Uimhir 28 de 1937.
ACHT AN CHOIMISINÉURA LUACHÁLA (IONADAÍ), 1937.
[12adh Mí na Samhna, 1937.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;
cialluíonn an abairt “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála.
Ionadaí don Choimisinéir do cheapadh.
2.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire go bhfuil an Coimisinéir neamh-ábalta go sealadach, toisc easláinte chuirp no aigne, toisc é bheith as láthair as Saorstát Éireann, no toisc aon chúise eile, ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh, beidh sé dleathach don Aire duine ceart oiriúnach do cheapadh chun dualgaisí an Choimisineura do chólíonadh ar feadh na neamh-ábaltachta san.
(2) Gach duine ceapfar fén alt so chun dualgaisí an Choimisineura do chólíonadh beidh aige, feidhmeoidh agus cólíonfaidh, ar feadh neamh-ábaltachta san an Choimisineura gur mar gheall uirthi do ceapadh an duine sin amhlaidh, na dlighinsí, na comhachta agus na dualgaisí go léir a bheidh bronnta no forchurtha de thurus na huaire ar an gCoimisinéir le reacht no ar shlí eile.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
3.—(1) Féadfar Acht an Choimisineura Luachála (Ionadaí), 1937, do ghairm den Acht so.
(2) Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh an 15adh lá d'Iúl, 1937, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.