Uimhir 28 de 1966.
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1966
[An tiontú oifigiúil.]
Athrú ar na blianta chun toghcháin áitiúla a bheith ann.
1.—(1) Leasaítear leis seo alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) :
“ (a) Beidh toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil ann sa bhliain 1967 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin.”
(2) Na téarmaí oifige a bheidh ag rith i dtosach feidhme an Achta seo i gcás comhaltaí údarás áitiúil beidh siad arna síneadh chun bheith de réir na dtoghchán is túisce a bheidh ann sa bhliain 1967 do chomhaltaí d'údaráis áitiúla tar éis tosach feidhme an Achta seo agus measfar gur toghcháin cheann cúig bliana na toghcháin sin.
Athrú ar na blianta chun coistí freastal scoile a cheapadh.
2.—Na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, déanfar iad sa bhliain 1967 agus measfar gur ceapacháin cheann cúig bliana iad.
Forálacha maidir le cruinnithe áirithe.
3.—(1) D'ainneoin an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, a aisghairm, na cruinnithe dá dtagraítear in ailt 8 (1), 9 (1), 9 (2) agus 10 (2) den Acht sin faoi threoir na tréimhse ón 23ú lá de Mheitheamh go dtí an lú lá d'Iúil i mbliain beidh siad ann sa bhliain 1966, agus, chun críocha an fho-ailt seo measfar nár aisghaireadh an tAcht sin (lena n-áirítear, go sonrach, ailt 8 (2), 9 (3), 10 (3) agus 11).
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le buirg Dhún Laoghaire mar atá éifeacht aige maidir le buirgí eile, ar choinníoll, áfach, go ndéanfar aon tagairt do mhéara a fhorléiriú mar thagairt don chathaoirleach.
(3) Na cruinnithe is túisce a bheidh ann tar éis tosach feidhme an Achta seo faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930, measfar gur cruinnithe ceann cúig bliana iad.
Leasú ar alt 84 (1) den Acht Toghcháin, 1963.
4.—Leasaítear leis seo alt 84 (1) den Acht Toghcháin, 1963, trí “faoi réir na sriantachta gurb é lá a shocrófar mar a dúradh lá i mí Meithimh sa bhliain a bheidh na toghcháin ann lena mbaineann an t-ordú” a chur isteach ag deireadh an ailt sin.
Aisghairm.
5.—Aisghairtear leis seo ailt 1, 2 (2), 3 (2), agus 3 (3) den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1965.
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.
6.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1966, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 agus 1965, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon Acht amháin.
(3) Measfar gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, agus aon ní a rinneadh an lá sin nó dá éis agus roimh an Acht seo a rith agus in ionchas a rite beidh sé bailí dá réir sin.