[EN]

Uimhir 29 de 1928.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID, 1928.


ACHT CHUN STIÚRA TOGHACHÁN DE BHAILL DE SHEANAD ÉIREANN DO RIALÁIL AGUS CHUN AN tSLÍ D'ORDÍ INA nDÉANFAR AINM-LIOSTAÍ D'IARRTHÓIRÍ DO SNA TOGHACHÁIN SIN DO CHUR LE CHÉILE. [25adh Deire Fomhair, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí,

[EN]

cialluíonn an focal “toghachán Seanaid” toghachán a comórfar do réir Airtiogal 32 den Bhunreacht chun baill do thogha chun Seanad Éireann,

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire le rialacháin a déanfar fén Acht so.

[EN]

Ceann comhrimh Seanaid agus costaisí.

2.—(1) Chun críche gach toghacháin tSeanaid beidh ceann comhrimh Seanaid ann a cheapfidh an tAire do gach toghachán fé leith den tsórt san ar dháta nách déanaí ná an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh an toghachán san.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar cheann chomhrimh an tSeanaid an toghachán dá gceapfar é do stiúra, na vótanna a tabharfar ann do chomhreamh agus a thora d'fháil amach agus d'fhógairt do réir an Achta so agus pé nithe agus rudaí eile do dhéanamh i dtaobh an toghacháin sin a cheanglann an tAcht so air do dhéanamh.

[EN]

(3) Ullamhóidh an tAire Airgid scála d'éilithe maximum do chinn chomhrimh Sheanaid agus íocfidh an tAire sin le gach ceann comhrimh Seanaid, amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, a chuid éilithe réasúnta ar son a sheirbhísí agus a chostaisí maidir leis an toghachán dar ceapadh é ach ní bheidh na héilithe sin in aon chás níos mó ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

An tréimhse ina gcomórfar toghacháin tSeanaid.

3.—(1) Comórfar gach toghachán Seanaid i rith na tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Samhna roimh bheith caithte do théarma oifige na mball a bheidh ag dul as oifig ag an toghachán san agus dar críoch an lá a bheidh an téarma san caithte.

[EN]

(2) Laistigh de cheithre lá déag roimh an 15adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid ceapfidh an tAire le hordú—

[EN]

(a) an lá (dá ngairmtear san Acht so lá tabhartha amach na bpáipéirí ballóide) a tabharfar amach agus a postálfar chun toghthóirí na páipéirí ballóide i gcóir an toghacháin sin, agus

[EN]

(b) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so deire na vótaíochta) a cuirfar deire leis an vótaíocht sa toghachán san.

[EN]

(3) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén bhfo-alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

Ainmliost d'iarrthóirí do chur le chéile.

4.—(1) Roimh gach toghachán Seanaid cuirfar le chéile do réir an Achta so ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

[EN]

(2) Chun crícheanna Airtiogal 32A den Bhunreacht isé lá a ceaptar do réir dlí chun críoch do chur le hainmliost d'iarrthóirí do chur le chéile do thoghachán tSeanaid ná an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh an toghachán san no, más ar an Domhnach a thuitfidh an lá san no más lá saoire bainc é, an chéad lá nách Domhnach ná lá saoire bainc tar éis an 13adh lá san de Mhí na Samhna.

[EN]

Ainmniúcháin chun ainmliosta d'iarrthóirí.

5.—(1) Ar no roimh an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid no, más ar an Domhnach a thuitfidh an lá san no más lá saoire bainc é, ar no roimh an gcéad lá nách Domhnach ná lá saoire bainc tar éis an 13adh lá san de Mhí na Samhna, déanfidh Dáil Éireann, agus iad ag vótáil do réir Ionaduíochta Cothromúla, oiread daoine cáilithe is bheidh de bhaill le togha sa toghachán san d'ainmniú chun a gcurtha ar an ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

[EN]

(2) Ar no roimh an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid no, más ar an Domhnach a thuitfidh an lá san no más lá saoire bainc é, ar no roimh an gcéad lá nách Domhnach ná lá saoire bainc tar éis an 13adh lá san de Mhí na Samhna, déanfidh Seanad Éireann, agus iad ag vótáil do réir Ionaduíochta Cothromúla, oiread daoine cáilithe is bheidh de bhaill le togha sa toghachán san d'ainmniú chun a gcurtha ar an ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

[EN]

(3) Socróidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann fé seach an modh ina dtairgfar agus ina roghnófar daoine chun a n-ainmnithe ag Dáil Éireann agus ag Seanad Éireann fé seach fén alt so chun a gcurtha ar ainmliost d'iarrthóirí do thoghachán tSeanaid.

[EN]

Ainmliost d'iarrthóirí d'ullamhú.

6.—(1) Ar dháta nách déanaí ná an 16adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid seachadfidh Cléireach na Dála agus Cléireach an tSeanaid, gach duine acu ar leithligh, do cheann chomhrimh an tSeanaid, ráiteas ar ainmneacha, ar sheolta, ar thuairiscí, agus ar cháilíochtaí na ndaoine d'ainmnigh Dáil Éireann agus Seanad Éireann fé seach chun a gcurtha ar an ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

[EN]

(2) Chó luath is bheidh na ráitisí sin fachta aige ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid uatha an t-ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san agus foillseoidh sé san Iris Oifigiúil é agus cuirfe sé cóip de tríd an bpost cláruithe go dtí gach ball de Dháil Éireann agus go dtí gach ball de Sheanad Éireann.

[EN]

(3) Nuair a bheidh sé ag ullamhú ainmliosta d'iarrthóirí fén alt so déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid ainmneacha na ndaoine uile a bheidh ainmnithe sna ráitisí sin a cuireadh chuige fén alt so do chur ar an ainmliost san d'ainneoin éinne de sna daoine sin do bheith tar éis bháis no do bheith gan bheith cáilithe no do bheith dí-cháilithe no tagtha chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann.

[EN]

(4) Ar ainmliost d'iarrthóirí a ullamhóidh ceann comhrimh Seanaid fén alt so taisbeánfar, maidir le gach iarrthóir, a ainm, a sheola, a thuairisc, agus a cháilíochtaí mar a bheid curtha síos sa ráiteas a bhaineann leis an gcás agus a tugadh do cheann chomhrimh an tSeanaid fén alt so ach má bhíonn thar dachad focal in aon ráiteas den tsórt san ar cháilíochtaí ní cuirfar isteach san ainmliost an bhreis ar an dachad focal san.

[EN]

(5) Más ar an Domhnach a thuitfidh, no más lá saoire bainc, an lá a bheidh fén alt so ina lá dheiridh chun aon rud do dhéanamh féadfar an rud san do dhéanamh an chéad lá ina dhiaidh sin nách Domhnach ná lá saoire bainc.

[EN]

(6) San alt so cialluíonn an focal “cáilíochtaí” cáilíochtaí i gcóir ballraíochta de Sheanad Éireann fé Airtiogal 30 den Bhunreacht.

[EN]

Ní bheidh dul thar ainmliost d'iarrthóirí.

7.—(1) Aon ainmliost d'iarrthóirí do thogachán tSeanaid a ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid fén Acht so ní bheidh dul thairis maidir le cé hiad na daoine is iarrthóirí sa toghachán san agus san d'ainneoin éinne de sna daoine sin do bheith marbh no do bheith gan bheith cáilithe no do bheith dí-cháilithe no tagtha chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann agus d'ainneoin aon neamh-fhuirmeáltachta no nearialtachta ina n-ainmniú.

[EN]

(2) I gcomhreamh na vótanna do tugadh i dtoghachán Seanaid geobhfar thar gach rogha do breacadh d'iarrthóir 'na bhfuighidh ceann comhrimh an tSeanaid fógra roimh dheire na vótaíochta go bhfuil sé tar éis bháis (pe'ca roimh an ainmliost d'iarrthóiri do bheith curtha le chéile é no ina dhiaidh sin) agus ina ionad san tabharfar áird ar na céad roghna eile ar fáil.

