarraingt siar sin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don soláthraí sin an fógra a fháil.
(3) Más rud é, tar éis trí mhí a bheith caite ó sheirbheáil an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuig an gComhairle a bhreithniú, gurb é sin tuairim na Comhairle i gcónaí, féadfaidh sí an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh, atá tarmligthe chuig an soláthraí iomchuí faoi alt 19, a tharraingt siar, le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an soláthraí sin, ó cibé dáta is cuí léi agus go dtí gur deimhin léi—
(a) (i) go bhfreagraíonn oibriú agus bainistiú an tsoláthraí iomchuí lena mbaineann i ndáil le cláir bhreisoideachais agus oiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, nó
(ii) go bhfreagraíonn na cláir sin,
do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi alt 19(5), nó
(b) go bhfuil na gcoinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi alt 19(5) á gcomhlíonadh, nó
(c) nach ann a thuilleadh do na forais, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), chun go dtarraingeofaí siar an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh,
cibé acu is cuí.
(4) Déanfar athbhreithniú faoi fho-alt (1) de réir cibé nósanna imeachta a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí agus déanfar foráil leis na nósanna imeachta sin maidir le hachomharc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne cinnidh go dtarraingeofaí siar an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh, atá tarmligthe faoi alt 19.
CUID IV
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna
Caibidil I
An Chomhairle: Forálacha Ginearálta
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna a bhunú.
21.—(1) Beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó, sa Bhéarla, the Higher Education and Training Awards Council (dá ngairtear “an Chomhairle” sa Chuid seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
(3) Measfar gur dámhachtain a rinne an Chomhairle aon dámhachtain ardoideachais agus oiliúna ó Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ó Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais, ón bhForas, ón mBord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta nó ó Theagasc a rinneadh roimh thosach feidhme na Coda seo.
(4) Féadfaidh an Chomhairle, go ceann tréimhse cúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint i gcás gur deimhin léi—
(a) go raibh, roimh thosach feidhme na Coda seo, nó
(b) go mbeadh, murach tosach feidhme na Coda seo,
an clár oideachais agus oiliúna lena mbaineann bailíochtaithe ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais, ag an bhForas, ag an mBord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta nó ag Teagasc chun dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint.
Comhaltas na Comhairle.
22.—(1) 15 chomhalta a bheidh ar an gComhairle.
(2) Is iad seo a leanas comhaltaí na Comhairle—
(a) cathaoirleach na Comhairle,
(b) príomhfheidhmeannach na Comhairle,
(c) príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna,
(d) beirt a bheidh ainmnithe ag an Aire, ar duine atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do sholáthraithe oideachais agus oiliúna, seachas forais aitheanta, duine amháin acu,
(e) duine amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Fiontar, Tradála agus Fostaíochta,
(f) triúr a bheidh ainmnithe ag forais aitheanta,
(g) duine amháin atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí i bhforais aitheanta,
(h) duine amháin atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'fhostaithe de chuid foras aitheanta,
(i) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Cónaidhm Ghnó agus Fostóirí na hÉireann,
(j) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus
(k) beirt a ainmneofar de réir fho-alt (3).
(3) Faoi réir fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle beirt ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle a ainmniú ina gcomhaltaí, agus is duine ag a bhfuil taithí idirnáisiúnta iomchuí a bhaineann leis na feidhmeanna sin a bheidh i nduine amháin ar a laghad acu sin.
(4) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal maidir leis an gComhairle.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ainmniúchán a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) nó (3).
(6) I gcás go ndéanfar ainmniúchán faoi fho-alt (2) nó (3), tabharfar aird ar a inmhianaithe atá sé cothromaíocht chuí inscne a bheith ann agus i gcás níos mó ná ainmniúchán amháin a bheith ag duine nó ag comhlacht faoin alt seo, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad.
Feidhmeanna na Comhairle.
23.—(1) Is iad seo a leanas feidhmeanna na Comhairle:
(a) beartais agus critéir a bhunú agus a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí léi—
(i) maidir le dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus
(ii) maidir le cláir ardoideachais agus oiliúna a bhailíochtú,
agus na beartais agus na critéir sin a athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach cúig bliana;
(b) caighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a chinneadh, ar caighdeáin iad a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí—
(i) sula bhféadfaidh an Chomhairle, nó foras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29, dámhachtain ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, nó
(ii) a iarrfaidh ar an gComhairle aitheantas a thabhairt do dhámhachtain a bheidh déanta ag comhlacht seachas an Chomhairle nó foras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29;
(c) dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint, ar dámhachtainí iad a bheidh tugtha nó le tabhairt do dhaoine a dhéanfaidh iarratas ar na dámhachtainí sin agus a mbeidh, i dtuairim na Comhairle, an caighdeán arna chinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) bainte amach acu;
(d) faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht clár oideachais agus oiliúna a ndéantar nó a n-aithnítear dámhachtainí ina leith faoi mhír (c);
(e) a chinntiú go ndéanfaidh—
(i) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a gcláir a bhailíochtú faoi alt 25, agus
(ii) forais aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chucu faoi alt 29,
nósanna imeachta a bhunú chun foghlaimeoirí a mheasúnú, ar nósanna imeachta iad a bheidh cóir agus i gcomhréir lena chéile agus é mar chuspóir leo caighdeáin arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) a chomhlíonadh;
(f) dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna na Comhairle a chur chun cinn;
(g) a éascú don Údarás Cáilíochtaí agus cabhrú leis a fheidhmeanna a chomhall;
(h) dul i gcomhairle leis an Aire nó le haon Aire eile, de réir mar a bheidh, agus comhairle a thabhairt dó nó di, maidir le cibé nithe i ndáil lena feidhmeanna a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile nó is cuí leis an gComhairle, agus eolas a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí i dtaobh aon chomhchomhairle agus comhairle den sórt sin, agus
(i) na gníomhartha nó na nithe sin go léir a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a feidhmeanna a fheidhmiú.
(2) Déanfaidh an Chomhairle, le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh, an méid seo a leanas—
(a) rachaidh sí i gcomhairle, de réir mar is cuí léi, le soláthraithe ardoideachais agus oiliúna nó le daoine nó comhlachtaí eile,
(b) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, cuirfidh sí í féin ar an eolas i dtaobh cleachtas lasmuigh den Stát maidir le nithe is iomchuí i leith a feidhmeanna,
(c) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, cuirfidh sí í féin ar an eolas i dtaobh na riachtanas oideachais, oiliúna, scileanna agus cáilíochtaí atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear an leibhéal eolais, scileanna nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí, agus déanfaidh sí cleachtais a fhreastalaíonn do na riachtanais sin a chur chun cinn in ardoideachas agus oiliúint, agus
(d) cinnteoidh sí go ndéanfaidh—
(i) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a gcláir a bhailíochtú faoi alt 25, agus
(ii) forais aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chucu faoi alt 29,
nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8(2)(d) a chur i ngníomh.
(3) Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh—
(a) ar sholáthraí clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a chláir a bhailíochtú faoi alt 25, nó
(b) ar fhoras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29,
cabhrú leis an gComhairle teacht ar thuairim i dtaobh an bhfuil an caighdeán arna chinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) d'fho-alt (1), arb é an caighdeán é chun dámhachtain ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint faoi mhír (c) den fho-alt sin, bainte amach ag duine.
Forais aitheanta na Comhairle.
24.—(1) Is iad forais aitheanta na Comhairle—
(a) na forais a bunaíodh le halt 3 d'Acht 1992 nó faoin alt sin, agus
(b) aon fhoras eile a ainmnítear mar fhoras aitheanta de chuid na Comhairle faoi fho-alt (2).
(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle le forais aitheanta agus faoi réir chomhaontú an fhorais oideachais nó oiliúna lena mbaineann, foras oideachais nó oiliúna a bheidh arna bhunú—
(a) le hAcht den Oireachtas nó faoi, nó
(b) ag Aire nó ag an Rialtas,
a ainmniú mar fhoras aitheanta de chuid na Comhairle.
An Chomhairle do bhailíochtú clár.
25.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh soláthraí cláir oideachais agus oiliúna iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle go ndéanfaí an clár sin a bhailíochtú.
(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus fho-alt (3), déanfaidh forais aitheanta, an Foras, CERT, Teagasc agus an Bord Iascaigh Mhara iarratas chuig an gComhairle faoi fho-alt (1) go ndéanfadh an Chomhairle na cláir ardoideachais agus oiliúna go léir a sholáthraíonn siad, a eagraíonn siad nó a thugann siad i gcrích a bhailíochtú.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le clár ardoideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtain a dhéanamh ina leith tarmligthe chuig foras aitheanta faoi alt 29.
(c) Más rud é go mbeidh foras aitheanta tar éis comhshocraíochtaí a dhéanamh faoi alt 5(1)(b) d'Acht 1992, ní bheidh feidhm ag mír (a), ach sin faoi réir chomhaontú na Comhairle agus an Údaráis Cáilíochtaí, maidir le clár ardoideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an foras aitheanta sin go ceann cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, a chinnfidh an Chomhairle le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí.
(3) I gcás go ndéanfaidh soláthraí (“an chéad soláthraí a luaitear”) clár ardoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí eile (“an dara soláthraí a luaitear”) a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an chéad soláthraí a luaitear i gcomhairle leis an dara soláthraí a luaitear sula ndéanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú faoi fho-alt (1) nó (2).
(4) Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas faoi fho-alt (1) nó (2) a fháil—
(a) clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, i gcás gur deimhin léi go bhfreagraíonn an clár lena mbaineann do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 23(1), nó
(b) bailíochtú a dhiúltú.
