[EN]

Uimhir 29 de 1958.


[EN]

AN tACHT AERFOIRT NEAMHCHUSTAM (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA AERFOIRT NEAMHCHUSTAM, 1947.

[25 Samhain, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1947, Uimh. 5.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 2 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Aerfoirt Neamhchustam, 1947.

[EN]

Ceadúnas a dheonadh chun trádáil, gnó nó monaraíocht a sheoladh laistigh den aerfort.

2.—(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ceadúnas a dheonadh, nó diúltú ceadúnas a dheonadh, do dhuine ar bith á údarú aon trádáil, gnó nó monaraíocht a bhfuil feidhm ina leith ag an srian a fhorchuirtear le halt 7 den Acht seo a sheoladh laistigh den aerfort.

[EN]

(2) Ag feidhmiú a rogha dó, tabharfaidh an tAire aird, go sonrach, ar—

[EN]

(a) a mhéid a sheoltar sa Stát lasmuigh den aerfort an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht ar ina leith a iarrtar an ceadúnas, agus

[EN]

(b) ar a mhéid a úsáidfear aeriompar ag seoladh nó i ndáil le seoladh na trádála, an ghnó nó na monaraíochta.

[EN]

Ceadúnas a iarraidh.

3.—(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas a iarraidh ar an Aire.

[EN]

(2) Maidir le gach iarratas—

[EN]

(a) is i scríbhinn a dhéanfar é,

[EN]

(b) cuirfear é go dtí an Rúnaí, an Roinn Tionscail agus Tráchtála, Baile Atha Cliath,

[EN]

(c) sonrófar ann an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht a dteastoídh ón iarratasóir go mbainfeadh an ceadúnas leis,

[EN]

(d) beidh ina theannta cibé eolas a iarrfaidh an tAire.

[EN]

Coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas.

4.—(1) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas, lena n-áirítear coinníollacha maidir le ceachtar ní nó leis an dá ní acu seo a leanas—

[EN]

(a) an dáta, arna shocrú ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceadúnaí, ar air nó roimhe a thosóidh an ceadúnaí ar an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht, a údaraítear leis an gceadúnas, a sheoladh laistigh den aerfort,

[EN]

(b) má thosaíonn an ceadúnaí tráth ar bith, tar éis an ceadúnas a bheith deonta, ar aon trádáil, gnó nó monaraíocht nach mbeidh údaraithe leis an gceadúnas a sheoladh laistigh den aerfort, scor den chéanna ar an Aire á iarraidh sin.

[EN]

(2) Mura ndéana ceadúnaí de réir coinníll a bheidh ag gabháil lena cheadúnas, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

[EN]

Ceadúnas a chúlghairm nó a athrú.

5.—(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a chúlghairm más rud é—

[EN]

(a) gur deimhin leis gur sáraíodh coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas, nó

[EN]

(b) go gciontófar an ceadúnaí i gcion i gcoinne na nAchtanna Custam maidir le hearraí a tugadh isteach san aerfort le haghaidh na trádála, an ghnó nó na monaraíochta a údaraítear leis an gceadúnas.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an cheadúnaí, na coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas a athrú tráth ar bith.

[EN]

(3) Sula gcúlghairme sé ceadúnas, tabharfaidh an tAire fógra seacht lá ar a laghad don cheadúnaí go bhfuil sin ar intinn aige agus breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfidh an ceadúnaí faoina bhráid i rith na tréimhse sin.

[EN]

Clár ceadúnas.

6.—(1) Déanfaidh an tAire clár de cheadúnais (dá ngairtear an clár san alt seo) a dheonfar faoi alt 2 den Acht seo a bhunú agus a chothabháil.

[EN]

(2) Taidfeadfar sa chlár i leith gach ceadúnais—

[EN]

(a) ainm an duine dar deonadh an ceadúnas, agus

[EN]

(b) an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht lena mbaineann an ceadúnas.

[EN]

(3) Coimeádfar an clár sa Roinn Tionscail agus Tráchtála, Baile Atha Cliath, agus beidh sé ar oscailt lena iniúchadh, ar scilling de tháille a íoc i leith gach iniúchta, i gcaitheamh cibé tréimhsí a ordóidh an tAire.

[EN]

(4) Má dhéanann sealbhóir ceadúnais an ceadúnas a aistriú, déanfaidh an duine ar chuige a aistríodh é an t-aistriú a chur in iúl don Aire agus taifeadfar ainm an duine sin sa chlár.

[EN]

Srian le trádáil, gnó nó monaraíocht a sheoladh laistigh den aerfort.

7.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith trádáil, gnó ná monaraíocht a sheoladh laistigh den aerfort muran sealbhóir é ar cheadúnas á údarú an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht sin, de réir mar bheidh, a sheoladh laistigh den aerfort.