[EN]

(3) Tuairisceofar na hiarrthóirí seo a leanas i dtoghachán Seanaid do bheith toghtha sa toghachán san má toghtar amhlaidh iad agus (gan dochar do chomhacht cúirte údaráis achmair a dhearbhú go bhfuil a dtogha gan brí) tuigfar iad do bheith toghtha go cuibhe amhlaidh agus iad d'fhágaint a suíochán díreach tar éis tosach a dtéarma oifige, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach iarrthóir toghtha a éagfidh roimh thosach a théarma oifige pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no dá éis a éagfa sé amhlaidh,

[EN]

(b) gach iarrthóir toghtha ná beidh, i ndeire na vótaíochta, cáilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann pe'ca thiocfa sé chun bheith cáilithe amhlaidh roimh thosach a théarma oifige no ná tiocfidh,

[EN]

(c) gach iarrthóir toghtha a bheidh, i dtosach a théarma oifige, dí-cháilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no dá éis a tháinig sé chun bheith dí-cháilithe amhlaidh.

[EN]

Rolla de thoghthóirí d'ullamhú.

8.—(1) Trí lá ar a laighead roimh an lá a bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach i dtoghachán Seanaid tabharfidh Cléireach na Dála do cheann chomhrimh an tSeanaid ráiteas ar ainmneacha agus ar sheolta ball Dáil Éireann agus tabharfidh Cléireach an tSeanaid do cheann chomhrimh an tSeanaid ráiteas ar ainmneacha agus ar sheolta ball Seanad Éireann.

[EN]

(2) Isiad seolta ball Dáil Éireann agus ball Seanad Éireann a tabharfar sna ráitisí sin ná a ngnáth-sheolta ach má thugann aon bhall den tsórt san do Chléireach na Dála no do Chléireach an tSeanaid (pe'ca aca is gá sa chás) seola speisialta chun críche an ráitis sin isé an seola speisialta san a tabharfar sa ráiteas san in ionad gnáth-sheola an bhaill sin.

[EN]

(3) Ar fháil na ráitisí sin do ar ainmneacha agus ar sheolta ball Dáil Éireann agus ball Seanad Éireann ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid rolla de thoghthóirí agus déanfa sé na hainmneacha agus na seolta uile a bheidh sna ráitisí sin do chur in ord aibítre sloinnte agus, i gcásanna có-ionannas sloinnte, in ord aibítre ainmneacha eile, agus uimhreoidh sé na hainmneacha san in ord leanúnach ar an rolla san de thoghthóirí.

[EN]

(4) Déanfar gach rolla de thoghthóirí a hullamhófar fén alt so do chimeád ar nochta chun a iniúchta in aisce in oifig cheann comhrimh an tSeanaid ag aon bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann, go dtí deire na vótaíochta sa toghachán le n-a mbaineann an rolla.

[EN]

(5) Ní bheidh aon dul thar aon rolla de thoghthóirí a hullamhófar fén alt so agus ní fhéadfidh aon Chúirt aon rolla den tsórt san d'ath-bhreithniú agus na daoine go mbeidh a n-ainmneacha ar rolla de thoghthóirí beidh siad-san agus ní bheidh aon daoine eile i dteideal chun vótáil sa toghachán le n-a mbaineann an rolla.

[EN]

Modh vótála.

9.—(1) Is do réir ionaduíochta cothromúla a déanfar an vótáil i dtoghachán Seanaid agus aon vóta ionaistrithe amháin a bheidh ag gach toghthóir fé leith agus is le ballóid a tabharfar é.

[EN]

(2) I dtoghachán Seanaid isé a bheidh mar bhallóid ag gach vótálaí fé leith ná páipeur (dá ngairmtear páipeur ballóide san Acht so) ar a mbeidh liost de sna hiarrthóirí agus iad tuairiscithe tré n-a n-ainmneacha, tré n-a seolta, agus tré n-a dtuairiscí mar a bheidh na nithe sin curtha síos san ainmliost de thoghthóirí don toghachán san agus iad in eagar aibítre in ord a sloinnte agus, i gcás có-ionannas sloinnte, in ord a n-ainmneacha eile agus iad in aon cholún leanúnach amháin no i pé slí eile (gan an t-ord aibítre sin do thréigean) is dó leis an Aire is mó a raghaidh chun marcáil agus comhreamh do chur in usacht.

[EN]

(3) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh na páipéirí ballóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide agus beidh có-dhuille ceangailte dhe agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a aghaidh agus le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipeur ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil stampálta no pollta.

[EN]

(4) Clóbhuailfar sloinne gach iarrthóra ar na páipéirí ballóide i leitreacha móra agus clóbhuailfar a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí i leitreacha beaga ach pé uair a bheidh sloinnte beirt no níos mó iarrthóirí mar a chéile clóbhuailfar i leitreacha móra (i dteanta a sloinnte) ainmneacha eile na n-iarrthóir sin agus oiread de sheola no de thuairisc gach iarrthóra den tsórt san no dá sheola agus dá thuairisc agus a chuirfidh an t-iarrthóir sin in aithne go héifeachtúil dar le ceann comhrimh an tSeanaid.

[EN]

Modh chun vótanna do mharcáil ar pháipéirí ballóide.

10.—(1) Ní foláir do thoghthóir, agus é ag tabhairt a vóta, an figiúir 1 do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfa sé ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3, agus 4 agus mar sin de do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ordú a rogha.

[EN]

(2) Aon pháipeur ballóide—

[EN]

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

[EN]

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céad-rogha d'iarrthóir éigin, curtha air, no

[EN]

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, os coinne ainm níos mó ná aon iarrthóir amháin, no

[EN]

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, maraon le huimhir éigin eile os coinne ainm an aon iarrthóra amháin, no

[EN]

(e) ar a mbeidh scríobhtha na marcálta éinní, ach an uimhir ar an gcúl, tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

[EN]

beidh sé gan brí agus ní comhreofar é.

[EN]

Páipéirí ballóide do chur chun toghthóirí.

11.—(1) An lá a bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid páipeur ballóide maraon le fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun gach duine go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí don toghachán san ag an seola a bheidh luaidhte ar an rolla san.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfidh duine gur cheart páipeur ballóide do thoghachán tSeanaid do chur chuige fén bhfo-alt san roimhe seo a chur in úil i scríbhinn do cheann chomhrimh an tSeanaid go bhfuil breis is ceithre huaire fichead a' chluig imithe ón am ba cheart an páipeur ballóide sin do sheachada dho i ngnáth-chúrsa an phuist agus ná fuair sé an páipeur ballóide sin agus gur mian leis go dtabharfí amach do páipeur ballóide dúbláide agus dearbhú céannachta dúbláide, déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid láithreach, má fhaghann sé an ráiteas san ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, no féadfa sé, má fhaghann sé an ráiteas san níos lú ná ocht n-uaire is dachad a' chluig roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, páipeur ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin ag an seola a luaidhtear so bhfo-alt san roimhe seo, páipeur agus fuirm go mbeidh sé soiléir, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipeur de dhath fé leith no ar shlí éigin eile, gur dúbláidí iad den pháipeur bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do cuireadh ar dtúis chun an duine sin fén alt so.

[EN]

(3) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach dearbhú céannachta agus beidh sé saor o dhiúité stampa agus beidh sé ina dhearbhú reachtúil fén Statutory Declarations Act, 1835, agus más i Saorstát Éireann a déanfar é, déanfar é i láthair feadhmannaigh shíochána, coimisineura mhionn, no nótaire phuiblí ag a bhfuil aithne phearsanta ar an dearbhthóir agus, más lasmuich de Shaorstát Éireann a déanfar é, déanfar é i láthair duine ag a bhfuil aithne phearsanta ar an dearbhthóir agus 'na mbeidh údarás aige, do réir dlí na háite ina ndéanfar é, daoine do chur fé mhionn.

[EN]

(4) Gach éinne a bheidh i dteideal chun vótáil i dtoghachán Seanaid beidh sé i dteideal chun vótáil sa toghachán san sa tslí seo a leanas agus ní hin aon tslí eile, sé sin le rá, tré pháipeur bhallóide do cuireadh chuige fén alt so do mharcáil agus do chur thar n-ais go dtí ceann comhrimh an tSeanaid tríd an bpost cláruithe no tríd an ngnáth-phost maraon leis an bhfuirm dhearbhú céannachta do cuireadh chuige sa tslí chéanna i dteanta an pháipéir sin agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige.