(5) Maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a), áireofar orthu, ach ní gá gurb é amháin a bheidh i gceist iontu, coinníollacha a cheanglóidh ar an soláthraí lena mbaineann—
(a) comhoibriú agus cabhrú leis an gComhairle, agus leis an Údarás Cáilíochtaí i gcás gur cuí sin, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh,
(b) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 23(1)(e) a bhunú,
(c) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 23(2)(d) a chur i ngníomh, agus
(d) cibé faisnéis a éileoidh an Chomhairle ó am go ham d'fhonn feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar.
Bailíochtú a tharraingt siar.
26.—(1) Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, athbhreithniú a dhéanamh ar chlár oideachais agus oiliúna arna bhailíochtú faoi alt 25.
(2) Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (1), i gcás gurb é tuairim na Comhairle—
(a) maidir le clár oideachais agus oiliúna arna bhailíochtú faoi alt 25, nach bhfreagraíonn sé a thuilleadh do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 23(1), nó
(b) nach bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi mhír (a) d'alt 25(4) á gcomhlíonadh, nó
(c) go bhfuil forais réasúnacha eile ann chun a bailíochtú a tharraingt siar,
déanfaidh an Chomhairle, le fógra i scríbhinn, a tuairim agus na fáthanna atá leis an tuairim sin a chur in iúl do sholáthraí an chláir lena mbaineann agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an soláthraí uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle i ndáil leis an tuairim sin tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don soláthraí an fógra a fháil.
(3) Más rud é, tar éis mí amháin a bheith caite ó sheirbheáil an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuig an gComhairle a bhreithniú, gurb é sin tuairim na Comhairle i gcónaí, féadfaidh sí a bailíochtú i leith an chláir lena mbaineann a tharraingt siar, le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an soláthraí, ó cibé dáta is cuí léi agus ag féachaint do leasanna na bhfoghlaimeoirí lena mbaineann agus go dtí gur deimhin léi—
(a) go bhfreagraíonn an clár lena mbaineann do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 23(1), nó
(b) go bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi mhír (a) d'alt 25(4) á gcomhlíonadh, nó
(c) nach ann a thuilleadh do na forais, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), chun bailíochtú a tharraingt siar,
cibé acu is cuí.
Achomhairc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne bailíochtú a dhiúltú nó a tharraingt siar.
27.—(1) I gcás go ndiúltóidh an Chomhairle clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú faoi alt 25 nó go dtarraingeoidh sí siar a bailíochtú i leith cláir faoi alt 26, féadfaidh soláthraí an chláir lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an diúltaithe sin nó na tarraingthe siar sin chuig an Údarás Cáilíochtaí agus féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle—
(a) cinneadh na Comhairle a dhaingniú, nó
(b) cinneadh na Comhairle a neamhniú agus a chinneadh féin a chur in ionad chinneadh na Comhairle.
(2) Déanfaidh an Chomhairle de réir cinnidh a dhéanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí faoi fho-alt (1)(b).
Dearbhú cáilíochta.
28.—(1) Faoi réir fho-alt (6), a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Coda seo agus cibé tráthanna eile is cuí leis an gComhairle tar éis di dul i gcomhairle leis an soláthraí lena mbaineann, déanfaidh—
(a) soláthraí cláir oideachais agus oiliúna a bhfuil an Chomhairle tar éis a chlár a bhailíochtú faoi alt 25, nó
(b) foras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh i leith cláir ardoideachais agus oiliúna tarmligthe chuige faoi alt 29,
ag féachaint do nósanna imeachta láithreacha, más ann, nósanna imeachta a bhunú le haghaidh dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích mar chuid den chlár lena mbaineann a fheabhsú tuilleadh agus a chothabháil agus comhaontóidh sé na nósanna imeachta sin leis an gComhairle.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), áireofar ar na nósanna imeachta a bhunófar faoin bhfo-alt sin—
(a) meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta, agus de réir mar a ordóidh an Chomhairle ó am go ham, ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann, lena n-áirítear meastóireacht ag daoine atá inniúil ar chomparáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ina leith sin,
(b) foghlaimeoirí do dhéanamh meastóireachta ar an gclár sin, agus
(c) meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann leis an gclár sin,
agus déanfar foráil leo maidir le fionnachtana a éireoidh as cur chun feidhme na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an gComhairle.
(3) Breithneoidh an Chomhairle na fionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme agus féadfaidh sí moltaí a chur faoi bhráid sholáthraí an chláir lena mbaineann agus cuirfidh an soláthraí sin na moltaí sin i ngníomh.
(4) Déanfaidh an Chomhairle, ó am go ham agus de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, athbhreithniú, i gcomhairle le soláthraí cláir oideachais agus oiliúna, ar éifeachtacht na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) agus ar chur i ngníomh, ag an soláthraí lena mbaineann, na bhfionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme.
(5) Déanfaidh an Chomhairle, maidir le torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (4)—
(a) tuarascáil a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí ina dtaobh, agus
(b) iad a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí,
agus cuirfidh sí tuairimí, más ann, ó sholáthraí an chláir lena mbaineann san áireamh i dtuarascáil nó i bhfoilseachán.
(6) I gcás go ndéanfaidh soláthraí (“an chéad soláthraí a luaitear”) clár ardoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí eile (“an dara soláthraí a luaitear”) a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh an chéad soláthraí a luaitear, i dteannta na gceanglas a shonraítear i bhfo-alt (1), a mhéid a bhaineann na nósanna imeachta atá le bunú faoin bhfo-alt sin leis an gcuid sin den chlár a sholáthraíonn an dara soláthraí a luaitear, na nósanna imeachta sin a chomhaontú leis an dara soláthraí a luaitear.
Caibidil II
Údarás a Tharmligean
Údarás chun dámhachtainí a dhéanamh a tharmligean.
29.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh foras aitheanta a iarraidh ar an gComhairle an t-údarás chun dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh a tharmligean chuige.
(2) I gcás go ndéanfaidh foras aitheanta clár ardoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí ar bith eile a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an foras aitheanta i gcomhairle leis an soláthraí eile sin sula ndéanfaidh sé iarraidh faoi fho-alt (1) go ndéanfaí údarás chun dámhachtainí a dhéanamh i leith an chláir sin a tharmligean chuige.
(3) Ar iarraidh faoi fho-alt (1) a fháil, cinnfidh agus foilseoidh an Chomhairle, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí léi, critéir chun críocha an ailt seo agus déanfaidh sí athbhreithniú, de réir fho-alt (4)—
(a) ar oibriú agus bainistiú an fhorais aitheanta lena mbaineann i ndáil le cláir ardoideachais agus oiliúna a ndéanann an foras aitheanta sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(b) ar na cláir sin.
(4) Le linn di athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3), déanfaidh an Chomhairle na nósanna imeachta arna gcomhaontú ó am go ham leis an Údarás Cáilíochtaí a chur i ngníomh agus áireofar ar na nósanna imeachta sin—
(a) meastóireacht ag an bhforas aitheanta—
(i) ar oibriú agus bainistiú an fhorais aitheanta lena mbaineann i ndáil le cláir ardoideachais agus oiliúna a ndéanann an foras sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(ii) ar na cláir sin,
(b) i gcás go mbeidh an Chomhairle, le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí, sásta le toradh na meastóireachta dá dtagraítear i mír (a), meastóireacht ina dhiaidh sin ag cibé daoine, ag a bhfuil eolas agus taithí áirithe a bhaineann le hardoideachas agus oiliúint, is cuí leis an gComhairle, lena n-áirítear daoine a bhfuil táithí idirnáisiúnta iomchuí acu, agus
(c) tuarascáil i dtaobh fhionnachtana na meastóireachtaí sin a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an gComhairle.
(5) I gcás gur deimhin leis an gComhairle, le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí, tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3)—
(a) go bhfreagraíonn oibriú agus bainistiú forais aitheanta i ndáil le cláir ardoideachais agus oiliúna a ndéanann an foras aitheanta iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(b) go bhfreagraíonn na cláir sin,
do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle, chun críocha an ailt seo, le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí, ansin féadfaidh an Chomhairle an t-údarás chun cibé damhachtainí ardoideachais agus oiliúna, a shonróidh an Chomhairle le fógra i scríbhinn chuig an bhforas aitheanta lena mbaineann agus chuig an Údarás Cáilíochtaí, a dhéanamh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, a tharmligean chuig an bhforas aitheanta sin.
(6) Maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (5), áireofar orthu, ach ní gá gurb é amháin a bheidh i gceist iontu, coinníollacha a cheanglaíonn ar an bhforas aitheanta lena mbaineann—
(a) comhoibriú agus cabhrú leis an gComhairle, agus leis an Údarás Cáilíochtaí i gcás gur cuí sin, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh,
(b) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 23(1)(e) a bhunú,
(c) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 23(2)(d) a chur i ngníomh, agus
(d) cibé faisnéis a éileoidh an Chomhairle d'fhonn feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar.
(7) Déanfaidh an Chomhairle, d'fhonn na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a chinneadh, aird a thabhairt, go háirithe, ar chláir, más ann, dá dtagraítear i bhfo-alt (2).
(8) Aon athbhreithniú a bheidh, tráth thosach feidhme na Coda seo, seolta nó á sheoladh ar ordachán ón Aire i ndáil le húdarás chun dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh a tharmligean chuig foras a bheidh bunaithe le halt 3 d'Acht 1992 nó faoin alt sin, ar foras é a thiocfaidh chun bheith ina fhoras aitheanta tar éis an tosach feidhme sin, is athbhreithniú chun críocha an ailt seo a bheidh ann i gcás go gcinnfidh an tAire amhlaidh agus déanfaidh an tAire aon chinneadh den sórt sin a chur in iúl, le fógra i scríbhinn, don Chomhairle agus féadfaidh sé nó sí cibé ordacháin is cuí leis nó léi a thabhairt don Chomhairle agus don Údarás Cáilíochtaí.