[EN]

(2) An srianú a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo ar sheoladh aon trádála, gnó nó monaraíochta laistigh den aerfort ní bheidh feidhm aige maidir le—

[EN]

(a) trádáil, gnó nó monaraíocht a bheidh á sheoladh laistigh den aerfort i dtosach feidhme an Achta seo, ná

[EN]

(b) le seirbhís aeriompair nó aon ghníomhacht oibritheora aeriompair a ghabhann de riachtanas nó de ghnáth le hoibriú seirbhíse aeriompair,

[EN]

nach é a bheidh ann aon earraí de shórt ar ar inmhuirir dleacht chustam nó mháil a sholáthar le díol, nó le húsáid, ar aerárthaí.

[EN]

(3) Duine ar bith a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.

[EN]

Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisi a Rialú, 1932 agus 1934, ná ag an Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958.

1958, Uimh. 16.

8.—Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí a Rialú, 1932 agus 1934, ná ag an Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958, maidir le trádáil, gnó nó monaraíocht a bheidh á sheoladh laistigh den aerfort de bhun ceadúnais.

[EN]

Earraí a thabhairt isteach san aerfort le díol ar mionreic saor ó dhleacht.

9.—(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh sé le toiliú an Aire Airgeadais, a cheadú go dtabharfar earraí—

[EN]

(a) díreach isteach san aerfort ó áit nó áiteanna lasmuigh den Stát, nó

[EN]

(b) isteach san aerfort ó chuid eile den Stát gan aon dleacht chustam ná mháil is inmhuirir orthu a íoc,

[EN]

chun iad a dhíol ar mionreic laistigh den aerfort lena loingsiú mar stóras aerárthach nó le daoine ag fágáil an Stáit nó lasmuigh de.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 6, arna leasú leis an Acht seo, den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) maidir le hearraí a thabhairt isteach san aerfort de réir ceada faoin alt seo, ná

[EN]

(b) maidir le hearraí a tugadh isteach amhlaidh a dhíol ar mionreic laistigh den aerfort lena loingsiú mar stóras aerárthach nó le daoine ag fágáil an Stáit nó lasmuigh de.

[EN]

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

10.—Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2):

[EN]

“(2A) Ní dhéanfar—

[EN]

(a) earraí a thabharfar isteach go díreach san aerfort ó áit nó áiteanna lasmuigh den Stát, ná

[EN]

(b) earraí a thabharfar isteach san aerfort ó chuid eile den Stát agus ar ar inmhuirir dleacht chustam nó mháil agus nár íocadh an dleacht ina leith,

[EN]

a úsáid chun úsáide nó chaithimh phearsanta laistigh den aerfort ná chun a ndíolta ar mionreic ann.

[EN]

(2B) Duine ar bith a ghlacfaidh earraí nó a dhiúscróidh earraí nó a mbeidh earraí ina sheilbh aige, nó a chabhróidh le haon duine a mbeidh baint aige le hearraí a ghlacadh nó a dhiúscairt, agus a fhios aige gur earraí iad a ndearnadh sárú, nó a mbeartaítear sárú a dhéanamh, ar aon cheann de na fo-ailt roimhe seo den alt seo ina leith, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne na nAchtanna Custam agus forghéillfidh sé, in aghaidh gach ciona den sórt sin, trí oiread luacha na n-earraí, agus an dleacht is iníoctha orthu a áireamh, nó céad punt, de réir mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar é a choinneáil nó an dlí a shaothrú air trí thoghairm.”, agus

[EN]

(b) trí “contrártha don alt seo” a scríos as fo-alt (3) agus “contrártha d'fho-alt (1) nó d'fho-alt (2) den alt seo nó a sháróidh fo-alt (2A) den alt seo nó a mbeidh baint aige, nó a chabhróidh le duine ar bith a mbeidh baint aige, lena shárú” a chur ina ionad.

[EN]

Alt 13 den Phríomh-Acht a leasú.

11.—(1) An chumhacht chun rialacháin a dhéanamh a thugtar don Aire le halt 13 den Phríomh-Acht ní bheidh feidhm aici i gcás rialacháin a dhéanamh á cheadú trádála, gnóthaí nó monaraíochtaí a sheoladh laistigh den aerfort.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) den alt sin 13.

[EN]

Táillí a bhailiú agus a dhiúscairt.

1879, c. 58.

12.—(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste iad, nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad, de réir mar ordóidh an tAire sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

[EN]

Inchúiseamh i leith cionta.

13.—Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14.—(1) Féadfar an tAcht Aerfoirt Neamhchustam (Leasú), 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Aerfoirt Neamhchustam, 1947 agus 1958, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Déanfar an tAcht seo, ach amháin sa mhéid go mbaineann sé leis na Custaim, agus an Príomh-Acht a fhorléiriú mar aon ní amháin agus déanfar an tAcht seo, sa mhéid go mbaineann sé leis na Custaim, agus na hAchtanna Custam a fhorléiriú mar aon ní amháin.