[EN]

(5) Pé uair a dhéanfidh duine a bheidh i dteideal chun vótáil i dtoghachán Seanaid a chur in úil i scríbhinn do cheann chomhrimh an tSeanaid gur dhin sé go cuibhe páipeur ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do cuireadh chuige fén alt so do chur thar n-ais go dtí ceann comhrimh an tSeanaid tríd an bpost cláruithe agus go ndeabhruíonn sé nár seachadadh do cheann chomhrimh an tSeanaid iad agus gur mian leis go dtabharfí amach do páipeur ballóide dúbláide agus dearbhú céannachta dúbláide déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid láithreach, má fhaghann sé an ráiteas san ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, no féadfa sé, má fhaghann sé an ráiteas san níos lú ná ocht n-uaire is dachad a' chluig roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, páipeur ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin ag an seola a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so, páipeur agus fuirm go mbeidh sé soiléir, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipeur de dhath fé leith no ar shlí éigin eile, gur dúbláidí iad den pháipeur bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do cuireadh ar dtúis chun an duine sin fén alt so.

[EN]

(6) Ag cur amach agus ag fáil na bpáipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid agus ag deighleáil leo ar aon tslí eile dho déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

Tora na vótaíochta do do dhéanamh amach.

12.—(1) Chó luath agus a bheidh caoi aige air tar éis deire na vótaíochtá déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach tora an toghacháin, i láthair pé iarrthóirí a bheidh i láthair, do réir an Achta so agus go sonnrách do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus fógróidh sé na hiarrthóirí sin do beith toghtha 'na ndéanfar amach amhlaidh iad do bheith toghtha agus tuairisceoidh sé a n-ainmneacha do Chléireach na Dála agus do Chléireach an tSeanaid.

[EN]

(2) An bhreith a thabharfidh ceann comhrimh an tSeanaid ar aon cheist a eireoidh i dtaobh na bpáipéirí ballóide, na ndearbhuithe céannachta no na gclúdach ina mbeid no ar éinní eile a eireoidh i dtaobh na vótanna do thabhairt amach, d'fháil no do chomhreamh, beidh sí ina breith dheiridh ach féadfidh Cúirt a thriailfidh achuinghe thoghacháin a bhaineann leis an toghachán claochló do dhéanamh uirthi.

[EN]

Rún do chimeád ar an vótáil.

13.—(1) Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid agus gach oifigeach agus cléireach go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do thabhairt amach, d'fháil, no do chomhreamh i dtoghachán Seanaid agus gach iarrthóir a bheidh i láthair agus na páipéirí sin á dtabhairt amach, á bhfáil, no á gcomhreamh, rún do chimeád agus cabhrú chun rún do chimeád ar an vótáil sa toghachán san agus, roimh chríochnú an toghacháin, ní thabharfid uatha, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas ar ce'ca vótáil aon toghthóir sa toghachán san no nár vótáil, ná ar an marc oifigiúil, agus ní thabharfid d'éinne aon uair aon eolas, do fuarthas le linn no i gcúrsaí na tabhartha-amach, na fála, no an chomhrimh sin, ar ce'ca iarrthóir le n-ar vótáil aon toghthóir ná ar ce'ca vótáil aon toghthóir no nár vótáil ná ar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra.

[EN]

(2) Ní dhéanfidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid d'fháil no do mharcáil a pháipéir bhallóide no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

[EN]

(3) Ní dhéanfidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach tabhairt ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid a pháipeur ballóide do thaisbeáint, tar éis a mharcála dho, i slí is go nochtfí don duine sin no d'éinne eile ainm an iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis ar an bpáipeur ballóide sin.

[EN]

(4) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur fé phríosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

[EN]

Achuingheacha toghacháin i dtaobh toghachán Seanaid.

14.—(1) Na hachtacháin a bhaineann le tíolaca agus le triail achuingheacha toghacháin i dtaobh toghachán ball de Dháil Éireann bainfid le toghacháin tSeanaid ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an chúirt a bheidh ag triail achuinghe toghacháin i dtaobh toghacháin tSeanaíd ní bheidh comhacht aici a dhearbhú go bhfuil an toghachán iomlán gan brí, ach féadfa sí a dhearbhú, i dtaobh togha aon duine no daoine de sna hiarrthóirí do tuairiscíodh a bheith toghtha sa toghachán, go bhfuil sé gan brí no go bhfuil sé dleathach pe'ca aca is gá do réir chirt,

[EN]

(b) má dhearbhuíonn an chúirt sin amhlaidh togha iarrthóra do bheith gan brí, dearbhóidh an chúirt gur toghadh pé duine is gá do réir chirt a thogha de sna hiarrthóirí nár tuairiscíodh a bheith toghtha,

[EN]

(c) beidh comhacht ag an gcúirt sin a shocrú agus a dhearbhú cadé an t-ord in ar toghadh na hiarrthóirí do toghadh sa toghachán (pe'ca a tuairiscíodh iad do bheith toghtha amhlaidh no a shocruigh an chúirt iad do bheith toghtha amhlaidh),

[EN]

(d) beidh comhacht ag an gcúirt sin leasuithe do dhéanamh ar dheimhniú cheann comhrimh an tSeanaid ar thora an toghacháin fé mar is gá chun éifeacht do thabhairt dá breitheanna,

[EN]

(e) léireofar tagairtí don House of Commons mar thagairtí do Sheanad Éireann agus léireofar tagairtí do Speaker of the House of Commons mar thagairtí do Chathaoirleach Sheanaid Éireann.

[EN]

(2) In aon imeachta dlí chun togha no tuairisciú aon iarrthóra i dtoghachán Seanaid do chur in amhrus ní ceanglófar ar éinne a vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.

[EN]

Nea-chólíona rialacha.

15.—Ní dearbhófar aon togha iarrthóra i dtoghachán Seanaid do bheith gan brí de bhíthin nea-chólíona na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirm a hordófar fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítar don bhinse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir an bprinsiobal atá curtha síos i gcorp an Achta so, agus nár dhin an nea-chólíona no an dearmhad san deifir do thora an toghacháin.

[EN]

Seirbhísí Puist in aisce.

16.—Na seirbhísí puist go léir (ar a n-áirítear na seirbhísí clárathachta go léir) a bheidh ar fad laistigh de Shaorstát Éireann agus a bhainfidh le páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach agus do chur thar n-ais, déanfidh an tAire Puist agus Telegrafa iad gan na héilithe ar a son do roimh-íoc leis agus tuigfar gur cuid de chostaisí cheann comhrimh an tSeanaid gach éileamh den tsórt san agus íocfar é dá réir sin.

[EN]

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923, do leasú.

17.—(1) An méid d'alt 11 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh 12 de 1923), agus den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, le n-a n-achtuítear go mbeidh sa chlár bhliantúil a cuirfar le chéile fén alt agus fén sceideal san ainmneacha na ndaoine a bheidh i dteideal chun vótáil mar thoghthóirí Seanaid no chun a gcláruithe amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

[EN]

(2) Déanfar fo-alt (1) d'alt 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí na focail “triocha bliain d'aois no os a chionn san” do chur isteach ann in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí“35 bliana d'aois no os a chionn san” atá anois ann.

[EN]

(3) San Acht Timpeal Toghachán, 1923, nuair a dintar an focal “toghachán” agus focail atá gaolmhar leis d'úsáid leo féin ní fholóid toghachán Seanaid ná ní léireofar iad mar fhocail a bhaineann le toghachán Seanaid (ach amháin i gCuid VII. (a bhaineann le ballraíocht Sheanaid Éireann) den Acht san).

[EN]

Rialacháin.

18.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh fé roimhe sin.

[EN]

Athghairmeanna.

19.—Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal.

20.—Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928, do ghairm den Acht so.

[EN]

CEAD SCEIDEAL.


Toghachan do Stiura.


Páipéirí ballóide do thabhairt amach.

1. Ar an lá chun páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid, sa tslí a horduítear sna rialacha so a leanas, páipeur ballóide do thabhairt amach do gach toghthóir a bheidh ainmnithe ar an rolla de thoghthóirí don toghachán san.

Iarrthóirí do bheith i láthair.