Údarás tarmligthe a athbhreithniú agus a tharraingt siar.
30.—(1) Déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir mar is cuí léi agus in aon chás uair amháin ar a laghad gach cúig bliana, nó de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, athbhreithniú ar cibé modh is cuí léi—
(a) ar oibriú agus bainistiú forais aitheanta, a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29, i ndáil le cláir ardoideachais agus oiliúna a ndéanann an foras sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, agus
(b) ar na cláir sin.
(2) I gcás gurb é tuairim na Comhairle, tar éis di athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (1)—
(a) (i) nach bhfreagraíonn oibriú nó bainistiú an fhorais aitheanta lena mbaineann i ndáil le cláir ardoideachais agus oiliúna a ndéanann an foras aitheanta sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, nó
(ii) nach bhfreagraíonn na cláir sin,
do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi alt 29(5), nó
(b) nach bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi alt 29(5) á gcomhlíonadh, nó
(c) go bhfuil forais réasúnacha eile ann chun go dtarraingeofaí siar an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh atá tarmligthe chuig an bhforas aitheanta sin faoi alt 29,
déanfaidh sí, le fógra i scríbhinn, a tuairim agus na fáthanna atá leis an tuairim sin a chur in iúl don fhoras aitheanta lena mbaineann agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an foras aitheanta uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle i ndáil leis an tarraingt siar sin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don fhoras an fógra a fháil.
(3) Más rud é, tar éis trí mhí a bheith caite ó sheirbheáil an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuig an gComhairle a bhreithniú, gurb é sin tuairim na Comhairle i gcónaí, féadfaidh sí an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh, atá tarmligthe chuig an bhforas aitheanta sin faoi alt 29, a tharraingt siar, le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an bhforas aitheanta sin, ó cibé dáta is cuí léi agus go dtí gur deimhin léi—
(a) (i) go bhfreagraíonn oibriú agus bainistiú an fhorais aitheanta lena mbaineann i ndáil le cláir ardoideachais agus oiliúna a ndéanann an foras aitheanta sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích, nó
(ii) go bhfreagraíonn na cláir sin, do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi alt 29(5), nó
(b) go bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi alt 29(5) á gcomhlíonadh, nó
(c) nach ann a thuilleadh do na forais, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), chun go dtarraingeofaí siar an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh,
cibé acu is cuí.
(4) Déanfar athbhreithniú faoi fho-alt (1) de réir cibé nósanna imeachta a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí agus déanfar foráil leis na nósanna imeachta sin maidir le hachomharc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne cinnidh go dtarraingeofaí siar an t-údarás chun dámhachtainí a dhéanamh, atá tarmligthe faoi alt 29.
Caibidil III
Cairteacha
Cairteacha.
31.—(1) Aon fhoras aitheanta a ndéanfar údarás chun dámhachtainí a dhéanamh a tharmligean chuige faoi alt 29, beidh cairt aige nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo nó le hAchtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 agus 1994.
(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, rialacháin a dhéanamh chun na nithe a bheidh le cur san áireamh ag foras aitheanta i gcairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a shonrú agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar a áireamh ar na nithe sin, ach ní gá gurb é amháin a bheidh i gceist iontu, gach ceann nó aon cheann acu seo a leanas:
(a) socruithe an fhorais maidir le comhchomhairle agus comhoibriú leis an bpobal sa réigiún dá bhfónann an foras sin, lena n-áirítear leasanna tráchtála agus tionscail sa phobal sin;
(b) critéir an fhorais chun an leibhéal éilimh ar chláir áirithe oideachais agus oiliúna, agus leibhéil na gclár sin, a chinneadh;
(c) beartas an fhorais maidir le hoideachas aosach agus leanúnach agus na socruithe a bheidh bunaithe chun oideachas den sórt sin a sholáthar, lena n-áirítear cláir pháirtaimseartha agus cláir thráthnóna;
(d) socruithe an fhorais chun nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8(2)(d) a chur i ngníomh;
(e) socruithe an fhorais maidir le cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge agus maidir le cultúir shainiúla na hÉireann a chur chun cinn;
(f) nósanna imeachta an fhorais i ndáil lena chláir oideachais agus oiliúna a dhearbhú ó thaobh cáilíochta de; agus
(g) aon nithe eile is cuí leis an Aire chun críocha cairte.
(3) Aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu a fheicfear don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán sin.
(4) Le linn dó cairt a ullmhú, déanfaidh comhlacht ceannais forais aitheanta an méid seo a leanas—
(a) rachaidh sé i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí agus leis an gComhairle, ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí agus leis an gComhairle,
(b) rachaidh sé i gcomhairle, ar cibé modh is cuí leis an gcomhlacht ceannais, le comhairle acadúil, le foireann acadúil agus le fostaithe eile an fhorais aitheanta, le haon cheardchumann aitheanta nó aon chomhlachas foirne aitheanta, agus le haon aontas aitheanta mac léinn nó aon chomhlacht ionadaitheach mac léinn eile, agus
(c) féadfaidh sé dul i gcomhairle le haon duine eile nó le haon ghrúpa eile, lastigh agus lasmuigh den fhoras aitheanta, is cuí leis an gcomhlacht ceannais.
(5) Déanfaidh comhlacht ceannais an fhorais aitheanta lena mbaineann dréacht de chairt a bheidh beartaithe faoin alt seo a chur faoi bhráid an Aire maille le hiarraidh go n-aithneofaí an chairt bheartaithe, agus féadfaidh an tAire, le hordú, an chairt arna dréachtú amhlaidh a aithint más rud é gur deimhin leis nó léi nach bhfuil sí ar neamhréir leis an Acht seo nó le hAchtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 agus 1994.
(6) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an bhforas aitheanta, ordú a bheidh déanta faoin alt seo, lena n-áirítear ordú a bheidh déanta faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
Caibidil IV
Leasú ar Acht 1992
Leasú ar Acht 1992.
32.—Leasaítear leis seo Acht 1992—
(a) in alt 3, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Faoi réir alt 3A (arna chur isteach le hAcht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999), féadfaidh an Rialtas foráil a dhéanamh, le hordú, go mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon fhoras oideachais eile agus féadfaidh sé an Chéad Sceideal sin a leasú trí ainm an fhorais agus aon sonraí eile a bhaineann leis an Sceideal a chur isteach i gcolún (1) den Sceideal sin agus, ar thosach feidhme an ordaithe, beidh an foras arna bhunú mar choláiste a bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leis agus, faoi réir fho-alt (4), leanfaidh an t-ainm sin de bheith ar an gcoláiste agus leanfar den ainm sin a thabhairt air.”,
(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:
“Coiste a cheapadh chun comhairle a thabhairt don Údarás. | 3A. (1) Sula ndéanfaidh sé ordú faoi alt 3(2) (arna leasú le hAcht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999) chun foras oideachais a bhunú mar choláiste faoin alt sin, ceapfaidh an Rialtas coiste chun breithniú a dhéanamh i dtaobh an mbunófar foras oideachais faoin alt sin agus chun comhairle a thabhairt don Údarás ina leith sin. (2) Is é an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann agus le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, a mholfaidh comhaltas coiste a cheapfar faoi fho-alt (1) agus áireofar ar an gcomhaltas sin daoine ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta ar oideachas sa Stát agus lasmuigh den Stát. (3) Le linn do choiste a cheapfar faoi fho-alt (1) breithniú a dhéanamh i dtaobh an mbunófar foras oideachais mar choláiste faoi alt 3(2), déanfaidh sé— (a) an soláthar ardoideachais agus oiliúna sa réigiún a bhfuil an foras lena mbaineann le fónamh dó, agus sa Stát i gcoitinne, a scrúdú, (b) i gcás gurb é tuairim an choiste gur gá tuilleadh ardoideachais agus oiliúna a sholáthar, roghanna eile a bhreithniú chun an soláthar sin a bhaint amach seachas trí fhoras oideachais a bhunú mar choláiste, agus (c) dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí agus daoine is cuí leis, lena n-áirítear aon fhoras eile a sholáthraíonn ardoideachas agus oiliúint sa réigiún lena mbaineann agus an coiste gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá an foras sin suite. (4) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh an Rialtas, ar chomhairle ó choiste a bheidh ceaptha faoi fho-alt (1) agus ar mholadh ón Údarás, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann agus le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, ordú a dhéanamh faoi alt 3(2). (5) Ní dhéanfaidh an Rialtas ordú faoi alt 3(2) mura mbeidh curtha faoi deara aige ar dtús dréacht den ordú beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach.”, |
agus
(c) in alt 5, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1)—
“(b) (i) comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó le haon údarás eile arna cheadú ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus
(ii) cibé comhshocraíochtaí eile a dhéanamh a cheadóidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun na críche sin agus, faoi réir ailt 29 agus 30 d'Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999, dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, de réir mar is cuí;
“(bb) (i) comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó le haon údarás eile arna cheadú ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus
(ii) cibé comhshocraíochtaí eile a dhéanamh a cheadóidh Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna agus Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun na críche sin;”.
Caibidil V
Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a dhíscaoileadh, etc.
Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a dhíscaoileadh.
33.—(1) Díscaoiltear leis seo Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais.
(2) Faoi réir fho-alt (3), aon tagairtí do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais in achtachán (seachas an tAcht seo) nó in ionstraim a dhéanfar faoin gcéanna nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990) nó in aon doiciméad dlíthiúil eile, forléireofar iad, ar thosach feidhme na Caibidle seo agus dá éis, mar thagairtí don Chomhairle.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le tagairtí do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 1(1) d'Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971.
Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.
