[EN]

harp.jpg


Uimhir 27 de 1984


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1984

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Dícháiliú Cuid II, Caibidil 4.

3.

Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

4.

Dícháiliú Cuid III, Caibidil 2.

5.

Breac-dhífhostaíocht.

6.

Dliteanas i leith ranníocaí.

7.

An tAire d'aisíoc sochair a d'íoc fostóirí.

8.

Íocaíochtaí isteach sa Chiste as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas.

9.

Leasú ar Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí Eiscthe).

10.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

harp.jpg


Uimhir 27 de 1984


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1984. [26 Nollaig, 1984] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.

[EN]

Dícháiliú Cuid II, Caibidil 4.

2.—Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) Beidh duine dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil ar feadh aon seachtaine a mbeidh sé ar fostú faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta.”.

[EN]

Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

3.—Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

[EN]

“(12) Duine a bheidh ar fostú faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta measfar, chun críocha na Coda seo, é bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).”.

[EN]

Dícháiliú Cuid III, Caibidil 2.

4.—Leasaítear leis seo alt 142 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (d):

[EN]

“nó

[EN]

(e) le linn dó bheith ar fostú ar feadh aon seachtaine faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta.”.

[EN]

Breacdhífhostaíocht.

5.—Leasaítear leis seo alt 233 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “breac-dhífhostaíocht”:

[EN]

“ciallaíonn ‘breac-dhífhostaíocht’ dífhostaíocht agus cailliúint iarmhartach pá de dheasca saotharstad i bhfostaíocht inárachaithe—

[EN]

(a) nach féidir a sheachaint mar gheall ar dhoineann, agus

[EN]

(b) a tharla an 6ú lá d'Eanáir, 1985 nó roimhe,

[EN]

agus forléireofar an abairt ‘breac-dhífhostaithe’ dá réir sin;”.

[EN]

Dliteanas i leith ranníocaí.

6.—Leasaítear leis seo alt 241 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(5) Ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil iníoctha de bhun fho-alt (3) i leith aon seachtaine féilire a thosóidh an 7ú lá d'Eanáir, 1985 nó dá éis.”.

[EN]

An tAire d'aisíoc sochair a d'íoc fostóirí.

7.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 257:

[EN]

“257.—Déanfaidh an tAire an méid d'aon sochar forlíontach a bheidh íoctha go cuí de réir na Coda seo ag fostóir a aisíoc leis as an gCiste ar an bhfostóir do dhéanamh iarratais i cibé slí a fhorordófar agus tráth nach déanaí ná an 29ú lá de Mhárta, 1985, ag lorg na haisíocaíochta sin.”.

[EN]

Íocaíochtaí isteach sa Chiste as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas.

8.—Leasaítear leis seo alt 269 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

[EN]

“(8) Más rud é, maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, go mbeidh an Ciste neamhdhóthanach chun na dliteanais a fhorchuirtear air a chur i gcrích, déanfar méid is ionann agus an neamhdhóthanacht sin a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus aon mhéid a bheidh iníoctha amhlaidh íocfar é i cibé modh agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(9) Déanfar aon ioncam a fhaibhreoidh chun an Chiste tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1985, a íoc isteach sa Státchiste i cibé modh agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais.”.

[EN]

Leasú ar Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí Eiscthe).

9.—Leasaítear leis seo Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 10:

[EN]

“11.—Fostaíocht faoi scéim a riarann an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

10.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1984 a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984” an tAcht seo.