2. Beidh gach iarrthóir i dtoghachán Seanaid i dteideal bheith i láthair agus páipéirí ballóide i gcóir an toghacháin sin á dtabhairt amach agus ar a iarraidh sin áir d'aon iarrthóir den tsórt san cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid in úil don iarrthóir sin an t-am agus an áit ina dtabharfar na páipéirí ballóide sin amach.

Cé bheidh i láthair agus páipéirí ballóide á dtabhairt amach.

3. Ní bheidh éinne i láthair agus páipéirí ballóide á dtabhairt amach ach ceann comhrimh an tSeanaid agus a chongantóirí, pé daoine de sna hiarrthóirí a thogróidh bheith i láthair, agus pé daoine eile (más ann dóibh) dá gceadóidh ceann comhrimh an tSeanaid bheith i láthair amhlaidh.

An modh chun páipéirí ballóide do thabhairt amach.

4. Tabharfidh ceann comhrimh an tSeanaid gach páipeur ballóide amach tré sna nithe seo a leanas do dhéanamh no a chur fé ndeár iad do dhéanamh ar an ord so a leanas, sé sin le rá:—

(a) glaofar amach uimhir, ainm, agus tuairisc an toghthóra dá mbeidh an páipeur ballóide le tabhairt amach fé mar a bheid curtha síos ar an rolla de thoghthóirí,

(b) marcálfar uimhir sin an toghthóra ar chó-dhuille an pháipéir bhallóide,

(c) cuirfar marc ar an rolla de thoghthóirí, os coinne uimhir an toghthóra, chun a thaisbeáint gur tugadh amach páipeur ballóide don toghthóir sin ach ní nochtfar cadé an páipeur ballóide é,

(d) marcálfar an páipeur ballóide ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil,

(e) marcálfar ar fhuirm dhearbhú céannachta agus ar chlúdach pháipéir bhallóide an uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide,

(f) cuirfar i gclúdach (dá ngairmtear an forchlúdach anso ina dhiaidh seo) a bheidh sa bhfuirm orduithe agus a bheidh fé sheola an toghthóra fé mar a bheidh an seola san curtha síos ar an rolla de thoghthóirí na scríbhinní seo a leanas, sé sin le rá:—

(i) an páipeur ballóide sin, agus

(ii) an fhuirm dhearbhú céannachta san, agus

(iii) clúdach (dá ngairmtear an clúdach clúdacháin anso ina dhiaidh seo) sa bhfuirm orduithe agus é fé sheola ceann comhrimh an tSeanaid, agus

(iv) clúdach is lú ná san (dá ngairmtear clúdach an pháipéir bhallóide anso ina dhiaidh seo) sa bhfuirm orduithe agus é marcálta, mar a horduítear anso roimhe seo, leis an uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide sin,

(g) dúnfar an forchlúdach go héifeachtúil,

(h) nuair a bheidh na forálacha san roimhe seo den riail seo cólíonta maidir le gach páipcur ballóide a bheidh le tabhairt amach, baileofar, comhreofar, agus postálfar na forchlúdaigh dhúnta san go léir.

Páipéirí ballóide dúbláide do thabhairt amach.

5. Ar fháil gach iarratais do le n-a n-iarrfar páipeur ballóide dúbláide do thabhairt amach cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid i gcúl-scríbhinn air an lá agus an uair a fuair sé é agus uimhir leanúnach, agus gach páipeur ballóide dúbláide a tabharfar amach do réir aon iarratais den tsórt san tabharfar amach é do réir forálacha na rialach san roimhe seo sa mhéid go mbainid leis an gcás ach amháin go marcálfar ar chó-dhuille an pháipéir bhallóide sin, in ionad na huimhreach a bheidh ar an rolla de thoghthóirí, an uimhir leanúnach do cuireadh i gcúl-scríbhinn ar an iarratas 'na dtabharfar amach an páipeur ballóide sin dá réir agus, nuair a bheidh an páipeur ballóide sin tabhartha amach, go ndeighléalfar leis an iarratas san fé mar is gá, do réir na rialacha so, deighleáil leis an gcóip mharcálta den rolla de thoghthóirí.

Páipéirí ballóide do phostáil.

6. Postálfidh ceann comhrimh an tSeanaid na forchlúdaigh dhúnta san tré n-a seachada don cheann-oifig phuist is goire dho, no do pé oifig eile ar a socrófar leis an gceann-mháistir puist, agus stampálfidh an máistir puist san oifig sin, leis an dát-stampa post-oifige, fuirm admhála a thíolacfidh ceann comhrimh an tSeanaid agus ina mbeidh an méid clúdach do seachadadh amhlaidh luaidhte, agus cuirfe sé na clúdaigh sin ar aghaidh láithreach tríd an bpost cláruithe chun a seachadtha do sna daoine go mbeidh a seolta ortha.

An rolla de thoghthóirí agus na có-dhuillí do chimeád.

7. Chó luath agus is féidir é tar éis tabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe agus i bhfianaise na n-iarrthóirí a bheidh i láthair déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid pacáidí ar leithligh den chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus séalófar na pacáidí sin le n-a shéala féin agus le séalaí pé daoine de sna hiarrthóirí a thogróidh a séalaí do chur ortha.

Bosca ballóide an tSeanaid.

8. Cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid bosca ballóide ar fáil, ar a mbeidh “Bosca ballóide an tSeanaid” marcálta, chun na clúdaigh chlúdacháin do chur isteach ann nuair a chuirfidh na vótálaithe thar n-ais iad, agus ar thabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe taisbeánfidh ceann comhrimh an tSeanaid an bosca ballóide sin, ar oscailt agus folamh, do sna hiarrthóirí (más ann dóibh) a bheidh i láthair, agus séalóidh sé an bosca ballóide sin le n-a shéala agus déanfa sé socrú chun an bosca ballóide sin do chimeád slán sábhálta.

Cad déanfar leis na clúdaigh chlúdacháin ar iad d'fháil.

9. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid láithreach gach clúdach clúdacháin a gheobha sé roimh dheire na vótaíochta do chur isteach, gan oscailt, i mbosca ballóide an tSeanaid agus déanfa sé gach clúdach clúdacháin a gheobha sé tar éis deire na vótaíochta do chur isteach, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala agus déanfa sé fós gach forchlúdach do cuireadh thar n-ais chuige mar rud nár seachadadh do chur isteach, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala.

Fógra i dtaobh comhreamh na vótanna.

10. Trí lá ar a laighead roimh dheire na vótaíochta cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid tríd an bpost chun gach iarrthóra, ag á sheola mar a bheidh sé curtha síos ar an ainmliost d'iarrthóirí, fogra i scríbhinn i dtaobh an ama agus na háite ina n-osclóidh sé bosca ballóide an tSeanaid agus ina gcomhreoidh sé na vótanna.

Bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt.

11. Chó luath is bheidh caoi aige air tar éis deire na vótaíochta osclóidh ceann comhrimh an tSeanaid bosca ballóide an tSeanaid agus comhreoidh sé na vótanna.

Cé bheidh i láthair agus na vótanna á gcomhreamh.

12. Ní bheidh éinne i láthair agus bosca ballóide an tSeanaid á oscailt no na vótanna á gcomhreamh ach ceann comhrimh an tSeanaid agus a chongantóirí, pé daoine de sna hiarrthóirí a thogróidh bheith i láthair, agus pé daoine eile (más ann dóibh) dá gceadóidh ceann comhrimh an tSeanaid bheith i láthair amhlaidh.

An nós-imeachta a leanfar ar oscailt bosca ballóide an tSeanaid.