34.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Caibidle seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá cuid a bheidh ag gníomhú thar a ceann, déanfar ainm na Comhairle a chur in ionad ainm Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó, de réir mar a bheidh, in ionad ainm an iontaobhaí sin nó an ghníomhaire sin den Chomhairle sin, nó a chur isteach sna himeachtaí sin de réir mar is cuí, agus ní rachaidh na himeachtaí sin ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad.
Sócmhainní agus dliteanais a aistriú chuig an gComhairle.
35.—(1) Déanfar na nithe seo a leanas a aistriú, agus aistrítear leis seo iad, chuig an gComhairle—
(a) an mhaoin go léir agus na cearta go léir a bhaineann leis an maoin sin a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Caibidle seo, ar seilbh nó ar teachtadh ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó ag aon iontaobhaí nó gníomhaire dá cuid a bheidh ag gníomhú thar a ceann,
(b) na dliteanais go léir a bheidh tabhaithe roimh an tosach feidhme sin ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó ag aon iontaobhaí nó gníomhaire dá cuid a bheidh ag gníomhú thar a ceann ar dliteanais iad nach mbeidh urscaoilte roimh an tosach feidhme sin,
agus, dá réir sin, gan tíolacadh, aistriú ná sannadh ar bith eile—
(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, ar an tosach feidhme sin, don Chomhairle ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir dá raibh sí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus atá inchomhlíonta,
(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, ar teachtadh ag an gComhairle, agus
(iii) beidh na dliteanais sin, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, ina ndliteanais de chuid na Comhairle.
(2) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an gComhairle leis an alt seo agus a bheidh, ar thosach feidhme na Caibidle seo, in ainm Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó in ainm aon iontaobhaí nó gníomhaire dá cuid, ar an gComhairle é a iarraidh, a aistriú isteach ina hainm.
(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an gComhairle leis an alt seo, féadfaidh an Chomhairle, ar thosach feidhme na Caibidle seo nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Comhairle, ina hainm féin agus ní gá don Chomhairle fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.
Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí a oiriúnú.
36.—Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó tugtha ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó thar a ceann d'aon duine nó a bheidh tugtha ag aon duine do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais agus a nglacfaidh Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais leis nó léi nó a nglacfar leis nó léi thar a ceann agus gach conradh nó comhaontú a dhéanfar idir Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá cuid a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán díreach roimh thosach feidhme na Caibidle seo, leanfaidh sé nó sí de bheith i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus forléireofar é nó í agus beidh éifeacht leis nó léi amhail is dá gcuirfí ainm na Comhairle sa chéanna in ionad ainm Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó, de réir mar is cuí, in ionad ainm aon iontaobhaí nó aon ghníomhaire dá cuid a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus beidh sé nó sí infhorfheidhmithe ag an gComhairle nó ina coinne.
An tAcht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979, a aisghairm.
37.—Aisghairtear leis seo an tAcht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979.
CUID V
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Ról na hInstitiúide.
38.—(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “an Institiúid” Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a bunaíodh faoi alt 3 den Acht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992.
(2) Déanfaidh an Institiúid—
(a) a éascú don Údarás Cáilíochtaí agus cabhrú leis a fheidhmeanna a chomhall;
(b) nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8(2)(d) a chur i ngníomh a mhéid atá feidhm ag na nósanna imeachta sin maidir leis an Institiúid, agus
(c) cibé faisnéis a éileoidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham d'fhonn feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar.
(3) Féadfaidh an Institiúid iarratas a dhéanamh chuig Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó chuig Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna go ndéanfadh ceachtar de na Comhairlí sin, de réir mar is cuí, cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn sí, a eagraíonn sí nó a thugann sí i gcrích a bhailíochtú.
Dearbhú cáilíochta.
39.—(1) Déanfaidh an Institiúid, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Coda seo, ag féachaint do nósanna imeachta láithreacha, más ann, nósanna imeachta a bhunú le haghaidh dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a sholáthraíonn an Institiúid a fheabhsú tuilleadh agus a chothabháil agus comhaontóidh sí na nósanna imeachta sin leis an Údarás Cáilíochtaí.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), áireofar ar na nósanna imeachta a bhunófar faoin bhfo-alt sin—
(a) meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta, agus de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, ar na cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an Institiúid, lena n-áirítear meastóireachtaí ag daoine atá inniúil ar chomparáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ina leith sin,
(b) foghlaimeoirí do dhéanamh meastóireachta ar chláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an Institiúid, agus
(c) meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann leis na cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an Institiúid,
agus déanfar foráil leo maidir le fionnachtana a éireoidh as cur chun feidhme na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí.
(3) Breithneoidh an tÚdarás Cáilíochtaí na fionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid na hInstitiúide agus cuirfidh an Institiúid na moltaí sin i ngníomh.
(4) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, laistigh de chúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, agus ó am go ham dá éis sin de réir mar a chinnfidh sé ach in aon chás uair amháin ar a mhéad gach trí bliana agus uair amháin ar a laghad gach seacht mbliana, athbhreithniú, i gcomhairle leis an Institiúid, ar éifeachtacht na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) agus ar chur i ngníomh, ag an Institiúid, na bhfionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme.
(5) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (4) a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis, agus cuirfidh sé tuairimí, más ann, ón Institiúid san áireamh san fhoilseachán.
CUID VI
Ollscoileanna
Caibidil I
Ról na nOllscoileanna
Ról na n-ollscoileanna.
40.—(1) Gan dochar do chuspóirí agus feidhmeanna ollscoile faoi Acht 1997, comhoibreoidh ollscoil leis an Údarás Cáilíochtaí agus tabharfaidh sí gach cúnamh réasúnach dó le linn dó a fheidhmeanna a chomhall.
(2) Féadfaidh ollscoil comhairle a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí i dtaobh fheidhmiú a fheidhmeanna faoi alt 8, a mhéid a bhaineann na feidhmeanna sin leis an ollscoil.
(3) Soláthróidh ollscoil cibé faisnéis a éileoidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham d'fhonn feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí a chomhlíonadh.
(4) Féadfaidh ollscoil iarratas a dhéanamh chuig Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó chuig Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna go ndéanfadh ceachtar de na Comhairlí sin, de réir mar is cuí, cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn sí, a eagraíonn sí nó a thugann sí i gcrích a bhailíochtú.
(5) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi ailt 35 agus 49(b) d'Acht 1997, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí.
Caibidil II
Ollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997
Ollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997.
41.—(1) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo ach maidir le hollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997 (dá ngairtear “ollscoil iomchuí” sa Chaibidil seo).
(2) Maidir le hollscoil iomchuí—
(a) comhoibreoidh sí leis an Údarás Cáilíochtaí agus tabharfaidh sí gach cúnamh réasúnach dó le linn dó a fheidhmeanna a chomhall,
(b) déanfaidh sí nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8(2)(d) a chur i ngníomh a mhéid atá feidhm ag na nósanna imeachta sin maidir leis an ollscoil iomchuí lena mbaineann, agus
(c) soláthróidh sí cibé faisnéis a éileoidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham d'fhonn feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin.
(3) I gcás go gceadóidh údarás ceannais ollscoile iomchuí plean forbartha straitéisí faoi alt 34 d'Acht 1997—
(a) cinnteoidh sé go soláthróidh an plean na meáin trína gcomhlíonfaidh an ollscoil sin a feidhmeanna faoin Acht seo, agus
(b) soláthróidh sé cóip den phlean sin don Údarás Cáilíochtaí.
(4) I gcás go n-ullmhóidh príomhoifigeach ollscoile iomchuí tuarascáil i dtaobh oibríochtaí agus fheidhmíocht na hollscoile sin faoi alt 41 d'Acht 1997, tabharfaidh sé nó sí aird ar an gcuid nó ar na codanna den phlean forbartha straitéisí faoi alt 34 den Acht sin a bhaineann le comhlíonadh fheidhmeanna na hollscoile iomchuí lena mbaineann faoin Acht seo.
(5) I gcás go ndéanfaidh an tÚdarás athbhreithniú, faoi alt 49(a) d'Acht 1997, ar phlean forbartha straitéisí a bheidh ullmhaithe ag ollscoil iomchuí de réir alt 34 den Acht sin, rachaidh sé i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí i dtaobh na meán trína gcomhlíonfaidh an ollscoil iomchuí lena mbaineann a feidhmeanna faoin Acht seo.
(6) Le linn dó a chinneadh cé mhéad airgid a bheidh le leithroinnt ar ollscoil iomchuí as airgead a sholáthraítear don Údarás de bhun alt 12 d'Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971, agus alt 37(2) d'Acht 1997, don bhliain airgeadais, cinnteoidh an tÚdarás go mbeidh raon agus leibhéil na gclár oideachais agus oiliúna san ollscoil sin agus líon na bhfoghlaimeoirí a ghlacann páirt sna cláir sin de réir cibé beartas a chinnfidh an tAire ó am go ham, agus féadfaidh an tÚdarás ordacháin a thabhairt d'ollscoil iomchuí chun na gcríoch sin.
(7) Gníomhóidh ollscoil iomchuí de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tÚdarás don ollscoil sin ó am go ham faoi fho-alt (6).
(8) Féadfaidh ollscoil iomchuí iarratas a dhéanamh chuig Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó chuig Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna go ndéanfadh ceachtar de na Comhairlí sin, de réir mar is cuí, cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn sí, a eagraíonn sí nó a thugann sí i gcrích a bhailíochtú.
Dearbhú cáilíochta.
