[EN]

Uimhir 29 de 1925.


[EN]

ACHT AN OIREACHTAIS (BAILL D'ÍOC) (LEASÚ), 1925.


ACHT CHUN LIÚNTAISÍ A hÍOCTAR LE BAILL DEN OIREACHTAS NO A hÁIRÍTEAR MAR CHUID DE THUARASTAIL ÁIRITHE BALL DEN OIREACHTAS FÉ ACHT AN OIREACHTAIS (BAILL D'ÍOC), 1923, DO SHAORA Ó CHÁIN IONCUIM (MARAON LE BARRA-CHÁIN) AGUS CHUN BAILL DEN OIREACHTAS DO LEIGINT SAOR Ó CHUR-AR-FIONNRAÍ NO LUÍODÚ A DINTAR AR PHINSIN IS INÍOCTHA AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ TOISC IAD DO BHEITH AG FÁIL NA LIÚNTAS SAN NO NA LIÚNTAISÍ SIN DO BHEITH INA gCUID DE SNA TUARASTAIL SIN. [11adh Iúl, 1925.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Saoirse o cháin ioncuim.

1.—(1) Na liúntaisí is iníoctha le baill den Oireachtas fé fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 (Uimh. 18 de 1923), beid agus tuigfar go rabhdar riamh saor o cháin ioncuim (maraon le barra-cháin) agus ní háireofar iad nuair a beifar ag áireamh ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

[EN]

(2) An tuarastal is iníoctha de thurus na huaire le ball den Oireachtas de bhua é bheith i seilbh aon oifige dá luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt san 2 den Acht san, oiread de agus is có-ionann leis an liúntas a bheadh iníoctha leis an mball san fé fho-alt (1) den alt san dá mba ná beadh sé i seilbh na hoifige sin, beidh sé agus tuigfar go raibh sé riamh saor o cháin ioncuim (maraon le barra-cháin) agus ní háireofar é nuair a beifar ag áireamh ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

[EN]

(3) Má íoc éinne cáin ioncuim no barra-cháin thar mar a bheadh air d'íoc dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm beidh sé i dteideal aisíoc na breise leis ar chruthú na ndátán chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta.

[EN]

Leigint saor o chur-ar-fionnraí no luíodú ar phinsin.

2.—(1) Aon fhoráil atá in aon Reacht Briotáineach no in aon Acht den Oireachtas a ritheadh roimhe seo no (mara n-achtuítear a mhalairt ann go soiléir) a rithfar ina dhiaidh seo, agus tré n-ar féidir aon phinsean is iníoctha amach as airgead puiblí do chur ar fionnraí no do luíodú, i bpáirt no go hiomlán, i gcás an pinsinéir do bheith ag fáil íocaíocht (pé ainm do bheadh ortha sa Reacht no san Acht san) as airgead do sholáthruigh no a sholáthróidh an tOireachtas, ní bhainfe sí leis na liúntaisí is iníoctha le baill den Oireachtas fé fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 (Uimh. 18 de 1923), ná ní déanfar aon phinsean den tsórt san do chur ar fionnraí ná do luíodú ar scór ná a los aon liúntais den tsórt san.

[EN]

(2) Ní bhainfidh aon fhoráil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, ná ní tuigfar gur bhain sí riamh, leis an méid sin, den tuarastal is iníoctha de thurus na huaire le ball den Oireachtas de bhua é bheith i seilbh aon oifige dá luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt san 2 den Acht san, an méid sin de is có-ionann leis an liúntas do bheadh iníoctha leis an mball san fé fho-alt (1) den alt san dá mba ná beadh sé i seilbh na hoifige sin, ná ní déanfar, ná ní tuigfar gur dineadh riamh, aon phinsean is iníoctha amach as airgead puiblí do chur ar fionnraí ná do luíodú ar scór ná a los an méid sin roimhráite d'aon tuarastal den tsórt san.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “airgead puiblí” an Prímh-Chiste agus airgead do sholáthruigh an tOireachtas.

[EN]

Gearr-theideal.

3.—Féadfar Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc) (Leasú). 1925. do ghairm den Act so.