13. Nuair a beifear tar éis bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) na clúdaigh chlúdacháin uile do thógaint amach as bosca ballóide an tSeanaid agus iad do chomhreamh agus a líon do nótáil,

(b) gach clúdach clúdacháin acu san d'oscailt agus aon chlúdaigh acu san ina mbeidh dearbhú céannachta do tugadh amach mar fhuirm dhearbhú chéannachta dhúbláide do dheighilt amach,

(c) gach ceann fé leith de sna clúdaigh chlúdacháin sin nár deighleadh amach amhlaidh do thógaint suas ar leithligh, an dearbhú céannachta ann do scrúdú agus an uimhir ar an dearbhú san do chur i gcó-mheas leis an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide sa chlúdach chlúdacháin sin,

(d) más mar a chéile na huimhreacha san agus go bhfuighfar an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe, cuirfe sé an dearbhú céannachta agus clúdach an pháipéir bhallóide i dhá gcimeádán ar leithligh,

(e) maran deimhin leis an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe cuirfe sé “diúltuíodh don vóta” i gcúl-scríbhinn ar an dearbhú céannachta agus ceanglóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide dhe gan an clúdach san d'oscailt no, mara mbeidh aon chlúdach den tsórt san ann, ceanglóidh sé an páipeur ballóide dhe,

(f) má fhaghann sé nách mar a chéile an uimhir ar an dearbhú céannachta agus an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide, no mara mbeidh aon uimhir ar an gclúdach, osclóidh sé an clúdach, agus más mar a chéile an uimhir ar an bpáipeur ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta cuirfe sé an páipeur ballóide sa chimeádán speisialta a chuir sé ar fáil i gcóir páipéirí ballóide,

(g) maran mar a chéile an uimhir ar an bpáipeur ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfe sé an páipeur ballóide thar n-ais ina chlúdach, más ann do, ceanglóidh sé an clúdach no an páipeur ballóide sin (pe'ca aca é) den dearbhú chéannachta, agus cuirfe sé “diúltuíodh don vóta” i gcúl-scríbhinn ar an dearbhú céannachta,

(h) má dheabhruíonn sé ná fuil dearbhú céannachta i dteanta chlúdach an pháipéir bhallóide, osclóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide, agus má fachtar an dearbhú céannachta do bheith ann deighleálfa sé leis an dearbhú agus leis an bpáipeur ballóide sin do réir na bhforálacha san roimhe seo den riail seo,

(i) marcálfa sé leis an bhfocal “diúltuithe” gach dearbhú ná beidh páipeur ballóide ina theanta, agus gach páipeur ballóide ná beidh dearbhú céannachta ina theanta,

(j) nuair a bheidh deighleálta fé sna forálacha san roimhe seo den riail seo leis na clúdaigh chlúdacháin sin uile nár deighleadh amach amhlaidh, tógfa sé suas ar leithligh gach ceann fé leith de sna clúdaigh chlúdacháin sin do deighleadh amach toisc dearbhú céannachta do bheith ann do tugadh amach mar fhuirm dhearbhú chéannachta dhúbláide, scrúdóidh sé an dearbhú céannachta a bheidh ann (dá ngairmtear an dearbhú dúbláide anso ina dhiaidh seo) agus déanfa sé amach ce'ca scrúduíodh dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna fén riail cheana no nár scrúduíodh,

(k) má scrúduíodh dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna fén riail seo cheana marcálfa sé “diúltuíodh don vóta” ar an dearbhú dúbláide agus ceanglóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide dhe, gan an clúdach san d'oscailt, no, mara mbeidh aon chlúdach den tsórt san ann, ceanglóidh sé an páipeur ballóide dhe,

(l) marar scrúduíodh dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna fén riail seo cheana deighleálfa sé leis an dearbhú dúbláide agus fós le clúdach an pháipéir bhallóide agus leis an bpáipeur ballóide a bheidh ina theanta do réir na bhforálacha san roimhe seo den riail seo lasmuich den dá mhír dheiridh roimhe seo dhi.

Páipéirí ballóide agus dearbhuithe ná beidh sna clúdaigh chearta.

14. Más in éineacht a gheobhfar páipeur ballóide agus dearbhú céannachta agus gur mar a chéile na huimhreacha ortha, ní diúltófar don pháipeur bhallóide mara mbeidh de chúis leis sin do dhéanamh ach go raibh an páipeur ballóide agus an dearbhú céannachta no aon cheann acu gan bheith sna clúdaigh chearta no sa chlúdach cheart no go raibh aon chlúdach den tsórt san gan bheith daingnithe.

Diúltú do dhearbhuithe céannachta.

15. Taisbeánfidh ceann comhrimh an tSeanaid do sna hiarrthóirí a bheidh i láthair aon dearbhú céannachta 'na mbeidh sé chun diúltú dho ar an scór nár críochnuíodh agus nár dineadh sa cheart é agus má chuireann aon iarrthóir acu san i gcoinnibh na breithe sin uaidh cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn na focail “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe”.

Dearbhuithe dá ndiúltófar do chimeád ar deighilt.

16. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid na dearbhuithe uile dá ndiúltófar, maraon leis na clúdaigh no leis na páipéirí ballóide, pe'ca aca é, a bheidh ceangailte dhíobh, do chimeád ar deighilt o scríbhinní eile.

Clúdaigh pháipéirí ballóide d'oscailt.

17. Nuair a beifear tar éis na clúdaigh chlúdacháin uile i mbosca ballóide an tSeanaid d'oscailt agus a bheidh deighleálta fé sna rialacha san roimhe seo le n-a mbeidh ionta, osclóidh ceann comhrimh an tSeanaid gach clúdach páipéir bhallóide ná beidh oscailte agus cuirfe sé an uimhir ar an gclúdach i gcó-mheas leis an uimhir ar an bpáipeur ballóide agus más mar a cheile na huimhreacha cuirfe sé an páipeur ballóide isteach sa chimeádán speisialta do chuir sé ar fáil i gcóir páipéirí ballóide ach maran mar a chéile na huimhreacha marcálfa sé “diúltuithe” ar an bpáipeur ballóide agus ceanglóidh sé den chlúdach é.

Dearbhuithe páipéirí ballóide, etc., do chimeád.

18. Chó luath agus bheidh ceann comhrimh an tSeanaid tar éis na bpápéirí ballóide do chur isteach sa chimeádán speisialta san cuirfe sé isteach i bpacáidí ar leithligh fé shéala (1) na dearbhuithe céannachta do bhí i dteanta aon pháipéirí ballóide le n-ar glacadh go cuibhe; (2) aon dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh; agus (3) aon pháipéirí ballóide dar diúltuíodh; agus, sa dá chás deiridh sin, raghaidh leo na clúdaigh (más ann dóibh) a bheidh ceangailte dhíobh.

Comhreamh na vótanna.

19. Nuair a bheidh na rialacha san roimhe seo cólíonta ag ceann comhrimh an tSeanaid meascfa sé go maith ar a chéile na páipéirí ballóide a bheidh sa chimeádán speisialta san agus ansan tógfa sé na páipéirí ballóide sin amach as an gcimeádán speisialta san, comhreoidh sé iad agus déanfa sé a líon do nótáil agus ansan comhreoidh sé, do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na vótanna do breacadh ar na páipéirí ballóide sin.

Diúltú do pháipéirí ballóide a bheidh gan brí.

20. Cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid “diúltuithe” i gcúlscríbhinn ar aon pháipeur ballóide dá ndiúltóidh sé mar pháipeur gan brí agus má chuireann aon iarrthóir i gcoinnibh na breithe sin uaidh le n-ar dhiúltuigh sé don pháipeur bhallóide cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn sin “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe”.

Leanúnacht imeachta fén Sceideal so.

21. Sa mhéid gur féidir é déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid na himeachta fén Sceideal so tar éis oscailt bhosca bhallóide an tSeanaid agus fós comhreamh na vótanna do chimeád ar siúl gan sos ach féadfa sé aon uair na himeachta no an comhreamh san do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is ceart, dar leis, chun bia do thógaint no i gcóir na hoíche no ar aon reásún eile is leor, dar leis, agus pé uair a chuirfe sé na himeachta san no an comhreamh san ar fiunraoi amhlaidh déanfa sé gach ní is ceart chun na páipéirí ballóide, na clúdaigh, na vótanna, agus na scríbhinní eile a bhaineann leis an toghachán do chur ar láimh shábhála.

Dearbhú sicréideachta.

22. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid agus gach éinne dá chongantóirí a thógfidh páirt in aon cheann de sna himeachta fén Sceideal so no i gcomhreamh na vótanna agus gach iarrthóir a bheidh i láthair le linn aon imeachta dhíobh san no le linn an chomhrimh sin geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú, sara dtógfid páirt amhlaidh no sara mbeid i láthair amhlaidh, go gcimeádfid rún ar an vótáil.