42.—(1) Déanfaidh ollscoil iomchuí, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Caibidle seo, ag féachaint do nósanna imeachta láithreacha, más ann, nósanna imeachta a bhunú le haghaidh dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a sholáthraíonn an ollscoil iomchuí lena mbaineann a fheabhsú tuilleadh agus a chothabháil agus comhaontóidh sí na nósanna imeachta sin leis an Údarás Cáilíochtaí.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), áireofar ar na nósanna imeachta a bhunófar faoin bhfo-alt sin—
(a) meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta, agus de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, ar na cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an ollscoil iomchuí lena mbaineann, lena n-áirítear meastóireachtaí ag daoine atá inniúil ar chomparáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ina leith sin,
(b) foghlaimeoirí do dhéanamh meastóireachta ar chláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an ollscoil sin, agus
(c) meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann leis na cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an ollscoil sin,
agus déanfar foráil leo maidir le fionnachtana a éireoidh as cur chun feidhme na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí.
(3) Breithneoidh an tÚdarás Cáilíochtaí na fionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid na hollscoile iomchuí agus cuirfidh an ollscoil sin na moltaí sin i ngníomh.
(4) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, laistigh de chúig bliana ó thosach feidhme na Caibidle seo, agus ó am go ham dá éis sin de réir mar a chinnfidh sé ach in aon chás uair amháin ar a mhéad gach trí bliana agus uair amháin ar a laghad gach seacht mbliana, athbhreithniú, i gcomhairle leis an ollscoil iomchuí lena mbaineann, ar éifeachtacht na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) agus ar chur i ngníomh, ag an ollscoil sin, na bhfionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme.
(5) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (4) a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis, agus cuirfidh sé tuairimí, más ann, ón ollscoil iomchuí lena mbaineann san áireamh san fhoilseachán.
(6) Ní bheidh feidhm ag ailt 35 agus 49(b) d'Acht 1997 maidir le hollscoil iomchuí.
CUID VII
Cosaint d'Fhoghlaimeoirí
Socruithe chun foghlaimeoirí a chosaint.
43.—(1) Ní dhéanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna ná Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna—
(a) clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú de bhun alt 15 nó 25, de réir mar a bheidh, ná
(b) dámhachtain ar bith a dhéanamh nó a aithint i leith cláir oideachais agus oiliúna,
ar clár é, i gceachtar cás, a mhaireann trí mhí nó níos mó, atá á sholáthar ag soláthraí a bheartaíonn cláir oideachais agus oiliúna a oibriú ar bhonn tráchtála agus brabúsach, mura deimhin le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag an soláthraí lena mbaineann ar socruithe iad lena ndéantar foráil maidir le foghlaimeoirí i gcás go scoireann an soláthraí sin den chlár lena mbaineann a sholáthar.
(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “socruithe i bhfeidhm”—
(a) go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag soláthraí an chláir lena mbaineann le beirt soláthraí eile, ar a laghad, lena bhforáiltear go bhféadfaidh foghlaimeoir aistriú go dtí cláir den tsamhail chéanna a sholáthraíonn na soláthraithe eile sin, nó
(b) i gcás soláthraí a mheasann, faoi réir chomhaontú Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, nach bhfuil sé indéanta socruithe a bheith i bhfeidhm mar a shonraítear i mir (a), go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag an soláthraí sin ar socruithe iad a chumasaíonn don soláthraí sin an t-airgead is déanaí a íocadh leis an soláthraí i leith an chláir sin a aisíoc le foghlaimeoir, nó leis an duine a d'íoc an t-airgead lena mbaineann thar ceann an fhoghlaimeora.
(3) (a) Cothóidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna araon clár de chláir oideachais agus oiliúna a bhfuil socruithe i bhfeidhm ina leith de réir fho-alt (1).
(b) Coimeádfar clár dá dtagraítear i mir (a) i cibé foirm agus ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham agus foilseoidh an tÚdarás Cáilíochtaí, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, mionsonraí an chláir lena mbaineann.
(4) Maidir leis an gceanglas faisnéis a sholáthar de réir alt 15(5) nó 25(5)(d), de réir mar a bheidh, féadfaidh faisnéis i leith socruithe a cheanglaítear ar sholáthraí a bheith i bhfeidhm aige de réir an ailt seo a bheith san áireamh ann.
(5) Aon tagairtí sa Chuid seo do sholáthraí do scor de chlár oideachais agus oiliúna a sholáthar, folaíonn siad scor den chlár lena mbaineann a sholáthar cibé ar bith cén chúis atá leis, lena n-áirítear—
(a) dócmhainneacht an tsoláthraí, nó
(b) Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, do tharraingt siar bhailíochtú an chláir lena mbaineann,
sula mbeidh an clár sin críochnaithe.
Cúnamh chun clár ionadúil a aimsiú.
44.—(1) I gcás go scoireann soláthraí cláir oideachais agus oiliúna, a bhfuil feidhm ag alt 43 maidir leis, den chlár lena mbaineann a sholáthar, déanfaidh an comhlacht iomchuí gach iarracht réasúnach cuidiú leis na foghlaimeoirí lena mbaineann clár cuí oideachais agus oiliúna a aimsiú le soláthraí eile, ar clár é a chumasóidh dóibh an t-oideachas agus an oiliúint sin a chríochnú.
(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) gan dochar do dhualgais agus d'oibleagáidí soláthraí cláir oideachais agus oiliúna i leith na bhfoghlaimeoirí lena mbaineann.
(3) San alt seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí” cibé ceann de Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna a rinne nó a d'aithin dámhachtain nó a bhí le dámhachtain a dhéanamh nó a aithint i leith an chláir oideachais agus oiliúna lena mbaineann.
Faisnéis a bheidh le tabhairt ag an soláthraí: cosaint.
45.—(1) Faoi réir fho-alt (2), sula nglacfaidh soláthraí aon airgead ó fhoghlaimeoir nó thar ceann foghlaimeora (seachas airgead a bheidh íoctha thar ceann foghlaimeora ó chistí arna soláthar ag an Oireachtas), i leith cláir oideachais agus oiliúna a mhaireann trí mhí nó níos mó, déanfaidh sé, le fógra i scríbhinn, an méid seo a leanas a chur in iúl don fhoghlaimeoir a bhfuil an t-airgead le híoc aige nó thar a cheann nó aici nó thar a ceann—
(a) an bhfuil ceangal ar an soláthraí faoi alt 43 socruithe a bheith i bhfeidhm aige agus cad é cineál na socruithe sin, nó
(b) cé na nósanna imeachta eile (más ann) a chothaíonn an soláthraí chun na foghlaimeoirí lena mbaineann a chosaint má scoireann an soláthraí lena mbaineann den chlár sin a sholáthar.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann, nó a aithníonn nó nach n-aithníonn, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna aon dámhachtain i leith an chláir oideachais agus oiliúna lena mbaineann.
Faisnéis a bheidh le tabhairt ag an soláthraí: rochtain, aistriú agus forchéimniú.
46.—(1) Faoi réir fho-alt (2), aon soláthraí a bheartaíonn clár oideachais agus oiliúna a oibriú, déanfaidh sé, le fógra i scríbhinn, i leith cláir a mhaireann trí mhí nó níos mó—
(a) roimh thosach an chláir, nó
(b) sula nglacfaidh sé le haon airgead ó fhoghlaimeoir nó thar ceann foghlaimeora i leith an chláir,
cibé acu is túisce, an méid seo a leanas a chur in iúl don fhoghlaimeoir—
(i) cibé acu a riartar nó nach riartar don chlár lena mbaineann trí na nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú nó forchéimniú dá dtagraítear in alt 8(2)(d) agus an méid a riartar dó amhlaidh, agus
(ii) ainm an chomhlachta dámhachtana a dhéanfaidh an dámhachtain i gcás go gcríochnóidh an foghlaimeoir an clár lena mbaineann go sásúil agus teideal na dámhachtana sin.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann, nó a aithníonn nó nach n-aithníonn, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna aon dámhachtain i leith an chláir lena mbaineann.
Cionta agus pionóis.
47.—Aon soláthraí cláir oideachais agus oiliúna—
(a) a mhaífidh nó a thabharfaidh le fios, go bréagach, go bhfuil Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna tar éis an clár lena mbaineann a bhailíochtú nó go ndéanann nó go n-aithníonn sí dámhachtain i leith an chláir sin, agus a fhios aige, nó cúis aige chun a chreidiúint, go bhfuil an méid atá á mhaíomh nó á thabhairt le fios aige bréagach, nó
(b) a mhaífidh nó a thabharfaidh le fios, go bréagach, gur foras aitheanta de chuid Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna an soláthraí lena mbaineann, agus a fhios aige, nó cúis aige chun a chreidiúint, go bhfuil an méid atá á mhaíomh nó á thabhairt le fios aige bréagach, nó
(c) a mhainneoidh an fhaisnéis a thabhairt a cheanglaítear ar an soláthraí lena mbaineann a thabhairt faoi alt 45 nó 46, nó
(d) a thabharfaidh ní éigin bréagach le fios d'fhoghlaimeoir i ndáil leis na nithe dá dtagraítear in alt 45 nó 46, agus a fhios aige, nó cúis aige chun a chreidiúint, go bhfuil an méid atá á thabhairt le fios aige bréagach,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.
CUID VIII
Forálacha Ginearálta
Míniú.
48.—Sa Chuid seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.
Cathaoirleach.
49.—(1) Beidh, ag gach comhlacht iomchuí, cathaoirleach arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, leis an Aire Talmhaíochta agus Bia agus leis an Aire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa.
(2) Féadfaidh an tAire cathaoirleach comhlachta iomchuí a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.
(3) Beidh ceapachán faoi fho-alt (1) ar bhonn páirtaimseartha agus ní fheidhmeoidh an duine a cheapfar feidhm ar bith i leith rialú agus bainistiú comhlachta iomchuí seachas feidhmeanna chathaoirleach an chomhlachta sin dá bhforáiltear faoin Acht seo.
