Uimhir 27 de 1941.
ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
Fo-alt (1) d'alt 36 den Acht Talmháíochta, 1931, do leasú
1.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 36 den Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931), do leasú tríd an bhfocal “pingne” do scriosadh agus tré sna focail “dhá phingin” do chur ina ionad.
Gearr-theideal agus có-luadh.
2.—Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1941, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna Talmhaíochta, 1931 agus 1934, agus den Acht so le chéile.