Deimhniú ar thora na vótaíochta.

23. Chó luath agus bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid ar dubláid, sa bhfuirm orduithe, deimhniú ina luadhfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, an t-ord ar ar toghadh iad, líon iomlán na vótanna do tugadh do gach iarrthóir fé leith (pe'ca toghadh é no nár toghadh), gach aistriú vótanna do dineadh fén Acht so agus an líon iomlán de vótanna do bhí i leith gach iarrthóra fé leith i ndeire an chomhrimh in ar dineadh gach aistriú fé leith den tsórt san, agus pé nithe eile a hordófar, agus sighneoidh ceann comhrimh an tSeanaid an deimhniú dúbláide sin ansan agus cuirfe sé ceann de sna dúbláidí sin go dtí Cléireach na Dála agus an ceann eile go dtí Cléireach an tSeanaid.

Tora an toghacháin d'fhoillsiú.

24. Ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid, leis, agus foillseoidh sé san Iris Oifigiúil, cuntas sa bhfuirm orduithe ar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh agus ar an ord ar ar toghadh iad.

Páipéirí ballóide do chimeád.

25. Ar chríochnú chomhreamh na vótanna dho cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid isteach i bpacáidí ar leithligh fé shéala na páipéirí ballóide comhrithe agus na páipéirí ballóide dar diúltuíodh mar pháipéirí gan brí.

Ceann comhrimh an tSeanaid do choinneáil scríbhinní.

26. Coinneoidh ceann comhrimh an tSeanaid go ceann sé mí o dheire na vótaíochta na pacáidí uile agus fé seach a bheidh fé shéala agus ina mbeidh an chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí, có-dhuillí na bpáipéirí ballóide, na clúdaigh chlúdacháin do fuarthas tar éis deire na vótaíochta, na forchlúdaigh do cuireadh thar n-ais mar nithe nár seachadadh, na dearbhuithe céannachta le n-ar glacadh, na dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide comhrithe, agus na páipéirí ballóide gan brí, agus i gcionn na tréimhse sin de shé mhí dítheoidh sé na pacáidí séaluithe sin go léir mara mbeidh a mhalairt orduithe ag binse toghacháin.

Pacáidí séaluithe d'iniúcha.

27. Ní leigfar d'éinne iniúcha do dhéanamh ar aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin a choinneoidh ceann comhrimh an tSeanaid ná ar éinní dá mbeidh ionta ach amháin fé ordú bhinse thoghacháin agus dá réir sin.

Údarás chun pacáidí séaluithe d'iniúcha.

28. Féadfidh binse toghacháin a údarú d'éinne iniúcha do dhéanamh ar a mbeidh in aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin ar ar gá do réir chirt san a dhéanamh ach ar dhéanamh aon iniúchta den tsórt san tabharfar aire ná déanfar an tslí in ar vótáil aon toghthóir áirithe d'fháil amach go dtí go mbeidh cruthuithe chun sástachta binse thoghacháin gur vótáil an toghthóir sin agus go mbeidh dearbhuithe ag an mbinse sin a vóta do bheith gan brí.

Orduithe binse thoghacháin do chólíona.

29. Cólíonfidh ceann comhrimh an tSeanaid gach ordú a dhéanfidh binse toghacháin i dtaobh iniúcha agus taisbeáint na bpacáidí séaluithe sin agus i dtaobh cad déanfar leo.

Tabhairt-iláthair ag ceann comhrimh an tSeanaid do bheith ina fianaise dhochlaoite.

30. Má orduíonn binse toghacháin do cheann chomhrimh an tSeanaid aon scríbhinn no pacáid scríbhinní ina sheilbh a bhaineann le toghachán áirithe do thabhairt i láthair agus má dhineann ceann comhrimh an tSeanaid an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin do thabhairt i láthair do réir an orduithe sin beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianaise dho-chlaoite go mbaineann an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin leis an toghachán áirithe sin, agus an chúl-scríbhinn a bheidh curtha ag ceann comhrimh an tSeanaid do réir an Sceidil seo ar aon scríbhinn no pacáid scríbhinní den tsórt san beidh sí ina fianaise dho-chlaoite air gurb é ní an scríbhinn no an phacáid sin ná an ní adeirtar sa chúlscríbhinn sin isea í.

Fianaise ar vótáil.

31. Má dhineann ceann comhrimh an tSeanaid páipeur ballóide do thabhairt i láthair a thabharfidh le tuisgint gur húsáideadh é in aon toghachán agus có-dhuille ar a mbeidh marcálta an uimhir chlóbhuailte chéanna agus ar a mbeidh uimhir marcálta i scríbhinn, beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianaise prima facie gurb éinne amháin an té do vótáil leis an bpáipeur ballóide sin agus an té gur mar a chéile a uimhir ar an rolla de thoghthóirí a bhaineann leis an toghachán san agus an uimhir a bheidh marcálta ar an gcó-dhuille sin amhlaidh.

Ceann comhrimh an tSeanaid do chur cúlscríbhinne ar phacáidí.

32. Pé uair is gá do cheann chomhrimh an tSeanaid, do réir an Sceidil seo, aon scríbhinní do chur i bpacáid ar leithligh fé shéala cuirfe sé i gcúl-scríbhinn ar an bpacáid sin ráiteas ar líon agus ar chineál na scríbhinní sin agus ar an toghachán le n-a mbainid.

33. Sa Sceideal so cialluíonn an focal “binse toghacháin” cúirt ag á mbeidh údarás go dleathach deighleáil le hachuingheacha ag gearán mar gheall ar thuairisciú nea-chuibhe no ar thogha nea-chuibhe i dtoghachán Seanaid.

DARA SCEIDEAL.


Comhreamh na Votanna.


Diúltú do pháipéirí ballóide gan brí.

1. Diúltóidh ceann comhrimh an tSeanaid d'aon pháipéirí ballóide a bheidh gan brí.

Ordú na roghna.

2. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach ansan cé méid príomh-roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide do gach iarrthóir fé leith, agus ansan socróidh sé na hiarrthóirí ar liost (dá ngairmtear “ordú na roghna” anso ina dhiaidh seo) ar ord an méid príomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith, ag tosnú leis an iarrthóir is mó gur breacadh príomh-roghna dho. Más có-ionann an méid príomh-roghna do breacadh d'aon bheirt iarrthóirí no níos mó (dá ngairmtear “iarrthóirí có-ionanna” anso ina dhiaidh seo), déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach cé méid dara roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide uile do gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionanna, agus socróidh sé na hiarrthóirí có-ionanna, eatorra féin, ar ordú na roghna do réir ord na dara roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith acu san, ag tosnú leis an iarrthóir is mó gur breacadh dara roghna dho. Más có-ionann an méid príomh-roghna agus an méid dara roghna do breacadh d'aon bheirt iarrthóirí có-ionanna no níos mó, déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach, sa tslí chéanna, cé méid treas roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide uile do gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionanna deiridh sin a luaidhtear, agus socróidh sé na hiarrthóirí sin ar ordú na roghna dá réir sin, agus mar sin de go dtí go mbeidh na hiarrthóirí uile socruithe in ordú ar ordú na roghna. Más cóionann an méid príomh-roghna, dara roghna, treas roghna agus roghna eile go léir do breacadh d'aon bheirt iarrthóirí co-ionanna no níos mó cinnfidh ceann comhrimh an tSeanaid le crannchur an t-ord ina socrófar na hiarrthóirí sin ar ordú na roghna.

Páipéirí ballóide do shocrú i mbeartanna.

3. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid ansan na páipéirí ballóide le n-a mbeidh brí do shocrú i mbeartanna, do réir na bpríomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith.

Eifeacht gach páipéir bhallóide fé leith.

4. Chun gurb usa oibriú do réir mar a horduítear leis na Rialacha so, tuigfar éifeacht mhíle do bheith ag gach páipeur ballóide fé leith le n-a mbeidh brí.

Eifeacht príomh-roghna do chur i leith iarrthóra.

5. Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid ansan an méid páipéirí ballóide a bheidh i ngach beart fé leith do chomhreamh agus do réir na Rialach san roimhe seo cuirfe sé i leith gach iarrthóra fé leith éifeacht na bpáipéirí ballóide le n-a mbeidh brí agus ar ar breacadh príomh-rogha don iarrthóir sin.

An quota do dhéanamh amach.

6. Cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid le chéile ansan na héifeachtaí a bheidh sna beartanna uile agus roinnfe sé an éifeacht lán-iomlán ar uimhir 'na mbeidh aon aici de bhreis ar an méid folúntaisí a bheidh le líona. A thora san agus aon do chur leis, gan aon iarmhar briste do bhac, an éifeacht is leor chun a chur in áirithe go dtoghfar iarrthóir. An “quota” a gairmtear den éifeacht so sa Sceideal so.

Tuigtar iarrthóirí ag á mbeidh an quota do bheith toghtha.

7. Más rud é, ar bheith críochnuithe d'aon chomhreamh no d'aistriú aon bhirt no fo-bhirt le hiarrthóir do cuireadh as, go mbeidh an éifeacht do cuireadh i leith iarrthóra chó mór leis an quota no níos mó ná é, tuigfar an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

Aistriú fuighligh.

8. Más rud é, ar bheith críochnuithe d'aon chomhreamh, gur mó ná an quota an éifeacht a bheidh curtha i leith iarrthóra (dá ngairmtear an t-iarrthóir toghtha sa Riail seo), aistreofar an fuighleach chun an iarrthóra leanúnaigh no chun na n-iarrthóirí leanúnacha a taisbeántar ar na páipéirí vótála i mbeart no i bhfobheart an iarrthóra thoghtha do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus bainfidh na forálacha so a leanas leis an aistriú san do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) más o bhun-vótanna amháin don éifeacht do cuireadh i leith an iarrthóra thoghtha, scrúdóidh ceann comhrimh an tSeanaid na páipéirí ballóide uile i mbeart an iarrthóra thoghtha agus déanfa sé na páipéirí ionaistrithe ann do shocrú i bhfo-bhirt do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus déanfa sé fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe;

(b) más o bhun-vótanna i bpáirt agus o vótanna aistrithe i bpáirt, no más o vótanna aistrithe amháin, don éifeacht do cuireadh i leith an iarrthóra thoghtha, scrúdóidh ceann comhrimh an tSeanaid na páipéirí ballóide a bheidh sa bhfo-bheart is déanaí do fuair an t-iarrthóir toghtha agus déanfa sé na páipéirí ionaistrithe ann do shocrú i dtuille fo-bheart do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus déanfa sé fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe;

(c) in aon chás acu san dá dtagartar sna míreanna san (a) agus (b) roimhe seo déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach cad is líon agus cad is éifeacht iomlán do sna páipéirí ballóide i ngach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe agus sa bhfo-bheart de pháipéirí neamhionaistrithe;

(d) más ionann agus an fuighleach san no más lú ná é éifeacht iomlán na bpáipéirí sna fo-bhirt uile de pháipéirí ionaistrithe aistreoidh ceann comhrimh an tSeanaid gach fo-bheart fé leith de pháipéirí ionaistrithe go dtí an t-iarrthóir leanúnach a bheidh taisbeánta air mar chéad rogha infheadhma eile ag an vótálaí, agus an éifeacht chéanna ag gach páipeur fé leith le linn a aistrithe do bhí aige nuair a fuair an t-iarrthóir toghtha é, agus (más lú an éifeacht iomlán san ná an fuighleach san) cuirfar na páipéirí neamhionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí gan brí leo sa chomhreamh san ach beidh éifeacht acu is ionann agus an deifríocht idir an fuighleach san agus an éifeacht iomlán san;

(e) más mó ná an fuighleach san éifeacht iomlán na bpáipéirí sna fo-bheartanna uile de pháipéirí ionaistrithe aistreoidh ceann comhrimh an tSeanaid gach páipeur fé leith sa bhfo-bheart san de pháipéirí ionaistrithe go dtí an t-iarrthóir leanúnach a bheidh taisbeánta air mar chéad rogha infheadhma eile ag an vótálaí, agus an éifeacht a bheidh ag gach páipeur le linn a aistrithe déanfar amach í tríd an bhfuighleach do roinnt ar líon iomlán na bpáipéirí ionaistrithe, gan iarmhair bhriste do bhac ach amháin go gcuirfar síos ar leathán an tora an méid éifeachta do cailleadh dá dheascaibh;

(f) aon fhuighleach a thárlóidh ar chríochnú aon chomhrimh deighleálfar leis sara ndeighleálfar le fuighleach a thárlóidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin;

(g) nuair a thárlóidh dhá fhuighleach no níos mó sa chomhreamh chéanna is leis an gceann is mó is túisce a deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile in ordú a méide;

(h) más có-ionann an fuighleach a thárlóidh do bheirt iarrthóirí no níos mó sa chomhreamh chéanna deighleálfar ar dtúis le fuighleach an iarrthóra gur cuireadh an éifeacht ba mhó ina leith sa chomhreamh ba thúisce nár chó-ionann na héifeachtaí do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin agus i gcás in ar có-ionann i ngach comhreamh na héifeachtaí do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin deighleálfidh ceann comhrimh an tSeanaid ar dtúis le fuighleach an iarrthóra is aoirde in ordú na roghna.

Iarrthóirí do chur as.

9. Más rud é, i ndeire aon chomhrimh, ná beidh fuighleach ag aon iarrthóir agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líona fós déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid an t-iarrthóir (dá ngairmtear sa Riail seo an t-iarrthóir do cuireadh as) is lú éifeacht ina leith an uair sin do chur as agus a pháipéirí d'aistriú go dtí na hiarrthóirí leanúnacha fé seach a bheidh taisbeánta ar na páipéirí ballóide i mbeart no i bhfo-bheartanna an iarrthóra do cuireadh as mar chéad rogha infheadhma eile ag an vótálaí, agus cuirfe sé i leith na n-iarrthóirí leanúnacha san éifeacht na bpáipéirí a haistreofar amhlaidh, agus bainfidh na rialacha so a leanas leis an aistriú san do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aistreofar ar dtúis an beart ina mbeidh bun-vótanna agus míle mar éifeacht aistrithe ag gach páipeur fé leith;

(b) aistreofar ansan na fó-bheartanna ina mbeidh vótanna aistrithe san ordú agus ar an éifeacht go bhfuair an t-iarrthóir do cuireadh as iad;

(c) chun a shocrú ce'ca iarrthóir leanúnach iarrthóir no nách ea áireofar aistriú gach birt no fo-bhirt fé leith mar chomhreamh ar leithligh;

(d) le linn gach beart no fó-bheart fé leith d'aistriú déanfar fó-bheart ar leithligh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe agus cuirfar iad san i leataoibh ar an éifeacht ar a bhfuair an t-iarrthóir do cuireadh as iad;

(e) más rud é, nuair is gá iarrthóir do chur as fén Riail seo, go mbeidh an éifeacht chéanna i leith beirt iarrthóirí no níos mó an uair sin agus gurb iad is ísle féachfar don éifeacht iomlán de bhun-vótanna do cuireadh i leith gach iarrthóra fé leith acu san agus cuirfar as an t-iarrthóir is lú éifeacht iomlán den tsórt san, agus más có-ionann na héifeachtaí iomlána san féachfar don éifeacht iomlán de vótanna do cuireadh i leith gach iarrthóra acu san sa chomhreamh ba thúisce nár chó-ionann a n-éifeachtaí agus cuirfar as an t-iarrthóir ba lú éifeacht iomlán den tsórt san sa chomhreamh san, agus má sé an éifeacht iomlán chéanna de vótanna do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cuirfar as an t-iarrthóir sin acu san is ísle in ordú na roghna.

Cad déanfar le páipéirí tar éis a n-aistrithe.

10. Ar dhéanamh gach aistrithe fé leith a déanfar fé sna Rialacha so, déanfar gach fo-bheart fé leith de pháipéirí a haistreofar do chur ar bharr an bhirt no an fho-bhirt (más ann do) de pháipéirí an iarrthóra chun a ndéanfar an t-aistriú agus cuirfar i leith an iarrthóra san an éifeacht a déanfar amach do réir na Rialacha so a bheith ag na páipéirí a haistreofar chuige amhlaidh.