Príomhfheidhmeannach.
50.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) agus alt 51, déanfaidh gach comhlacht iomchuí, faoi réir cheadú an Aire, príomhfheidhmeannach a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimseartha.
(2) Ceapfaidh comhlacht iomchuí príomhfheidhmeannach faoi fho-alt (1), faoi réir cheadú an Aire, faoi cheann trí bliana ó bhunú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann.
(3) Ceapfar an príomhfheidhmeannach de réir nósanna imeachta arna gcinneadh ag an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann, le toiliú an Aire.
(4) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó an chomhlachta iomchuí lena mbaineann a sheoladh agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an comhlacht sin.
(5) Chun críocha alt 19 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, folóidh “oifigeach cuntasaíochta” príomhfheidhmeannach a cheapfar faoi fho-alt (1).
(6) Beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an bpríomhfheidhmeannach.
Príomhfheidhmeannach eatramhach.
51.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, duine a cheapadh chun bheith mar phríomhfheidhmeannach eatramhach ar chomhlacht iomchuí.
(2) Faoi réir fho-alt (4), beidh an príomhfheidhmeannach eatramhach, más ann, ar chomhlacht iomchuí i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse (ar tréimhse í nach rachaidh, in aon chás, thar thrí bliana tar éis bhunú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais) a chinnfidh an comhlacht sin, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
(3) I gcás go scoirfidh príomhfheidhmeannach eatramhach a bheidh ceaptha faoi fho-alt (1) d'oifig a shealbhú ar aon chúis roimh dhul in éag do thréimhse a cheapacháin nó a ceapacháin, féadfaidh an tAire duine a cheapadh ar a dtabharfar an príomhfheidhmeannach eatramhach agus a bheidh i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse (ar tréimhse í nach rachaidh, in aon chás, thar a mbeidh fágtha de théarma oifige an duine ba chúis leis an bhfolúntas a gceaptar é nó í lena líonadh) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais) a chinnfidh an comhlacht iomchuí lena mbaineann, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
(4) Nuair a cheapfar príomhfheidhmeannach faoi alt 50, scoirfidh príomhfheidhmeannach eatramhach an chomhlachta iomchuí lena mbaineann, más ann, d'oifig a shealbhú.
(5) Go dtí go gceapfar príomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann faoi alt 50, comhlíonfaidh príomhfheidhmeannach eatramhach, más ann, an chomhlachta sin feidhmeanna uile príomhfheidhmeannaigh faoin Acht seo.
(6) Aon tagairtí san Acht seo do phríomhfheidhmeannach, folóidh siad príomhfheidhmeannach eatramhach, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.
Fostaithe.
52.—(1) Féadfaidh comhlacht iomchuí, ó am go ham, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina bhfostaithe de chuid an chomhlachta sin.
(2) Féadfaidh comhlacht iomchuí, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, aon cheann d'fheidhmeanna an chomhlachta iomchuí a bhaineann le fostaithe de chuid an chomhlachta sin a cheapadh, agus le nósanna imeachta roghnóireachta a chinneadh, a tharmligean chun an phríomhfheidhmeannaigh.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfar fostaí de chuid comhlachta iomchuí a fhostú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an comhlacht sin ó am go ham, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
(4) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo agus faoi réir fho-ailt (8) agus (9), íocfaidh comhlacht iomchuí lena fhostaithe cibé luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais a chinnfidh an comhlacht sin ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
(5) Cinnfidh comhlacht iomchuí téarmaí agus coinníollacha aon scéime aoisliúntais dá fhostaithe (lena n-áirítear príomhfheidhmeannach) de réir an Tríú Sceideal agus beidh feidhm ag an Sceideal sin maidir le leasú ar scéim láithreach ar an gcaoi chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le scéim nua.
(6) Faoi réir fho-alt (7), gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo agus Chaibidil V de Chuid IV, ina fhostaí nó ina fostaí de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, tiocfaidh sé nó sí chun bheith, agus beidh sé nó sí, ar an tosach feidhme sin, ina fhostaí nó ina fostaí de Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna.
(7) Faoi réir fho-alt (11), aon duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo agus Chaibidil V de Chuid IV, ina fhostaí nó ina fostaí de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, féadfaidh sé nó sí, le hordú ón Aire, teacht chun bheith, agus a bheith, ina fhostaí nó ina fostaí den Údarás Cáilíochtaí nó de Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna.
(8) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina fhostaí nó ina fostaí den Fhoras, de CERT nó de Theagasc, féadfaidh sé nó sí, faoi réir chomhaontú an duine sin agus chomhaontú an Aire, ar an tosach feidhme sin nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a chomhaontófar leis an Aire, teacht chun bheith, agus a bheith, ina fhostaí nó ina fostaí de chomhlacht iomchuí, agus na cearta agus na teidil maidir le seilbh, luach saothair, táillí, liúntais, caiteachais agus aoisliúntas a bheidh á dteachtadh ag an duine sin ar thosach feidhme na Coda seo, ní lú tairbhe iad, de bhua oibriú an Achta seo, ná na cearta agus na teidil sin a bhí á dteachtadh ag an duine sin díreach roimh an tosach feidhme sin.
(9) Chun amhras a sheachaint, na cearta agus na teidil maidir le seilbh, luach saothair, táillí, liúntais, caiteachais agus aoisliúntas a bheidh á dteachtadh, ar thosach feidhme na Coda seo agus Chaibidil V de Chuid IV, ag daoine is fostaithe de chomhlacht iomchuí agus, i gcás aoisliúntais, ag iarfhostaithe de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ní lú tairbhe iad, de bhua oibriú an Achta seo, ná na cearta agus na teidil sin a bhí á dteachtadh ag na daoine sin mar fhostaithe, nó mar iarfhostaithe, de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, díreach roimh an tosach feidhme sin.
(10) Faoi réir fho-alt (11), féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, agus déanfaidh sé nuair a ordóidh an tAire dó é, fostaí a thabhairt ar iasacht do Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó don dá cheann acu, de réir mar is cuí.
(11) Sula ndéanfaidh sé nó sí ordú faoi fho-alt (7) nó sula n-eiseoidh sé nó sí ordachán faoi fho-alt (10), cuirfidh an tAire in iúl, le fógra i scríbhinn, don duine nó don fhostaí agus d'aon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann go bhfuil ar intinn aige nó aici ordú den sórt sin a dhéanamh nó ordachán den sórt sin a eisiúint agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an duine nó an fostaí lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuig an Aire, i ndáil leis an ordú nó leis an ordachán beartaithe, laistigh de cibé am a bheidh sonraithe san fhógra agus breithneoidh an tAire na huiríll sin (más ann).
(12) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann, oifigeach don Aire a thabhairt ar iasacht don chomhlacht sin mar fhostaí den chomhlacht sin, faoi réir thoiliú an oifigigh.
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.
53.—(1) Más rud é, maidir le comhalta de chomhlacht iomchuí—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa,
(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó
(d) go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den aicme daoine, dá bhforáiltear in alt 6, 13 nó 22, de réir mar a bheidh, lenar bhain sé nó sí an tráth ar tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin,
scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht iomchuí.
(2) Más rud é, maidir le fostaí de chomhlacht iomchuí—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun na Coda sin XIII, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin,
beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an gcomhlacht iomchuí agus ní íocfaidh an comhlacht iomchuí leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gcomhlacht iomchuí, aon luach saothair, táille, liúntais nó caiteachais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a n-ainmneofar nó a dtoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach nó den Pharlaimint sin.
(3) Ní dhéanfar aon tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a áireamh mar sheirbhís leis an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann chun críocha aon sochair aoisliúntais.
(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht iomchuí nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag comhlacht iomchuí.
Leasanna a nochtadh.
54.—(1) I gcás go mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon ní, nó atá ábhartha i leith aon ní, a bheidh le breithniú ag comhlacht iomchuí nó ag coiste arna bhunú faoin Acht seo ag comhalta de chomhlacht iomchuí, ag fostaí de chomhlacht iomchuí, ag comhalta de choiste arna bhunú faoi alt 56, nó ag sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a bheidh ar fostú ag comhlacht iomchuí—
(a) déanfaidh sé nó sí an cineál leasa atá aige nó aici a nochtadh don chomhlacht iomchuí nó don choiste, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní,
(b) ní dhéanfaidh sé nó sí tionchar a imirt, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar chinneadh i ndáil leis an ní,
(c) ní ghlacfaidh sé nó sí páirt ar bith in aon bhreithniú ar an ní,
(d) más comhalta den chomhlacht iomchuí, fostaí den chomhlacht iomchuí nó comhalta de choiste arna bhunú faoi alt 56 é nó í, tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú agus ní vótálfaidh sé nó sí, ná ní ghníomhóidh sé nó sí ar shlí eile mar chomhalta nó mar fhostaí den sórt sin i ndáil leis an ní.
(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é—
(a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní, nó leas tairbhiúil atá ábhartha i leith aon ní, dá dtagraítear san fho-alt sin é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach,
(b) go bhfuil sé nó sí nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine nó ar fostú ag duine ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin nó leas tairbhiúil atá ábhartha i leith ní den sórt sin,
(c) gur páirtí é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach in aon socrú nó comhaontú (cibé acu infhorfheidhmithe nó nach ea) maidir le talamh lena mbaineann ní den sórt sin, nó
(d) go bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin, nó leas tairbhiúil atá ábhartha i leith ní den sórt sin, ag aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach.
(3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha i leith aon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht eile nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (2) ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn dó nó di breithniú, plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil leis an ní sin.
