Uimhir 29 de 1968
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1968
[An tiontú oifigiúil.]
Míniú.
1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959.
Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe do Bhord Fáilte Éireann.
2.—Ní rachaidh méiid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann chun Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontais le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £5,500,000 agus, dá réir sin, déanfar alt 2 (1) (b) d'Acht 1959 a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £3,000,000 a luaitear sa mhír sin agus a cuireadh isteach le halt 6 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1966.
Aisghairm ar alt 2 (4) d'Acht 1959.
3.—Aisghairtear leis seo alt 2 (4) d'Acht 1959.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1968, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1966, agus den Acht seo le chéile.