Na folúntaisí deiridh do líona.

11. (1) Más rud é i ndeire aon chomhrimh gur có-ionann líon na n-iarrthóirí toghtha agus líon na bhfolúntaisí a bheidh le líona ní déanfar aon aistriú eile.

(2) Nuair a thárlóidh i ndeire aon chomhrimh gur có-ionann líon na n-iarrthóirí leanúnacha agus líon na bhfolúntaisí a bheidh gan líona fós, tuigfar ansan na hiarrthóirí leanúnacha do bheith toghtha.

(3) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líona agus gur mó an éifeacht a bheidh i leith aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin ná iomlán na n-éifeacht a bheidh i leith na n-iarrthóirí leanúnacha eile maraon le haon fhuighleach nár haistríodh, tuigfar ansan an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

(4) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líona fén Riail seo, ní déanfar aon aistriú eile.

Leathán an tora.

12. I ndeire gach comhrimh breacfidh ceann comhrimh an tSeanaid, ar leathán tora sa bhfuirm orduithe, iomlán na n-éifeacht a bheidh i leith gach iarrthóra fé leith i ndeire an chomhrimh sin agus fós éifeacht na bpáipéirí neamh-ionaistrithe do bhí gan feidhm sa chomhreamh san agus an éifeacht do cailleadh sa chomhreamh san toisc nár bacadh le codáin.

Ord an toghtha.

13. (1) Tuigfar na hiarrthóirí do bheith toghtha san ord in ar haistríodh a bhfuighligh.

(2) Iarrthóir go mbeidh ina leith i ndeire comhrimh éifeacht a bheidh díreach có-ionann leis an quota tuigfar gurb é is lú fuighleach sa chomhreamh san chun crícheanna na Rialach so.

(3) I gcás ina dtuigfar beirt iarrthóirí no níos mó do bheith toghtha, toisc gur có-ionann líon na n-iarrthóirí leanúnacha agus líon na bhfolúntaisí a bheidh gan líona, déanfar amach mar leanas cadé an t-ord in ar toghadh na hiarrthóirí sin, sé sin le rá:—

(a) féachfar ar dtúis do sna héifeachtaí do bhí i leith na n-iarrthóirí sin fé seach nuair a tuigeadh amhlaidh iad do bheith toghtha, agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir ba mhó éifeacht ina leith an uair sin an duine de sna hiarrthóirí sin is túisce do toghadh, agus mar sin de;

(b) má ba chó-ionann na héifeachtaí do bhí i leith beirt iarrthóirí den tsórt san no níos mó nuair a tuigeadh amhlaidh iad do bheith toghtha, féachfar don éifeacht iomlán de bhun-vótanna do bhí i leith gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionánna san agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir ba mhó éifeacht iomlán den tsórt san an duine de sna hiarrthóirí có-ionanna san is túisce do toghadh, agus mar sin de;

(c) má sí an éifeacht iomlán chéanna de bhun-vótanna do bhí i leith beirt iarrthóirí có-ionanna den tsórt san no níos mó amhlaidh féachfar don éifeacht iomlán de vótanna do bhí i leith na n-iarrthóirí deiridh sin a luaidhtear sa chomhreamh is túisce nár chó-ionann na héifeachtaí iomlána de vótanna ina leith, agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir ba mhó éifeacht iomlán den tsórt san ina leith sa chomhreamh san an duine de sna hiarrthóirí deiridh sin a luaidhtear is túisce do toghadh, agus mar sin de;

(d) má sí an éifeacht chéanna de vótanna do bhí i leith beirt iarrthóirí no níos mó den tsórt deiridh sin a luaidhtear i ngach comhreamh féachfar d'ordú na roghna agus tuigfar gurb é an t-iarrthóir is aoirde in ordú na roghna an duine de sna hiarrthóirí có-ionanna deiridh sin a luaidhtear is túisce do toghadh, agus mar sin de.

Chun sicréideacht do chosaint.

14. Faid a bheidh na vótanna á gcomhreamh déanfar, sa mhéid gur féidir é, na páipéirí ballóide do chimeád aghaidh anáirde agus déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid gach ní is ceart chun ná feicfear na huimhreacha ar chúil na bpáipéirí ballóide.

Mínithe.

15. Sna Rialacha so—

(1) cialluíonn an focal “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfar bheith toghtha agus ná beidh curtha as;

(2) cialluíonn an focal “príomh-rogha” an figiúir “1” ina aonar, cialluíonn an focal “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i ndiaidh an fhigiúra “1” agus cialluíonn an focal “treas rogha” an figiúir “3” ina aonar i ndiaidh na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainm aon iarrthóra, agus mar sin de;

(3) cialluíonn an focal “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin do breacadh ar ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile, do réir úird, ar an bpáipeur ballóide d'iarrthóirí a tuigfar cheana a bheith toghtha no curtha as;

(4) cialluíonn an focal “páipeur ionaistrithe” páipeur ballóide ar a bhfuil tar éis príomh-rogha dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha ar ord uimhreach d'iarrthóir leanúnach;

(5) cialluíonn an focal “páipeur neamh-ionaistrithe” páipeur ballóide—

(a) ná fuil aon dara rogha ná rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach, no

(b) ar a bhfuil an uimhir chéanna marcálta os coinne ainmneacha beirt iarrthóirí no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad na nách ea) gurb iad is túisce arís in ordú rogha, no

(c) ar a bhfuil marcálta, os coinne ainm an chéad iarrthóra eile in ordú rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nách ea), uimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipeur vótála, no dhá uimhir no níos mó, no

(d) atá gan brí toisc dabhta;

(6) cialluíonn an focal “bun-vóta” maidir le haon iarrthóir vóta o pháipeur bhallóide ar a bhfuil príomh-rogha breactha don iarrthóir sin;

(7) cialluíonn an focal “vóta aistrithe” maidir le haon iarrthóir vóta o pháipeur bhallóide ar a bhfuil dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin;

(8) cialluíonn an focal “fuighleach” an bhreis ar an quota atá ag éifeacht iomlán na vótanna, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, atá i leith aon iarrthóra;

(9) cialluíonn an focal “comhreamh” (fé mar is gá do réir an chó-théacs)—

(a) gach ní is gá do dhéanamh i gcomhreamh na bpríomhroghna do breacadh d'iarrthóirí; no

(b) gach ní is gá do dhéanamh chun fuighleach iarrthóra toghtha d'aistriú; no

(c) gach ní is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra a cuireadh as d'aistriú;

(10) cialluíonn an focal “tuigfar bheith toghtha” tuigfar bheith toghtha chun críche an chomhrimh, ach gan dochar do thora an toghacháin d'fhógairt;

(11) cialluíonn an focal “cinne le crann-chur” cinne do réir na dtreoracha so a leanas, sé sin le rá:—

scríobhfar ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbaineann sé ar bhlúirí páipéir có-mhar a chéile, fillfear na blúirí chun ná haithneofar iad thar a chéile, meascfar iad agus tarraiceofar iad gan ordú gan eagar, agus ansan déanfar na hiarrthóirí le n-a mbaineann sé do shocrú ar ordú na roghna san ord 'na dtarraiceofar na blúirí ar a bhfuil a n-ainmneacha ag tosnú leis an iarrthóir go bhfuil a ainm ar an mblúire is túisce a tarraiceofar.


TRIU SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Uimhir agus bliain.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

Uimh. 12 de 1923.

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923.

Alt 2, alt 3, fo-alt (2), Cuid IV., an Séú Sceideal, agus (ach amháin i gCuid VII.) gach tagairt do thogha cháin tSeanaid agus do thoghthóirí Seanaid.

Uimh. 38 de 1923.

An tAcht chun Droch-bhearta Toghacháin do chosc, 1923.

Alt 12, fo-alt (3), mír (b), ailt 24, 48, agus 51, Cuid VI., agus na focail “no mar Sheanad-toghthóir” in alt 43, fo-alt (1) agus na focail “mar Sheanad-toghthóir” in alt 47, fo-alt (1).

Uimh. 34 de 1925.

An tAcht Toghacháin (Toghacháin an tSeanaid), 1925.

An tAcht iomlán.