(4) I gcás go n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh duine é, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an comhlacht iomchuí lena mbaineann nó coiste arna bhunú faoi alt 56, de réir mar a bheidh, a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.
(5) I gcás go ndéanfar nochtadh de bhun fho-alt (1) do chomhlacht iomchuí nó do choiste arna bhunú faoi alt 56, déanfar sonraí an nochta a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.
(6) I gcás go mainneoidh duine dá dtagraítear san alt seo nochtadh a dhéanamh de réir an ailt seo, cinnfidh an comhlacht iomchuí lena mbaineann nó coiste arna bhunú faoi alt 56, de réir mar a bheidh, an beart cuí a bheidh le déanamh.
Faisnéis a nochtadh.
55.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí agus le fo-alt (3), ní nochtfaidh duine, gan toiliú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann, faisnéis ar bith a gheobhaidh sé nó sí agus é nó í ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh dualgais a bheith comhlíonta aige nó aici)—
(a) mar chomhalta den chomhlacht sin,
(b) mar fhostaí den chomhlacht sin,
(c) mar chomhalta de choiste arna bhunú faoi alt 56, nó
(d) mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don chomhlacht sin nó mar fhostaí den duine sin le linn dualgais a bhaineann leis an gcomhairle sin nó leis an tsainchomhairle sin a chomhlíonadh.
(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.
(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar do chomhlacht iomchuí nó a thabharfaidh comhlacht iomchuí, nó a thabharfar thar ceann comhlachta iomchuí, a nochtadh don Aire.
Coistí.
56.—(1) Féadfaidh comhlacht iomchuí coiste a bhunú arb iad a bheidh air, go hiomlán nó go páirteach, daoine atá ina gcomhaltaí nó ina bhfostaithe den chomhlacht sin—
(a) chun comhairle a thabhairt don chomlacht iomchuí lena mbaineann i dtaobh cibé nithe a chinnfidh an comhlacht sin ó am go ham, nó
(b) chun cibé feidhmeanna de chuid an chomhlachta sin a tharmligfear chun an choiste ó am go ham, lena n-áirítear cibé feidhmeanna a bhainfidh le gníomhaíocht áirithe gnó, oideachais nó oiliúna, a fheidhmiú.
(2) Beidh feidhmiú feidhmeanna ag coiste, ar feidhmeanna iad a bheidh tarmligthe chuige faoi fho-alt (1)(b), faoi réir a dhaingnithe ag an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann mura gcinnfidh an comhlacht sin a mhalairt.
(3) Féadfaidh comhlacht iomchuí, aon tráth, coiste a bheidh bunaithe aige faoin alt seo a dhíscaoileadh nó comhalta de choiste a chur as an gcomhaltas sin.
(4) Féadfaidh coiste a bhunófar faoin alt seo a nósanna imeachta agus a ghnó a rialáil, le buanorduithe nó ar shlí eile.
(5) Féadfaidh comhlacht iomchuí duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste a bhunófar faoin alt seo.
(6) Déanfar cibé liúntais nó caiteachais, más ann, a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach agus comhaltaí coiste (seachas comhalta ex officio is fostaí de chomhlacht iomchuí) as cistí a bheidh faoina réir ag an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann.
Cuntais.
57.—(1) Coimeádfaidh comhlacht iomchuí, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an comhlacht iomchuí nó a chaithfidh sé.
(2) Déanfaidh comhlacht iomchuí cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) a chur, a mhéid a ordóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é, faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain, faoi cibé dáta a chinnfidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó am go ham, lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an comhlacht iomchuí cóip de na cuntais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire, agus i gcás Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, soláthróidh siad cóipeanna don Údarás Cáilíochtaí freisin.
(3) Cuirfidh comhlacht iomchuí faoi deara cóipeanna de na cuntais a sholáthrófar don Aire faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Pleananna.
58.—(1) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, a luaithe is indéanta tar éis a bhunaithe agus cibé tráthanna eile is cuí leis, a cheangal ar phríomhfheidhmeannach an Údaráis Cáilíochtaí plean a ullmhú ina leagfar amach tograí an Údaráis Cáilíochtaí chun a fheidhmeanna a chomhall i rith na tréimhse, ar tréimhse í nach lú ná dhá bhliain, lena mbaineann an plean.
(2) Déanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, faoi cibé dáta a chinnfidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, a cheangal ar gach duine dá bpríomhfheidhmeannaigh plean a ullmhú ina leagfar amach tograí gach Comhairle acu sin chun a feidhmeanna a chomhall i rith na tréimhse, ar tréimhse í nach lú ná dhá bhliain, lena mbaineann an plean.
(3) Féadfaidh comhlacht iomchuí, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, an plean a bheidh ullmhaithe faoi fho-alt (1) nó (2) a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle lena phríomhfheidhmeannach, an plean a cheadú faoi réir cibé modhnuithe is cuí leis.
(4) A luaithe is indéanta tar éis do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó do Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, an plean a cheadú faoi fho-alt (3), soláthróidh an Chomhairle lena mbaineann cóip den phlean don Údarás Cáilíochtaí.
(5) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, plean a bheidh soláthraithe dó faoi fho-alt (4) a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, an plean a cheadú faoi réir cibé modhnuithe is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí.
(6) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí cóip den phlean lena mbaineann a sholáthar don Aire a luaithe is indéanta tar éis dó an plean sin a cheadú faoi fho-alt (3) nó (5).
Tuarascálacha.
59.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ullmhóidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí, ag féachaint do phlean a bheidh ullmhaithe faoi alt 58, tuarascáil i dtaobh oibríochtaí agus fheidhmíocht an chomhlachta iomchuí i rith na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2).
(2) Ullmhófar tuarascáil faoi fho-alt (1)—
(a) i gcás na chéad tuarascála den sórt sin, ag deireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis thosach feidhme na Coda seo, agus
(b) ina dhiaidh sin, ag deireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis ullmhú na tuarascála roimhe sin.
(3) Foilseoidh comhlacht iomchuí tuarascáil faoi fho-alt (1) i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis.
(4) Déanfaidh comhlacht iomchuí cóip de thuarascáil faoi fho-alt (1) a sholáthar don Aire agus, i gcás Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, soláthróidh siad cóip don Údarás Cáilíochtaí.
(5) Cuirfidh an comhlacht iomchuí lena mbaineann faoi deara cóip de thuarascáil faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis í a fhoilsiú.
(6) Faoi réir fho-alt (7), déanfaidh comhlacht iomchuí cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a chinnfidh an tAire nó ceachtar Teach den Oireachtas, de réir mar a bheidh, ó am go ham a sholáthar don Aire nó do cheachtar Teach den Oireachtas.
(7) Déanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna a chinnfidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham a sholáthar don Údarás Cáilíochtaí.
Bronntanais.
60.—(1) Féadfaidh comhlacht iomchuí glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.
(2) Ní ghlacfaidh comhlacht iomchuí le bronntanas más rud é go mbeadh na hiontaobhais nó na coinníollacha a chuir an deontóir ag gabháil leis ar neamhréir le cuspóirí nó le feidhmeanna an chomhlachta iomchuí.
Táillí.
61.—(1) Déanfaidh comhlacht iomchuí táillí a mhuirearú, a ghlacadh agus a ghnóthú, seachas ón Aire, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna.
(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an gcomhlacht iomchuí agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chinneadh
(3) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí comhairle a thabhairt don Aire maidir le leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).
(4) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a athbhreithniú ó am go ham.
62.—Leasaítear leis seo alt 4 den Acht um Áiseanna Saothair, 1987, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Faoi réir Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999, beidh ag an bhForas freisin, agus teachtfaidh sé, na feidhmeanna sin go léir a bhí dílsithe don Chomhairle, don Ghníomhaireacht agus don tSeirbhís Daonchumhachta díreach roimh an lá bunaithe agus nach bhfuil sonraithe i bhfo-alt (1).”.
Fógraí a sheirbheáil.
63.—(1) Faoi réir fho-alt (6), aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an Acht seo nó faoi, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann agus a sheirbheáil nó a thabhairt ar cheann de na slite seo a leanas—
(a) trína dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus trína sheachadadh air nó uirthi,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi,
(d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí tugtha ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, agus é dírithe chuige nó chuici, chuig an seoladh sin, nó
(e) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go gceanglaítear fógra a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil cónaí air nó uirthi san áitreabh nó atá fostaithe ar an áitreabh, nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó gar dó.
(2) I gcás nach féidir ainm an duine lena mbaineann a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar fógra faoin Acht seo a dhíriú chuig “an t-áititheoir”, “an t-úinéir” nó “an duine i gceannas”, de réir mar a bheidh.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta arna clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó.
(4) Ní dhéanfaidh duine, aon tráth, i rith na tréimhse trí mhí tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt (1) (e), an fógra a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach agus beidh aon duine a sháróidh an fo-alt seo ciontach i gcion.
(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.
(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le fógra dá dtagraítear in alt 45 nó 46 nó sa Chéad Sceideal.
Forálacha i ndáil le cionta.
64.—(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
(2) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.
Gan institiúid teicneolaíochta ná coláiste teicniúil réigiúnach a thabhairt de thuairisc ar sholáthraí.
65.—(1) Ach amháin i ndáil le soláthraí cláir oideachais agus oiliúna a bheidh bunaithe agus arb é sin an tuairisc a bheidh air roimh thosach feidhme na Coda seo (agus sa chás sin féadfar leanúint den tuairisc sin a thabhairt air), ní úsáidfidh duine, gan ceadú an Aire, na focail “institiúid teicneolaíochta” ná “coláiste teicniúil réigiúnach” mar thuairisc ar sholáthraí cláir oideachais agus oiliúna.
(2) Féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar urghaire chun srian a chur le haon duine úsáid a bhaint as na focail “institiúid teicneolaíochta” nó “coláiste teicniúil réigiúnach” de shárú ar fho-alt (1).
Cothromaíocht inscne.
66.—(1) I gcás gur mó ná duine amháin ach gur lú ná ceathrar an líon iomlán daoine a fhéadfaidh duine nó comhlacht a ainmniú faoi ailt 6, 13 agus 22, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad.
(2) I gcás gur ceathrar nó níos mó an líon iomlán daoine a fhéadfaidh duine nó comhlacht a ainmniú faoi ailt 6, 13 agus 22, ainmneoidh an duine nó an comhlacht beirt duine fireanna, ar a laghad, agus beirt duine baineanna, ar a laghad.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Comhaltas agus Cruinnithe
1. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.
2. (1) A luaithe is indéanta tar éis a bhunaithe, soláthróidh comhlacht iomchuí séala dó féin agus coimeádfaidh sé ina sheilbh é.
(2) Déanfar séala comhlachta iomchuí a fhíordheimhniú le síniú chathaoirleach an chomhlachta iomchuí nó síniú comhalta den chomhlacht iomchuí, agus le síniú fostaí den chomhlacht sin, a bheidh údaraithe ag an gcomhlacht chun gníomhú chuige sin.
(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala comhlachta iomchuí agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim a rinne comhlacht iomchuí agus a bheith séalaithe le séala comhlachta iomchuí (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir fhomhír (2)) agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.
3. (1) Féadfar comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas an cathaoirleach nó comhalta ex officio) a chur as oifig, ar chúiseanna sonraithe, le rún ón gcomhlacht iomchuí.
(2) Féadfaidh comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas an cathaoirleach nó comhalta ex officio), aon tráth, éirí as oifig mar chomhalta trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chathaoirleach agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra.
(3) Aon chomhalta de chomhlacht iomchuí (seachas comhalta ex officio), lena n-áirítear an cathaoirleach, a bheidh as láthair ó gach cruinniú den chomhlacht iomchuí ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile, mura rud é gur breoiteacht faoi deara é nó í a bheith as láthair nó gur cheadaigh an comhlacht sin dó nó di é, scoirfidh sé nó sí ag deireadh na tréimhse sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht.
(4) Aon chomhalta de chomhlacht iomchuí (lena n-áirítear an cathaoirleach) a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha ar an gcomhlacht iomchuí.
4. (1) Faoi réir an Sceidil seo, is é téarma oifige comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas comhalta ex officio), lena n-áirítear an cathaoirleach, cúig bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.
(2) Faoi réir fhomhír (3), ní fhónfaidh comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas comhalta ex officio) níos mó ná dhá théarma oifige ar an gcomhlacht sin.
(3) Ní dhéanfar aon téarma oifige mar chathaoirleach ar an gcomhlacht iomchuí a áireamh sna téarmaí oifige dá dtagraítear i bhfomhír (2).
5. (1) I gcás comhalta de chomhlacht iomchuí, seachas an cathaoirleach, d'fháil bháis, d'éirí as, a chur as oifig nó do scor d'oifig a shealbhú ar aon chúis eile, déanfaidh an comhlacht iomchuí socrú chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh a luaithe is indéanta.
(2) Aon duine a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht iomchuí de bhun na míre seo, beidh sé nó sí, faoi réir an Sceidil seo, i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ar tharla an corrfholúntas de bharr é nó í d'fháil bháis, d'éirí as, a chur as oifig nó do scor d'oifig a shealbhú ar chúiseanna eile agus beidh sé nó sí, faoi réir mhír 3(4), inathcheaptha mar chomhalta den chomhlacht ar dhul in éag don tréimhse sin.
6. (1) Beidh cathaoirleach ag gach comhlacht iomchuí, mar a fhoráiltear in alt 49.
(2) Féadfaidh an cathaoirleach, aon tráth, éirí as oifig mar chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn, a gcuirfear cóip de chuig an gcomhlacht iomchuí, a thabhairt don Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bhfaighidh an tAire an fógra.
7. I gcás go scoirfidh duine d'oifig an chathaoirligh a shealbhú, scoirfidh sé nó sí, an tráth céanna, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht iomchuí lena mbaineann.
8. Ní shealbhóidh cathaoirleach comhlachta iomchuí oifig chathaoirleach an chomhlachta sin ar feadh níos mó ná dhá théarma oifige.
9. (1) Déanfaidh gach comhlacht iomchuí, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, comhalta (seachas an príomhfheidhmeannach) a cheapadh as measc a chomhaltaí chun bheith ina leaschathaoirleach air.
(2) Beidh an leaschathaoirleach i seilbh oifige go dtí go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht iomchuí, mura túisce a éireoidh sé nó sí as mar leaschathaoirleach.
10. Déanfar cibé liúntais nó caiteachais, más ann, a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach agus le comhaltaí comhlachta iomchuí (seachas comhalta ex officio is fostaí den chomhlacht iomchuí) as cistí a bheidh faoina réir ag an gcomhlacht sin.
11. (1) Tionólfaidh gach comhlacht iomchuí ceithre chruinniú, ar a laghad, in aon tréimhse 12 mhí, agus cibé cruinnithe eile agus cibé méid cruinnithe eile, agus sin ag cibé tráthanna, a chinnfidh an cathaoirleach.
(2) Comórfaidh cathaoirleach comhlachta iomchuí cruinniú den chomhlacht iomchuí aon uair a iarrfaidh líon comhaltaí, nach lú ná an líon is córam, air nó uirthi déanamh amhlaidh.
(3) Is é is córam do chruinniú de chomhlacht iomchuí trian de líon iomlán na gcomhaltaí, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, móide a haon.
12. Ag cruinniú de chomhlacht iomchuí—
(a) beidh an cathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó
(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an chathaoirligh folamh, beidh an leaschathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó
(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an chathaoirligh folamh, agus mura mbeidh agus fad nach mbeidh an leaschathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an leaschathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den chomhlacht iomchuí a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith i gceannas ag an gcruinniú.
13. Déanfar gach ceist ag cruinniú de chomhlacht iomchuí a chinneadh le comhthoil, ach i gcás gurb é tuairim an chathaoirligh nó an duine eile a bheidh i gceannas nach féidir teacht ar chomhthoil, cinnfear an cheist le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach, agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach nó ag an duine eile a bheidh i gceannas.
14. Faoi réir mhír 11(3), féadfaidh comhlacht iomchuí gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí nó d'ainneoin aon easnaimh maidir le ceapadh comhalta a aimseofar ina dhiaidh sin.
15. Faoi réir an Achta seo, féadfaidh comhlacht iomchuí, ó am go ham, cibé rialacha a dhéanamh is cuí leis le haghaidh nósanna imeachta agus ghnó an chomhlachta iomchuí.
AN DARA SCEIDEAL
An Príomhfheidhmeannach
1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.
2. Comhlíonfaidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi réir cibé beartas a chinnfidh an comhlacht iomchuí ó am go ham agus beidh sé nó sí freagrach don chomhlacht sin as an gcomhlacht sin a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
3. (1) Féadfaidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a tharmligean chuig fostaí den chomhlacht iomchuí, mura rud é go mbeidh siad tarmligthe amhlaidh chuig an bpríomhfheidhmeannach faoi réir an choinníll nach ndéanfar iad a fho-tharmligean, agus beidh an fostaí lena mbaineann cuntasach don phríomhfheidhmeannach as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh.
(2) D'ainneoin aon tarmligean den sórt sin, leanfaidh an príomhfheidhmeannach de bheith cuntasach gach uile thráth don chomhlacht iomchuí lena mbaineann as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh.
4. Ní shealbhóidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí aon oifig ná post eile gan toiliú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann.
5. Beidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais) a chinnfidh an comhlacht sin le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Aoisliúntas
1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.
2. A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme Chuid VIII déanfaidh comhlacht iomchuí, faoi réir alt 52, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé fostaithe den chomhlacht iomchuí, nó ina leith, is cuí leis an gcomhlacht.
3. Socrófar le gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
4. Féadfaidh comhlacht iomchuí, aon tráth, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, ar scéim í lena leasófar scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire agus a bheidh ceadaithe roimhe sin faoin Sceideal seo.
5. Déanfaidh an comhlacht iomchuí scéim nó scéim leasaitheach a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin Sceideal seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
6. Má éiríonn díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin Sceideal seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh ag an Aire agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire, faoi réir chomhaontú an Aire Airgeadais.
7. Ní dhéanfaidh comhlacht iomchuí aon sochar aoisliúntais a dheonú d'aon duine dá fhostaithe is comhaltaí de scéim faoin Sceideal seo, nó ina leith, ná ní dhéanfar aon socrú eile chun aon sochar aoisliúntais a sholáthar do dhaoine den sórt sin ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige, seachas—
(a) de réir cibé scéim nó scéimeanna a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin Sceideal seo, nó
(b) le ceadú an Aire faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais.
8. Déanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin Sceideal seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis í a cheadú amhlaidh, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
9. Más rud é go ndéanfaí, sa tréimhse idir bunú comhlachta iomchuí agus teacht i ngníomh do scéim faoin Sceideal seo, sochar aoisliúntais a dheonú do dhuine, nó i leith duine, a glacadh isteach i seirbhís comhlachta iomchuí faoi alt 52, i leith sheirbhís an duine i gComhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ansin déanfaidh an comhlacht iomchuí an sochar aoisliúntais a dheonú don duine sin nó ina leith agus a íoc leis an duine sin nó ina leith agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís nó a seirbhís inphinsin leis an gcomhlacht sin a chomhiomlánú lena sheirbhís nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin.